Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

County: Cill Mhantáin

Scoil na Sléibhte

Tumchúrsaí Gaeilge deiridh seachtaine i sléibhte Chill Mhantáin

Deis is ea é do dhaoine iad féin a thumadh sa Ghaeilge ar feadh cúpla lá i gcúinne álainn de shléibhte Chill Mhantáin.  Tá gach eolas ar fáil ar ár suíomh nó déan teagmháil linn.

Kelly Hood

Fáilte go Kelly Hood – rannóg na n-earraí tí agus na bpictiúr. Is ealaíontóir aitheanta grianghraf réalachais as Éirinn í Kelly a bhfuil gradaim buaite aici. Cruthaíonn sí a cuid pictiúr go grámhar ina stiúideo i gContae Chill Mhantáin agus seolann sí iad ar fud an domhain.

Tá tionchar ag an dúlra agus ag méithe na tuaithe ar a cuid dearaí. Agus í ina leanbh ag fás aníos i leithinis aoibhinn Chorca Dhuibhne, chaith sí uaireanta gan áireamh ag fánaíocht go sona sásta sna goirt, ag dul thar srutháin agus ag súgradh leis na hainmhithe ar fheirm a Mamó Mae. Bhí sí i gcónaí faoi dhraíocht ag an dúlra agus ag na hainmhithe.

“Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil an grá seo do na hainmhithe agus don tuath in Éirinn le fáil i mo chuid pictiúr. Tá mé cinnte go bhfuil pearsantacht dhifriúil ag gach ainmhí agus is é mian mo chroí é sin a chur in iúl go macánta.”

🥈 Bonn Airgid sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Breathworks Ireland Mindfulness & Coaching

Foghlaim conas aireachas a chleachtadh agus é a chur i bhfeidhm i do shaol, conas brú an tsaoil a laghdú agus folláine an duine a fheabhsú.

Múintear cúrsaí agus seisiúin do dhaoine agus do ghrúpaí, san áit oibre agus i scoileanna, mar aon le háiteanna eile.

Is múinteoir aireachais í Fidelma a bhfuil a lán taithí aici agus atá deas agus réasúnta ina cur chuige. Tá cóitseáil saoil agus gnó le fáil i nGaeilge chomh maith.

Cainteoirí Chill Mhantáin

Grúpa pobail a chuireann ranganna Gaeilge agus imeachtaí sóisialta ar fáil i mBaile Chill Mhantáin. Fáilte roimh chách!

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta