Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Classification: Service

Aran Accessories

Earraí cniotáilte agus na pátrúin chun iad a chruthú, go h-áirithe caipíní, seálanna, miotóga, málaí agus earraí beaga tí.

Tá mé breá sásta déileáil i nGaeilge le custaiméirí. Is as Inis Oírr, Oileáin Árann mé, ach tá cónaí orm i gcathair na Gaillimhe anois.

Sonraí Teagmhála

   Ar líne amháin
  info@aranaccessories.net
  www.aranaccessories.net/

LeabhairCOMHAR

Cuireann LeabhairCOMHAR rogha den scoth de scríbhneoirí agus ábhair ar fáil. Foilsímid ficsean do dhaoine fásta, leabhair stairiúla agus faisnéise, cnuasaigh filíochta, leabhair do pháistí, saothair acadúla, ábhar d’fhoghlaimeoirí fásta agus leabhair in iliomad seánraí eile.

Leabhar Breac

Teach beag foilsitheoireachta suite i gClochar an Locha taobh thiar den Spidéal i nGaeltacht Chonamara é Leabhar Breac. Is iad Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí a bhunaigh an teach sa bhliain 1994, nuair a foilsíodh An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil.

Tá os cionn 140 leabhar i gcló ag Leabhar Breac anois, idir fhicsean is neamhfhicsean, leabhair do dhaoine fásta agus do dhéagóirí, agus pictiúrleabhair do léitheoirí óga.

Coiscéim

Foilsitheoirí chun tosaigh agus leabhair ghinearálta as Gaeilge á chur i gcló acu.  Na mílte teidil i gcló acu idir phrós agus filíocht nua-aimseartha as Gaeilge.

An Gúm

Foilsitheoir leabhar Gaeilge an Stáit – leabhar do dhaoine óga, páistí, leabhair scoile agus foclóirí don chuid is mó a bhíonn á chur i gcló acu.

An Nead

Buail isteach chuig ‘An Nead’ chun a gcaife agus a mbiachlár nua a thriail chomh maith leis na féiríní Gaelacha atá acu a fheiceáil. Ná déan dearmad – is spás compordach fáilteach é ‘An Nead’ do chách, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat. Cibé an bhfuil tú líofa nó díreach ag tosú amach, seo é an spás duit chun an Ghaeilge a labhairt agus taitneamh a bhaint as an teanga.

Tá fearadh na fáilte roimh chách!

My Irish Books

Nuair a bhunaíomar My Irish Books in 2020, bhí misean bunúsach againn: an léitheoireacht i nGaeilge a dhéanamh níos inrochtana agus níos taitneamhaí do pháistí, chomh maith len ndaoine fásta, tríd an teicneolaíocht agus an nuálaíocht.

Tá ár mbailiúchán de leabhair fuaime tar éis éirí níos éagsúla le himeacht ama. Thosaíomar amach le hamhráin thraidisiúnta, ach anois tá leabhair amhrán, leabhair scéalta, leabhair véarsaíochta, agus leabhair ina gceiliúraimid ceol agus damhsa na hÉireann, chomh maith le leabhair uathúla ar nós na cinn fhluairiseacha agus chiúine inár mbailiúchán.

Trí reacaireacht fuaime a áireamh, tacaíonn ár leabhair le páistí a gcuid scileanna léitheoireachta a fhorbairt agus, ag an am céanna, cabhraíonn siad lena ndaoine fásta dul i ngleic leis an nGaeilge, agus eispéiris léitheoireachta chomhroinnte a dhéanamh taitneamhach agus inrochtana do chách.

Sonraí Teagmhála

   Ar líne amháin
  info@myirishbooks.ie
  myirishbooks.ie

ENGA Translation

Gníomhaireacht aistriúcháin a sholáthraíonn seirbhísí aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge do chliaint san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Ag obair le líonra de bhreis is fiche aistritheoir gairmiúil a bhfuil saineolas acu ina réimsí féin, cuirimid seirbhísí aistriúcháin ar fáil sna réimsí a leanas: teicneolaíocht, oideachas, ábhar rialtais, ábhar an Aontais Eorpaigh, tionscal na ngluaisteán, margaíocht, agus réimsí eile nach iad.

Ranganna le Rebecca

Tairgíonn Ranganna le Rebecca ranganna Gaeilge do dhaoine fásta. Bíonn fáilte roimh gach leibhéal foghlaimeora clárú.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn chun do shuim a léiriú, nó dul chuig ár suíomh idirlín chun tuilleadh eolais a fháil.

Bíonn rogha leathan ranganna curtha ar fáil.

  • Ranganna beo ar líne
  • Ranganna ar Oileán Chléire
  • Ranganna in Iarthar Chorcaí
  • Ábhar réamhthaifeadta
  • Deiseanna comhrá
  • Ceardlanna cultúrtha

Bláthanna Fiáine Wildflower Walks

Turais threoraithe Bláthanna Fiáine in Inis Meáin, Co. na Gaillimhe.

I gcaitheamh na siúlóidí, pléifear:

  • Treoracha maidir le plandaí fiáine an tséasúir a aithint.
  • Scéalta faoi bhéaloideas agus úsáidí traidisiúnta na mbláthanna fiáine sa leigheas, i gcluichí agus sa chócaireacht.
  • Moltaí maidir le plandaí fiáine i do cheantar a úsáid sa bhaile.
  • Seanchas nua-bhailithe faoi na bláthanna fiáine.

Chun turas a chur in áirithe, téigh chuig ár suíomh nó déan teagmháil linn mar a luaitear thíos.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta