Scríofa ag Claire M. Dunne
Maisithe ag Anita Foley
Clúdach bog, €13
Foilsithe ag LeabharCOMHAR
Tá na blianta caite ag Claire M. Dunne ag cur litearthacht do pháistí chun cinn ina rólanna mar Cheann Roinne in Institiúid Oideachais Marino, mar Ollamh Cúnta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus mar eagarthóir Gaeilge ar an irisleabhar Inis le Leabhair Pháistí Éireann, agus tá fios a ceirde ar taispeáint anois ina céad phictiúrleabhar atá díreach foilsithe, Coiscéim, Coiscéimín.
Ar chlúdach an leabhair, atá breá mór – nach mór an méid céanna le leathanach A4 – feicimid luch ag caitheamh naprúin agus boird bhialainne taobh thiar di. Tugtar le fios ag tús an leabhair go bhfuil Laoise, an luch ar thóir rud amháin dá bialann: cáis. Agus foinse na cáise sin? An duine mór a thagann abhaile ón siopa le mála mór donn lán le bia éagsúil, an choiscéim, coiscéimín le clos nuair a fhilleann siad abhaile ag fógairt do Laoise luch an deis a thapú chun cáis a ghoid.
Tá Laoise thar a bheith díograiseach agus í sa tóir ar an gcáis is deise agus tuigimid fáth a díograise nuair a fheicimid teastas le ceithre réaltaí Michel-Luichín crochta ar an mballa – tá sí sa tóir ar an gcúigiú réalt ón gCigire Cáise! Tá custaiméirí dílse ag Laoise cheana féin agus iad ag moladh a hiarrachtaí: ‘Clár cáise snasta! Réitithe go gasta! Béile an-bhlasta!’ ach is ar éigean go dtugann Laoise a gcuid moltaí faoi deara mar go bhfuil sí dírithe go hiomlán ar an gCigire Cáise. Cuireann Laoise go leor dua uirthi féin leis an gcáis is blasta a aimsiú, rud atá siamsúil don léitheoir agus iad ag tabhairt rudaí faoi deara nach bhfeiceann Laoise bhocht!
Is scéal lán croí é seo atá inste ó pheirspictíocht na luchóige agus is mar sin a fheicimid na léaráidí: lámh mhór an duine ag tógáil an bhia atá mór millteach as an mála ollmhór agus i gcontrárthacht leis sin, feicimid domhain beag na luchóige. Chuir sé i gcuimhne dom an ríméad a bhíodh orm fadó nuair a théadh Bosco isteach ina bhosca agus d’fheicfeá na rudaí beaga bídeacha timpeall air, ar nós domhan rúnda. Is deas iad na léaráidí atá déanta ag Anita Foley sa leabhar agus go leor rudaí beaga cliste ann do léitheoirí óga: pictiúr cáiliúil Vermeer Girl with a Pearl Earring ar an mballa, seanfhocail Ghaeilge greamaithe ar thaobh an chuisneora, chomh maith le maighnéid ó Inis Mór agus cártaí poist ó Thrá an Dóilín agus An Trá Bháin, leaba Laoise déanta as stán sairdíní.
Tá an teanga soiléir, simplí agus éifeachtach. Tá athrá éifeachtach ann le go n-aithneoidh súile agus cluasa óga na focail chéanna, tá rím shásúil ann anseo is ansiúd agus meascán cló chun méid nó torann mór a chur in iúl. Cheanglódh an leabhar go deas le téama an bhia ar scoil agus liostáiltear brocailí, uibheacha, bainne, cairéad, líomóid agus eile.
Tá cód QR ag cúl an leabhair a thugann léitheoirí chuig taifead den údar ag léamh an leabhair, rud atá go deas, ní hamháin do pháistí agus iad sa charr nó sa leaba ach do thuismitheoirí agus caomhnóirí nach bhfuil lánmhuiníneach as an bhfoghraíocht sa Ghaeilge. Léann Claire le rithim atá deas réidh agus soiléir.
Beidh léitheoirí ag súil go n-éireoidh le Laoise dhíograiseach agus uaireanta, nuair nach n-éiríonn léi go huile is go hiomlán, is ábhar cainte maith é le páistí. Cad a dhéanfá nuair atá díomá ort nó nuair a theipeann ort?
Feileann an leabhar don aoisghrúpa 2–5 bliana don léamh os ard agus don aoisghrúpa 6–8 don léitheoireacht neamhspleách.