Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Scéim Samhraidh Lámh Dhearg

|

Bhí Scéim Samhraidh Lámh Dhearg CLG i mBaile Haine, Béal Feirste faoi lán seoil an tseachtain seo. Chuaigh an scéim ar aghaidh in ainneoin deacrachtaí suntasacha de bharr tine mhór a scrios scórchlár agus siopa an chlub Dé Sathairn seo caite.

Freastalaíonn an Scéim Samhraidh ar pháistí idir 7 agus 13 bliana d’aois agus is é is aidhm di an cultúr Gaelach a chothú fríd an pheil Ghaelach, an iomáint, an damhsa Gaelach agus an Ghaeilge féin.

Labhair Meon Eile le Rónán Mac Aodha, Oifigeach Cultúir Lámh Dhearg, faoin phobal mhór atá ag an chlub a bunaíodh in 1903 agus faoin tionchar a bhí ag an tine ar chúrsaí laethúla an chumainn. 

Dar leis go bhfuil sé ríthábhachtach nach gcuirfear isteach ar na himeachtaí atá le teacht le linn an tsamhraidh, go háirithe imeachtaí do pháistí an cheantair, an Scéim Samhraidh cuir i gcás.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media