Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Tuairisc O Bheal

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Dálaigh – Ag fágáint shaol an airgeadais le filleadh ar an bhfeirm i nDún Chaoin…


Tá Paiste Cainte ag Helen Ní Shé ar ais don dara sraith agus i mBaile Ícín i nDún Chaoin atá sí sa chéad eagrán den tsraith nua chun labhairt le Pádraig Ó Dálaigh faoi na cúiseanna gur fhág sé post sinsearach i saol an airgeadais chun dul ag feirmeoireacht ag baile.

Labhraíonn siad faoin mealladh a bhaineann leis an mbaile, an traidisiún agus an dúchas, faoin saol a chaith Páidí ag bainistiú cistí móra airgid agus faoin saol nua atá aige ag obair ar an bhfeirm ar a tógadh é.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

Níos mó

AN POD GAEILGE: ‘Tá obair le déanamh le dul i bhfeidhm go ciúin ar dhaoine’ – an Coimisinéir Gaeilge nua agus na dúshláin atá roimhe

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear an obair atá roimh an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus é tosaithe sa ról, tugtar blaiseadh beag den Ultais dúinn agus labhraítear faoin bpraiseach a rinne coláiste i mBaile Átha Cliath den leagan Gaeilge dá ainm.

I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá Gráinne Ní Ghilín, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín. Phléigh siad na dúshláin atá roimh Phól Deeds ina ról nua, idir reachtaíocht lag agus easpa tola polaitiúla, agus an fanacht a d’fhéadfadh a bheith ar an bpobal ar thoradh na hoibre.

Múineadh dúinn céard é an ‘flure-sucker’ agus caitheadh súil freisin ar an scéal go bhfuil ainm gan chiall tugtha ar choláiste i mBaile Átha Cliath, a rinne neamhaird ar chomhairle aistritheora gairmiúil.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Níos mó

AN POD GAEILGE BEO: ‘Cá bhfuil an masla i labhairt na Gaeilge?’ – eagrán speisialta beo ó Bhéal Feirste

An teanga gan teorainn í an Ghaeilge.? Bhí eagrán speisialta beo againn de ‘An Pod Gaeilge’ ag Oireachtas na Samhna chun é sin agus go leor eile a phlé. I dteannta Bhridget Bhreathnach don chéad phodchraoladh beo ó Tuairisc Ó Bhéal, bhí Cormac Ó hEadhra, Gráinne Ní Ghilín, Antain Mac Lochlainn agus Clíodhna Ní Mhianáin. Rinne siad plé bríomhar san ICC i mBéal Feirste ar chás na teanga, thuaidh, theas agus trasteorann.

Pléadh céard a chiallaigh sé do phobal na Gaeilge go raibh Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste, ceist na comharthaíochta dátheangaí agus an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe.

Labhair an painéal faoi scata ceisteanna eile chomh maith. An mbíonn steiréitíopa nó cliché-anna ag muintir an tuaiscirt faoi mhuintir an deiscirt? Agus a mhalairt?

An bhfuil difríochtaí ann idir pobal na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas? Cosúlachtaí?

An aon phobal mór Gaelach amháin muid? An bhfuil teorainneacha teanga ann? Cén oidhreacht a fhágfaidh an tOireachtas seo ag pobal na Gaeilge thuaidh agus theas?

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Níos mó

‘Mionnaím go sollúnta go bhfoghlaimeoidh mé Gaeilge má thoghtar i m’Uachtarán ar Éirinn mé…’

Tá An Pod Gaeilge ar ais don dara sraith!

Sa chéad eagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Máirín Ní Ghadhra, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar thoghchán na huachtaránachta agus ar ghealltanais na n-iarrthóirí faoin nGaeilge. An mbeidh sé ina bhuntáiste ag Catherine Connolly go bhfuil Gaeilge aici, nó an cuma le daoine in ainneoin an teanga a bheith sa bhfaisean?

Pléitear chomh maith mórshiúl mór millteach na Gaeilge agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus cás cúirte Mo Chara ó Kneecap in Westminster.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

Níos mó

An Pod Gaeilge –  Cá bhfuil an fhírinne i gconspóid Kneecap?

An Pod Gaeilge – ‘Dá mbeadh eolas ag an bPápa ar fhilíocht na Gaeilge…’

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta