Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

County: Gaillimh

Teach Nan Phaidí

Teach Nan Phaidí

Is caifé é Teach Nan Pháidí le bia baile blasta. Ó dhinnéir go cácaí, déantar gach rud sa bhaile.

Bíonn bia úr, traidisiúnta gach lá. Fáilte mhór ó chroí na nOileán!

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Stáisiún Sheirbhis Bhreathnach Teo

Stáisiún Sheirbhis Bhreathnach Teo

Is siopa grósaera Centra agus stáisiún seirbhíse Texaco muid atá lonnaithe i gCasla, Co. na Gaillimhe. Is gnó teaghlaigh muid le breis is scór fostaithe díograiseach.

Tá réimse leathan earraí áise, grósaera, breosla agus iascaireacht ar fáil againn mar sheirbhís riachtanach do mhuintir na háite agus do chuairteoirí.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Spleodar

Spleodar

Is óg-eagraíocht Ghaeilge sheachbhrabúsach é Spleodar a ritheann cúrsaí cónaithe i gcroílár Chonamara i rith an tsamhraidh.

Tá Spleodar an-bhródúil as oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa mbreis agus fiche bliain a bhfuil muid ar an bhfód.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Jackie Folan Limited

Jackie Folan Limited

Is conraitheoir tógála iontaofa é Jackie Folan Ltd i gConamara le breis agus 30 bliain, ag speisialú i dtionscadail mhórscála tráchtála, earnála poiblí, oideachais agus tionsclaíocha chomh maith le hoibreacha cónaithe.

Bunaithe i gCarna, Co. na Gaillimhe ag deireadh na 1980idí ag Jackie Folan, tá an chuideachta teaghlaigh seo faoi stiúir a mhic Pháraic anois agus fostaíonn sí foireann dhíograiseach de 15 duine, lena n-áirítear iníon Jackie, Martha.

Tá cáil ar Jackie Folan Ltd as a gceardaíocht eisceachtúil, a aird ar mhionsonraí, agus a luach ar airgead, agus tá dea-cháil bainte amach aici as tionscadail ardchaighdeáin a sheachadadh le sástacht iomlán na gcliant.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Iarthar

Iarthar

Cur chuige iomlánaíoch i leith na sláinte, ag comhtháthú intinne, coirp agus spiorad. Cuireann ár gclinic réimse teiripí ar fáil, ó hidriteiripe colonach go acupuntura, cothú nádúrtha, teiripe solais dhearg, agus tuilleadh.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

DUINE

Spreagtha ag tírdhreacha na hÉireann agus fréamhaithe i saol mall, fíonn DUINE comhábhair nádúrtha, cleachtais aireacha agus dearadh inbhuanaithe le chéile.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Sonraí Teagmhála

   Ar líne amháin
  hello@duine.ie
  www.duine.com

Connemara Healing

Ionad Cneasaithe agus Sláinte Spioradálta, Teiripí agus Ceardlanna Cneasaithe, Stiúideo Ióga agus Machnaimh, Olaí, Uachtair agus Spraeanna Saincheaptha

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Aoife Dowd Artist

Aoife Dowd Artist

Is ealaíontóir í Aoife Dowd atá lonnaithe i gConamara agus as ceantar Gaeltacht Charna, Conamara, Co. na Gaillimhe.

Cruthaíonn Aoife saothar do thaispeántais chomh maith le roinnt coimisiún a ghlacadh ar láimh i rith na bliana.

Oibríonn Aoife den chuid is mó trí mheán na péinte ola.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Anam Grá

Anam Grá

Dia dhuit, is mise Áine. An croí taobh thiar d’Anam Grá.

Sé an ról atá agam ná a sheasamh le do thaobh chomh maith le tacaíocht agus cúram séimh a sholáthar. Más tuismitheoir tú ag lorg treorach, nó más duine tú atá sa tóir ar shos agus deis do shaol a athshocrú.

Is Doula Breithe agus Iarthuismidh cáilithe mé agus is ball bródúil mé de Chumann Doula na hÉireann. Tá Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána comhlíonta agam freisin le tacaíocht shábháilte agus phroifisiúnta a sholáthar do theaghlaigh.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta