Tá sé géillte ag aire rialtais gur baineadh “stangadh” as nuair a chuala sé go bhfuil Gaelscoil i gcathair Bhaile Átha Cliath fós ag fanacht ar fhoirgneamh nua a gealladh breis is 20 bliain ó shin ach dúradh gur léir go mbeidh tuilleadh moille ar an togra.
Is ag cur síos ar an gcor is déanaí i scéal fada Ghaelscoil Choláiste Mhuire i lár na cathrach a bhí an tAire Stáit Seán Canney nuair a dúirt sé go raibh sé deacair a chreidiúint go mbeadh moill chomh fada le tógáil foirgnimh nua don scoil.
Tá an bhunscoil lán-Ghaeilge lonnaithe i seanfhoirgneamh ar Chearnóg Pharnell “ar bhonn sealadach” ó 2003 agus imní léirithe go minic ag polaiteoirí agus ag pobal na scoile go bhfuil an foirgneamh ag titim as a chéile agus nach bhfuil sé oiriúnach do pháistí.
Aimsíodh suíomh d’fhoirgneamh nua don scoil ar Shráid Dhoiminic in 2006 agus cuireadh tús leis an obair thógála faoi dheireadh in 2023. Bhí sé beartaithe go mbeadh an scoil ag bogadh isteach sa bhfoirgneamh nua i mbliana ach tá stop curtha leis an obair le tamall anuas agus tuilleadh moille i gceist.
“Baineann sé stangadh asam go bhfuil togra scoile ag dul ar aghaidh chomh fada sin. Bunaithe ar mo thaithí féin ag obair mar shuirbhéir cainníochta i dtionscal na tógála, tá rud éigin nach bhfuil ceart. Gheobhaimid amach céard is cúis leis,” a dúirt an tAire Stáit Canney, a bhí ag labhairt sa Seanad thar ceann an Aire Oideachais Helen McEntee.
Dúirt an tAire Stáit Canney go raibh roinnt fadhbanna tagtha chun cinn sa togra, ina measc go raibh an suíomh buailte ar struchtúr atá faoi chosaint, agus go raibh fadhb ann chomh maith le línte leictreachais agus seirbhísí a bhíonn ag freastal ar an líne Luas in aice an tsuímh, gnéithe nár tháinig chun solais go dtí gur cuireadh tús leis an tochailt.
Dúirt Canney go raibh dul chun cinn déanta ar an togra ach gur tháinig “moill shuntasach” ar chúrsaí ón Nollaig agus go raibh iarrachtaí ar bun ag an Roinn Oideachais réiteach a fháil ar an bhfadhb. Ní féidir a rá cén uair a bheidh an foirgneamh nua réidh, a dúirt sé, áfach.
“Go dtí go mbeidh an idirbheartaíocht uile críochnaithe, ní féidir a rá go beacht cén uair a bheidh an scoil tógtha, ba chríonna an mhaise é anois pleananna a ullmhú ar an mbonn go mbeidh moill nach féidir a sheachaint ar an scoil nua.”
Is ag tabhairt freagra ar cheist de chuid an tSeanadóra Mary Fitzpatrick a bhí an tAire Stáit Canney agus dúirt sé go molfadh sé don Aire Oideachais Helen McEntee bualadh leis an Seanadóir, le polaiteoirí áitiúla eile agus le bord na scoile chun an scéal a phlé.
Ghlac an Seanadóir Fitzpatrick leis go raibh sé “dúshlánach” forbairt a dhéanamh ar an suíomh a bhí roghnaithe ach go gcuirfeadh sé “an-drochmhisneach” ar dhuine nach raibh obair ar bith ar bun ansin i láthair na huaire.
D’iarr an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Marie Sherlock, ar an Taoiseach an tseachtain seo caite idirghabháil a dhéanamh chun an togra a thabhairt chun críche ach dúirt Micheál Martin go raibh “lear mór fadhbanna” le réiteach.