Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Sadhbh Ní Mhéalóid

Imeachtaí Feile na Bealtaine

Imeachtaí Féile na Bealtaine


Ag deireadh na seachtaine seo beidh Bealtaine bhuailte linn. Más mian leat freastal ar imeacht chun na féile a cheiliúradh nó sult a bhaint as an dea-aimsir, seo cúpla imeacht a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine fada.


Féile na Bealtaine 2026

Suíomh: Daingean Uí Chúis, Ciarraí

Tá tinte na Bealtaine á lasadh againn arís, agus sinn ag iompú i dtreo an tsolais, ag oscailt ár gcroíthe, ár n-aigní, ár gcoirp ar son na n-ealaíon agus dá chéile.

 

Oíche Shóisialta le Conradh na Gaeilge agus Comhluadar Luimnigh

Suíomh: Cathair Lumnigh, Luimneach

Bígí linn ar an 1 Bealtaine i gConradh na Gaeilge, 18 Sráid Thomáis ó 18:30-20:30. Beidh ceol, filíocht, scéalta agus aoichaint.

 

Féile na Bealtaine in Ard Mhacha Theas

Suíomh: An Mullach Bán, Ard Mhacha

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Féile na Bealtaine in Ard Mhacha Theas ag titim amach idir an 1-2 Bealtaine 2026

 

Tionóil na mBandéithe

Suíomh: Cathair na Gaillimhe, Gaillimh

Déan ceiliúradh ar Féasta Bealtaine le hamhránaíocht, scéalta agus ealaín.

 

Céilí na nGael

Suíomh: Daingean Uí Chúis, Ciarraí

Céilí Pobail, Céilí do gach éinne mar phairt de Fhéile na Bealtaine 2026; Cúpla seit, smut do rince chéilí, rionnt bhálsáil, amhrán nó dhó, blúire bothántaíocht, agus oíche lán do shiamsaíocht agus chraic.


Faigh liosta iomlán d’imeachtaí ar fud na tíre ag Scéal.ie/imeachtaí

Alt ó John Conway ar an Aip Fhoghlama Teanga Cheilteach ‘Blas’


De réir mar atá foghlaim na Gaeilge ag dul i méid, tá méadú tagtha ar na hacmhainní atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí teanga. Idir shuíomhanna gréasáin, cuntais meán sóisialta agus aipeanna, tá neart roghanna ann d’aon duine atá ag foghlaim nó ag feabhsú a gcuid Gaeilge.

Seo léargas ar an aip ‘Blas‘ ó John Conway.


Cad is blas ann?

Is aip fhoghlama teanga Cheilteach í Blas, a thóg mé chun cabhrú le daoine Gaeilge agus Breatnais a fhoghlaim. Oibríonn sí trí chúrsa a thabhairt duit bunaithe ar do leibhéal, agus ansin tú a dhruileáil ar chártaí splanc chun ábhar teanga a athbhreithniú agus rudaí nua a fhoghlaim. Tá roinnt cleachtais ann freisin cosúil le cleachtadh fuaimnithe nó cleachtadh labhartha, chomh maith le sleachta éagsúla cosúil leo chun do léitheoireacht laistigh den teanga sin a thógáil.

Rogha caighdeán TEG

Cén fáth ar chruthaigh tú blas?

Bhí fonn orm tosú ag foghlaim na Gaeilge anuraidh, thosaigh mé ar Duolingo cosúil le go leor daoine agus ansin rinne mé iarracht tacú leis sin trí uirlisí éagsúla ar líne a úsáid. Ach mhothaigh mé go raibh gach rud scaipthe amach go leor agus bhí mé ag foghlaim go leor stór focal, ach ní conas an teanga a labhairt nó a léamh nó a litriú. Ós rud é go bhfuil cúlra agam i bhforbairt bogearraí, bhain mé céim amach anuraidh san eacnamaíocht, theastaigh uaim tionscadal taobh a dhéanamh chun aip a thógáil, mar sin shocraigh mé aip theanga a dhéanamh!

Mothaím go bhfuil go leor uirlisí atá ar fáil faoi láthair le haghaidh foghlaim teanga i nGaeilge nó i mBreatnais shách scanrúil agus go mbíonn ort téacsleabhair nó suíomhanna gréasáin seanchaite a léamh, ach cé nach mbíonn aipeanna iontacha d’fhoghlaimeoirí de ghnáth, tugann siad cumhacht duit. Tugann siad ort a chreidiúint go bhfuil tú ag foghlaim teanga agus go bhfuil tú ag dul chun cinn gach lá. Mar shampla, tá breis is milliún úsáideoir ag Duolingo ar a gcúrsa Gaeilge. Is dócha nach bhfuil Gaeilge mhaith ag for

mhór acu, ach an fhíric go bhfuil siad go léir ag déanamh a ndíchill agus ag mothú go bhfuil siad ag dul chun cinn de réir a chéile, sin a theastaigh uaim a chruthú.

Conas ar chruthaigh tú an aip?

Tá ár n-ábhar scríofa go léir ag baint ó tháblaí foinse oscailte arna soláthar ag an rialtas a úsáidtear chun cabhrú le carthanachtaí agus eagraíochtaí ábhar Gaeilge a sholáthar. Úsáidimid guth

ríomhairithe do go leor dár gcuid rudaí, atá déanta go speisialta don Ghaeilge ag Coláiste na Tríonóide, ach tá súil agam go mbeimid in ann cainteoirí Dúchais a fháil don Ghaeilge agus don Bhreatnais amach anseo, má éiríonn leis an aip.

Pleananna don todhchaí?

Tá súil agam go bhforbróidh mé bun-Ghaeilge i go leor daoine. Más rud é go bhfuil siad ina gcónaí in Éirinn, nó má bhog siad go tíortha eile cosúil leis na Stáit Aontaithe nó an Astráil, is é an chaoi a dtosaíonn tú ag fás na teanga arís ná stór focal bunúsach, frásaí bunúsacha.

Tá súil agam níos mó teangacha a chur leis sa ghearrthéarma freisin. Ba mhaith liom oibriú ar Ghaillis na hAlban a chur leis an aip agus ansin dul ar aghaidh as sin, cuid de na teangacha Ceilteacha níos lú a chur leis, Manainnis nó Coirnis nó Briotáinis.

Píosa fút féin

Is mise John Conway agus tá cónaí orm i dtuaisceart na hÉireann i nGleann Airidh. Tá mé 22 bliain d’aois agus bhain mé céim amach ón ollscoil anuraidh, ó QUB.


Go raibh maith ag John as an léargas ar an aip Blas!

An Reithe – Colún na Réaltaí


Ar rugadh idir 21 Márta – 19 Aibreán thú? De réir na hastralaíochta 🔮, is an Reithe tú mar sin 🐑


Dátaí: 21 Márta – 19 Aibreán

Eilimint: Tine 🔥

Módúlacht: Cairdinéalta

Treithe is comónta: uaillmhianach, misniúil, macánta


Naoi gCeist ar Chiara Ní É

Naoi gCeist ar Chiara Ní É


Tugann Ciara Ní É, @miseciara ar Instagram, freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Is file, aisteoir agus duine lán cruthaitheach í Ciara. Is bunaitheoir REIC agus comhbhunaitheoir AerachAiteachGaelach í, chomh maith.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta?

Táim thíos faoin tuath le scata mór Gael… siúlóidí, sána & snámh san fharraige i rith an lae, ansin dinnéar blasta, le scéalta is amhránaíocht cois tine istoíche. Neamh!

Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead? 

Bím cúramach go leor le hairgead ach nuair a chuirfidh sé feabhas mór ar an gcaighdeán is fiú é a chaitheamh – bia ceart, lóistín compordach, eitiltí ag amanna oiriúnacha…. agus ó thaobh na dtáirgí de, “ceannaigh drochrud agus bí gan aon rud”.

Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara?

Cruthaitheacht! Níl deireadh leis!

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic?

Dorn san aer do na Gaeil!

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort?

Go bhfuil mo chuid ama ar thalamh an domhain srianta sa chaoi nach féidir liom mo chuid oibre uilig a dhéanamh agus am a chaitheamh le mo chairde is teaghlach, agus taisteal ar fud an domhain agus scileanna nua a fhorbairt agus codladh go headartha gach lá.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá?

Ba mhaith liom a bheith in ann codladh am agus áit ar bith a d’oirfeadh sé dom

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu?

Tá an iomarca daoine ag teacht chun cuimhne! Déarfaidh mé máithreacha trí chéile, cá mbeimís dá n-uireasa?

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat?

Ní féidir liom ceisteanna mar seo a fhreagairt go cruinn riamh, mar go n-athraíonn mo fhreagra go rialta. Le déanaí bhíos an-tógtha le A Little Life le Hanya Yanagihara, agus Heartstopper, aistrithe go Gaeilge ag Eoin McEvoy.

Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo?

Glac bog an saol agus glacfaidh an saol bog tú.

Go raibh míle maith ag Ciara as a cuid freagraí suimiúla.


Is féidir coimeád suas le Ciara ar Instagram anseo

Lá na bPancóg


Inniu Lá na bPancóg! Lá a thaitníonn le hóg agus aosta ar aon.

An stair a bhaineann le lá na bpancóg, nó Máirt na hInide, ná gur an lá deireanach roimh an gCarghas atá ann. Thosaigh daoine ag déanamh pancóga chun comhábhar nach mbeadh á ithe thar thréimhse an Charghas a úsáid. Sa lá anois, ceannaíonn daoine ábhair go háirithe chun pancóga a dhéanamh ar an lá blasta seo!

Más maith leat pancóga milse nó saillte, tá rogha gan deireadh de bharráin de gach stíl – siúcra, líomóid, nutella, im, síoróip mhailpe, cáis, liamháis, cáis uachtair, ubh… Freisin, tá stíleanna éagsúla de na pancóga iad fhéin, cinn thanaí, crepes nó cinn thiubha, bolgacha, bíonn rogha éagsúil ag gach duine.

Seo oideas simplí chun pancóga a dhéanamh inniu:

  • 100g plúr
  • 2 ubh
  • 300ml bainne
  • liomóid (mar bharrán)
  • siúcra (mar bharrán)
  1. Measc na comhábhair ar fad le chéile i mbabhla mór go dtí go bhfuil fuidreamh mín agat
  2. Téimh suas friochtán ar meán-theas le píosa beag im nó ola
  3. Nuair atá an friochtán te, déan na pancóga, ceann ar cheann, agus dóibh a bheith sa fhriochtán ar feadh nóiméad 1 ar an dá thaobh
  4. Cuir an siúcra agus liomóid ar barr na pancóga
  5. Bain taitneamh as na pancóga!

 

Tá súil againn go mbeidh pancóga blasta agaibh ar fad inniu!

Naoi gCeist ar Jenny Ní Cheibheánnaigh

Naoi gCeist ar Jenny Ní Cheibheánnaigh


Tugann Jenny Ní Cheibheánnaigh, nó @gaelyoga_by_jen, freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Is fiontraí, múinteoir ióga agus éascaitheoir reiki í Jenny, a ritheann a gnólacht, Sána na Mara, agus a mhúineann ióga go dhátheangach in Iarthar Chorcaí. Is duine spreagtha, draíochta í Jenny agus is deis iontach é bualadh isteach uirthi agus do scíth a ligeann agus píosa Gaeilge a chleachtadh ag an am céanna.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta? Bím sona sásta nuair atá lá geall ar Oileán Chléire agus mé ag siúl timpeall an oileáin le mo mhadra Nellie

Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead?

Caithim m’airgead ar phrapaí agus rudaí do mo ranganna ióga agus an sána

Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara?

An tréith is tábhachtaí i mo chairde dar liom na macántacht

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic?

Sin é’ ‘Namasté’

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort?

Daoine ag gearán nó nuair a bhíonn daoine drochbhéasach

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá?

Chun a bheith níos eagraithe, agus táim ag éirí níos fearr leis sin

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu?

Tá an-meas agam ar mo mhuinteoir ióga san Ind, ‘Swami’

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat?

Is breá liom John O’Donoghue go háirithe ‘Anam Cara’ atáim á léamh faoi láthair

Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo?

An ceacht is tábhachtaí a d’fhoghlaim mé go dtí seo ná, má dhéanann tú do dhícheall, go dtiocfaidh sé ar ais chugat

Go raibh míle maith ag Jenny as a cuid freagraí suimiúla.


Is féidir coimeád suas le Jenny ar Instagram anseo

Rúin na hAthbhliana

Athbhlian faoi mhaise daoibh!

Le tús bhliain nua buailte linn, is cinnte go mbeidh caint le cloisteáil maidir le rúin na hAthbhliana. Is minic a bhíonn cabaireacht faoi rudaí éagsúla a fhágaint inár ndiaidh. Alcól nó siúcra a thabhairt suas, meáchan a chailliúint nó níos lú ama a chaitheamh ar ár bhfóin póca. Ach uaireanta cuireann na rúin seo brú orainn a chruthaíonn ciontacht nó náire dúinn.

Mar sin, tá liosta beag smaointe againn anseo de nithe spraíúil le déanamh i 2026.


Bí páirteach i gclub siúl

Má thaitníonn siúlóidí de shaghsanna éagsúla leat, is cinnte go bhfuil club siúl oiriúnach ann duit. Is slí dheas í seo chun bualadh le daoine leis an dearcadh céanna is atá agat féin agus chun píosa aclaíochta a dhéanamh ag an am céanna.

Bain triail as oidis chócaireachta nua

Más rud é go dtaitníonn cócaireacht leat agus go bhfuil tú ag iarraidh rud nua a thriail an bhliain seo, d’fhéadfá oidis a aimsiú do bhéile nach bhfuil déanta agat cheana. Ceann a bhlas tú roimhe, nó ceann iomlán nua gur maith leat!

Pioc suas uirlis cheoil

Má thaitníonn an ceol leat agus más mian leat gealltanas níos fad téarmaí a thabhairt, b’fhéidir gur deis é seo duit uirlis cheoil a phiocadh suas. Idir stíleanna traidisiúnta, nua aimseartha agus stíleanna ó chultúir eile, is mór an rogha atá ann ó thaobh ceann a phiocadh!

Cláraigh do ranganna Gaeilge

Más tosaitheoir nó Gaeilgeoir ó dhúchas thú, tá ranganna Gaeilge ar fáil do gach caighdeán. Más mian leat a bheith in ann comhrá a bheith agat, nó dianchúrsa a dhéanamh ar an ngramadach, tá níos mó i gcónaí ann le foghlaim.

Snámh seachtainiúil a dhéanamh

Leis na blianta beaga anuas, feictear go bhfuil méadú ag teacht ar líon na daoine a théann ag snámh san fharraige go laethúil, nó cúpla uair sa tseachtain. B’fhéidir go gcuireann smaointe ar an bhfuacht sin gach lá lagmhisneach ort, agus má chuireann, seans gur aidhm níos réalaíche é snámh seachtainiúil a dhéanamh. Le seacláid the ina dhiaidh, gan dabht!

Léigh leabhar amháin gach mí

Seachas breathnú ar fhíseáin ar do ghuthán roimh dhul a chodladh, bain triail as 30 nóiméad a chaitheamh ag léamh. Tabharfaidh sé seo seans do d’intinn suaimhneas a ghlacadh, agus a bheith réidh le codladh deas, domhain a bheith agat.

Tosaigh ranganna ealaín

Is slí dheas, cruthaitheach é seo chun do chuid ama a chaitheamh, go háirithe agus na laethanta gearra fós linn. Déan péinteáil, tarraingt, nó potaireacht – agus déan cúpla rud deasa le thógaint abhaile duit féin!

Naoi gCeist ar Shaun Mac Airt


Tugann Shaun Mac Airt, nó @shaunwithafada, freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Is pearsantacht idirlín ó Phort Láirge é Shaun, a dhéanann taifead ar a shaol ó lá go lá, trí mheán na Gaeilge. Is duine geal gáireach é agus ní haon ionadh go bhfuil lucht leanúna s’aige ag fás go tapaidh. Seo chugaibh a fhreagraí ar ár naoi gceist.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta? Nuair a bhím i measc mo chairde agus mo chlann. Bíonn gach duine ag gáire agus mothaím buíoch. Oh freisin nuair atá an ghrian ag taithneamh agus nuair atá mo chuid gruaige fliuch! Combo den scoth!

Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead?

Nuair a chuirim óstán in áirithe in ionad brú óige! Bíonn codladh i bhfad níos séimhe agat agus is annamh a bhíonn an t-airgead agam chun é sin a dhéanamh hahah!

Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara? I mo thuairimse, macántacht. Is duine macánta mé agus bím á lorg i measc mo chairde freisin. Inis dom má tá bia i m’fhiacla nó má tá m’fheisteas go hainnis le do thoil!!!

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic? I gcónaí deirimse nach bhfuil aon rud ró dáiríre. Úsáidim na focail sin chun mé féin a chur ar mo chompord nuair atáim buartha mar gheall ar rudaí áirithe. Ní bhíonn in aon rud ach seal mar a deirtear!

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort?

Nuair a nach ligeann duine i gcarr duit an bóthar a thrasnú agus tusa ag siúl sa bháisteach!!!! Ar a laghad tá díon tharaibh sa charr! Freisin, nuair atá daoine ag siúl go mall cuireann sé isteach orm. Tá orm coimeád suas leis an gceol atá ag seinm i mo chluasáin!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá? D’athróinn mo leibhéal féinmhuiníne (chun a bheith soiléir – d’ardóinn é hahah). Bím ag streachailt leis go rialta ach d’fhoghlaim mé go bhfuil ort na rudaí deacra a dhéanamh ar aon nós agus fásann tú de réir ama agus taithí (le cúnamh Dé haha)

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu? Ahh mo mháthair gan dabht. Mo chara is fearr.

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat? Ní léim go rialta ach é sin ráite, léigh mé The Divine Farce le Michael S. A. Graziano agus A Short Stay in Hell le Steven L. Peck agus thaithin siad go mór liom. Fáthsceál atá i gceist leis an dá cheann. Dorcha agus fealsúnach agus tá ort smaoineamh mar gheall ar cad a tharla agus conas a mhothaíonn tú nuair atá an deireadh sroichte agat. Cuireann siad tú ag smaoineamh agus is breá liom é sin.

Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo? An ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agam go dtí seo ná go bhfuil an saol gearr agus tá ort na deiseanna ar fad a thapú agus taithneamh a bhaint astu mar i gcónaí bíonn deacrachtaí timpeall an chúinne ag fanacht ort agus mar sin, bain sult as na hamanna ciúine i do shaol agus coimeád dearcadh dearfach i rith na hamanna níos deacra!

Go raibh míle maith ag Shaun as a chuid freagraí suimiúla.


Is féidir coimeád suas le Shaun ar TikTok anseo agus ar Instagram anseo

Scannáin Gaeilge le breathnú orthu thar laethanta saoire na Nollag

Leis an am saor thar na Nollaig, is cinnte gur deis mhaith atá ann an tine a lasadh, seacláid the a dhéanamh agus breathnú ar chúpla scannán.

Seo liosta de roinnt scannáin Gaeilge a mbeimid ag féachaint air.

 

Amhrán na Mara

Leanann an scannán buachaill óg Éireannach darb ainm Ben agus a dheirfiúr balbh Saoirse, a nochtar a bheith ina seilcí – créatúr miotasach ar féidir leis claochlú ó rón go duine.
Forbraíonn an scéal agus iad ag dul ar thuras chun créatúir sí a shaoradh ón mbandia Ceilteach Macha.

 

Kneecap

Tá an scannán Kneecap bunaithe ar scéal fíor, a leanann an grúpa, Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, agus iad ag tosú ar a ngairmeacha ceoil agus ag treorú a saoil mar cheoltóirí Gaeilge ina gcónaí in Iarthar Bhéal Feirste.

 

An Cailín Ciúin

Insíonn an scannán seo scéal cailín chúthail darb ainm Cáit, a chuirtear chun cónaí le gaolta i bhfad i gcéin le linn samhraidh i gceantar tuaithe na hÉireann. Gabhann an scannán téamaí an teaghlaigh agus an mhuintearais i mbealach álainn.
Rinne an scannán seo stair trí bheith ar an gcéad scannán Gaeilge a ainmníodh d’Oscar.

 

Róise agus Frank

Léirítear sa scannán Róise (Bríd Ní Neachtain) a chaill a fear céile Frank dhá bhliain roimh réidh. Tá sí fós faoi bhrón agus í scoite amach óna teaghlach agus ón bpobal. Tagann madra mistéireach chuici agus is léir go bhfuil an madra an-mhór léi.

 

 

Bronntanais Nollag ónár n-Eolaire Gnó

Tá’n Nollaig buailte linn agus is lán am é tús a chur le siopadóireacht a dhéanamh

Tá rogha mhór de ghnóthaí éagsúla ar ár n-Eolaire Gnó atá lán sásta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus táirgí Gaeilge a chur ar fáil freisin.

Caith súil ar an liosta seo agus déan iarracht tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí le Gaeilge an Nollaig seo!

Don gharraíodóir

Ballyvourney Nursery & Garden Centre 

Don mhaisitheoir intí

Simon Kidd Pottery 

Don jewel-junkie

Brian de Staic Teo

Don Iógaí i do shaol

Dara Mats

Chun beannachtaí a scríobh

Mireog – Léiriúchán & Dearadh 

Dóibh siúd gur mhaith leo rang a thriail

Cairde Rince Céilí na hÉireann

Don duine ar thóir sos agus scíth

Breathworks Ireland Mindfulness & Coaching – Scéal

Féiríní eile

Is féidir liosta iomlán de na gnólachtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge a fháil ar ár n-Eolaire Gnó ag Scéal.ie/seirbhisi/

 

 

Naoi gCeist ar Aedín Ní Thairnaigh

Tugann Aedín Ní Thiarnaigh, nó Bláthanna Fiáine, freagraí dúinn anseo ar ár gceistneoir Naoi gCeist, atá bunaithe ar mhúnla an Cheistneora Proust.

Déanann an scríbhneoir, colúnaí agus saineolaí ar bhláthanna fáinne cur síos ar cathain a bhíonn sí is sona sásta, ar céard a chaitheann sí a chuid airgid, na leabhair is fearr léi agus níos mó.


Cathain a bhíonn tú is sona sásta? Nuair a bhíonn lá saor agam agus aimsir mhaith ann. Dhéanfainn siúlóid amuigh faoin aer agus chaithfinn an chuid eile den lá ag léamh leabhar maith bé-lit!

Céard é an shó is mó ar a gcaitheann tú d’airgead?

Nuair a théim ó Inis Meáin go dtí an mhórthír le hAer Árann seachas ar an mbád!

Cén tréith is tábhachtaí duit i gcara? Cineáltas

Cén focail nó nathanna cainte a úsáideann tú rómhinic? “Inis Meáin”! Nó “na Bláthanna Fiáine”!

Ainmnigh cúpla rud a chuireann isteach ort? Lucht “An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas”

Dá bhféadfá rud amháin a athrú fút féin, céard a roghnófá? Ba dheas liom a bheith níos foighní b’fhéidir. Tá mé ag obair air…

Cén duine a mhaireann an bhfuil an meas is mó agat orthu? Mo mhamó agus mo dhaideo i Luimneach – ní fhéadfainn duine acu a roghnú thar a chéile! Daoine lácha, dearfacha, cliste iad agus tá grá mór agam dóibh.

Cé hiad na húdair/an leabhar is fearr leat? Is grá lem’ chroí saothar Maeve Binchy, go háirid “A Week in Winter” agus “Evening Class”. Seachas sin, is aoibhinn liom aon saghas leabhair bé-lit. Bím ag léamh nuair a theastaíonn uaim scíth a ligean, mar sin bhíonn fonn ar bith orm breathnú ar ábhar duairc.

Céard é an ceacht is tábhachtaí atá foghlamtha agat faoin saol go dtí seo? Is beag rud sa saol a bhíonn dubh agus bán…

Go raibh míle maith ag Aedín as a cuid freagraí suimiúla.


Is féidir coimeád suas le hAedín ar a suíomh idirlíon Bláthanna Fiáine, nó ar Instagram anseo.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta