Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Padraic O Ciardha

‘Ní fhéadfaimis a shamhlú go n-éireodh chomh maith leis’ – breis is €65,000 bailithe ag an nGaeltacht roimh chluiche ceannais na hÉireann

Is ar éigean go raibh an cic saor cinniúnach ó Éanna Ó Conchúir na Gaeltachta imithe thar an trasnán i bPáirc Uí Chaoimh Dé Sathairn seo caite nuair a thosaigh an réiteach do chluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh.

Níl aon chumann sa tír nár bhreá leo a bheith ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann ag tús na bliana ach, gan ach ocht lá idir an cluiche leathcheannais i gCorcaigh agus an cluiche ceannais i mBaile Átha Cliath, is beag am a bheidh acu siúd a choinníonn an seó ar an mbóthar thiar i nGallros le taitneamh a bhaint as an scleondar atá le brath i gCorca Dhuibhne na laethanta seo.

Tá carnán breá corn cruinnithe ag foireann na Gaeltachta go dtí seo sa bhfeachtas – craobhacha Chiarraí agus na Mumhan chomh maith le craobh Chiarraí Thiar – ach de réir mar a théann an feachtas ar aghaidh, is ag cruinniú a bhíonn na billí chomh maith.

Agus cluichí leathcheannais na Mumhan agus na hÉireann socraithe go luath sa tráthnóna i gcontae an Chláir agus i gCorcaigh faoi seach, bhí ar fhoireann na Gaeltachta fanacht in óstáin roimh ré chun a bheith ullamh agus beidh lóistín le fáil sa bpríomhchathair roimh agus i ndiaidh an chluiche ceannais in aghaidh Ghleann an Iolair as Doire ar an Domhnach.

Is mór an costas é sin ar chumann beag, gan trácht ar na costais a bhainfidh le cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, bia agus eile.

Ábhar faoisimh agus údar spreagtha don fhoireann agus don chumann mar sin an tacaíocht atá faighte ón bpobal acu le roinnt laethanta.

Cosúil le go leor cumann eile, is é an lotto príomhfhoinse maoinithe Chumann Caide na Gaeltachta ach tuigeadh luath go leor nár leor an teacht isteach sin chun na costais a bheidh orthu a íoc. Cinneadh feachtas bailiúcháin airgid a shocrú ar líne agus is cinnte go bhfuil lucht tacaíochta na Gaeltachta sa mbaile agus níos faide i gcéin tar éis teacht i gcabhair orthu.

€1,500 a bhí mar sprioc nuair a cuireadh tús leis an feachtas gofundme an deireadh seachtaine seo caite ach bhí an sprioc sin sáraithe agus sáraithe go maith laistigh de chúpla uair an chloig agus os cionn €65,000 bailithe i láthair na huaire.

“Ní fhéadfaimis a shamhlú go n-éireodh chomh maith leis,” a deir Dara Ó Cinnéide, cathaoirleach an chumainn agus duine de roghnóirí na foirne chomh maith.

“Chuireamar sprioc íseal leis [ar dtús]. Bhíomar idir dhá chomhairle cúpla míle a lorg nó €5,000 nó €10,000 nó cad é? Ach thuigeamar laistigh d’uair an chloig ansin leis an dtacaíocht a tháinig isteach gur rud é seo a d’fhéadfadh díol go huile is go hiomlán as na billí ar fad a bhí againn i gcaitheamh na bliana.”

Tá breis is 500 duine tar éis síntiús a thabhairt, rud a léiríonn an fonn atá ar an bpobal tacaíocht a thabhairt don fhoireann, dar leis an gCinnéideach.

“Tá leanaí scoile ag cur cúig euro isteach ann agus tá sé sin díreach chomh tábhachtach leis an €500 a thagann isteach ó fhear gnó,” ar sé.

“Ní leanfaidh sé seo go deo, is rud aon uaire é agus is rud eisceachtúil é amach is amach. Ach is deis é do dhaoine chomh maith. Ní rabhamar ag tarrac ón dtobar ó aimsir Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019, agus is deis dóibh a thaispeáint dúinne agus do na himreoirí go háirithe, ‘Féach, tá ár dtacaíocht agaibh agus sibh ag déanamh ar chluiche ceannais na hÉireann.’

“Sin é an ghné is tábhachtaí. Déan dearúd ar airgead ar feadh soicind – tacaíocht na muintire, tá sé ann. Táimid chomh buíoch go bhfuil ach tá sé tábhachtach domsa mar chathaoirleach ar an gclub go dtabharfadh muid geallúint do na daoine a thug €5 nó €500 ná beidh a gcuid airgid caite go neafaiseach. Beidh sé caite ar chúiseanna maithe, ní bheidh sé caite ar jollies thuas i mBaile Átha Cliath ná aon rud mar sin.”

Ní flaithiúlacht an phobail amháin atá ag spreagadh na foirne, áfach, agus deir Ó Cinnéide go bhfuil ardú croí ag baint le dathanna an chumainn a fheiceáil ar fud an cheantair.

“Bhíos á rá roimis na cluichí ar fad ó chraobh an chontae, an misneach agus an spreagadh a fhaigheann tú ó na bratacha a fheiscint ar pholla lasmuigh de thigh. Rud beag é sin do dhuine áirithe ach rud mór é sin dúinne agus tugann sé oiread spreagadh dúinn.

“Dá mbuafadh an tacaíocht é Dé Domhnaigh, bheimis leathshlí ann ach caithfear cluiche a imirt agus beidh na haon bhéic agus na haon bhall den lucht tacaíochta ag teastáil ar an nDomhnach chomh maith.”

Níos mó

Carnabhal caide Chorca Dhuibhne ag déanamh ar Pháirc Uí Chaoimh

Dé Sathairn, 3 Eanáir

Craobh Idirmheánach Peile na hÉireann – Babhta Leathcheannais

An Ghaeltacht v Na Solláin – Páirc Uí Chaoimh, 1.15pm (Beo ar TG4)

Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Babhta Leathcheannais

Baile Buadáin, Naomh Éanna v Daingean Uí Chúis – Páirc Uí Chaoimh, 3.15pm (Beo ar TG4)

 

Tiocfaidh carnabhal caide Chorca Dhuibhne go dtí cathair Chorcaí agus Páirc Uí Chaoimh tráthnóna amárach agus peileadóirí na Gaeltachta agus an Daingin ar cuairt chun cluichí leathcheannais na hÉireann a imirt.

Tá laethanta an turcaí agus an dreoilín curtha díobh acu anois agus muintir na leithinse ag díriú isteach ar an obair thábhachtach, an chaid.

Fir na Gaeltachta a chuirfidh tús leis an aicsean cois Laoi amárach agus foireann Fhergal Uí Shé ag tabhairt aghaidh ar churaidh Laighean, na Solláin ó Chill Dara.

Meastar na Solláin ar cheann de na foirne idirmheánacha ba láidre a tháinig amach as an gcontae le blianta beaga anuas agus is ar éigean gur tháinig aon dream i bhfoisceacht scread asail dóibh sa mbaile nó i Laighin. Ba é an bua naoi bpointe a bhí acu ar Chlóirtheach i mbabhtaí leathcheannais Laighean an bhearna ba lú a bhí idir na Solláin agus a gcéilí comhraic go dtí sin sa bhfeachtas ach tugadh dúshlán níos mó dóibh sa gcluiche ceannais.

Bhí fir Chill Dara sé phointe chun tosaigh ag leath ama agus ligeadar do Thobar an Chláir teacht ar ais ar comhscór agus deich nóiméad fágtha. Chríochnaigh na Solláin go láidir, áfach, agus cúl an duine aimsithe ag Cian Grimes agus James Dalton chun bua seacht bpointe a bhaint amach sa deireadh.

Tá Cian Grimes agus James Dalton ar bheirt de na tosaithe is fearr atá ag na Solláin agus Grimes breá ábalta na scóranna dhá phointe a fháil ach is é deartháir James Dalton, Colm, croí na foirne ar go leor bealaí. Ní haon chomhtharlú é gurbh é an cluiche ba dheacra a bhí ag na Solláin ná an ceann a raibh Dalton ar leathchois dó. Ghortaigh sé teannán na hioscaide agus é ar champa traenála le Cill Dara agus cé gur thosaigh sé an cluiche, ní raibh sé ar a chompord ar chor ar bith.

Beidh le feiceáil cén chaoi a mbeidh Dalton tagtha chuige féin i rith na Nollag ach foireann óg, aclaí í ceann na Sollán agus Dalton, Grimes agus Luke Killian i lár an aonaigh go minic.

Foireann óg go maith í ceann na Gaeltachta chomh maith ach tá ceannairí maithe acu freisin. Cé go mbeidh sé 36 bliain d’aois níos deireanaí an mhí seo, is ag dul i bhfeabhas a bhí Aidan Walsh i lár an ghoirt don Ghaeltacht i gcluichí ceannais an chontae agus na Mumhan agus bhí an-chluiche ag Pádraig Óg Ó Sé in aghaidh Achadh Bolg chomh maith.

Bíonn Brian Ó Beaglaoich lárnach i nach mór gach rud agus ardchaighdeán dochreidte bainte amach ag an imreoir contae in 2025. Is é go minic a dhéanann na ruathair chun deiseanna a chruthú dá dheartháir Ruaidhrí agus d’Éanna Ó Conchúir sna tosaithe agus an príomhchúram a bheidh ar na Solláin ná greim a fháil air.

Bhí cosaint na Gaeltachta an-mhaith i gcluiche ceannais na Mumhan chomh maith, agus Cian Ó Murchú go háirithe ar fheabhas. Údar dóchais dóibh nach é amháin gur éirigh le hógánaigh na foirne dul i bhfeidhm ar an gcluiche ach an tionchar a bhí ag na hionadaithe a tháinig isteach ar an gcluiche chomh maith.

Agus an t-aistear síos go Corcaigh déanta, beidh sé chomh maith ag lucht tacaíochta na Gaeltachta fanacht thart do chluiche na sinsear idir an Daingean agus Baile Buadáin, bíodh siad ag tacú lena gcomharsana nó ná bíodh.

Ba í craobh an chontae an ceann mór don Daingean i mbliana agus Corn Uí Mhuineacháin buaite acu den chéad uair ó 1948 ach, agus iad anois 60 nóiméad ón lá mór i bPáirc an Chrócaigh, is cinnte go mbeidh siad dírithe go hiomlán ar chorn eile a thabhairt siar.

Beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar dtús ar cheann d’ollchumainn Bhaile Átha Cliath, dream a bhfuil deich n-oiread foirne acu – 220 – ná mar a bheadh ag an Daingean, idir óg agus aosta.

Tá glúin speisialta imreoirí tagtha chun cinn sa Daingean, áfach, idir mhuintir Geaney, na Súilleabhánaigh agus mhuintir Uí Chonchúir. Ba é Conor Geaney a d’aimsigh an scór a d’fhág go mbeadh craobh na Mumhan ag dul siar go Corca Dhuibhne ach is mó tionchar a bhí ag Dylan agus Paul ar chúrsaí roimhe sin agus seans go mbeidh taispeántas níos fearr ná mar a tugadh in aghaidh Chumann Barra Naofa ag teastáil chun Baile Buadáin a chloí.

Cinnte is cailliúint ollmhór a bheidh i Mark O’Connor, go háirithe agus fear na Gaillimhe, Céin D’Arcy ag imirt ar fheabhas do Bhaile Buadáin.

Foireann láidir atá ag seaimpíní Bhaile Átha Cliath agus Laighean agus roinnt imreoirí acu a bhfuil taithí idirchontae acu. Tá geansaí Átha Cliath caite ag Hugh O’Sullivan sa chúl, ag Alex Gavin sa líne leathchúil agus ag Colm Basquel, Ross McGarry agus Ryan Basquel i measc na dtosaithe. D’imir Pa Warren do Chiarraí freisin.

Rogha láidir na coitiantachta iad fir Bhaile Buadáin chun an ceann seo a bhaint ach beidh muintir an Daingin ag súil nach bhfuil deireadh leis an taisteal go fóill.

Níos mó

Taithí ag duine as gach deichniúr ó thuaidh ar imeaglú de bharr úsáid na Gaeilge

Deir duine as gach deichniúr ó thuaidh go bhfuil “taithí” acu ar imeaglú a bheith déanta orthu agus iad ag úsáid na Gaeilge.

De réir suirbhé a rinneadh do Chonradh na Gaeilge, dúirt 11% den bhreis is 1,000 ar cuireadh ceist orthu go raibh taithí acu ar eachtraí imeaglaithe nó ciaptha mar gheall ar fhoghlaim nó úsáid na Gaeilge.

Dúirt 37% nach raibh aon taithí acu ar imeaglú as a bheith ag labhairt as Gaeilge nó ag foghlaim na teanga agus 52% a dúirt nach raibh aon tuairim acu ar maidir leis an gceist sin.

Ireland Thinks a rinne an suirbhé do Chonradh na Gaeilge agus deirtear go ndearnadh an suirbhé ar shampla 1,051 duine a bhí ionadaíoch ar an bpobal ó thuaidh a bhí 18 bliain d’aois agus os a chionn.

Tá eachtraí ina ndearnadh bagairt ar dhaoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge nó ina ndearnadh loitiméireacht ar chomharthaíocht Ghaeilge ó thuaidh i mbéal an phobail le blianta beaga anuas.

Mheas tromlach mór, 82%, díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé nár chóir go ndéanfaí imeaglú ná ciapadh ar dhaoine a bhí ag foghlaim nó ag labhairt na Gaeilge. Dúirt 7% nár aontaigh siad leis an tuairim sin.

Deir Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge, nach bhfuil aon áit ag fuath do theanga sa tsochaí agus, breis is 25 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, gurb é an rud is lú a bheadh lucht na Gaeilge ó thuaidh ag súil leis an tsaoirse ó imeaglú agus iad ag úsáid na teanga.

“Léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil tromlach suntasach de dhaoine den tuairim chéanna seo agus is údar muiníne é sin,” a deir Nic Liam. “Bíodh sin mar atá, tá 11% de dhaoine a thuairiscigh go raibh taithí de chineál éigin acu le himeaglú nó ciapadh agus iad ag labhairt nó ag foghlaim na Gaeilge, tráth a bhfuil na meáin ag tuairisciú ionsaithe suaracha ar an Ghaeilge agus ar chomharthaí dátheangacha go rialta.

“Bímis iomlán soiléir faoi nach gcuireann úsáid na Gaeilge isteach ar chearta dhuine ar bith eile. Is ann do dhearcthaí diúltacha i leith na Gaeilge, níos minice ná a malairt, mar gheall ar easpa eolais agus tuisceana.

“Go rómhinic, áfach, bíonn na dearcthaí sin bunaithe ar sheasamh seicteach agus frith-Ghaeilge ar fad. Is mar thoradh air seo a bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná ariamh go mbeadh an Ghaeilge níos inrochtana agus níos feiceálaí do chách, go háirithe inár spásanna roinnte, poiblí.”

I measc na n-eachtraí fuatha inar léiríodh naimhdeas don Ghaeilge, bhí feachtas fuatha i gcoinne na chéad naíscoile lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste a d’fhág go raibh ar an scoil bogadh. Tuairiscíodh níos luaithe i mbliana freisin gur bhagair paraimíleataigh dhílseacha go ndófaí feithiclí de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a mbeadh comharthaíocht i nGaeilge orthu tar éis don chomhairle polasaí Gaeilge a aontú.

Níos mó

Formhór an phobail ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar don Ardteist

Tá tromlach an phobail i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar sa gcóras oideachais, de réir pobalbhreith nua.

Deir 60% den phobal gur chóir go mbeadh ar gach dalta staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge chomh fada leis an Ardteist.

Thart ar dhuine as gach ceathrar, 27%, a dúirt nár aontaigh siad gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach sa gcóras oideachais agus bhí 14% eile nár nocht aon tuairim.

Tá na figiúirí bunaithe ar thorthaí suirbhé nua a rinne an comhlacht Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge.

Méadú beag a bhí sa 60% a bhí i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar ar an 58% a dúirt amhlaidh in 2022. 64% a bhí i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar i suirbhé 2019.

Mar chuid den phobalbhreith nua a rinneadh do Chonradh na Gaeilge cuireadh ceist ar os cionn 1,000 duine cé acu ar aontaigh nó nár aontaigh siad leis an áiteamh gur cheart don Ghaeilge a bheith ina croí-ábhar do gach dalta scoile, daltaí Ardteiste san áireamh.

Deir Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, gur “treocht sheasmhach” atá sa tacaíocht don Ghaeilge éigeantach sa gcóras oideachais agus go n-aithníonn daoine an luach atá léi.

“Léiríonn taithí in áiteanna eile go díreach cad a tharlaíonn nuair a dhéantar ábhar roghnach de theanga lárnach. I Sasana, nuair a baineadh teangacha nua-aimseartha as an gcuraclam lárnach GCSE, thit an rannpháirtíocht ó 79% in 2001 go 41% in 2018,” a deir Ó Deá.

“Ó thuaidh, bhí tionchar tubaisteach ar an athrú polasaí sin ar an Ghaeilge sna meánscoileanna Béarla. Bheadh baol ann go dtarlódh an rud céanna ó dheas.

“Leis sin bheadh níos lú agus níos lú daltaí a roghnódh an Ghaeilge, níos lú soláthair i scoileanna, níos lú múinteoirí, agus creimeadh de réir a chéile ar an nGaeilge ag gach leibhéal – ón tsraith shinsearach, ar ais isteach sa tsraith shóisearach, agus sa deireadh isteach sa bhunscoil.”

Tagann ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais chun cinn minic go leor.

Dúirt an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) in 2018 go mbeadh ceist na Gaeilge éigeantaí lárnach sa phlé a dhéanfaí san athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach, ach níor luadh stádas na teanga beag ná mór sa tuarascáil nuair a foilsíodh í.

