Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

County: Aontroim

Meon Eile

Is ardán ar líne é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh, agus níos faide i gcéin, le físeáin agus scéalta rialta ar réimse leathan ábhar ó chúrsaí reatha agus spórt go ceol, imeachtaí cultúrtha agus na healaíona Gaeilge.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

allycastle Trad Trail - Turas Cheoil Traidisiúnta Baile an Chaistil

Ballycastle Trad Trail – Turas Cheoil Traidisiúnta Baile an Chaistil

Tugann muid thú ón chosán turasóireachta isteach sna tithe tábhairne inar coinníodh ár gceol beo le glúnta.

Ag gach stad seinnfimid roinnt ceoil agus inseoimid na scéalta duit faoi na foinn, agus faoi Bhaile an Chaistil, an Cósta agus na Glinntí.

Is bealach iontach é chun teacht níos gaire do na ceoltóirí traidisiúnta agus a n-uirlisí ceoil, agus an teanga, na nósanna agus an stair a chruthaíonn ár dtraidisiún ceoil bríomhar.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

An tÁisaonad

An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire

Bunaíodh an tÁisaonad i 1998 le háiseanna oideachais a sholáthar d’earnáil na Gaelscolaíochta, ar comhchaighdeán agus ar chomhphraghas lena gcomhionann i mBéarla.

Tá an tÁisaonad á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá sé lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.

Tá ceathrar d’fhoireann lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha san Áisaonad. Tá Coiste Comhairliúchán againn a cheadaíonn agus a dhéanann monatóireacht ar ár gcuid tionscadal agus tá fócasghrúpaí de mhúinteoirí againn a bhíonn rannpháirteach i roghnú ábhar, i ndréachtú téacsanna agus i dtéacsanna a fhaomhadh le dul chuig clódóir.

Chomh maith leis na foilseacháin, cuireann an tÁisaonad tacaíocht agus oiliúint ar fáil do scoileanna, i gcomhar le Seirbhís Tacaíochta agus Chomhairle na mBord Oideachais agus Leabharlann, maidir le dea-úsáid ár gcuid áiseanna.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta