County: Cill Chainnigh
Mahony’s Pharmacy
Tá na hoibrithe in ann an Ghaeilge a úsáid agus mar sin, is féidir linn seirbhís a chur ar fáil duit trí mhéan na Gaeilge.
Little Sunflowers Crèche
Nuair atá na páistí ag foglaim bíonn na múinteoirí sa naíonlann ag labhairt leo as Gaeilge ionas go mbeadh siad ag éisteacht le Gaeilge agus á foghlaim.
Meubles
Bíonn fáilte roimh daoine óga agus aosta. Taitníonn le daoine tae agus caifé a ól agus cácaí agus scónaí a ithe!
Labhraíonn siad lena chéile go hiomlán as Gaeilge agus tagann aithne ar a chéile. Cuireann foireann Meubles seirbhís ar fáil darbh ainm ‘Caint, Craic agus Tae’ gach Aoine chomh maith.
Coláiste Pobail Osraí
Is pobal foghlama é Coláiste Pobail Osraí a bhíonn ar thóir ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge a bhaint amach i gcomhthéacs a chothaíonn féinmhuinín agus chomh-mheas. Tugtar faoi dhúshlan an oideachais ar bhonn tacúil a spreagann buanna uile na ndaltaí.
I gColáiste Pobail Osraí cothaítear mórtas as an bhféiniúlacht Éireannach idir spórt agus cheol agus eile maraon le meas ar an teanga féin agus ar shaibhreas an chultúir thraidisiúnta. Aithnítear dinít agus ról an uile dhuine i gcomhthéacs an phairtinéireachais oideachasúil.
Tugtar aird ar an spioradáltacht, ar scileanna idirphearsanta agus cumarsáide in atmaisféar dearfach oscailte. Spreagtar misneach agus léirítear bród i ngniomhaíochtaí uile scoile.
Oifig an Phoist Chill Chainnigh
Gnáthsheirbhísí ar fáil as Gaeilge.