Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

County: Ard Mhacha

Aonach Mhacha

Sochfhiontair pobail atá in Aonach Mhacha a thugann le chéile roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir le chéile faoin aon díon amháin i gcroílár chathair Ard Mhacha.

Chomh maith le ranganna Gaeilge agus eile, cuirfear clár leathan d’imeachtaí ealaíne, oidhreachta agus cultúrtha ar siúl sa lárionad, a bheas mar bhaile buan ag pobal na Gaeilge fá cheantar Ard Mhacha.

Uaireanta Oscailte:

Luan – Aoine, 9:00r.n. – 5:30i.n.
Satharn, 9:00r.n. – 1:30i.n.

An Caifé:

Luan, 9:00r.n. – 7:00i.n.
Máirt, Céadaoin, 9:00r.n. – 7:30i.n.
Déardaoin ,9:00r.n. – 8:30i.n
Aoine, Satharn, 9:00r.n. – 4:00i.n.

Oscailte sa tráthnóna d’imeachtaí & ranganna.

Cleamairí Ard Mhacha

Bíonn cur chun cinn na Gaeilge croí lárnach in achan ghné d’obair Chleamairí Ard Mhacha. Is ábhar bróid dúinn siamsaíocht d’ardchaighdeán agus taithí oideachasúil a sholáthar.

Is féidir linn seónna a dhéanamh go hiomlán trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach. Spreagann seónna s’againn rannpháirteachas agus tugtar deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid i dtimpeallacht spraíúil ina bhfuil tacaíocht le fáil.

Déanann muid an-obair sna Naíonraí, Naíscoileanna, bunscoileanna, meánscoileanna agus fiú san ollscoil.

Tacaíonn ár seónna le gach gné den churaclam agus cuirimid ina luí ar dhaltaí an craic a bhaineann leis an Ghaeilge agus nach don tseomra ranga amháin í.

SMIGSMIG

Déanann SMIGSMIG réimse úr-nua t-léinte galánta greannmhara Gaeilge, ag tabhairt deise do Ghaeil fud fad an domhain meangadh gáire a chur ar a n-aghaidheanna agus ‘cúpla focal’ ar a gcuid éadaí.

Do dhaoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu, téann cuir síos snasta spraíúil le gach dearadh ar an suíomh. Fosta tá éileamh á thaispeáint cheana féin sna Stáit Aontaithe don dearadh “Slán a Bhalla”, le híomhá d’uachtarán clúiteach taobh thiar de bhalla beag.

Is féidir le daoine léinte saincheaptha a fháil ó SMIGSMIG dá ghrúpa nó imeacht. Níl le déanamh ach ríomhphost a chur chugainn chun SPEISIALTEE a fháil deartha agus curtha i gcló go gasta.

Is í Louise Smith úinéir an chomhlachta agus tá sí lánsásta a cuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus an teanga a chur chun cinn i slí atá cruthaitheach, spraíúil agus sultmhar.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta