Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Caint & Comhrá

caint

Céard é Ciorcal Comhrá

Is iomaí ciorcal comhrá atá ar siúl ar fud na tíre, mar aon le grúpaí pobail Ghaeilge, grúpaí siúil trí Ghaeilge agus foirne spóirt a fheidhmíonn trí Ghaeilge.

Tugann na ciorcail comhrá seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, agus a bheith ag caint le cainteoirí eile. Is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal nó cainteoir ó dhúchas tú – tá grúpaí éagsúla ann a fhreastalaíonn ar gach leibhéal agus cumas teanga.

Creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil slua de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír – is leor beirt.

Feachtas ‘Caint & Comhrá’

Cuireadh tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais ‘Caint & Comhrá’ (ar a dtugadh ‘Is Leor Beirt’ air cheana) i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge.

Tá sé an-éasca grúpa nua ‘Caint & Comhrá’ a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta.

Níl aon chostas de dhíth chun páirt a ghlacadh sa ghréasán, nó am breise go minic, nuair a tharlaíonn siad ag am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós.

Nuair atá am, áit agus sonraí teagmhála agat don chiorcal comhrá, seol na sonraí chuig caint@cnag.ie nó is féidir sonraí an chiorcail a chlárú mar imeacht ar scéal.ie féin.

Ag lorg ciorcail chomhrá gar duit?

Más duine tú atá ag lorg ciorcail chomhrá gar duit, féach ar na himeachtaí ar an suíomh seo agus roghnaigh ‘Grúpa Comhrá’ mar chatagóir Má tá tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil le caint@cnag.ie.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta