Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

‘Doire le Gaeilge’ i gCultúrlann Uí Chanáin

|

Is é Cultúrlann Uí Chanáin i gcathair Dhoire a bhí gnóthach ar na mallaibh agus ‘Doire le Gaeilge’ ar siúl ann. Imeacht lae a bhí ann ina raibh réimse leathan de ghníomhaíochtaí idir chainteanna, cheol agus eispéireas oíche airneáil. 

Chuir Ciste Spreagtha de chuid Chonradh na Gaeilge maoiniú ar fáil don lá.

Labhair muid le Carol Nic Conmara ón Chultúrlann faoin tábhacht a bhaineann leis an phobal Gaeilge a cheiliúradh i nDoire agus Gaeilgeoirí nua a fhorbairt. Mar sin de, cuireadh imeachtaí ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus go dátheangach an lá ar fad. 

Chuir Fearghal Mag Uiginn caint i láthair bunaithe ar logainmneacha. Dar leis gur ‘doras isteach chun na Gaeilge’ iad na logainmneacha mar gheall go gcuidíonn siad le foghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheiceáil sa gnáthshaol.

Is iad Dubhán Ó Longáin agus Genevieve Galarneau a chuir ‘Eispéireas Oíche Airneáil’ ar siúl le ceol agus scéalaíocht a bhí sáite i seantraidisiúin na hÉireann. D’inis siad beirt dúinn faoin fhreagra dearfach a fuair siad ar an lá agus faoin sult agus tairbhe a bhaineann foghlaimeoirí as scéalaíocht agus ceol na nGael.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media