County: Doire
Cló Cholmcille
Foilsitheoirí ag ceiliúradh 1500 bliain de litríocht ón Iar-Thuaisceart. Gaeilge agus fáilte.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
An Croí – Teach Caife agus Bistro
Cuireann An Croí, teach caife agus bistro, seirbhís dhátheangach ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a úsáid agus do dhaoine atá ag iarraidh cúpla focal a úsáid agus iad ar cuairt.
Bricfeasta, lón, tae agus caife, seacht lá na seachtaine.
Bíonn oíche théama ann anois is arís.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann 2024
LIGID Léiriúcháin
Tá cáil ag LIGID Léiriúcháin ar son cláracha crúthaitheach, taitneamhach, dúshlánach agus daonna.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
An tIonad Fíona / Absolute Organic Wine
Tig leat do ghnó a dhéanamh ar líne nó do Ghaeilge a usáid san ionad. Beidh fáilte romhat!
🥈Bonn Airgid sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann 2024
Cultúrlann Uí Chanáin
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh.
Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992.
Osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin i mí Mheán Fómhair 2009 le hamharclann, caifé, siopa, club óige, agus seomraí léachta agus ranga.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉirean
Uaireanta Oscailte
Dé Luain – Déardaoin 9:00r.n. – 5:00i.n.
Dé hAoine 9:00r.n. – 4:00i.n.
An Carn
Is é Coiste Forbartha Charn Tóchair atá i bhfeighil an ionaid seo. Bunaíodh an Coiste in 1992 le hathghiniúint cheantar Charn Tóchair i gContae Dhoire a chur chun cinn. Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach d’éiteas an Choiste.
San ionad é féin, tá siopa, amharclann, halla ilúsáide, seomraí cruinnithe agus comhdhála, chomh maith le dhá theach saoire féinfhreastail agus go leor eile ar fáil. Bíonn imeachtaí óige á soláthar ag Óige Charn Tóchair i rith na bliana ag spreagadh an aosa óg i dtreo na Gaeilge.
Uaireanta Oscailte:
Luan go hAoine, 9:30r.n. – 5:00i.n.
Satharn, 9:30r.n. – 4:00i.n.
Domhnach, 10:00r.n. – 4:00i.n.
Siopa An Carn
Siopa Bronntanais agus leabhar le rogha leathan bronntanais, réimse leabhar do gach aois, cártaí, potaireacht agus neart ábhair Ghaeilge eile.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Bácús, Caifé na Cultúrlainne
Is bácús agus caifé é an Bácús i gCultúrlann Uí Chanáin. Oibríonn an Cócaire Laurent Pirone agus a fhoireann le comhábhair úra chun réimse leathan de chístí maidine, aráin speisialtachta agus roghanna an lae a dhéanamh atá faoi anáil na Fraice agus na hÉireann.
Tá taos géar, brioche agus arán cruithneachta ar fáil, agus tá Laurent ar fáil fosta chun lónadóireacht a dhéanamh d’ócáidí príobháideacha, sa chaifé féin nó taobh amuigh.
Scullery Magee
Bacús Ceardaí agus teach caife ag diriú ar bia bailedhéanta gach lá, lonnaithe san ionad nua teagasc i gCampas Mhig Aoidh, Doire.
Tá seirbhís teoranta as Gaeilge ar fáil ag brath ar na Gaeilgeoirí bheith ag obair.
An Teach Glas
Lóistín féinfhreastal 4* lonnaithe i nGaeltacht nua Charn Tóchair. Tá dhá theach ann – Teach Loch Bran agus Teach Shuí Finn le trí sheomra leapa in achan teach.
Dearcán Media
Bunaíodh Dearcán Media i 2010 mar chomhlacht do leas an phobail. Tá sé lonnaithe i gCultúrlann Uí Chanáin, ionad Gaeilge d’ardcháil i nDoire.
Ón chéad dul síos bhí trí sprioc ag Dearcán Media:
- Guth a thabhairt do phobal na Gaeilge i nDoire agus san Iarthuaisceart
- Traenáil a sholáthar agus tionscadail phoiblí a fhorbairt
- Coimisiúin Ghaeilge a fháil ar théamaí polaitiúla, cultúrtha agus stairiúla
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann