Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Tuairisc

eileamh-deanta-sa-wrc-ar-shineadh-ama-le-treimhse-gearain-toisc-gan-reachtaiocht-a-bheith-ar-fail-i-ngaeilge

Éileamh déanta sa WRC ar shíneadh ama le tréimhse gearáin toisc gan reachtaíocht a bheith ar fáil i nGaeilge

Cuireadh siar sa Choimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre inné cinneadh faoi chás a rinne iar-státseirbhíseach gur chóir síneadh ama a bheith aige le gearán a dhéanamh faoin Acht um Nochtuithe Cosanta mar gheall nach bhfuil reachtaíocht áirithe ar fáil i nGaeilge.

Cuireadh Seanán Ó Coistín ar saoire riaracháin ar an 11 Nollag 2024 tar éis dó ríomhphoist a sheoladh chuig a chomhghleacaithe in Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann inar mhaígh sé go raibh siad “ciníoch” nó “leisciúil” mura bhfoghlaimeodh siad an Ghaeilge. Tháinig deireadh lena chonradh oibre leis an eagraíocht ar an 31 Nollaig 2024 agus níor oibrigh sé don FSAI ó shin.

Mhaígh sé i gceann de na trí ghearán a rinne sé leis an gCoimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre faoin eachtra gur sárú ar an Acht um Nochtuithe Cosanta a bhí ann.

Rinne Ó Coistín an gearán áirithe sin i mí Iúil na bliana 2025, os cionn sé mhí i diaidh dó dul ar saoire riaracháin ón FSAI. Mhaígh lucht dlí na heagraíochta sin nach bhfuil dlínse ag an gCoimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre sa chás mar gheall go gcaitear gearáin dá shórt a dhéanamh laistigh de shé mhí.

Ach d’iarr an gearánaí ar an mbreitheamh Breiffni O’Neill síneadh ama a chur leis an tréimhse sin mar gheall ar na deacrachtaí a bhí aige an gearán a chur le chéile de bharr a laghad achtanna agus ionstraimí reachtúla atá ar fáil i nGaeilge. Thagair Ó Coistín d’alt a bhí ar Tuairisc inar léirigh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly imní faoin bhfadhb.

Chuir Peadar Ó Maoláin, abhcóide ar son FSAI, in aghaidh an iarratais agus mhaígh nach raibh an gearánaí faoi mhíbhuntáiste ar chúinsí teanga mar go raibh na cáipéisí a theastaigh uaidh ar fáil i mBéarla agus go raibh “scoth an Bhéarla” aige féin.

Mhaígh sé nár chuir sé tús leis an bpróiseas gearáin i nGaeilge agus nach bhféadfaí glacadh leis go raibh sé faoi aon mhíbhuntáiste mar gheall gur theastaigh uaidh a ghnó a dhéanamh i nGaeilge anois.

Agus é ag tabhairt freagra ar an méid a bhí le rá ag Ó Maoláin, dúirt Ó Coistín “nár cheil sé riamh” go raibh Béarla maith aige agus go raibh sé “mórtasach” as na sé theanga a bhí ar a thoil aige ach gur léirigh rialú de chuid an Bhreithimh Adrian Hardiman, nach maireann, sna cásanna Ó Beoláin vs Fahy agus Ó Maicín vs Éire, go raibh an ceart aige a ghnó a dhéanamh i nGaeilge beag beann ar a chumas sa teanga oifigiúil eile.

Dúirt an breitheamh Breiffni O’Neill nach ndéanfaidh sé cinneadh cé acu an nglacfadh nó nach nglacfadh sé le hiarratas Uí Choistín síneadh ama a chur leis an tréimhse a bhí ceadaithe aige lena ghearán a dhéanamh go dtí an chéad uair eile a n-éistfear an cás i dTeach Lansdúin ag deireadh na míosa seo chugainn.

Chuir Ó Coistín dhá ghearán eile roimh an gCoimisiún, ceann in aghaidh an chomhlachta earcaíochta Orange Recruitment agus ceann in aghaidh FSAI. Tharraing sé an gearán in aghaidh Orange Recruitment siar ar maidin tar éis beagnach uair an chloig de chur agus cúiteamh faoi cérbh é a fhostóir – an comhlacht earcaíochta nó an FSAI.

Mhaígh sé go raibh trí ghearán aige in aghaidh Orange Recruitment ach cuireadh ar a shúile dó nach raibh ach gearán amháin ar an gclár a seoladh chuige roimh an éisteacht, agus nár thapaigh sé an deis an clár a cheartú idir an dá linn. Ghlac sé leis sa deireadh nach raibh ach gearán amháin ann in aghaidh an chomhlachta earcaíochta agus tharraing sé siar an ceann sin. D’fhág ionadaithe Orange Recruitment an seomra cruinnithe ina dhiaidh sin.

Bhain an gearán eile lena áiteamh gur briseadh go héagórach as a phost é. Mhaígh Ó Coistín gur briseadh é as a phost mar oifigeach cumarsáide leis an FSAI go héagórach mar gheall ar ríomhphost a sheol sé inar cháin sé caighdeán na seirbhísí Gaeilge a bhí á gcur ar fáil ag an eagraíocht.

Cuireadh deireadh leis an ngearán áirithe sin nuair a dúirt an breitheamh gur ghlac sé le hachainí lucht dlí an FSAI nach raibh dlínse ag an gCoimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre sa chás agus nach n-éistfí ach le fianaise a bhain leis an sárú a mhaíonn Ó Coistín a rinneadh ar an Acht um Nochtuithe Cosanta ag an gcéad seisiún eile ag deireadh mhí Iúil.

Le linn na héisteachta inniu, thaispeáin an gearánaí roinnt nithe dá raibh cruinnithe i Seomra 4.05 i dTeach Lansdúin. Ina measc bhí réimse leathan bia agus deochanna a raibh lipéadú i nGaeilge nó lipéadú dátheangach orthu agus geansaí Nollag a raibh fear sneachta cniotáilte air.

Dúirt an gearánaí gur léirigh na hearraí bia agus dí go raibh comhlachtaí príobháideacha nach raibh faoi aon cheangal dlí inn ann ábhar a chur ar fáil i nGaeilge. Mháigh sé nach raibh an FSAI – atá faoi cheangal dlí teanga – in seirbhísí a chur ar fáil sa chéad teanga náisiúnta.

Dúirt sé go raibh an geansaí Nollag air féin nuair a tugadh le fios dó go raibh sé á chur ar saoire riaracháin agus gur dheacair dó a thuiscint cén chaoi nach bhféadfaí comhrá faoin ríomhphost a sheol sé a bheith ag an mbainistíocht le fear a raibh a leithéid de gheansaí air.

Leanfaidh an éisteacht ar aghaidh an tseachtain dheireanach de mhí Iúil.

Níos mó

cuirtear-deireadh-le-dioluine-na-gaeilge-sa-bhunscoil-agus-tugtar-dioluine-‘sealadach’-isteach-ag-an-dara-leibheal-–-taighde-nua

Cuirtear deireadh le díolúine na Gaeilge sa bhunscoil agus tugtar díolúine ‘sealadach’ isteach ag an dara leibhéal – taighde nua

Moltar i dtuarascáil nua go gcuirfí stop le bronnadh díolúintí ón nGaeilge ag leibhéal na bunscoile agus gur “díolúintí sealadacha” a bheadh i gceist ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Dar le húdar na tuarascála, an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir, ní amháin go bhfuil córas na ndíolúintí ag séanadh deiseanna foghlama ar dhaltaí, ach go bhfuil cuid dá n-oidhreacht agus dá bhféiniúlacht á séanadh orthu chomh maith.

Chuir Pádraig Ó Duibhir na moltaí sa tuarascáil nua, a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge, faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean tráthnóna.

De réir an taighde, beidh díolúine ag 22.5% de dhaltaí iar-bhunscoile faoi 2030 má leanann an ráta fáis mar a bhí le cúig bliana anuas agus mura ndéantar “gníomh go práinneach”.

Deir Ó Duibhir nach dtagann an cleachtas in Éirinn maidir le díolúintí leis an taighde atá déanta faoin ábhar agus go bhfuil sé “as riocht” leis an gcleachtas idirnáisiúnta chomh maith.

Is iad an dá phríomhchúis go mbronntar díolúintí ar dhaltaí ná go mbíonn míchumas foghlama acu nó sa chás go bhfuair siad a gcuid oideachais bunscoile thar lear.

Bhí breis is 73,000 dalta le díolúine ó staidéar na Gaeilge sa scoilbhliain 2024–2025.

Tá an líon daltaí a bhfuil díolúine acu ag an mbunleibhéal “réasúnta seasta”, dar le Ó Duibhir. 12,131 dalta nó 2.2% den iomlán a bhí ann anuraidh.

Deir sé, áfach, go bhfuil “fás as cuimse” tagtha ar bhronnadh díolúintí ag an iar-bhunleibhéal. Tháinig méadú 109% idir 2017-2025 ar líon na ndíolúintí a bronnadh ar dhaltaí iar-bhunscoile. Bhí díolúine ag 14.3% de dhaltaí iar-bhunscoile anuraidh, ardú ó 2.5% i 1999 agus ó 9.4% in 2017.

In 2024 bhí díolúine ag 37,974 dalta iar-bhunscoile toisc go raibh míchumas foghlama acu ach rinne 19,404, os cionn leath díobh, staidéar ar theanga Eorpach eile seachas an Ghaeilge agus an Béarla. De réir an taighde nua, léiriú é seo nach raibh míchumas foghlama teanga I gceist sna cásanna sin.

Deir Pádraig Ó Duibhir go n-aithníonn an Roinn Oideachais agus Óige “buntáistí agus tairbhí” an dátheangachais ach go séantar na buntáistí agus na tairbhí sin ar dhaltaí nuair a thugtar díolúine dóibh.

“Séantar na buntáistí cognaíocha a bhaineann leis an dátheangachas, séantar léargas níos doimhne ar a n-oidhreacht orthu, séantar cuid dá bhféiniúlacht orthu, séantar na deiseanna gairme agus sóisialta a bhronnfadh cumas sa Ghaeilge orthu, séantar an deis orthu freastal ar chúrsa Gaeltachta, séantar an deis orthu cabhrú lena bpáistí féin Gaeilge a fhoghlaim amach anseo.

“Anuas air sin, tugtar an teachtaireacht dóibh go bhfuil laigí iontu, nach bhfuil siad cumasach go leor le Gaeilge a fhoghlaim, nach bhfuil siad cumasach go leor teangacha eile a fhoghlaim, rud a chúngaíonn a roghanna taisteal thar lear orthu.”

Dúirt Ó Duibhir go séantar “go leor de na nithe” céanna ar an dalta os cionn 12 bliain d’aois a thagann chun na hÉireann. Séantar chomh maith ar na daltaí sin, a deir Ó Duibhir, “an deis imeasctha a bhronnfadh bunchumas sa Ghaeilge” orthu agus séantar orthu an deis teanga eile a fhoghlaim a chuirfeadh le líon na dteangacha atá acu cheana féin “mar chainteoirí ilteangacha”.

“Tugtar an teachtaireacht dóibh nach bhfuil an Ghaeilge tábhachtach agus nach gcuireann muintir na hÉireann luach uirthi faoi mar a dhéantar ar mhionteangacha i dtíortha eile.”

Deir Ó Duibhir gur minic go mbíonn ar thuismitheoirí daltaí iar-bhunscoile rogha a dhéanamh idir staidéar na Gaeilge agus tacaíocht foghlama a fháil dá bpáistí mar go gcuirtear an tacaíocht foghlama ar fáil ag an am céanna leis an rang Gaeilge.

“Tá an Roinn ag iarraidh é a bheith ina ghruth is ina mheadhg acu. Ag maíomh ar lámh amháin go bhfuil polasaí ionchuimsitheach i bhfeidhm agus ar an lámh eile ag bronnadh díolúintí ó staidéar na Gaeilge nach bhfuil ag teacht le polasaí ionchuimsitheach,” arsa Pádraig Ó Duibhir.

Moltar sa taighde go gcuirfí deireadh le díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus go gcuirfí curaclam teanga na bunscoile a in oiriúint do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, moltar “díolúintí sealadacha” agus “páirtdíolúine” a thabhairt isteach. Moltar chomh maith “socruithe réasúnta” agus rogha ó thaobh sonraíochta a thabhairt isteach “mar a dhéantar ar fud na hEorpa a chur ar fáil in ionad díolúintí buan”.

Deirtear chomh maith gur chóir an tacaíocht foghlama atá ar fáil don Ghaeilge san iar-bhunscoil a bheith ar comhchaighdeán leis na hábhair. Tá “rud éigin cearr”, a deir Ó Duibhir, má tá díolúine ag breis is 14% de dhaltaí ó ábhar.

Deir sé gur chóir gur síceolaithe oideachais na Roinne Oideachais agus Óige (NEPS) a chinnfeadh díolúine a bhronnadh ó staidéar na Gaeilge ar dhaltaí “i gcásanna fíoreisceachtúla”.

“Bheadh an cur chuige seo ag teacht leis an gcleachtas a leantar i dtíortha na hEorpa a cheadaíonn díolúintí fíoreisceachtúla ó fhoghlaim teangacha,” a deir Ó Duibhir.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a choimisiúnaigh an taighde, go gcaithfí “stop a chur leis an gcur i gcéill” a bhaineann le córas na díolúine Gaeilge.

“Deirtear sa chiorclán a bhaineann leis na díolúintí nach mbronntar díolúine ach go hannamh agus go heisceachtúil. Ní féidir leis an Aire nó leis an Roinn seasamh leis an ráiteas sin a thuilleadh.

“In áit sin, táimid ag éileamh orthu gníomhú le práinn, le misneach agus le cothrom na féinne a chur ar fáil do gach dalta,” a dúirt Julian De Spáinn.

 

Níos mó

cead-le-tabhairt-d’aire-na-gaeltachta-sineadh-dha-bhliain-a-thabhairt-do-phleananna-teanga

Cead le tabhairt d’Aire na Gaeltachta síneadh dhá bhliain a thabhairt do phleananna teanga

Beidh cead ag Aire na Gaeltachta síneadh a chur le feidhmiú pleananna teanga sna Limistéir Pleanála Gaeltachta faoi leasú atá molta ar an reachtaíocht.

Agus plé á dhéanamh ar bhille Údarás na Gaeltachta sa Dáil, glacadh le leasú a d’fhágfadh go mbeadh sé de chumhacht ag Aire na Gaeltachta síneadh dhá bhliain a chur le pleananna teanga atá á gcur i bhfeidhm.

Seacht mbliana a mhaireann na pleananna teanga a cheadaítear sna Limistéir Pleanála Teanga agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta ach faoin leasú nua, bheadh sé de chumhacht ag an Aire “ré an phlean a fhadú go tréimhse nach faide ná 9 mbliana”.

Bheadh ar Údarás na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Aire chun síneadh a chur le plean sa nGaeltacht. Foras na Gaeilge a bheadh i gceist do phleananna do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta atá lasmuigh den Ghaeltacht agus do phleananna sna Líonraí Gaeilge.

Tá imní léirithe ag oifigigh pleanála teanga faoin easpa soiléire atá ann maidir le todhchaí na hearnála, ach dheimhnigh Roinn na Gaeltachta roimhe seo go raibh sé i gceist síneadh a chur le feidhmiú na bpleananna reatha go dtí go gcuirfí cinn nua le chéile.

Tá deireadh tagtha nó le teacht le go leor de na chéad phleananna teanga Gaeltachta a ceadaíodh faoin bpróiseas pleanála. Chuaigh naoi bplean in éag faoi dheireadh 2025 agus tá deireadh le teacht le sé phlean eile in 2026.

Dúradh in athbhreithniú a choimisiúnaigh an Roinn ar na chéad deich bplean teanga Gaeltachta go raibh gá le hathrú ar an gcóras pleanála teanga sa nGaeltacht agus go raibh tuilleadh tacaíochta ón stát de dhíth.

Faoin reachtaíocht mholta, bheadh an tAire freisin in ann treoir a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta iarraidh ar eagraíocht plean teanga nua a ullmhú do Limistéar Pleanála Gaeltachta

Tá leasú molta chomh maith chun soiléiriú a dhéanamh ar na critéir faoin bhféadfaí baile a roghnú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Faoi láthair, deirtear ní deirtear ach gur gá do bhaile a bheith “suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, nó tadhlach leis” chun a bheith san áireamh ach tá sé molta go n-athrófaí sin go dtí “suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tadhlach leis nó laistigh de gha 30 ciliméadar uaidh”.

Is éard atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite sa nGaeltacht nó taobh léi agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le soláthar seirbhísí poiblí agus eile do phobal na Gaeltachta. Faoin reachtaíocht, caithfidh daonra 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí, chun gur féidir é a áireamh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Tá ocht mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán agus Cathair Saidhbhín.

Níos mó

leasu-suntasach-a-dheanamh-ag-an-rialtas-ar-cheann-de-mhorspriocanna-an-stait-i-leith-na-gaeilge

Leasú suntasach á dhéanamh ag an rialtas ar cheann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge

Tá leasú suntasach á dhéanamh ag an rialtas ar cheann de mhórspriocanna reachtúla an stáit i leith na Gaeilge – gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

Glacadh sa Dáil an tseachtain seo le leasú de chuid an Rialtais ar an sprioc reachtúil sin, leasú a d’fhágfadh go bhféadfaí a áireamh sa sprioc 20% daoine atá ag obair sa chóras cheana féin.

Is é a deir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú) faoi láthair ná go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí” faoi 2030.

Ach de réir an leasaithe atá á chur trí Thithe an Oireachtais mar chuid de bhille Údarás na Gaeltachta is é a bheadh i gceist leis an sprioc amach anseo ná “daoine a cheapfar i gcomhlacht poiblí i mbliain ar leith, ar mhodh earcaíochta nó ardú céime”.

Léirigh iniúchadh a dhein Tuairisc in 2024 go raibh brí nua á baint ag coiste reachtúil náisiúnta as an sprioc 20%.

Maíodh ag cruinniú amháin den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge go bhféadfaí “líon leathan daoine” a áireamh faoin 20% ó tharla nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite leis an bhforáil a bhaineann le hearcú daoine a bhfuil Gaeilge acu.

Tugadh le fios ag cruinniú eile go raibh míbhrí á baint ag Tuairisc as an reachtaíocht trína rá gur earcaigh nua a bhí i gceist le “earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí” agus gur chóir an focal ‘nua’ a sheachaint feasta.

Ach glacadh go forleathan leis roimhe sin gurb é a bhí i gceist ná gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus b’in a thug airí Gaeltachta, polaiteoirí an fhreasúra agus baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge le fios le linn an nach mór 40 uair an chloig de phlé a rinneadh faoin reachtaíocht i dTithe an Oireachtais.

Is “20% d’earcaigh nua” a bhí luaite i gclár an Rialtais ag an am chomh maith agus an téarmaíocht chéanna a úsáideadh i ndiaidh fhoilsiú agus achtú an bhille teanga ag deireadh 2021.

Ach in ainneoin nach raibh aon doiléire ag baint le brí na sprice 20% ar feadh roinnt blianta, léirigh anailís Tuairisc ar ráitis rialtais, ar dhíospóireachtaí Dála, ar thuarascálacha oifigiúla agus ar mhiontuairiscí cruinnithe go raibh brí nua á baint anois as mórsprioc na reachtaíochta agus go raibh an bhrí sin á cur chun cinn de réir a chéile.

Nuair a cheistigh Tuairisc Roinn na Gaeltachta an uair sin faoin mbrí nua a bhí á baint as reachtaíocht, dúradh gur “gnó” don Choimisinéir Teanga é brí a bhaint as an reachtaíocht teanga.

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc gurb é an tuiscint bhí ag an oifig sin go mbaineann an fhoráil “le hearcaigh nua chun na seirbhíse poiblí” ach stad an oifig sin de bheith ag úsáid an téarma ‘earcaigh nua’ chomh maith ina dhiaidh sin.

In 2024 chuir Tuairisc trí cinn de cheisteanna ar Roinn na Gaeltachta – cén uair a socraíodh go mbainfí brí nua as an bhforáil faoin sprioc 20%, cé a shocraigh go mbainfí brí eile as seachas an bhrí a bhí á baint as ag an Rialtas roimhe sin agus an bhfuarthas comhairle dlí faoin athrú?

Ní bhfuair Tuairisc aon fhreagra ar na ceisteanna sonracha sin, ach dúirt an Roinn linn gur “fiú a nótáil” nach raibh an focal ‘nua’ luaite i gcás na sprice earcaíochta san acht leasaithe.

I ndiaidh de Tuairisc torthaí a iniúchta a fhoilsiú, dúirt Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge nach mbeadh aon ghlacadh acu le haon iarracht brí nua a bhaint as sprioc an Stáit gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Dhá bhliain níos déanaí, glacadh go ciúin gan aon phlé sa Dáil an tseachtain seo le leasú reachtaíochta ón rialtas a fhágann gur féidir daoine a fhaigheann ardú céime chomh maith le hearcaigh nua a áireamh sa sprioc 20%, leasú a dhéanfaidh níos éasca é an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.

Glacadh sa Dáil le leasú eile ar Acht na dTeangacha Oifigiúla an tseachtain, leasú a deir go bhfuil feidhm go fóill le scéimeanna teanga atá aontaithe ag comhlachtaí poiblí.

Faoin leasú a rinneadh ar an acht ag deireadh 2021, rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht a thug feidhm do na scéimeanna teanga agus bhí córas nua bunaithe ar chaighdeáin teanga le teacht i bhfeidhm ina n-áit roimh dheireadh 2024 ar a dhéanaí.

Mháigh Roinn na Gaeltachta go raibh feidhm dlí i gcónaí ag córas na scéimeanna ach dúirt breitheamh Ard-Chúirte gur “seafóid” agus “áiféis” é a mhaíomh go bhfuil córas na scéimeanna teanga fós i bhfeidhm.

Faoin leasú nua atá molta ag Aire na Gaeltachta, bheadh feidhm le scéim teanga go dtí go dtiocfaidh córas na gcaighdeán i bhfeidhm.

Dúradh mí Feabhra i mbliana go raibh na dréacht-chaighdeáin réidh le cur faoi bhráid an Aire agus go gcuirfí tús le próiseas comhairliúcháin maidir leo mí an Mhárta ach níor tharla sin.

Bhain leasú eile a mhol Aire na Gaeltachta leis an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí áirithe a n-ainm, lógó agus branda a bheith i nGaeilge.

Cuireadh bille Údarás na Gaeltachta, a tionscnaíodh chun an toghchán do bhord an Údaráis a thabhairt ar ais, tríd an Dáil an tseachtain seo.

Cuirfear an bille chuig an Seanad anois.

Níos mó

‘campas-gaeilge’-molta-do-ghaeltacht-na-gaillimhe-chun-freastal-ar-oibrithe-sa-tseirbhis-phoibli

‘Campas Gaeilge’ molta do Ghaeltacht na Gaillimhe chun freastal ar oibrithe sa tseirbhís phoiblí

Tá sé ráite ag comharchumann Gaeltachta go gcruthóidh an t-éileamh a bheidh ar chúrsaí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí sna blianta amach romhainn deiseanna do phobail agus do gheilleagar na Gaeltachta.

Deir Forbairt Chonamara Láir go mbeidh tóir ar chúrsaí Gaeilge i measc státseirbhíseach agus oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí de thoradh na sprice earcaíochta 20% atá sa reachtaíocht agus gur chóir don rialtas leas a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana féin sa nGaeltacht chun freastal uirthi.

Tá Forbairt Chonamara Láir ag moladh go mbunófaí “mol oideachais” i gCarna chun freastal ar chuid den éileamh a bheidh ann.

Agus cur i láthair á dhéanamh os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúradh go bhfuil taithí ag muintir na Gaeltachta a bheith ag freastal ar fhoghlaimeoirí teanga, idir dhaltaí na gcoláistí samhraidh, ábhar oidí agus mhic léinn tríú leibhéal, agus go bhféadfaí tógáil ar an taithí sin chun freastal ar an tseirbhís phoiblí.

Tá sprioc leagtha síos sa reachtaíocht gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% de na hearcaigh chun na seirbhíse poiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

Dúradh go raibh na hacmhainní a bheadh ag teastáil chun cúrsaí a chur ar fáil i gceantar Charna cheana féin agus moladh go mbeadh ról ceannaireachta ar an scéim ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a bhfuil ionad acu i gCarna.

Dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, bainisteoir an chomharchumainn, go bhféadfaí, mar shampla, cúrsaí trí seachtaine a chur ar fáil, go mbeadh na foghlaimeoirí ag fanacht sa gceantar agus go mbeadh ócáidí á reáchtáil leis an bpobal áitiúil chun tacú leis an sealbhú teanga. Thabharfaí deis dóibh a bheith ag obair ón nGaeltacht chomh maith trí chóras na gteiceanna.

“Tuigeann muid go mba chóir go mbeadh deiseanna ann do státseirbhísigh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus go bhféadfaí é seo a dhéanamh tríd an gcóras acadúil.

“Bheadh buntáiste faoi leith ann dá mbeadh deis acu fanacht i gceantar Gaeltachta, an Ghaeilge a fhoghlaim agus bheadh siad in ann a bheith ag obair go laethúil freisin ó Charna. Bheadh siad ag fáil taithí ar shaol Gaeilge [sa nGaeltacht],” a dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, bainisteoir Fhorbairt Chonamara Láir.

“I gcroílár an togra seo tá an smaoineamh tógáil ar na bunstruchtúir láidre atá sa phobal cheana féin.”

Dúirt Ní Choisdealbha-Seoige go mbíonn ábhar oidí agus daltaí na gcoláistí samhraidh ag teacht go Carna ach go raibh “míonna ciúine” sa bpobal sa gcéad chuid den bhliain. Deis a bheadh anseo, a dúirt sí, borradh a chur faoi gheilleagar an cheantair.

Dúirt sí go bhféadfaí an scéim a bhunú ar bhonn píolótach ar dtús chun freastal ar idir 30-60 duine.

“Dá mbeadh scéim phíolótach tosaithe i gCarna ar dtús, bheadh torthaí dearfacha uirthi, mar atá leis an seimeastar Gaeltachta do na mic léinn, [agus] tá mé ag ceapadh gur airgead a bheadh caite go maith a bheadh ann,” a dúirt sí.

Cuireadh fáilte roimh an moladh ag an gcoiste Oireachtais agus moladh go scríobhfadh an coiste chuig na hairí rialtais lena mbaineann an scéal chun tuilleadh plé a dhéanamh air.

Níos mó

sineadh-cuig-bliana-curtha-le-hurraiocht-tg4-ar-chraobhacha-pheil-na-mban

Síneadh cúig bliana curtha le hurraíocht TG4 ar Chraobhacha Pheil na mBan

Tá síneadh cúig bliana curtha leis an gconradh idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan chun craobhacha idirchontae na mban a thaispeáint.

Ní raibh deireadh le teacht leis an gcomhaontú craolta agus urraíochta idir na heagraíochtaí go dtí an bhliain seo chugainn ach fógraíodh tráthnóna go bhfuil síneadh curtha leis go dtí 2032.

Is in 2001 a cuireadh tús leis an gcaidreamh stairiúil idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan agus ceiliúradh 25 bliain á dhéanamh air i mbliana. Tá an stáisiún Gaeilge ina phríomhurraitheoir ar chraobhacha idirchontae Pheil na mBan ó 2002.

Rinneadh an chomhpháirtíocht nua a fhógairt ag seoladh oifigiúil Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2026 i bPáirc an Chrócaigh.

Sé chluiche sa gcomórtas a craoladh in 2001 ach déantar gach cluiche a chraoladh anois. Craoladh beagnach leathchéad chluiche anuraidh ar ardáin TG4.

Chuir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, fáilte roimh an socrú nua.

“Agus TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer in 2026, táimid an-bhródúil go bhfuil Peil na mBan ina cuid fhíorthábhachtach dár scéal. Tá méadú ollmhór tagtha ar phróifíl, ar chlúdach agus ar uaillmhian Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 le 25 bliain anuas, agus chuidigh clúdach TG4 le scil, paisean agus pearsantachtaí na n-imreoirí a thabhairt chuig daoine sa bhaile agus chuig pobail ar fud na hÉireann agus thar lear.”

Dúirt Trina Murray, Uachtarán Chumann Pheil na mBan gur “chuidigh gealltanas TG4 leis na glúnta imreoirí agus lucht tacaíochta a spreagadh, agus leis an bpaisean, an scil agus an scleondar a bhaineann go mór lenár spórt a léiriú ag an am céanna.”

Cuirfear tús le craoladh TG4 ar Chraobh Shinsir na hÉireann an tseachtain seo chugainn nuair a chraolfar cluiche idir seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, agus Maigh Eo, ar an 7 Meitheamh. Craolfar cluiche idir Corcaigh agus Ard Mhacha an tráthnóna céanna.

Beidh cluichí ceannais na hÉireann i gcomórtais na sinsear, idirmheánach agus na sóisear ar siúl ar an 2 Lúnasa.

Níos mó

gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh-buaite-ag-just-art-it-do-chur-chun-cinn-na-gaeilge

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh buaite ag Just Art It do chur chun cinn na Gaeilge

Bhuaigh an stiúideo ealaíne Just Art It ar Shráid Dhoiminic i gcathair na Gaillimhe Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana. Brontar gradaim Uí Ógartaigh ar ghnólachtaí i nGaillimh a chuireann an Ghaeilge chun cinn,

Ba é an tAire Gaeltachta Dara Calleary a bhronn na duaiseanna ag searmanas bronnta sa chathair an tseachtain seo.

Dúirt an tAire Calleary go bhfuil Gradam Uí Ógartaigh “sainithe mar ghné an-tábhachtach d’fhéiniúlacht dhátheangach na Gaillimhe” agus go léiríonn na comhlachtaí a ainmníodh “beocht na Gaeilge i saol na cathrach”.

Bhuaigh Just Art It sa chatagóir ‘Taithí Mhiondíola’ sular fógraíodh gurb iad a bhuaigh ‘an Gradam Foriomlán’ freisin. Bronnadh píosa dealbhóireachta a dhear an t-ealaíontóir Pádraic Reaney go speisialta do na gradaim ar Just Art It, agus gheobhaidh siad pacáiste fógraíochta ó The Galway Advertiser, pacáiste poiblíochta ó TG4 agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe mar chuid den duais mhór.

Is siopa, gailearaí, agus ceardlann é Just Art It inar féidir earraí ealaíne a cheannacht agus cúrsaí agus ranganna a dhéanamh. Tá duaiseanna buaite acu ag Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh le ceithre bliana i ndiaidh a chéile, ach seo an chéad bhliain acu an duais mhór a bhuachan.

Deir úinéir na ceardlainne, Elena Santos, go bhfuil an Ghaeilge “ag croí gach rud a dhéanann” Just Art It agus go bhfuil siad ina mball bródúil de phobal gnó dátheangach na Gaillimhe.

“Tá an Ghaeilge lárnach dár bhféiniúlacht. Tá beagnach gach táirge, comhartha agus seirbhís dátheangach, agus an Ghaeilge chun tosaigh, agus cabhraíonn cóid QR lenár gcustaiméirí an fhoghraíocht a fhoghlaim, ag scaipeadh na teanga ar fud an domhain.

“Tríd an nGaeilge a leabú inár gcleachtais chruthaitheacha agus tráchtála, is é ár n-aidhm stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach atá saibhir ó thaobh an chultúir de a neartú,” a deir sí.

Bronnadh seacht nduais ar fad ag an searmanas bronnta: an dá ghradam a fuair Just Art It; gradaim sna catagóirí difriúla; agus gradam speisialta na moltóirí.

Bhuaigh an drioglann Micil, a bhunaigh Pádraig Ó Griallais as Indreabhán, an duais sa chatagóir ‘Turasóireacht’. Bhuaigh an caifé Plámás – mar ar féidir lascaine a fháil as ordú trí Ghaeilge – an gradam sa chatagóir ‘Seirbhís Chustaiméara’.

Ba í Marian Ní Chonghaile an tí seo a bhuaigh an gradam sa chatagóir ‘Digiteach’ lena comhlacht ‘Thrive With Marian’. Is cóitseálaí saoil agus gnó í Marian a bhíonn ag scríobh ailt do Tuairisc go minic. Sa chatagóir ‘Pobal agus Cultúr’, bhí an lá ag Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe.

Bronnadh pacáiste tacaíochta gnó ar luach €2,000 ar bhuaiteoirí uile na gcatagóirí.

Fuair Smart Medical, comhlacht atá lonnaithe sa Spidéal i gCois Fharraige, Bronnadh Speisialta na Moltóirí. Ba iad Smart Medical a rinne an chéad AED dátheangach ar domhan.

Bronnadh duais eile ar Kinvara Skincare freisin mar “aitheantas ar a n-úsáid leanúnach den phacáistiú dátheangach”. Scoláireacht ollscoile do chúrsa sealbhaithe teanga a fuair úinéirí Kinvara.

Bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i láthair ag an searmanas bronnta chomh maith leis an Aire Gaeltachta Dara Callery.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, a reáchtálann na gradaim, go léiríonn Gradam Uí Ógartaigh “an dul chun cinn leanúnach” atá á dhéanamh i nGaillimh ó thaobh na Gaeilge de agus an “fhorbairt atá á déanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo ghnó, phobail, agus chultúir” sa chathair.

Níos mó

uachtaran-na-heireann-catherine-connolly-ainmnithe-ina-patrun-ar-ghlor-na-ngael

Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ainmnithe ina pátrún ar Ghlór na nGael

Tá sé fógartha ag Glór na nGael go bhfuil pátrúnacht ar an eagraíocht teanga glactha ag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly.

Deir Glór na nGael gur cúis ríméid dóibh go bhfuil an tUachtarán tar éis glacadh le cuireadh a bheith ina ‘hÉarlamh’ ar an eagraíocht agus go bhfuil nasc fada stairiúil idir Glór na nGael agus Oifig Uachtarán na hÉireann.

“Is mór an phribhléid dúinn go bhfuil Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, tar éis glacadh leis an gcuireadh a bheith ina hÉarlamh ar Ghlór na nGael,” a dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael.

“Is cúis bhróid agus mhisnigh é seo do gach duine atá bainteach leis an eagraíocht, agus do na pobail, na teaghlaigh agus na grúpaí ar fud na tíre atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge.

“Tá misean Ghlór na nGael bunaithe ar ghníomh, ar phobal agus ar chomhoibriú. Tá an Ghaeilge beo nuair a úsáidtear í sa bhaile, sa phobal, sa chlub, sa ghnó agus sa saol sóisialta. Is mór againn an t-aitheantas seo agus spreagfaidh sé muid agus na pobail lena n-oibrímid chun leanúint leis an obair thábhachtach seo,” a dúirt sé.

Oibríonn Glór na nGael, a bunaíodh i 1961, le pobail, teaghlaigh, clubanna, grúpaí deonacha, gnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Deir Glór na nGael go raibh Uachtaráin na hÉireann páirteach i searmanais bhronnta na heagraíochta thar na blianta, agus tá an nasc sin á threisiú anois le glacadh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, leis an gcuireadh a bheith ina hÉarlamh ar Ghlór na nGael.

Níos mó

an-t-iar-aire-stait-gaeltachta-sean-kyne-ag-filleadh-ar-dhail-eireann-agus-toghchan-ghaillimh-thiar-buaite-aige

An t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne ag filleadh ar Dháil Éireann agus toghchán Ghaillimh Thiar buaite aige

Tá na t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne ag filleadh ar Dháil Éireann agus an bua faighte aige i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar.

Fuair an seanadóir ó Fhine Gael, arb as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe dó, an ceann is fearr ar iarrthóir Independent Ireland Noel Thomas.

Chuaigh Kyne chun cinn ar Thomas ar deireadh sa chomhaireamh deireanach, an 11ú ceann, a bhuíochas do vótaí aistrithe.

Fuair Kyne 4,249 vóta aistrithe ó Helen Ogbu Pháirtí an Lucht Obre, rud a chuir go maith chun cinn ar Thomas é, a fuair 1,273 vóta aistrithe.

D’fhág sin 19,218 vóta ag Kyne sa deireadh agus é go maith chun cinn ar Thomas ar 16,519.

Lá maith a bhí ann d’Fhine Gael, go háirithe toisc gur rud annamh é an bua a bheith ag páirtí rialtais i bhfothoghchán.

Lá mór a bhí ann do Sheán Kyne féin chomh maith a bhfuil teacht aniar iontach déanta aige ón olltoghchán deireanach.

Bhí sé ag smaoineamh an uair sin ar éirí as an bpolaitíocht ar fad nuair a theip air an suíochán Dála a bhuaigh sé in 2011 agus in 2016 a bhuachan ar ais.

Tháinig Helen Ogbu, iarrthóir pháirtí an Lucht Oibre, sa tríú háit le 5,462 vóta céadrogha.

Toghadh Seán Kyne chun na Dála den chéad uair in 2011 nuair a fuair sé an cúigiú suíochán i nGaillimh Thiar agus gan le spáráil aige ach 17 vóta.

Toghadh an athuair é in olltoghchán 2016 nuair a fuair sé an tríú suíochán sa dáilcheantar.

Ceapadh an bhliain chéanna é ina aire Stáit don Ghaeltacht post a bhí aige ar feadh dhá thréimhse, idir 2016-2017 agus idir 2018-2020.

Faoin am a ceapadh ina aire stáit é bhí feabhas mór tagtha ar Ghaeilge Kyne ó chéadtoghadh ina Theachta Dála.

Murab ionann is an uair sin, bíonn Kyne go mór istigh leis féin anois agus é faoi agallamh ar na meáin Ghaeilge.

Chaill sé a shuíochán Dála in 2020 agus ceapadh ina sheanadóir é.

Nuair nár éirigh leis a shuíochán Dála a fháil ar ais in 2024 toghadh chun an tSeanaid arís é.

Daniel Ennis ó na Daonlathaithe Sóisialta a bhuaigh fothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir. Fuair 3,744 vóta aistrithe ó Janet Horner an Chomhaontais Ghlais sa naoú comhaireamh rud a d’fhág 12,050 vóta aige agus é go maith chun cinn ar Janice Boylan Shinn Féin ar 7,787.

Níos mó

muintir-ghaillimh-thiar-agus-bhaile-atha-cliath-lair-ag-tabhairt-a-n-aghaidh-ar-na-hionaid-votala

Muintir Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir ag tabhairt a n-aghaidh ar na hionaid vótála

Tá lucht vótála Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir ag tabhairt a n-aghaidh ar na hionaid vótála inniu lena nguth a chur ar pár in dhá fhothoghchán a bhfuil iomaíocht ghéar faoin suíochán Dála sa bpéire.

Osclófar doirse na n-ionad vótála ag a 7.00am inniu agus beidh siad oscailte go dtí a 10.00pm anocht agus cúig huaire déag an chloig ag pobal vótála na dtoghcheantar lena vóta a chaitheamh.

D’ainneoin gan a bheith le líonadh ach dhá shuíochán Dála, is minic le torthaí fothoghcháin neart cainte is machnaimh a tharraingt sna seachtainí a leanas agus páirtithe polaitiúla ag déanamh mórtais as an dea-thoradh nó ag déanamh beag is fiú den drochthoradh agus ag áitiú nach aon tuar ná tubaiste é.

Toghadh Chatherine Connolly ina hUachtarán ar an tír a d’fhág folúntas i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar.

I mBaile Átha Cliath Láir is amhlaidh a d’éirigh an t-iarAire Airgeadais, Paschal Donohoe ó Fhine Gael, as an Dáil nuair a fuair sé post nua leis an mBanc Domhanda thall sna Stáit Aontaithe.

Tá taighde ann a léiríonn gurb é an té a bhíonn ar cheann an chomhairimh sa gcéad chomhaireamh a fhaigheann an suíochán in 80% de na fothoghcháin.

I gcás seacht gcinn de na deich bhfothoghchán is deireanaí a ritheadh sa tír seo, ba é an duine a bhí ar cheann an chomhairimh sa gcéad chomhaireamh a fuair an suíochán sin agus sna trí chás eile bhí na buaiteoirí aniar sna sála ar an iarrthóir ba mhó a chruinnigh vótaí uimhir a haon.

Ní go maith a réitíonn fothoghcháin le páirtithe rialtais is cosúil mar 2014 an uair dheiridh a bhuaigh iarrthóir de chuid páirtí rialtais fothoghchán agus as 25 fothoghchán le tríocha bliain níor éirigh le páirtithe rialtais iarrthóir a chur thar abhainn ach i dtrí cinn acu.

Tá Fine Gael ag iarraidh an stair sin a athrú i nGaillimh Thiar sa bhfothoghchán seo agus misneach beag ginte ag pobalbhreith an Irish Times-TG4 a chuir a n-iarrthóir, an Seanadóir Seán Kyne ina chéad rogha ag na daoine a thug faoin suirbhé.

Noel Thomas, ón bpáirtí Éire Neamhspleách, as an gceantar céanna le Kyne, a bhí sna sála air. Helen Ogbu ó pháirtí an Lucht Oibre a bhí sa tríú háit sa suirbhé sin agus sa gceathrú háit bhí Míde Nic Fhionnlaoich, an bhean Ghaeltachta atá ag seasamh ar son na nDaonlathaithe Sóisialta.

Agus seacht nduine dhéag ag fiach ar an suíochán seo, pé iarrthóir ón eite chlé a bheas chun cinn beidh sé nó sí ag súil le vótaí go leor a chruinniú amach sa gcomhaireamh le dúshlán a thabhairt ar son an tsuíocháin.

Maidin Dé Sathairn ag a 9am a chuirfear tús le comhaireamh na vótaí agus táthar ag súil go mbeidh fáil ar na torthaí amach sa tráthnóna.

Más aon tuar iad na pobalbhreitheanna níl aon mhisneach rómhór ag Fianna Fáil i gceachtar toghcheantar ach ba mhór an cúnamh do cheannaire an pháirtí Micheál Martin dá gcruthódh a n-iarrthóirí níos fearr ná mar atá á thuar, agus caint ann go bhfuil a cheannaireacht féin ar forbhás le tamall.

I dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath Láir, meastar gurb iad Janice Boylan, ó pháirtí Shinn Féin agus Daniel Ennis ó na Daonlathaithe Sóisialta is fearr atá ag déanamh ach beidh an-suim freisin sa rath a bheidh ar an iarrthóir neamhspleách Gerry Hutch, a ainmníodh i gcúirt mar cheannaire ar dhrong coireachta. Tá amhránaí sean-nóis agus ceoltóir ag seasamh sa bhfothoghchán sin freisin, Eoghan Ó Ceannabháin de bhunadh Iorras Aithneach, atá ag seasamh do Phobal seachas Brabús.

Fothoghchán tábhachtach é ceann Bhaile Átha Cliath Láir do cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, mar gur ansin atá sise ina Teachta Dála agus sa gcás nach n-éireodh go maith le Boylan go mbeadh ceisteanna á gcur faoina ceannaireacht féin.

Cuirfear an-suim sna haistriúcháin a tharlós idir iarrthóirí na bpáirtithe uilig a luíonn leis an eite chlé ó tharla go raibh caint mhór ar chomhoibriú eatarthu tráth thoghchán na huachtaránachta. Beidh léamh éigin againn ó na vótaí aistriúcháin sa dá fhothoghchán seo ar a réadúla agus atá an comhoibriú sin ar an eite chlé i dtoghcháin amach anseo.

Níos mó

liuntas-do-mhuinteoiri-i-scoileanna-gaeltachta-agus-lan-ghaeilge-le-tabhairt-ar-ais

Liúntas do mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge le tabhairt ar ais

Tá liúntas do mhúinteoirí atá ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna le tabhairt ar ais ag an Roinn Oideachais. Fógraíodh tráthnóna go bhfuil “comhaontú” ann idir an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann faoi roinnt liúntas do mhúinteoirí bunscoile.

Beidh an liúntas Gaeltachta ar fáil do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh i scoileanna Gaeltachta atá aitheanta faoi Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta. Tá liúntas eile le tabhairt isteach do mhúinteoirí atá ag múineadh i mbunscoileanna lán-Ghaeilge.

Tabharfar liúntas eile isteach do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh sna hoileáin amach ó chósta na hÉireann, atá aitheanta sa phlean gnímh ‘Ár nOileáin Bheo’.

Beidh liúntais eile ann do mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna speisialta agus do mhúinteoirí atá ag obair in scoileanna DEIS 1 agus DEIS+. Tá ardú le teacht ar an liúntas a íoctar le príomhoidí bunscoile freisin.

Déanfar íocaíochtaí aisghníomhacha le múinteoirí atá i dteideal na liúntas nua siar go dtí mí Mheán Fómhair 2025.

Deir an Roinn go bhfuil na híocaíochtaí á dtabhairt isteach le “tacú le hearcú agus coinneáil múinteoirí agus príomhoidí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta”.

Dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go bhfuil na híocaíochtaí “dírithe ar scoileanna a mbíonn dúshláin ar leith rompu ó thaobh earcú agus coinneáil [múínteoirí] de” agus go gcabhróidh siad le “leanúnachas agus comhsheasmhacht níos fearr” a chur ar fáil do “thaithí foghlama na ndaltaí”.

Roimh 2012 d’íoctaí liúntas €3,455 le múinteoirí sa Ghaeltacht. Ní bhfuair aon mhúinteoir nua a fostaíodh ó 2012 an liúntas Gaeltachta ach leanadh á íoc le hoibrithe a raibh an liúntas acu roimhe sin.

 

Níos mó

thart-ar-350-post-sa-tir-seo-i-mbaol-i-gcomhlacht-meta

Thart ar 350 post sa tír seo i mbaol i gcomhlacht Meta

Thart ar 350 post sa tír seo i mbaol i gcomhlacht Meta ar leis Facebook

Thart ar 1,800 duine atá fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn.

D’fhógair an comhlacht tamall ó shin go raibh athstruchtúrú le déanamh ar mhaithe le costais a laghdú agus an comhlacht ag tabhairt faoi infheistíocht mhór san Intleacht Shaorga.

Tá an Príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg tar éis an intleacht shaorga a dhearbhú mar phríomhthosaíocht an chomhlachta agus na hacmhainní ar fad dírithe ar choinneáil suas lena chuid iomaitheoirí, leithéidí Google agus OpenAI.

Inniu a thosaigh Meta ag cur na foirne ar an eolas faoin tionchar a bheadh ag plean an chomhlachta fáil réidh le 8,000 fostaí ar fud na cruinne orthu, sin thart ar 10% dá chuid oibrithe.

Tá an 350 post atá i mbaol sa tír seo níos mó ná an 10% a raibh súil leis, 180 oibrí a ceapadh a bheadh i mbaol.

Ar fud an domhain maidin inniu thosaigh Meta ag cur oibrithe ar an eolas faoin laghdú ar an bhfoireann. Is leis an máthairchomhlacht Meta Facebook, Instagram agus WhatsApp.

Ní hé seo an chéad laghdú ar fhoireann an chomhlachta in Éirinn, tá 40% den fhoireann scaoilte chun bóthair roimhe seo. Nuair a chríochnaigh paindéim an Covid bhí 3000 ag obair sa gcomhlacht agus faoi láthair 1,800 fostaí atá aige.

Dúirt urlabhraí fiontraíochta pháirtí an Lucht Oibre, George Lawlor, gur chóir don Rialtas straitéis a fhorbairt a chosnódh postanna in earnáil na teicneolaíochta.

“Is iontach go deo an imní agus an strus atá ar gach duine atá ag obair ag Meta faoi láthair,” a dúirt Lawlor.

“Ní mór don Aire Burke oibriú le Meta lena chinntiú go dtabharfar cothrom na Féinne do gach duine agus postanna agus slite beatha a chosaint más féidir. Teastaíonn plean cuimsitheach stáit uainn ar mhaithe le postanna a mhealladh agus ioncaim oibrithe a chosaint sa gcás go dtagann meathlú ar earnáil éigin nó athrú ar an múnla gnó.”

Dúirt an Ceardchumann Seirbhísí Airgeadais (FSU), a sheasann ar son bhaill foirne Meta, go raibh an earnáil sin ag “céim chontúirteach”.

“Tá fostóirí ag déanamh cinntí faoi earraíocht a bhaint as an Intleacht Shaorga ina ngnó gan an oiliúint chuí a chur ar fáil don fhoireann agus gan maoirseacht cheart a bheith ar siúl.

“Éilíonn ceardchumainn ar fhostóirí, ar rialtóirí agus ar lucht reachtaíochta go mbeadh an próiseas trédhearcach agus go mbeadh geallsealbhóirí lánpháirteach i mbainistiú an athraithe a dhéanfaidh an Intleacht Shaorga ar an ionad oibre agus ar phostanna. D’uireasa comhoibriú dá leithéid, feicfimid tuilleadh de na fógraí seo atá againn inniu faoi dhaoine a bheith ag cailleadh a gcuid postanna.”

Níos mó

‘ta-daoine-oga-oilte-le-gaeilge,-ag-iarraidh-maireachtail-sa-ghaeltacht,-ach-nil-aon-tithiocht-ann-doibh’

‘Tá daoine óga oilte le Gaeilge, ag iarraidh maireachtáil sa Ghaeltacht, ach níl aon tithíocht ann dóibh’

Deir Údarás na Gaeltachta go léiríonn suirbhé nua a rinne siad “éileamh ollmhór” ar thithíocht inacmhainne sa Ghaeltacht.

Ghlac 351 duine páirt i suirbhé tithíochta an Údaráis. Idir 25–34 bliain a bhí 33% de na rannpháirtithe agus 23% a bhí idir 35–44.

57% de na daoine a d’fhreagair an suirbhé a tógadh sa Ghaeltacht agus a bhfuil cónaí orthu ann fós.

83% a thug le fios go raibh Gaeilge líofa nó ó dhúchas acu.

Bhí 26% de rannpháirtithe ina gcónaí lena muintir agus bhí teach ar cíos ag 29%, rud a léiríonn, a deir an tÚdarás, go bhfuil líon mór daoine fásta nach bhfuil in ann teach a cheannach ná a fháil ar cíos go neamhspleách.

Maidir le daoine atá ag lorg tithíochta faoi láthair, 15% a thug le fios go raibh siad ag cuardach ach nach raibh teach ar cíos le fáil agus 17% a dúirt nach raibh siad inn ann teacht ar theach ar díol.

27% a bhí ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht agus 14% a bhí ag iarraidh teach a cheannach.

Nuair a chuirtear daoine nach bhfuil teach á lorg acu…….., 30% atá ag cuardach teach ar cíos ach a deir nach bhfuil ceann le fáil agus 32% a dúirt go raibh siad ag iarraidh teach a cheannach ach nach raibh ceann ar fáil. 44% díobh siúd a bhí ag lorg tithíochta a bhí ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht.

“Tá sé soiléir ón suirbhé gur tithe aonair atá á lorg ag muintir na Gaeltachta,” a dúradh i ráiteas ón Údarás.

“Léiríonn na torthaí gur rogha láidir ag freagróirí tithe in aice le sráidbhailte nó i gceantair thuaithe, agus nach bhfuil mórán spéise á léiriú in árasáin ná i bhforbairtí ard-dlúis.”

Dúradh go raibh sé “suntasach” go raibh 67% de dhaoine sásta tiomáint uair an chloig go dtí an obair. Dúradh go léiríonn sin go bhfuil daoine sásta taisteal le cónaí sa Ghaeltacht, fad is go bhfuil an tithíocht ar fáil.

Dúirt an tÚdarás gur aontaigh daoine a d’fhreagair an suirbhé “go láidir” le moltaí chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht, ina measc go gcuirfí maoiniú ar fáil le hathchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha agus tréigthe.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur léiriú na figiúirí seo ar an éileamh atá ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar thithíocht do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.

“Tá daoine óga, oilte, le Gaeilge, ag iarraidh maireachtáil agus obair sa Ghaeltacht, ach níl aon tithíocht ann dóibh. Tá siad sásta taisteal, tá siad sásta cur fúthu agus clann a thógáil…”

Níos mó

deirfiur-leis-an-uachtaran-connolly-ar-dhuine-den-seisear-eireannach-ar-bhaid-foirithinte-ata-faoi-choinneail-ag-iosrael

Deirfiúr leis an Uachtarán Connolly ar dhuine den seisear Éireannach ar bháid fóirithinte atá faoi choinneáil ag Iosrael

I ráiteas ó chabhlach Global Sumud 2026 dúradh gur stop fórsaí Iosrael deich mbád as an 60 bád atá páirteach sa gcabhlach fóirithinte tamall gairid tar éis a naoi a chlog ar maidin inniu agus iad ag seoladh in uiscí idirnáisiúnta.

Dúirt lucht eagraithe na fóirithinte go raibh na báid thart ar 70 míle farraige ó chósta na Cipire nuair a stopadh iad. Cuireadh seisear ar a laghad den chúigear déag Éireannach a bhí ar na longa faoi choimeád.

Tá físeáin eisithe ag an gcabhlach ina bhfeictear an Dr Margaret Connolly agus cúigear eile agus an chuma air gur taifeadadh na físeáin sin sular cuireadh an seisear faoi choimeád.

I ráiteas ón Dochtúir Connolly sa bhfíseán deir sí:

“Má tá tú ag breathnú ar an bhfíseán seo, tá mise fuadaithe as mo bhád sa gcabhlach fóirithinte ag fórsaí forghabhála Iosrael agus tá mé anois i ngéibheann go mídhleathach i bpríosún Iosraelach.

“Tá fíorbhród orm a bheith páirteach sa gcabhlach seo – an ceann is mó go dtí seo.”

Is iad an cúigear Éireannach eile atá gafa Catriona Graham, Louise McCormack, Joshua St Leger, Cormac O’Daly and Tom Deasy.

Den tríú huair ag an gcabhlach Global Samud, d’fhág longa deisceart na Tuirce Déardaoin tar éis d’fhórsaí Iosrael iarrachtaí eile a rinne longa soláthar fóirithinte a chur ar fáil do phobal Gaza a stopadh in uiscí idirnáisiúnta.

I ráiteas ó Iosrael, éilíodh “go n-athródh na rannpháirtithe cúrsa agus iompú thart ar an bpointe”.

I bpostáil ar X ó aireacht gnóthaí eachtracha Iosrael, dúradh nach gceadófaí “aon sárú ar an imshuí dlíthiúil ar Gaza”.

Níos mó

srianta-ar-thithiocht-a-ligean-ar-bhonn-gearrthearmach-molta-ag-iarrthoiri-i-bhfothoghchan-ghaillimh-thiar

Srianta ar thithíocht a ligean ar bhonn gearrthéarmach molta ag iarrthóirí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar

Tá sé ráite ag leath na n-iarrthóirí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar go bhfuil siad i bhfabhar srianta a thabhairt isteach maidir le tithe a ligtear go gearrthéarmach.

Scaip an grúpa feachtais Bánú suirbhé i measc na n-iarrthóirí chun a dtuairim a fháil ar roinnt ceisteanna a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht, ról Údarás na Gaeltachta, cumhachtaí Aire na Gaeltachta agus tithe a ligtear ar cíos gearrthéarmach ina measc.

Ochtar den 16 iarrthóir a thug freagra ar an suirbhé faoin Aoine seo caite, sin iad Mark Lohan (Sinn Féin); Orla Nugent (Aontú); Míde Nic Fhionnlaoich (Na Daonlathaithe Sóisialta); Denman Rooke (Pobal Seachas Brabús) agus triúr iarrthóirí neamhspleácha, Sheila Garrity, Thomas Welby agus Michael Ryan.

Ní bhfuair Bánú freagra ón ochtar eile, sin iad Seán Kyne (Fine Gael), Cillian Keane (Fianna Fáil), Helen Ogbu (Páirtí an Lucht Oibre), Noel Thomas (Éire Neamhspleách), Niall Murphy (Comhaontas Glas), Mike Cubbard (Neamhspleách), AJ Cahill (Irish People’s Party) agus Patrick Feeney (Neamhspleách).

Dúirt Mark Lohan go bhfuil rialacháin d’earnáil na dtithe a ligtear ar cíos ar bhonn gearrthéarmach á éileamh ag Sinn Féin le breis is deich mbliana agus gur chóir go mbeadh ar úinéirí na tithe sin a chlárú. Dúirt sé gur chóir gach iarracht a dhéanamh tithíocht a ligtear ar bhonn gearrthéarmach sa nGaeltacht a chur ar fáil do dhaoine a mbeadh cónaí orthu iontu go fadtéarmach mar nach bhfuil soláthar ann do mhuintir na háite.

Dúirt Míde Nic Fhionnlaoich go mba cheart a chinntiú go bhfuil tithíocht ar cíos gearrthéarmach ag cloí le rialacha pleanála, rud nach bhfuil ag tarlú, dar léi.

Tá Aontú ag moladh go gcuirfí cosc ar feadh trí bliana ar thithíocht nua a chur ar cíos ar bhonn gearrthéarmach i mbailte agus cathracha agus dúirt Orla Nugent go raibh an páirtí ag smaoineamh go gcuirfí an cosc sin i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta chomh maith.

Dúirt Denman Rooke ó Phobal Seachas Brabús gur chóir cosc a chur ar thithe iomlána a chur ar fáil ar cíos gearrthéarmach i bhfianaise na géarchéime tithíochta atá ann i láthair na huaire. Dúirt sé nach bhfuil an reachtaíocht á cur i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla.

D’aontaigh Sheila Garrity nár chóir ach seomraí i dtithe a chur ar fáil ar cíos ar bhonn gearrthéarmach seachas teach iomlán agus go dtacódh sin le tithe a chur ar fáil do theaghlaigh sa nGaeltacht. Dúirt sí go raibh an ghéarchéim thithíochta níos measa sna ceantair Ghaeltachta mar go raibh drochthionchar aici ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin agus ar úsáid na Gaeilge mar theanga phobail. Dúirt sí nach foláir a bheith cruthaitheach le linn na géarchéime agus bealaí a aimsiú le fáil réidh leis na bacanna atá sa mbealach ar dhaoine atá ag iarraidh teaghlaigh a thógáil.

Dúirt Thomas Welby gur chóir srianta a thabhairt isteach maidir le cíosanna gearrthéarmacha ach gur cheart d’aon duine atá ag ligean teach ar cíos ar bhonn gearrthéarmach le breis is cúig bliana a bheith saor ó na srianta sin. Dúirt sé go gcaithfí a chur san áireamh freisin go mbíonn úinéirí na dtithe siúd ag brath go hiomlán ar an ioncam sin.

Dúirt Michael Ryan go dtacódh sé le córas clárúcháin and meicníocht a shocrú leis na rialacháin a chur i bhfeidhm. Dúirt sé chomh maith go mbeadh sé i bhfabhar srianta sa nGaeltacht seachas mura mbeadh an teach á úsáid le scoláirí Gaeilge a choinneáil le linn an tsamhraidh.

Dé hAoine beag seo, 22 Bealtaine, lá an fhothoghcháin i nGaillimh Thiar.

Níos mó

e300,000-curtha-ar-fail-chun-oibrithe-oige-a-fhostu-ar-oileain-arann

€300,000 curtha ar fáil chun oibrithe óige a fhostú ar Oileáin Árann

 

 

 

 

Tá triúr oibrithe óige le fostú ar Oileáin Árann chun seirbhís óige a chur ar fáil as Gaeilge ar na trí oileán.

Tá maoiniú €300,000 le cur ar fáil don togra píolótach ceithre bliana, atá á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige i gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus Muintearas,

Tacóidh an maoiniú le triúr oibrithe óige a fhostú go páirtaimseartha ar Inis Mór, ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr.

Deir an Roinn Oideachais gur “cloch mhíle shuntasach” é an tionscnamh do dhaoine óga atá ina gcónaí ar Oileáin Árann agus go gcinnteoidh sé gur féidir leo rochtain a fháil ar thacaíochtaí óige comhsheasmhacha, atá fréamhaithe i gcultúr a bpobail féin agus trína gcéad teanga.

“Is é cuspóir an tionscnaimh seo a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar Oileáin Árann ar na deiseanna agus na tacaíochtaí céanna agus atá ag a gcomhghleacaithe ar fud na tíre, agus ag an am céanna láidreachtaí uathúla shaol an oileáin agus na Gaeilge a aithint agus a cheiliúradh,” a dúirt an tAire Hildegarde Naughton agus an tionscnamh seolta.

“Cuidíonn obair óige a sholáthar trí Ghaeilge le folláine, féiniúlacht agus nasc a neartú, agus ag an am céanna déantar forbairt ar an muintearas láidir atá ann cheana féin ar fud na n-oileán.

“Mar thoradh ar infheistíocht a dhéanamh in oibrithe óige atá lonnaithe san áit, táimid ag cruthú spásanna sábháilte agus cuimsitheacha inar féidir le daoine óga nascadh le chéile, muinín a fhorbairt agus tacaíocht a fháil laistigh dá bpobail féin.”

Forbraíodh an tionscnamh píolótach tar éis dul i gcomhairle le scoileanna, seirbhísí áitiúla agus páirtithe leasmhara sa phobal.

Bunphrionsabal den tionscnamh seo is ea go ndéanfar gach gníomhaíocht a bhaineann le hobair óige ar na hoileáin agus trí mheán na Gaeilge.

San áireamh sa chlár freisin tá próiseas meastóireachta a thabharfaidh léargas luachmhar ar sholáthar seirbhísí oibre óige trí Ghaeilge i bpobail oileánda amach ón gcósta agus a chuirfidh bonn eolais faoi fhorbairt beartais amach anseo.

Níos mó

sinn-fein-agus-na-daonlathaithe-soisialta-a-fheachaint-le-cheile-do-shuiochan-bhaile-atha-cliath-lair

Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta á fhéachaint le chéile do shuíochán Bhaile Átha Cliath Láir

Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta is láidre a bheidh san iomaíocht do shuíochán Dála fhothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir, de réir pobalbhreith nua.

De réir na pobalbhreithe de chuid TG4 agus an Irish Times, tá Janice Boylan Shinn Féin sa chéad áit sa toghchán i ndáilcheantar a ceannaire, Mary Lou MacDonald, agus 21% aici.

Sna sála uirthi tá Daniel Ennis, iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, a bhfuil 18% aige.

Sa tríú háit tá an t-iarrthóir neamhspleách Gerry Hutch, an Monk, agus é iomaíoch go maith. 14% de dhaoine a dúirt go dtabharfaidís a vóta céad rogha don iarrthóir ar luadh i gcás cúirte é in 2023 mar cheann feadhna ar bhuíon coirpeach. Ray McAdam Fhine Gael atá sa cheathrú háit agus 13% aige agus é píosa maith chun cinn ar Janet Horner an Chomhaontais Ghlais atá ar 8%, sa chúigiú háit.

Tá Malachy Steenson, iarrthóir neamhspleách ar an eite fhíordheis, sa séú háit le 7% agus é chun cinn ar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Ruth O’Dea, a bhfuil 6% aici, agus John Stephenson Fhianna Fáil a bhfuil 4% aige. Ina dhiaidh sin, tá Eoin Ó Ceannabháin, cainteoir Gaeilge agus amhránaí ar an sean-nós de bhunadh Chonamara, atá ag seasamh do Phobal seachas Brabús agus 3% aige de vótaí céad rogha de réir na pobalbhreithe.

Daniel Ennis, iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta is fearr atá ag cruthú ó thaobh na vótaí aistrithe agus 13% de vótaí dara rogha aige. De réir na pobalbhreithe tá Ennis chun cinn ar éigean ó thaobh vótaí dara rogha ar Janet Horner an Chomhaontais Ghlais a bhfuil 12% aici. Ina ndiaidh sin, tá an neamhspleách Malachy Steenson (9%), Janice Boylan Shinn Féin (8%), Ray McAdam Fhine Gael (7%) agus Gerry Hutch (6%). De réir na pobalbhreithe, 6% chomh maith a thabharfadh vóta dara rogha d’Eoin Ó Ceannabháin agus d’iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Ruth O’Dea.

An costas maireachtála an cheist is mó atá ag dó na geirbe ag vótóirí Bhaile Átha Cliath Láir agus é ar bharr an liosta ag duine as gach triúr. Costas tithíochta a bhí sa dara háit (24%) agus cúrsaí inimirce a bhí sa tríú háit (12%).

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta