Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

County: An Dún

An Mangaire Siúlach

Rogha leathan de leabhair ar athdhíol – go leor acu as cló le fada agus gann dá bharr, go leor eile ar leath a luacha.

Úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht i ngach canúint; Éigse Oirghiall; Litríocht na gConallach – Séamas Mac Grianna, Seosamh Mac Grianna, Tadhg Ó Rabhartaigh, Scéalta Johnny Shéamaisín, Seaghán Mhac Meanman, Seán Bán Mac Grianna, Seán ‘ac Fhionnlaoich, Pádraig Ó Gallchobhair (Muirghein), Séamus Ó Searcaigh, Fionn Mac Cumhaill, Eoghan Ó Colm 7rl.;

Saothar na nUltach – Séamas Mac Conmara, Seán Mac Maoláin, Séamus Ó Néill, Tarlach Ó hUid, Pádraig Uiséir 7rl.;

Leabhair don fhoghlaimeoir, leabhair do pháistí; Stair, Scoláireacht, Seanchas, Béaloideas agus na seanaistriúcháin a rinneadh don Gúm.

Ní iarraim de phléisiúr ach achainí speisialta ó chustaiméir leabhar annamh a aimsiú.

Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar

Tá Conradh na Gaeilge Boiche Íochtar – Lower Mourne Gaelic League a thugtaí air – suite sa teach cloiche Páirc na Mara in Áth na Long, Contae an Dúin.

Is é Páirc na Mara an láthair don Ghrúpa Tuismitheoirí agus Tachráin Gaeilge, do ranganna do dhaoine fásta agus do pháistí, do cheardlanna de gach cineál (ealaíona, ceardaíocht agus ceol san áireamh, do dhian-chúrsaí Gaeilge agus don leabharlann a cuireadh ar bun le déanaí.

🥇 Bonn Óir sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ ag Gradam Gnó na hÉireann

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. – 5:00i.n.

Gaeláras Mhic Ardghail

Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013, i gcomhpháirtíocht le Comhairle an Iúir & Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge agus Comhaltas Uladh. Tá an Chraobh seo gníomhach sa cheantar le 120 bliain anuas.

Cuireann an t-áras áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta ar fáil do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn. Tá ranganna Gaeilge, halla d’imeachtaí, leabharlann agus go leor eile ar fáil ann.

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. – 5:30i.n.

Páirc na Mara

Cúlra

Bunaíodh Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar i 1981. Tá sé suite i bPáirc na Mara, a bhí ina huileann cruithneachta cois farraige tráth. Rinneadh athchóiriú air agus cuireadh leis, ar mhaithe leis an chuspóir sin, i 2015.

Bíonn ranganna, grúpaí tuismitheoirí agus tachráin, seisiúin cheoil agus imeachtaí eile ar siúl ann.

Tá Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair ina fhiontair shóisialta anois agus bíonn gnólachtaí áitiúla lonnaithe i bPáirc na Mara.

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, 9:30r.n. – 5:00i.n
Oscailte sa tráthnóna agus ranganna/imeachtaí ar siúl

O’Hagan and Murray Dental Surgeons

Táimid tiomanta fáilte a chur romhat agus cinnteoimid gur eispéireas taitneamhach é do chuairt chugainn.

Tá bród ar chaighdeán ár gcóireála agus ar leibhéal na teicneolaíochta nua a leanaimid orainn ag tabhairt isteach chun do shláinte fiaclóireachta a chur mar thosaíocht againn.

Imagine Media Productions

Is comhlacht teilifíse neamhspléach é Imagine Media Productions.

Léiríonn muid cláracha Béarla agus Gaeilge d’ardchaighdeán don lucht féachana in Éirinn agus sa Riocht Aontaithe. Bíonn muid ag léiriú cláracha Gaeilge don teilifís agus ar líne agus bíonn foireann bheag le Gaeilge san oifig an t-am ar fad.

Má tá smaointí agaibh do chláracha teilifíse Gaeilge trí ardán ar bith, bheadh fáilte mhór romhat teacht i dteagmháil linn chun tuilleadh a phlé.

Cumann Gaelach Leath Chathail

Tá Cumann Gaelach Leath Chathail mar chuisle pobail na Gaeilge i gceantar Leath Chathail ó bunaíodh é i 1980.

D’fhás an Cumann mar ghlór agus mar chomhtheaghmháil do Ghaeilgeoirí Leath Chathail fríd ghíomhaireachtaí – ina measc, imeachtaí sóisialta míosúla, turais, ranganna seachtainiúla agus comórtais. Tá naíscoil agus bunscoil bunaithe ag baill an Chumainn, chomh maith le scéim shamhraidh bhliantiúil. Oibríonn an Cumann ar son riachtanaisí Ghaeilgeoirí i ngach gné den tsaol, agus téann sé i mbun stocaireacht le Comhairle an Cheantair agus eagraíochtaí eile chun aird a dhíriú ar na riachtanaisí speisialta atá ag pobal na Gaeilge.

Is eagraíocht charthanachta an Chumann, nach bhfuil claonadh polaítiúil nó creidimh ag baint léi. Is cúis bhróid é go bhfuil meascán breá de dhaoine pháirteach san eagraíocht dá réir gairme, creidimh, aoise agus inscne.

Neart Pilates

Is é an aidhm atá ag Neart Pilates, ranganna Pilates a chur ar fáil trí mhéan na Gaeilge go príomha. Tá Daria lonnaithe in Iúir Cinn Trá agus faoi láthair tá ranganna á dhéanamh i gContae an Dúin, Béal Feirste, Contae Ard Mhacha agus Muineacháin. Tá dioplóma bainte amach aici sa Pilates – VTCT Leibhéal a 3, tá cáillíocht aici sa gharchabhair agus tá sí mar chuid de líonra teagascóirí iontacha – Neilpilates.

Cuidíonn Pilates le do shláinte fisiciúil chomh maith le sláinte intinne. Is seirbhís atá ann do Ghaeilgeoirí líofa a gcuid ranganna a fháil trí mheáin na Gaeilge agus anuas ar sin, is deis é d’fhoghlaimeoirí nó feabhsatheoirí cur lena gcuid Gaeilge. Bíonn ranganna á chur ar fáil do ghach leibhéal Gaeilge, chomh maith tá siad oiriúnach dóibh siúd atá Pilates déanta acu cheana agus glan tosaitheoirí.

Tá sé i gceist ag Neart Pilates cur lena cáillíochtaí amach anseo agus ranganna a chur ar fáil do pháistí/daoine óga, chomh maith le ranganna réamh & iar-bhreithe.

Öin Interactive

Dearthóir suímh dátheangach, Na meáin idirghníomhach. Dearadh Graificí

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta