Coill an Róis
Leaba agus bricfeasta ar fáil trí Ghaeilge.
Leaba agus bricfeasta ar fáil trí Ghaeilge.
Is idir Sliabh Bhreandáin (an dara sliabh is airde in Éirinn) agus Slí an Atlantaigh Fhiáin a shuíonn ár dteach tuaithe, áit a bhfaighfidh tú seomra le radharc álainn agus fíorbhlas de thraidisiúin na hÉireann i ngach slí.
Déantar béilí iontacha blasta chuile lá dár n-aíonna, ag úsáid táirgí úra is áitiúla an tséasúir. Is leor boladh na scónaí agus an bhuilín aráin úir chun tú a chur i do dhúiseacht go héasca go moch ar maidin.
Is institiúid airgeadais sinn a fheidhmíonn ar mhaithe leis an bpobal agus atá lonnaithe i mBaile an Daingin i gcroílár na Gaeltachta.
Is féidir leat do ghnó ar fad a dhéanamh trí Ghaelainn linne más mian leat. Tá suíomh idirlín agus aip shoghluaiste dhátheangach againn agus cuirimíd fáilte roimh Ghaelainn i gcónaí san oifig leis.
Tá foirmeacha ballraíochta agus foirmeacha a bhaineann le hiarratas ar iasacht ar fáil as Gaelainn ón oifig nó le híoslódáil ón suíomh idirlín. Déanaimíd fógraíocht ar na meáin shóisialta agus na meáin áitiúla go dátheangach leis.
🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Is féile ealaíon don chomhphobal í Féile na Bealtaine. Bíonn suas le céad imeacht éagsúil ar siúl i rith na féile.
Tá sé de phrionsabal againn an Ghaeilge a úsáid a mhéid agus is féidir tríd an bhféile. Cé go mbíonn imeachtaí ann a chuirtear ar siúl amach is amach trí Ghaeilge – bíonn an-chuid imeachtaí eile ag an bhféile ina mbíonn an Ghaeilge in úsáid meascaithe leis an mBéarla.
Creidimíd go bhfuil sé seo tábhachtach chun go n-osclófar an Ghaeilge do dhaoine nach bhfuil misneach acu as a gcuid Gaeilge.
Tá seirbhís leathan fiaclóireachta á chur ar fáil ag Mac Domhnaill Dental do gach éinne sa chlann. Is féidir leo díriú isteach go speisialta ar dhaoine atá neiribhíseach.
🥈 Bonn Airgid sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann
Seirbhís Phoitigéara do chustaiméirí trí Ghaelainn – eolas agus cabhair trí Ghaelainn freisin.
Uachtar Reoite feirm-déanta ar fáil. Siopa Uachtar Reoite & Siopa Céardaíocht ar an láthair.
Tá naíonra, montessori agus naíonlann mar aon le seirbhís iarscoile agus ‘Club Obair Bhaile’ ar fáil. Cuirtear cúrsaí éagsúla agus grúpaí tacaíochta ar fáil don bpobal.
An Comhlacht Farantóireacht is faide bunaíthe, agus a bhí le blíanta fada mar an t-aon comhlacht farantóireachta ag feídhmíú ar Oileán an Bhlascaoid Mhóir.
Siúlóidí treoraithe timpeall Páirc Náisiúnta i gCill Áirne agus timpeall lochanna & ar shléibhte an cheantar.
Tá Gaeilge líofa ag Risteárd agus fáiltíonn sé roimh Gaeilgeoirí i gcónaí.
Bialann bheag le radhairc den chéad scoth a chuireann bia ar ard chaighdeán ar fáil ag úsáid ábhar bia fásta nó déanta go háitiúil.
Is ealaíontóir í Áine agus bíonn a cuid oibre ar taispeaint agus ar díol sa bhialann. Bíonn Tig Áine ar fáil do Bhainis agus Ócáidí speisialta ach áirithint a dhéanamh roimh ré.