Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Tuairisc.ie

toghchan:-imni-mhor-faoi-bhua-stairiuil-alternative-fur-deutschland-sa-ghearmain

TOGHCHÁN: Imní mhór faoi bhua stairiúil Alternative für Deutschland sa Ghearmáin

Tá imní mhór léirithe ag polaiteoirí ar fud na hEorpa faoi bhua stairiúil toghcháin sa Ghearmáin do Alternative für Deutschland (AfD), páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis.

Bhuaigh AfD 43.8% den vóta sa toghchán stáit in Sachsen-Anhalt inné agus iad i bhfad chun cinn ar an CDU, páirtí an tSeansailéara Friedrich Merz nár éirigh leo ach 17.2% den vóta a fháil.

D’fhág an toradh go raibh lucht na heite fíordheise sa Ghearmáin ar thairseach na cumhachta, ag leibhéal an stáit, den chéad uair ón Dara Cogadh Domhanda.

Údar imní ar leith é do pholaiteoirí na gnáthpholaitíochta gur tharla a leithéid sa Ghearmáin. Ó aimsir na Naitsithe, tá dua mór caite sa Ghearmáin le páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis a choimeád ar an imeall.

Tá sé ina imní chomh maith go dtabharfaidh an toghchán ugach do pháirtithe ar an eite fhíordheis i dtíortha eile san Eoraip ina mbeidh toghcháin ar siúl an bhliain seo chugainn, amhail an Fhrainc, an Spáinn, an Iodáil agus an Bhreatain.

Ó tharla nár éirigh leis an AfD tromlach iomlán a fháil in Sachsen-Anhalt tá tacaíocht á lorg acu ó pháirtithe agus polaiteoirí eile chun dul i mbun rialtais.

Diúltaíonn formhór na bpáirtithe sa Ghearmáin obair leis an AfD ach deir na buaiteoirí go gcaitear glacadh le vóta na ndaoine.

Cuirfidh bua mór an AfD tuilleadh brú ar chomhrialtas na Gearmáine agus ar an Seansailéir Friedrich Merz, a mhaígh go gcuirfeadh sé deireadh leis an mborradh faoin tacaíocht i measc an phobail don AfD, atá ag teacht sa chéad áit i bpobalbhreitheanna náisiúnta le tamall.

Dúirt Merz gur bhain toradh an toghcháin an anáil den uile dhuine. Dúirt sé go bhfágfadh bua an AfD a lorg ar chúrsaí agus gur díol suntais an aird idirnáisiúnta a bhí tarraingthe ag an toghchán.

Dúirt sé gur vótáil beagnach 60% de vótóirí do pháirtithe a bhíonn amhrasach faoi institiúidí daonlathacha na Gearmáine agus nach bhféadfaí “bogadh ar aghaidh amhail is nár tharla aon rud”.

Dúirt Príomh-Aire na Polainne Donald Tusk “gur amadáin agus fealltóirí amháin a bheadh ceiliúradh bhua an AfD sa Ghearmáin”.

Chuir ceannairí de chuid na heite fíordheise sa Spáinn, sa Phortaingéil agus san Iodáil fáilte roimh bhua stairiúil an AfD.

Dúirt leas-phríomhaire na Iodáile, Matteo Salvini gur bua mór a bhí ann a léirigh “an t-éileamh mór ar athruithe, ar an tsábháilteacht agus ar jabanna”.

Dúirt Salvini nach aon údar imní a bhí i ndul chun cinn an AfD. “Eagla? Sceimhle? Contúirt? Ní hea, an Daonlathas a thugtar air. Tá seans ann ar Eoraip [de chineál] eile.”

Níos mó

lucht-tarrthala-i-neipeal-ag-iarraidh-teacht-ar-na-ceadta-oibrithe-ata-sainnithe-i-dtollain

Lucht tarrthála i Neipeal ag iarraidh teacht ar na céadta oibrithe atá sáinnithe i dtolláin

Tá lucht tarrthála i Neipeal ag iarraidh teacht ar na céadta oibrithe atá sáinnithe i dtolláin ó mhaidhm thuile mhór Dé Céadaoin seo caite.

Meastar go bhfuil oibrithe sáinnithe faoi thalamh i sé cinn de láithreacha hidreachumhachta i Neipeal.

Breis is 900 duine a maraíodh sa tuile oighir, láibe, carraigeacha agus smionagair a réab trí ghleannta Neipeal an tseachtain seo caite. Tá breis is 4,000 duine eile ar iarraidh i Neipeal agus tá os cionn 500 duine ar iarraidh sa Tibéid.

Tá pléascanna rialaithe á ndéanamh ar thaobh cnoc in Neipeal agus lucht tarrthála ag iarraidh a slí a dhéanamh go dtí na hoibrithe atá sáinnithe sna tolláin hidreachumhachta.

Meastar gur ag láthair hidreachumhachta Trishuli-3A i gceantar Rasuwa atá go leor den 933 oibrí a shíltear atá i sáinn sna tolláin. Tá sé ina imní go mbeidh sé ródhéanach na hoibrithe a tharrtháil mura n-éiríonn leis an lucht cuardaigh dul chomh fada leo go luath.

Saoránaigh de chuid Neipeal iad 3,655 de na daoine atá ar iarraidh agus eachtrannaigh iad 592 díobh.

Deir Cumann na Croise Deirge gur dócha gur chuir an tubaiste as do os cionn 90,000 duine ar fad.

Dúirt príomhaire Neipeal, Balendra Shah, gur “tubaiste nádúrtha uafásach nach bhfacthas a leithéid cheana” a bhí sa mhaidhm thuile.

Tá ráite ag roinnt saineolaithe cheana go raibh baint ag an athrú aeráide leis an tubaiste.

Níos mó

maistir-ar-a-gairm-nar-threig-a-duchas-ab-ea-dolly-parton

Máistir ar a gairm nár thréig a dúchas ab ea Dolly Parton

Ceoltóir, amhránaí, aisteoir, bean ghnó agus duine gnaíúil neamhspleách a bhí ina máistir ar a gairm agus an gnó a bhain leis ach nár loic ar a muintir féin riamh.

Deireadh sí féin go raibh sí ag cumadh amhrán ó bhí sí seacht mbliana d’aois agus go raibh ar a laghad 3,000 amhrán scríofa aici. Óna céad laethanta sa Grand Ole Opry is iomaí seánra a mheall Dolly, deireadh sí gurbh é Johnny Cash a chomhairligh di a croí féin a bheith mar threoraí ceoil aici agus sin a rinne sí le ceol tíre, gormacha, gaspal, bluegrass agus rac de réir mar a d’athraigh a port agus an saol. Nádúr agus teachtaireacht a cuid liricí agus a pearsantacht laethúil ghairmiúil féin a mheall daoine nár shantaigh ceol tíre eile. A chomhartha sin gur beag duine nár chuala faoi Jolene, A Coat of Many Colours nó I Will Always Love You agus cual eile.

 Ar ndóigh tharraing a cuid gruaige agus a cuid éadaigh aird ar an gceoltóir agus ba mhinic í féin ag déanamh grinn faoina chostasaí a bhí sé an chuma sin a chur uirthi fhéin agus tá músaeim lán dá cuid cultacha ann.

Mura raibh maoin an tsaoil ag a muintir i Tennessee deireadh sí fhéin go raibh saibhreas grá agus ceoil sa mbótháinín aon seomra sin inar saolaíodh dháréag clainne agus Dolly ar an gceathrú duine ba shine. Deich mbliana d’aois a bhí sí nuair a thug faoin gceol go poiblí lena daoine muinteartha agus d’fhéadfaí a rá nár stop sí go dtí go raibh sí ag tabhairt aire dá fear Carl Dean sular bhásaigh sé mí Márta anuraidh.

B’éigean di gigeanna a bhí socraithe aici a chur ar athló i mbliana de bharr easláinte ón ailse ach ní raibh aon choinne lena bás. Mac a deirféar, a bainisteoir slándála, a d’fhógair a bás inné agus dúirt sé gur iarr Dolly ar dhaoine síntiús a thabhairt do Leabharlann na Samhlaíochta in áit bláthanna a chur uirthi.

De bhunadh Gael-Albanach Uladh thug sí gean do cheol a dúchais agus chas sí le go leor ceoltóirí as an tír seo, Altan ina measc. Thug a cuid ceoil Dolly go hÉirinn roinnt uaireanta ach i 1990 tharraing a cuairt ar Tí Pháidí Sé i gCiarraí go leor cainte agus dúirt sí fhéin go raibh geansaí peile Pháidí lena chuid allais crochta sa mbaile aici.

Ní taobh le ceol a thuill cáil is saothrú do Dolly mar lena comhlacht Dollywood d’oscail sí páirc shiamsaíochta, óstáin is siopaí a mheallann na sluaite ar fud na cruinne agus a thugann saothrú don phobal i gceantar dearóil dearmadta Tennessee.

Bhí a muintir an-ghar do chroí Dolly agus daoine muinteartha i mbun go leor dá ngnóthaí. Níor dhearmad sí riamh chomh dona a ghoill sé ar a hathair gan léamh ná scríobh a bheith aige agus thug sí ról dósan sa togra mór daonnúil, Leabharlann na Samhlaíochta, a thosaigh sí os cionn tríocha bliain ó shin. Tríd an scéim seo is féidir le tuismitheoirí a leanbh a chlárú agus gheobhaidh an páiste sin leabhar sa mhí sa bpost dó fhéin óna bhreith go dtí aois a cúig.

Tugadh an scéim go hÉirinn in 2019, go Tamhlacht in iardheisceart na príomhchathrach, i gcomhar le dreamanna eile sa tír seo. Chreid Dolly go láidir go gcuidíonn leabhair le páistí aislingí agus samhlaíocht a spreagadh. Sa gcéad sé mhí den bhliain seo scaipeadh trí mhilliún go leith leabhar ar pháistí óga i Meiriceá, i gCeanada, in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus san Astráil.

Bhronn Parton airgead ar thograí taighde sláinte freisin, tharraing milliún dollar don taighde ar vacsaín in aghaidh an Covid-19 casaoid tráth a raibh feachtas in aghaidh vacsaínithe ar bun ag cuid den phobal.

Mar cheoltóir agus mar bhean ghnó a sheas ar a sála arda féin agus a choinnigh greim is smacht ar a tallann féin, inspioráid a bhí i Dolly Parton do mhná eile agus do cheoltóirí a bhí á rialú agus á gcúinneáil ag lucht gnó an cheoil. Thug sí ardán freisin do mhná a raibh fadhbanna sláinte ban acu tráth arbh annamh a luaití an bhroinn go poiblí. Chreid sí féin go láidir go mbeadh cór na n-aingeal agus a muintire roimpi ar an saol eile. Go dtuga Dia di.

Níos mó

‘silim-go-dtabharfaimid-nios-mo-daoine-linn’-–-cogg-ag-suil-go-spreagfar-tuilleadh-scoileanna-i-dtreo-na-gaelscolaiochta

‘Sílim go dtabharfaimid níos mó daoine linn’ – COGG ag súil go spreagfar tuilleadh scoileanna i dtreo na Gaelscolaíochta

Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) go bhfuil súil aici go spreagfaidh an cinneadh atá déanta ag roinnt bunscoileanna timpeall na tíre dul i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge tuilleadh scoileanna iompú ar an tumoideachas.

Dúirt Jacqueline Ní Fhearghusa gur “fíor-dea-scéal” é go bhfuil ar a laghad deich mbunscoil ag obair i láthair na huaire i dtreo iompú ó theagasc trí Bhéarla go dtí teagasc trí Ghaeilge.

Tá scoileanna i gCiarraí, contae an Chabháin, Sligeach, Gaillimh, Dún na nGall agus Cill Chainnigh i measc na scoileanna ina bhfuil plé ar bun faoi aitheantas mar Ghaelscoil a lorg.

Tá sé i gceist ag na scoileanna go mbeadh na daltaí atá le tosú sna Naíonáin Bheaga i bhfómhar na bliana seo chugainn á múineadh go hiomlán trí Ghaeilge agus an rogha ag na páistí atá ag freastal ar an scoil faoi láthair a gcuid oideachais a fháil trí Bhéarla.

“Tá súil againn go mbeimid ag feiceáil i bhfad níos mó samplaí de seo sna blianta amach romhainn,” a dúirt Jacqueline Ní Fheargusa agus í ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt sí go mbíonn deichniúr príomhoidí ó na scoileanna atá ag iarraidh athrú i dteagmháil lena chéile ar bhonn seachtainiúil chun smaointe agus dea-chleachtais a roinnt.

“Tá siad go léir an-tiomanta don smaoineamh; tá plé déanta le pobail na scoile, leis na pátrúin agus leis na páirtithe leasmhara eile ar nós boird bhainistíochta agus na múinteoirí.”

Scoileanna beaga tuaithe den chuid is mó iad na scoileanna atá ag obair ar an athrú a dhéanamh. Dúirt Ní Fhearghusa nach bhfuil aon bhuntáiste ann do scoileanna a athraíonn ó thaobh maoinithe de ach tuigtear go bhfuil na scoileanna atá ann faoi láthair ag éileamh ar an Roinn Oideachais maoiniú a chur ar fáil chun múinteoir breise a fhostú chun a chinntiú go mbeadh a seomra ranga féin ag na daltaí atá á múineadh trí Ghaeilge a fhad is atá athrú ar theanga teagaisc na scoile ar bun.

Dúirt Ní Fhearghusa go bhféadfadh go mbeadh buntáiste ann do na scoileanna sa “bheocht” a thiocfadh leis an athrú go Gaelscoil.

“Táimid an-dóchasach go mbeidh líon mór scoileanna [sásta tabhairt faoin athrú] an bhliain seo chugainn. Nuair a fheiceann scoileanna eile an rath agus an bheocht agus an spiorad sin a thugann an Ghaelscolaíocht isteach i gceantair bheaga tuaithe, b’fhéidir, nó i mbailte beaga, áit go mbeadh sé deacair na huimhreacha a fháil chun Gaelscoil a bhunú, sílim go dtabharfaimid níos mó daoine linn.”

Tá COGG mar bhall den tascfhórsa atá bunaithe ag an Roinn Oideachais chun scrúdú a dhéanamh ar cheist an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge agus dúirt Ní Fhearghusa go raibh athrú teanga teagaisc scoileanna ó Bhéarla go Gaeilge i measc na n-ábhar atá pléite go dtí seo.

“Níor mhaith liom a cheapadh gurb é seo an t-aon réiteach atá ar an gceist ach cinnte is cuid den réiteach é,” a dúirt sí.

Tá imní léirithe ag Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta faoi chur chuige an tascfhórsa agus faoi dhrogall na Roinne scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú agus dúirt Ní Fhearghusa go gcaithfí breathnú ar bhunú scoileanna nua mar chuid den réiteach ar an gceist.

“Sílim go gcaithfimid a bheith cruthaitheach agus féachaint chun cinn agus féachaint ar réimse leathan roghanna ach ní bheinn ag rá nár cheart Gaelscoileanna nua a bhunú, gan amhras.”

Níos mó

tarrthail-tugtha-ar-shiulai-sleibhe-ar-an-earagail

Tarrtháil tugtha ar shiúlaí sléibhe ar an Earagail

Tháinig 16 ball d’fhoireann tarrthála sléibhe Dhún na nGall amach ag an deireadh seachtaine le teacht i gcabhair ar shiúlaí sléibhe a shleamhnaigh ar an Earagail agus a ghortaigh a chos.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála oíche Dé hAoine. Fuarthas suíomh an té a bhí gortaithe tríd an gcóras SARLOC, córas a ligeann do sheirbhísí éigeandála daoine a aimsiú trí chomhartha fóin, agus rinne an fhoireann ar an sliabh Gaeltachta. Bhí an duine tuairim is 550m os cionn leibhéal na farraige, 200m nó mar sin ó bharr an tsléibhe.

Bhí solas an lae ag imeacht a fhad is a bhí an fhoireann ag siúl suas an sliabh. Tháinig siad chomh fada leis an té a bhí gortaithe agus thug éadaí teolaí agus cúram garchabhrach dó. Bhí an aimsir go dona agus chuir sí isteach ar an radharc a bhí ag an bhfoireann ar an timpeallacht.

Seoladh an t-ingearán R118 ón Leathros i Sligeach ó thuaidh le cúnamh a thabhairt leis an tarrtháil. Chuir an drochaimsir isteach ar iarrachtaí chriú an aerárthaigh agus b’éigean dóibh filleadh ar a mbunáit i Sligeach.

Cuireadh an dara foireann tarrthála suas an sliabh ansin agus trealamh tarrthála ar iompar acu – sínteán, folústocht, agus cídeog theirmeach. Bhí drochaimsir cheart ann faoin am sin, agus b’éigean don dara foireann an trealamh a thabhairt trí bháisteach agus ceo, faoin dorchadas, chomh fada leis an té a bhí gortaithe.

Bhí an chéad fhoireann tar éis an duine a chur faoi bhothán éigeandála lena choinneáil sábháilte ón doineann. Cuireadh sa folústocht é agus é clúdaithe sa chideog theirmeach agus iompraíodh síos an sliabh ar an sínteán é. Turas beagán faoi bhun dhá chiliméadar a bhí ann ón áit ar shleamhnaigh sé go dtí an carrchlós, ó 550m go 220m.

Tugadh ar láimh sa charrchlós é don tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr agus aistríodh chuig an otharlann é. D’fhág an t-otharcharr an carrchlós i nDún Lúiche go gairid i ndiaidh a haon a chlog ar maidin.

Bhí cúigear eile sa ghrúpa a bhí in éineacht leis an té a gortaíodh. Tháinig beirt anuas ón sliabh astu féin agus d’fhan triúr eile in éineacht leis go dtí gur thug baill Tharrtháil Sléibhe Dhún na nGall anuas iad siúd freisin.

“Meabhrú atá san eachtra seo gur féidir leis na cúinsí sléibhe athrú go tapa ag an tráth seo bliana. Is féidir le botún beag siúlóid dheas lae a iompú ina éigeandáil thromchúiseach. Bígí ullamh: tugaigí libh éadaí breise agus lampa cinn, agus cinntígí go bhfuil an fón luchtaithe, agus casaigí siar má théann an aimsir in olcas. Guímid gach rath ar an té a gortaíodh agus go dtaga biseach luath air,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh Tarrtháil Sléibhe Dhún na nGall.

Níos mó

‘ta-oiliuint-nios-fearr-ag-teastail-o-ghardai-le-deileail-le-tiomanaithe-contuirteacha’-–-cumann-ionadaiochta-an-gharda-siochana

‘Tá oiliúint níos fearr ag teastáil ó Ghardaí le déileáil le tiománaithe contúirteacha’ – Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána

Maíonn Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána [GRA] go dteastaíonn oiliúint níos fearr ón nGarda Síochána le déileáil le tiománaithe contúirteacha.

Dúirt Leas-Uachtarán an Chumainn, John Joe O’Connell, nach bhfuil duine amháin féin den Gharda Síochána traenáilte le ghabháil sa tóir ar thiománaithe contúirteacha “ní áirím a bheith traenáilte le déileáil le carranna atá á dtiomáint an treo contráilte”.

Rinne O’Connell a chuid cainte tar éis na tubaiste ar an M9 i gcontae Chill Dara moch maidin Dé Domhnaigh nuair a bhásaigh cúigear buachaillí sna luathdhéaga agus a gortaíodh go dona ceathrar eile agus an carr ina raibh na buachaillí á thiomáint in aghaidh na tráchta ar an mótarbhealach.

Triúr ban agus leanbh a bhí sa gcarr eile a bhí sa timpiste agus iad ag déanamh ar an bpríomhchathair. Tugadh an ceathrar go dtí ospidéil agus tá drochbhail ar bheirt de na mná agus tá an leanbh agus an tríú bean gortaithe go dona.

Carr goidte den déanamh BMW a bhí ag na buachaillí.

Bhí teagmháil ag na Gardaí leis an BMW níos túisce i mBaile Átha Í ach dhiúltaigh an tiománaí stopadh nuair a d’iarradar sin air agus is amhlaidh a thiomáin sé leis faoi dheifir.

Agus é faoi agallamh ar chlár Morning Ireland ar raidió RTÉ ar maidin inniu, dúirt John Joe O’Connell, go raibh “aonaid an Gharda Síochána ar fud Chill Dara agus Cheatharlach ag fanacht go bhfeicfidís cá bhfeicfí an carr ina dhiaidh sin.”

Tuigtear nach raibh aon Gharda sa tóir ar an gcarr nuair a tharla an timpiste ar an M9. Creideann na Gardaí gur dóigh go raibh an carr goidte á thiomáint in aghaidh na tráchta ar an taobh mícheart den mhótarbhealach mar go raibh a fhios ag na buachaillí nach mbeadh cead ag na Gardaí a ghabháil sa tóir orthu in aghaidh na tráchta.

Dúirt O’Connell ar maidin go mbíonn ar na Gardaí cinneadh a dhéanamh “i bhfaiteadh na súl” agus gurb é an “gnáthchleachtas” gan feithiclí a leanacht an taobh mícheart den mhótarbhealach.

Dúirt O’Connell go mbíonn faitíos ar na Gardaí go bhféadfaí cúiseanna coiriúla a thabhairt ina n-aghaidh nó go gcuirfí pionóis inmheánacha orthu dá ngabhfaidís sa tóir ar charranna.

Tá an eachtra seo agus gach ar bhain léi á hiniúchadh ag Fiosrú, Ombudsman na nGardaí, toisc go raibh teagmháil idir na Gardaí agus feithicil an amhrais níos túisce san oíche.

“Tá creat ceart traenála á éileamh againn ionas go mbeidh ár gcuid ball ábalta déileáil le tiománaithe a thugann neamhaird ar orduithe stoptha,” a dúirt an Leas-Uachtarán.

Dúirt O’Connell freisin go raibh nós tagtha sa bhfaisean daoine a bheith ag déanamh físeáin díobh féin agus iad ag éalú ó Ghardaí ag tiomáint an bealach contráilte ar an mótarbhealach nó an débhealach. Dúirt sé go raibh na Gardaí ag iarraidh déileáil leis an bhfaisean sin anois le suas le cúig bliana.

Labhair Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly faoin tubaiste inné agus dúirt sé go raibh sé ag cuimhneamh ar an teaghlach a bhí san ospidéal gortaithe agus cháin sé iompar contúirteach na gcoirpeach a thiomáineann an bealach mícheart ar mhótarbhealaí.

“Léiríonn an eachtra uafásach seo, díreach i ndiaidh na timpiste eile ar an M50, cé chomh mífhreagrach agus dainséarach atá sé tiomáint ar an taobh contráilte den mhótarbhealach,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney gur tharla cainteanna le Coimisinéir na nGardaí agus an tAire Dlí agus Cirt maidir le bearta breise a thabhairt isteach le déileáil le tiomáint chontúirteach.

Dúirt Seán Canney go raibh sé féin sásta bearta breise a thabhairt isteach d’fhonn Gardaí a chosaint sa gcás go mbíonn orthu tiomáint  sa tóir ar fheithiclí a bhíonn á dtiomáint go contúirteach.

Níos mó

tri-leabhar-gaeilge-roghnaithe-do-bhailiuchan-idirnaisiunta-unesco

Trí leabhar Gaeilge roghnaithe do bhailiúchán idirnáisiúnta UNESCO

Tá trí leabhar Gaeilge i measc na leabhar atá roghnaithe do bhailiúchán idirnáisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar an litríocht do dhaoine óga i dteangacha dúchasacha agus i dteangacha atá i mbaol ar fud an domhain.

Is togra de chuid IBBY (Bord Idirnáisiúnta ar Leabhair do Dhaoine Óga) agus UNESCO é an Bailiúchán Leabhair Shuntasacha do Léitheoirí Óga i dTeangacha Dúchasacha agus i mBaol, atá á chur le chéile le haird a tharraingt ar thábhacht na litríochta agus na foilsitheoireachta sna teangacha sin.

Fógraíodh an bailiúchán ag an 40ú Comhdháil Dhomhanda de chuid IBBY in Ottawa, Ceanada, an tseachtain seo. Tá 169 leabhar in os cionn 152 teanga san áireamh ann agus iad liostaithe i gcatalóg atá ar fáil ar líne.

Is iad na trí leabhar Gaeilge atá san áireamh – An Snag Breac Ildaite le Emma Baskin, maisithe ag Serena Scully agus foilsithe ag LeabharCOMHAR in 2022; Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach, maisithe ag Shona Shirley Macdonald agus foilsithe ag Futa Fata in 2021; agus Mór agus Muilc le John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla, maisithe ag Kim Sharkey agus foilsithe ag Éabhlóid in 2019.

Tá an bailiúchán á chur le chéile mar chuid de ‘Deich mBliana Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha’ a d’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe don tréimhse 2022 go 2032. Is í UNESCO an ghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe atá freagrach as an gclár a chur i bhfeidhm.

Measann UNESCO go bhféadfadh suas le 40 faoin gcéad den tuairim is 7,000 teanga atá ar fud an domhain imeacht le sruth mar gheall go bhfuil líon na gcainteoirí ag laghdú iontu. Is í an aidhm atá luaite leis na Deich mBliana Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha aird dhomhanda a tharraingt ar staid na dteangacha dúchasacha agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil le tacú le hiarrachtaí caomhnaithe agus athbheochana.

Tá sé mar aidhm ag an mbailiúchán leabhar seo tacú leis na hiarrachtaí sin trí fhoilsitheoirí, leabharlannaithe agus eagraíochtaí ar fud an domhain a spreagadh le leabhair do dhaoine óga i dteangacha dúchasacha agus i dteangacha atá i mbaol a fhoilsiú agus a chur chun cinn.

Cuirfear an bailiúchán ar taispeáint ag aontaí idirnáisiúnta leabhar, Frankfurt 2026 agus Bologna 2027 ina measc, agus cuirfear trí shraith taistil ar fáil do bhrainsí áitiúla IBBY, do Choimisiúin Náisiúnta UNESCO agus do chomhpháirtithe eile de chuid IBBY-UNESCO. Beidh an bailiúchán buan lonnaithe i Leabharlann UNESCO ina gceanncheathrú i bPáras na Fraince.

Níos mó

an-meid-is-mo-grianfhuinnimh-riamh-ginte-in-eirinn-an-mhi-seo-caite-–-eirgrid

An méid is mó grianfhuinnimh riamh ginte in Éirinn an mhí seo caite – EirGrid

D’fhág teaspach na míosa seo caite gur úsáideadh an méid is mó grianfhuinnimh riamh in Éirinn in aon mhí amháin, dar le hEirGrid.

Léirigh réamhshonraí nua ó EirGrid, forbróir eangach leictreachais na hÉireann, gurb í mí Iúil an mhí ba mhó riamh i ndáil le líon an ghrianfhuinnimh a bhí ag tabhairt cumhachta don chóras leictreachais, agus gur chuir grianfhuinneamh ar scála na heangaí 9.4% leis an meascán breosla iomlán don mhí.

Ardú é sin ón 8.2% i mí an Mheithimh agus 7.8% in mí Bealtaine.

Níl ach fuinneamh a ghin feirmeacha gréine tráchtála san áireamh sna figiúirí sin. Ní áirítear aon chumhacht a ghin painéil ghréine ar thithe cónaithe agus a díoladh ar ais leis an eangach chumhachta.

Mar sin féin, bhí an méid cumhachta a tháinig ó fhoinsí in-athnuaite níos ísle an mhí seo caite ná mar a bhí anuraidh. Deir EirGrid gur tháinig 32% den leictreachas a úsáideadh i mí Iúil ó fhoinsí in-athnuaite, i gcomparáid le 33% sa mhí chéanna anuraidh.

Fuinneamh gaoithe ab ea 22% den fhuinneamh a gineadh an mhí seo caite, laghdú ó 24% an bhliain roimhe. Thit an soláthar ó fhoinsí in-athnuaite eile ó os cionn 2% in 2025 go dtí 0.5% i mbliana.

Gás an fhoinse ba mhó a úsáideadh chun leictreachas a ghiniúint sa stát an mhí seo caite agus 43% den soláthar ag teacht ó ghiniúint gáis.

Iompórtáladh 24% den soláthar cumhachta an mhí seo caite, méadú ó 15% i mí Iúil 2025.

Bhí an t-éileamh foriomlán ar an gcóras leictreachais ag 2,744 GWh i mí Iúil, i gcomparáid le 2,676 GWh i mí an Mheithimh.

Níos mó

noreen-mchugh-tar-eis-bhais-de-bharr-na-timpiste-a-mharaigh-a-fear-james

Noreen McHugh tar éis bháis de bharr na timpiste a mharaigh a fear James

Tá Noreen McHugh, bean iarpheileadóir Dhún na nGall James McHugh a maraíodh i dtimpiste bhóthair an tseachtain seo, tar éis bháis. Gortaíodh Noreen go dona sa timpiste chéanna agus tugadh chuig an ospidéal i mBaile Átha Cliath í ach fógraíodh aréir go raibh sí féin imithe ar shlí na fírinne.

Tharla an timpiste i gcontae an Chabháin tráthnóna Dé Luain nuair a bhuail an carr a bhí James McHugh a thiomáint agus veain faoina chéile ar an mbóthar idir Achadh an Iúir agus baile an Chabháin.

Bhain mionghortuithe do thiománaí an veain, fear sna caogaidí, sa timpiste freisin agus tugadh chuig an ospidéal é.

Tá an Garda Síochána ag achainí ar aon duine a chonaic an timpiste nó a bhí ag taisteal ar bhóthar an N3 idir Achadh an Iúir agus baile an Chabháin Dé Luain idir 1-2pm labhairt leis na Gardaí.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas nó físeán daischeamara acu teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí i gCoill an Chollaigh ar 042 969 4570, glaoch ar líne rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó teagmháil a dhéanamh le haon stáisiún Gardaí.

Bhí aithne mhór ar James McHugh, a bhí 62 bliain d’aois, duine de laochra peile Dhún na nGall agus Craobh Shinsir na hÉireann buaite aige leis an gcontae i 1992, an chéad uair riamh do na Conallaigh Corn Mhig Uidhir a bhuachan.

‘Cara dílis, comhluadar iontach, peileadóir den scoth agus duine fíor-uasal’ – ómós léirithe do James McHugh

Bhain sé féin agus a dheartháir Martin McHugh cáil amach ag imirt le Dún na nGall agus lena gcumann áitiúil, Cill Charthaigh. Bhuaigh sé Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall trí huaire leis an gcumann agus bhí sé mar chuid d’fhoirne Chill Charthaigh a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta ceithre huaire idir 1987 agus 1991.

“Cara dílis, comhluadar iontach, peileadóir den scoth agus duine fíor-uasal,” a thug iarimreoir Dhún na nGall Anthony Molloy ar a chara.

Maireann mac agus iníon, Eoin agus Emma, le James agus Noreen McHugh.

Tá Uachtarán CLG Jarlath Burns, CLG Dhún na nGall agus CLG Chill Charthaigh ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu do James McHugh ar scéala a bháis.

Níos mó

suil-go-bhfanfaidh-an-speir-glan-d’uru-na-greine-trathnona

Súil go bhfanfaidh an spéir glan d’urú na gréine tráthnóna

Beidh iontas mór sa spéir tráthnóna inniu agus úrú na gréine le feiceáil timpeall na tíre.

Iontas mór é an t-urú seo mar gur dóigh go mbeidh 64 bliain eile thart sula bhfeicfear a leithéid arís anseo. Is amhlaidh a ghluaiseann an ghealach sa mbealach idir an ghrian agus an domhan ag ceilt solas na gréine orainne sa domhan seo.

Cé gur sa Spáinn agus san Íoslainn a bheidh an radharc is fearr ar an lánúrú, ceaptar go mbeidh 98% de dhromchla na gréine uraithe ag an ngealach sa taobh ó dheas den tír anseo agus beagán níos lú ná sin, folach 94%, sa tuaisceart agus san oirthear.

Má bhíonn an spéir glan, meastar go mbeidh Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach san iardheisceart ar phéire de na háiteanna is fearr in Éirinn chun an t-urú a fheiceáil ach tá scamaill geallta in áiteanna.

Ceaptar gur go luath théis a sé a chlog tráthnóna a thosóidh an t-urú agus a thosóidh an spéir ag dorchú. Beidh sé thart ar 7.10in nuair a bheidh an ghealach go hiomlán os comhair na gréine agus tiocfaidh deireadh leis an urú théis a 8.00in. Meastar go dtitfidh an teocht de bheagán agus an ghrian á ceilt ag an ngealach.

Tá comhairle curtha ar dhaoine faoi aire a thabhairt do na súile agus gan breathnú díreach ar an ngrian le damáiste don amharc a sheachaint. Ní leor gnáth-spéaclaí gréine chun dul ag féachaint ar an úrú ach an oiread. Moltar gan ach spéaclaí deimhnithe atá déanta go speisialta chun féachaint ar urú a úsáid.

Tá ócáidí speisialta le reáchtáil ag réadlanna i nDún Sinche i mBaile Átha Cliath, in Ard Mhacha agus ag Caisleán na Carraige Duibhe i gCorcaigh. Tá éileamh mór ar ócáidí poiblí eile atá eagraithe timpeall na tíre, ag Ollscoil Mhá Nuad, ag Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ina measc.

Tá eolaithe timpeall na cruinne ag bailiú le chéile chun an t-urú a scrúdú. Ina measc, beidh foireann ón tír seo a bheidh ar bord eitleán de chuid an Aerchóir amach ó chósta na hÉireann ag tógáil grianghrafanna den ghrianchoróin le teileascóp láidir.

I 1999 ann an uair dheireanach go raibh urú suntasach le feiceáil in Éirinn. Tá sé breis is 300 bliain ó bhí lánurú le feiceáil in Éirinn, i 1724. Meastar nach bhfeicfear an chéad lánurú eile anseo go dtí 2090.

Níos mó

feile-john-ford-le-filleadh-ar-chois-fharraige-an-mhi-seo-chugainn

Féile John Ford le filleadh ar Chois Fharraige an mhí seo chugainn

Tá Féile John Ford le filleadh ar an Spidéal agus an fhéile a reáchtáladh den chéad uair anuraidh le bheith ar siúl an mhí seo chugainn.

Déanann an fhéile comóradh ar dhuine de mhórstiúrthóirí Hollywood, arb as Cois Fharraige a thuismitheoirí.

Tá imeachtaí na féile le reáchtáil thar thrí lá idir 11-13 Meán Fómhair agus ceiliúradh le déanamh ar cheangal Ford le hiarthar na hÉireann agus go háirithe le Cois Fharraige.

John Martin Feeney a baisteadh air nuair a saolaíodh é i Portland, Maine, ach ba as an Tuar Beag atá buailte ar an Spidéal dá athair agus ba in aice láimhe ar an gCoill Rua a rugadh a mháthair. Fad agus a mhair sé níor thréig Ford a dhúchas. B’iomaí cuairt a thug sé ar Éirinn, ar an Spidéal agus chuir sé Conamara ar a súile don saol mór i 1952 leis an scannán The Quiet Man, a bhuaigh gradam Oscar.

Ag féile na bliana seo beidh feiceáil ar chuid de na scannáin ba cháiliúla a rinne sé; The Quiet Man agus My Darling Clementine (1946); mar aon lena chóiriú ar shaothair na n-údar Sean O’Casey agus Liam Ó Flaithearta, The Plough and the Stars agus The Informer.

Le feiceáil freisin beidh seó aonair The Quiet Men, bunaithe ar shaol na ndeartháireacha Barry Fitzgerald agus Arthur Shields. Duine muinteartha dá gcuid, Morgan C. Jones a scríobh agus a chuirfidh i láthair.

Ar na cainteoirí sa Spidéal, beidh na staraithe Cormac Ó Gráda, Breandán Mac Suibhne agus Adrian Frazer, staraí Amharclann na Mainistreach agus saineolaí ar Ford. Beidh réamhchaint ann sula dtosóidh na scannáin mar aon le comhrá spéisiúil idir Tony Tracy agus Michael Ford, garmhac Frank, deartháir John Ford.

Ar siúl freisin beidh ceardlann atá dírithe ar dhaoine óga ar suim leo an scannánaíocht agus a dtugann stíl Ford ugach dóibh. Beidh taispeántas grianghrafadóireachta de chuid scoileanna Chois Fharraige freisin, ‘Íor na Spéire’.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus ticéid a chur in áirithe ag FeileJohnFord.com.

Níos mó

rabhadh-bui-ardteochta-eisithe-do-chuige-laighean-agus-contae-thiobraid-arann

Rabhadh buí ardteochta eisithe do chúige Laighean agus contae Thiobraid Árann

Má tá tú céasta ag teas is garrantaí feoite dóite níl aon fhaoiseamh i ndán duit go dtí deireadh na seachtaine nuair atá eolaithe Met Éireann ag tuar go dtiocfaidh lagbhrú aniar inár dtreo ón Atlantach agus fionnuaire is báisteach ina theannta. An crios ardbhrú atá tagtha aníos chugainn ó na hAsóir is siocair leis an teas damanta atá sa taobh seo domhan le tamall fada.

Tá rabhadh buí ardteochta eisithe ag lucht na haimsire sa tír seo do chúige Laighean agus contae Thiobraid Árann óna 6.00 a chlog maidin amárach go dtí maidin Dé hAoine agus iad ag tuar go bhféadfadh an teocht a bheith níor airde ná 27 céim Celsius i rith an lae agus na hoícheanta marbhánta agus an teocht os cionn 15 céim, idir 20 agus 23 céim atá á ghealladh sa taobh thiar agus san iardheisceart.

Gealltar dúinn go mbeidh an lá amárach tirim den chuid is mó ach go bhféadfadh brádáin, corrmhúr is corr-ráig bháistí a bheith sa taobh thiar den tír. D’fhéadfadh ceo is ceobhrán a bheith le cósta agus ar chnoic sa taobh thiar agus thiar ó dheas ach glanfaidh sé amach sa lá.

Ní hí an tír seo is measa atá á bruth sa teaspach seo, tá an cúigiú tonn teasa an samhradh seo fógartha ag na comharsana agus lucht aimsire na Breataine ag cur fainic oráiste ar an bpobal go mbeidh an teocht chomh hard le 36 céim Celsius ansin Déardaoin.

Ní dó gréine ná ailse chraicinn amháin an chontúirt a bhaineann leis an ngrian neamhghnách seo agus iarrtar ar dhaoine a bheith fíorchúramach agus iad in aice an uisce, súil a choinneáil ar aon duine a bhfuil cúram ag teastáil uaidh agus gan tart a fhágáil ar dhuine óg ná aosta ná ar aon ainmhí. Fanacht ar an bhfoscadh i mbrothall an lae, an craiceann a chlúdach agus uachtar gréine a úsáid agus neart uisce a ól an chomhairle atá ag lucht leighis sa mbrothall.

Níos mó

an-meitheamh-agus-iuil-ata-imithe-ar-na-cinn-ba-theo-da-bhfuil-taifead-againn-orthu-–-seirbhis-athraithe-aeraide-an-ae

An Meitheamh agus Iúil atá imithe ar na cinn ba theo dá bhfuil taifead againn orthu – Seirbhís Athraithe Aeráide an AE

Bhí an teocht níos airde sna haigéin an mhí seo caite ná a taifeadadh riamh roimhe seo i mí Iúil.

Bhí tonnta teasa scalltacha ar fud iarthar na hEorpa i rith na míosa seo caite agus níl aon fhuarú á ghealladh ag Seirbhís Athraithe Aeráide Copernicus a d’fhógair go bhfuil dálaí El Niño ag forbairt arís san Aigéan Ciúin Meánchriosach.

Seachas an chuid sin den Aigéan Ciúin atá i réigiúin na mol, bhí an mheánteocht ag dromchla na farraige san aigéan ar an gceann is teo a taifeadadh riamh do mhí Iúil, 20.96 Celsius. Sa mbliain 2023 a cláraíodh an teocht ab airde go dtí sin ag an tráth sin bliana, 20.89C, ardú .07C de théamh le trí bliana.

Bhuail tonnta teasa diana cuid mhór den fharraige in iarthar na hEorpa an samhradh seo, go háirithe le cósta an Atlantaigh agus an chuid thiar den Mheánmhuir. Tá sé á thuar ag Seirbhís Copernicus go neartóidh dálaí El Niño thairis mar atá siad faoi láthair sna míonna seo romhainn agus dá mbarr fanfaidh teocht dhromchla na farraige an-ard go deo san Aigéan Ciúin Trópaiceach.

Ní hí an mhuir amháin a bhí bruite sa dá mhí atá díreach caite mar bhí sé ina bhruth teasa ar tír freisin in iarthar na hEorpa agus an t-aer 2.79C níos teo ná an mheánteocht ansin ag an tráth sin den bhliain. Mar bharr ar an mí-ádh is fánach an bháisteach a rinne sé agus bhí sé ina thriomach díobhálach. Bhí an leibhéal fliuchrais níos ísle fiú ná a bhí in Iúil 2022, an samhradh deiridh a raibh sé ina thriomach tréan san Eoraip.

Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag an triomach mínádúrtha seo. Tá leibhéal an uisce sna haibhneacha tite go damanta, an Seine, an Réin agus an Danóib ar thrí cinn acusan atá íseal agus brú dá réir á chur ar an soláthar uisce, ar chúrsaí talmhaíochta agus beatha agus ar tháirgeadh fuinnimh.

Bhí an Meitheamh agus Iúil atá imithe ar na cinn ba theo dá bhfuil taifead againn orthu agus falscaithe ag loscadh réimsí móra de réigiún na Meánmhara.

Tuilleadh den bhrothall atá á thuar anseo in Éirinn agus an chosúlacht air go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 29 céim Celsius sna laethanta beaga seo romhainn agus spéir ghlan agus scaití gréine á ngealladh dúinn.

Te brothallach meirbh a bheidh sé as seo go ceann cúpla lá agus scaití gréine ann. D’fhéadfadh corrmhúr nó ráigeanna báistí a bheith in áiteanna.

Beidh sé te nó an-bhrothallach inniu agus é tirim den chuid is mó. Beidh neart gréine againn seachas san iarthar mar a bhféadfadh sé a bheith níos scamallaí le corrphaiste brádáin nó salachar báistí. Beidh an teocht is airde idir 20 agus 27 céim Celsius agus san oirthear agus i lár tíre is teo a bheidh sé. Leoithne bhog nó mheasartha anoir aneas a bheas ann.

Beidh tréimhsí gréine san oirthear agus san oirdheisceart ar an gCéadaoin ach corrchith ann freisin. Níos scamallaí a bheidh san iarthar agus san iarthuaisceart agus corr-ráig bháistí sna bólaí sin. Lá te nó brothallach a bheidh ann agus an uasteocht idir 20 agus 28 céim Celsius. Tuaisceart Laighean is teo a bheidh agus leoithne bhog nó mheasartha aneas chugainn.

Brothall atá á thuar arís don Déardaoin, tréimhsí gréine ach corrmhúr san iarthar agus san iarthuaisceart. An teocht fós idir 20 agus 28 nó 29 céim agus an chuid is fearr den teas sin i gCúige Laighean agus an ghaoth aniar aneas bog nó measartha.
Chomh fada agus is meabhair do na saineolaithe faoi láthair beidh bun ar an aimsir faoin deireadh seachtaine, fuarú beag i ndán dúinn agus an teocht níos gaire don teas a bhfuil cleachtadh againn air an t-am seo bliana. Tréimhsí gréine agus corrmhúr fánach atá á thuar don Satharn agus an uasteocht idir 17 agus 22 céim.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta