Skip to main content
The Irish language information hub: News, events, job vacancies & more

Caifé Ceoil – 3 bliana ar an fhód

|

Caifé Ceoil is ainm don bhialann atá lonnaithe san ionad Gaeilge, Áras Mhic Reachtain, i dTuaisceart Bhéal Feirste agus tá sé ag ceiliúradh 3 bliana ar an fhód faoi láthair.

Bíonn an caifé oscailte ón Luan go dtí an Aoine, ó 9.30am go 4pm, agus gach Déardaoin bíonn ceoltóirí traidisiúnta ag seinm beo ann. Is féidir lón an-bhlásta a fháil sa chaifé, ullmhaithe go speisialta ag an chócaire, Ciarán Ó Cruadhlaoic -is minic a bhíonn seabhdar iasc, stobhach, tóstaithe agus anraith ar an bhiachlár. Tá meascán maith luibheanna á bhfás ag Ciarán taobh amuigh faoin aer – miontas, lus mín agus basal ina measc – agus baineann sé úsáid astu seo sa chócaireacht, rud a chuireann go mór le úire agus blas an bhia. 

Is iad Dearbhla Ní Fhionnáil agus Caitríona Ní Chloigligh atá ina bhfreastalaithe agus barista ann. Is féidir féirín milis a roghnú agus caife den scoth (ó Established Coffee) a fháil ann chomh maith.

Is fiontar sóisialta é an caifé agus spás foirfe le do chuid Gaeilge a chleachtadh ó lá go lá. Bíonn imeachtaí speisialta á reáchtáil ann i rith an ama, ar nós ‘Cáis, Ceol ‘s Ól’, oíche ghalánta ina n-ullmhaíonn Ciarán ceithre chúrsa den scoth, le ceol beo ó cheoltóirí áitiúla nó ó thíortha eile.

Is minic a bhaintear úsáid as an spás le haghaidh imeachtaí Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain chomh maith, go háirithe i rith na bhféiltí bhliantiúla. Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl faoi láthair go tús mhí Lúnasa agus is féidir breathnú ar an chlár anseo.

Níos mó

Where we are

Conradh na Gaeilge

66 Lower Camden Street,
Dublin 2,
D02 X201

Phone: +353 (0) 1 475 7401,
Fax: +353 (0) 1 475 7844,
Email: sceal@cnag.ie

Follow Scéal.ie on social media