Tá an cheist tagtha chun cinn arís i bhfianaise an ardú atá tagtha ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge, ach tá séanta ag an Roinn Oideachais go bhfuil sé i gceist ábhar roghnach a dhéanamh di.

Ag méadú i gcónaí atá líon na ndaltaí Ardteiste nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

De réir thorthaí na hArdteiste i mbliana, 24% de dhaltaí, nó beagnach duine as gach ceathrar, nach ndearna aon scrúdú Gaeilge, i gcomparáid le 23% anuraidh. Seo an ceathrú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.

Léirigh torthaí eile ó shuirbhé nua Chonradh na Gaeilge go bhfuil muintir na hÉireann níos muiníní as a gcuid Gaeilge ná mar a bhí.

Níos mó

Cáineadh déanta ar ‘chúngaigeantacht’ Fhianna Fáil maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge

Tá cáineadh déanta ag Sinn Féin ar dhiúltú an rialtais Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais.

Deir an páirtí is mó sa bhfreasúra go léiríonn na figiúirí maidir le líon na dteaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa nGaeltacht go bhfuil teipthe ar an rialtas an teanga a chur chun cinn sna ceantair sin.

Tá Sinn Féin ag moladh Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais “gan a thuilleadh moille”.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc nach raibh sé i gceist an scéim a thabhairt ar ais in ainneoin éilimh ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go ndéanfaí an beart a fhiosrú.

Léirigh taighde de chuid Thuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil ach 15% de theaghlaigh sa nGaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge agus gur tháinig laghdú suntasach ar chéatadán na ngasúr idir 3-18 bliana d’aois sa nGaeltacht a bhfuil an teanga acu.

“Tá an tAire Calleary den tuairim go bhfuil go leor déanta cheana féin chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta in ainneoin na fianaise go léir go bhfuil teipthe go mór ar na hiarrachtaí seo,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

“Is cosúil go bhfuil Fianna Fáil níos cúngaigeanta fiú ná Fine Gael faoin ábhar seo, agus iarAire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan tar éis Scéim Labhairt na Gaeilge a phlé mar réiteach féideartha dhá bhliain ó shin, ach fós féin níor léirigh O’Donovan mórán spéise ach oiread i réiteach a chur i gcrích.”

Dúirt O’Donovan in 2023 go raibh sé ag breathnú ar an scéim a thabhairt ar ais agus chuaigh an Roinn i dteagmháil le heagraíochtaí teanga chun a dtuairimí a fháil ach ní raibh aon toradh ar na cainteanna.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh €2 milliún curtha ar leataobh ag Sinn Féin ina bhuiséad malartach chun íocaíocht €500 in aghaidh gach páiste atá á thógáil le Gaeilge a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta.

Méadú beagnach a dhá oiread é sin ón deontas €260 a bhí á íoc le teaghlaigh sular cuireadh deireadh leis an scéim in 2011.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh teaghlaigh “á mbrú ón nGaeltacht” ag “drochpholasaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus go mbeadh “dochar as cuimse déanta dár dtobar teanga” mura dtiocfadh athrú ar an scéal.

Níos mó

Muinín daoine as a gcuid Gaeilge méadaithe ó thuaidh agus ó dheas

Tá níos mó daoine i dTuaisceart Éireann “muiníneach” as a gcumas sa nGaeilge ná mar a bhí le blianta fada, de réir  taighde nua.

Deir 15% den phobal ó thuaidh in 2025 go bhfuil muinín acu i labhairt na Gaeilge, méadú ó 6% deich mbliana ó shin. Deir 20%, duine as gach cúigear, go bhfuil muinín acu ina gcumas an Ghaeilge a thuiscint, ardú ó 8% in 2015.

Tá na figiúirí bunaithe ar thorthaí suirbhé nua a rinne an comhlacht Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge.

Tá an pobal ó dheas níos muiníní as a gcumas sa teanga ná mar a bhí le cúpla bliain anuas freisin.

Dúirt 22% den phobal ó dheas go raibh siad muiníneach as a gcumas an Ghaeilge a labhairt (ardú ó 20% anuraidh) agus 37% a dúirt go raibh siad muiníneach go bhfuil siad in ann an Ghaeilge a thuiscint (ardú ó 35% in 2024).

Tá na figiúirí sin ó dheas fós níos ísle ná mar a bhí in 2017 – 31% a bhí muiníneach as a gcumas an Ghaeilge a labhairt agus 40% a bhí muiníneach as a dtuiscint ar an nGaeilge an bhliain sin – ach deir Conradh na Gaeilge gur athraíodh an mhodheolaíocht don suirbhé idir an dá linn agus nach féidir comparáid dhocht a dhéanamh.

De réir na ndaonáireamh is déanaí, bhí 13% den daonra trí bliana nó os a chionn ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ó dheas agus 2% a bhí i gceist ó thuaidh.

I nDaonáireamh 2022, cuireadh ceist ar dhaoine ó dheas den chéad uair faoina líofacht sa Ghaeilge agus 3.9% de dhaoine a dúirt go raibh Gaeilge an-mhaith acu agus 30% a dúirt go raibh Gaeilge mhaith acu.

Deir Cassie Ní Chatháin ó Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí ón suirbhé nua dul chun cinn soiléir maidir le cumas teanga, go háirithe sna sé chontae, ach go bhfuil tuilleadh tacaíochta ag teastáil ón dá rialtas má tá muinín ina gcumas sa teanga le spreagadh i measc tuilleadh daoine.

“Má tá muid ag iarraidh go dtiocfaidh fás suntasach ar na huimhreacha seo sna blianta amach romhainn, beidh gá le leibhéal uaillmhéine i bhfad níos airde ó na rialtais, thuaidh agus theas,” a deir Ní Catháin.

“Ní tharlóidh dul chun cinn de thaisme – tá infheistíocht leanúnach, pleanáil fhadtéarmach, agus fíorthiomantas de dhíth chun tacú le pobail, le foghlaimeoirí agus le cainteoirí ag gach leibhéal. Is gá deiseanna labhartha, úsáide agus foghlama a chruthú do dhaoine ionas gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid go rialta achan lá fud fad na tíre.”

Deir Ní Chatháin go bhfuil “bealach chun tosaigh” leagtha amach i bPlean Fáis Chonradh na Gaeilge chun deiseanna úsáide a sholáthar do dhaoine.

Rinneadh an taighde mar chuid de shuirbhé bliantúil Chonradh na Gaeilge, ‘Céard é an Scéal?’. Beidh tuilleadh de thorthaí an tsuirbhé á bhfoilsiú ar Tuairisc sna laethanta amach romhainn.

Daoine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó thuaidh agus ó dheas agus rinneadh na hagallaimh mí Iúil. Rinneadh 1,648 agallamh ó dheas agus 1,051 agallamh ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.1% ó thuaidh.

Níos mó

‘Tá sé in am fáil amach céard atá ag teastáil ó theaghlaigh’ – éileamh déanta ar bhunú macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge

Tá sé ráite ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil sé in am ag an rialtas tosú ar an obair i dtreo Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht. 

Léirigh taighde nua de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil ach 15% de theaghlaigh sa nGaelacht ag tógáil a gclann le Gaeilge agus gur tháinig laghdú suntasach ar chéatadán na ngasúr idir 3-18 bliana d’aois sa nGaeltacht a bhfuil an teanga acu. 

Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta go dtabharfadh macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge, ar cuireadh deireadh léi in 2011, cabhair agus spreagadh do thuismitheoirí a gcuid gasúr a thógáil le Gaeilge. Deir ceannasaí na heagraíochta, Sorcha Ní Chéilleachair, go bhfuiltear ag éileamh ar Roinn na Gaeltachta tabhairt faoi staidéar féidearthachta ar mhúnla nua don scéim. 

“Táimid i bhfabhar Scéim Labhairt na Gaolainne ar chur ar bun arís,” a dúirt Ní Chéilleachair le Tuairisc. “Táimid i bhfabhar é a chur ar bun sula dtéann páistí ar scoil ar dtús. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé in am anois dul amach agus fáil amach cad atá ar bun nó cad tá ag teastáil ó theaghlaigh, cad a dh’oibreodh agus cad ná oibreodh.” 

Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim in 2011, deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a bhí á íoc le teaghlaigh sa nGaeltacht ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí scoile. 

Dúirt Ní Chéilleachair go mbíodh an scéim in ann tuismitheoirí a spreagadh chun an Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí gan an iomarca brú a chur orthu. 

“Tá sé fíor fíordheacair dul thar tairseach isteach go dtí an baile, go dtí an teaghlach. Is áit ana-phríobháideach é agus sin an bua a bhain leis an scéim is dócha, gur thug sé an saghas an t-aitheantas san don teaghlach ach nach raibh sé ag brú aon rud orthu,” a dúirt Ní Chéilleachair. 

“Tá sé in am ceist a chur ar an bpobal agus ar an bpobal atá ag tógaint a gclann le Gaolainn. Céard ar mhaith leo, cad a chabhródh leo agus conas scéim a dhearadh a dh’oibreodh.” 

Dúirt an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe, a rinne comhairleoireacht ar an tuarascáil a d’fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta, gur aithníodh go forleathan go raibh go leor lochtanna ar Scéim Labhairt na Gaeilge ach gur mhúnla nua a bhí ag teastáil seachas deireadh ar fad a chur léi. Mhaígh sé go raibh tionchar an chinnidh sin le feiceáil sa laghdú suntasach a tháinig ar líon na gcainteoirí Gaeilge óga idir Daonáirimh 2011-2016. 

“Bheadh daoine ag rá nár cheart go mbeifeá ag tabhairt airgead do dhaoine as Gaeilge a labhairt agus ar ndóigh níor cheart. Tá go leor daoine díograiseacha ann a dhéanfadh an rud ceart gan aon airgead ach ní leor iad. Ní leor iad chun an ‘critical mass’ a theastaíonn le gur féidir an Ghaeilge a choinneáil mar theanga phobail,” a dúirt Ó hÉallaithe ag seoladh na tuarascála. 

In 2023, d’eagraigh Roinn na Gaeltachta “meitheal smaointeoireachta” faoi scéim a d’fhéadfadh a bheith ina “comharba” ar Scéim Labhairt na Gaeilge ach tá sé ráite go neamhbhalbh ó shin nach bhfuil an scéim á tabhairt ar ais. Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary mí Iúil na bliana seo nach raibh “aon phlean ag an bpointe seo faoi Scéim Labhairt na Gaeilge” a thabhairt ar ais. 

Léirigh Sorcha Ní Chéilleachair dóchas faoi scéim eile atá ar na bacáin chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc teaghlaigh Ghaeltachta, áfach. 

Dúirt Ní Chéilleachair go raibh staidéar féidearthachta faoi Scéim an gCuairteoirí Baile curtha faoi bhráid Roinn na Gaeltachta agus go raibh súil aici go mbeadh tacaíocht ina taobh le teacht. 

Faoin scéim seo, thiocfadh duine chuig teach chun tacaíochtaí teanga a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Cuairt uair an chloig ar feadh sé seachtaine a bheadh i gceist. 

Tá an scéim á reáchtáil ag an eagraíocht Tús Maith i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire ach tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag súil le tacaíocht a fháil chun í a leathnú amach go dtí na Limistéir Pleanála Teanga ar fad. 

“Cuireann [Tús Maith] cuairteoirí isteach go dtí an baile le saibhriú teangan a dhéanamh leis an teaghlach nó b’fhéidir cúnamh a thabhairt dóibh más ag foghlaim na teanga atá siad. Bíonn sé seachtainí de chuairteanna baile ag teaghlaigh a chuireann isteach ar an scéim agus tá ag éirí go hiontach léi. 

“Bheadh sé ceangailte le himeachtaí eile agus go mbeadh an duine céanna ag plé le grúpa tuismitheoirí agus leanaí agus go meallfadh siad an teaghlach amach sa bpobal chomh maith.” 

Dúirt Ní Chéilleachair go ndearna SEALBHÚ ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath staidéar féidearthachta ar fhorbairt na scéime agus go raibh an Roinn “an-dearfach” ina taobh. 

Níos mó

Gníomh ‘práinneach’ á lorg ón Státrúnaí chun cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Gaeilge

Bhí cásanna cúirte, comharthaíocht, polasaithe agus easpa cumhachta i measc na n-ábhar a pléadh ag an gcéad chruinniú oifigiúil a bhí ag Conradh na Gaeilge leis an gCoimisinéir Gaeilge nua-cheaptha ó thuaidh.

Bhuail toscaireacht ón gConradh le Pól Deeds an tseachtain seo chun cuir de na “mórcheisteanna” atá roimh phobal na Gaeilge a phlé.

Ina measc, tá an cás cúirte atá ar bun maidir leis an gcomharthaíocht Ghaeilge atá beartaithe do ​​Mhórstáisiún Bhéal Feirste, cás a bhfuil an Conradh ina idirghabhálaí ann.

Tá an breitheamh sa gcás sin tar éis scríobh chuig an Coimisinéir Gaeilge ag iarraidh air baint a bheith aige leis an gcás ach tá amhras ann go fóill faoi cén ról a d’fhéadfadh a bheith aige.

Dúirt Deeds le Tuairisc nach raibh “cumachtaí ar bith” aige go fóill agus é ag fanacht ar ordú um thosach feidhme chun go mbeadh sé in ann comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí poiblí faoi úsáid na Gaeilge ó thuaidh.

An Státrúnaí Hillary Benn atá leis an ordú sin a chur os comhair Pharlaimint Westminster agus deir Conradh na Gaeilge litir curtha acu chuig Oifig Thuaisceart Éireann ag éileamh go ndéanfaí gníomh.

I ndiaidh an chruinnithe leis an gCoimisinéir inné, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “céim shuntasach” ar an aistear chun cearta teanga a fháil do phobal na Gaeilge ó thuaidh a bhí i gceapachán an Choimisinéara ach go raibh dúshláin fós le sárú ar bhonn práinne.

“Níl aon amhras ach go bhfuil deacracht mhór le sárú láithreach, agus feidhmeanna an Choimisinéara fós ar lár,” a dúirt Ó Muadaigh. “Scríobh an Conradh chuig an NIO an tseachtain seo caite le hiarratas go ndéanfaidh Hilary Benn seo go práinneach.

“Fágann sin go bhfuil ceist ann, in éagmais na bhfeidhmeanna sin, maidir le ról an Choimisinéara sa chás cúirte maidir leis an chomharthaíocht ag an Stáisiún Traenach ag Cros na bhFíodóirí i mBéal Feirste.

“Cibé bealach a thiteann sé amach, tá comhairle láidir, thábhachtach ag an Choimisinéir Gaeilge nua ar an cheist áirithe sin, agus cuideoidh sé go mór leis an Bhreitheamh an chomhairle sin a léamh. Mar idirghabhálaí oifigiúil sa chás anois, beidh Conradh na Gaeilge ag iarraidh theacht ar bhealach chun an tuairim sin a chur i láthair na hArd-Chúirte.”

Dúirt Ó Muadaigh freisin go raibh súil aige go bhfeicfí dul chun cinn maidir le beartais don Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí gan mhoill agus an Coimisinéir anois ceaptha. Dúirt sé gur cuireadh roinnt ceisteanna faoin nGaeilge “ar leataobh” le roinnt blianta anuas agus ceapachán an Choimisinéara idir dhá cheann na meá.

“Dúirt neart, neart Airí, Rannaí Stáit, údaráis phoiblí, ollscoileanna agus eile linn nach raibh siad chun aon bheartas a thabhairt isteach don Ghaeilge sular ceapadh an Coimisinéir úr.

“Anois tá an Coimisinéir ann, agus tugann an reachtaíocht feidhm don Choimisinéir comhairle, treoir agus tacaíocht a thabhairt do na heagrais sin uilig maidir le húsáid na Gaeilge, idir seirbhísí, polasaithe, comharthaíocht agus eile,” a dúirt Ó Muadaigh.

“Thar aon rud eile, is é bun-sprioc na reachtaíochta an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Caithfidh an pobal difear suntasach a fheiceáil sa dóigh a mbíonn an stát ó thuaidh, stát a bhí naimhdeach agus leatromach don teanga riamh anall, ag plé leis an teanga agus leis an phobal.”

Níos mó

Cumann Lúthchleas Gael ag moladh go bhforbrófaí polasaí náisiúnta do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag tacú le héilimh go bhforbrófaí Beartas Náisiúnta Tithíochta don Ghaeltacht chun déileáil leis an ngéarchéim thithíochta agus chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.

I dtuarascáil atá foilsithe ag CLG faoin athrú déimeagrafach in Éirinn, luaitear cás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus déantar tagairt don tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge don eagraíocht.

“̌Tá gaol speisialta idir CLG agus an Ghaeilge, agus tá áit lárnach aici sa Chumann,” a deirtear.

Deir údair na tuarascála go raibh “ról tábhachtach” ag na cumainn atá lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre “cabhrú le caomhnú na teanga náisiúnta do na glúnta atá le teacht” ach aithníodh na dúshláin a chruthaigh easpa tithíochta sna ceantair sin don sprioc sin.

“Tá dúshláin mhóra roimh phobal na Gaeltachta in Éirinn de bharr an athrú atá tagtha ar staid dhéimeagrafach na hÉireann le tamall de bhlianta anuas. Aithnítear go bhfuil ról lárnach ag cúrsaí pleanála maidir le todhchaí inmharthana a chinntiú don Ghaeilge agus do phobail na Gaeltachta,” a deirtear sa tuarascáil.

“Tá an-chuid deacrachtaí ag pobal na Gaeltachta cead pleanála a fháil le go bhféadfaidís fanacht sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá méadú mór tar éis teacht ar phraghas na dtithe, rud a chiallaíonn go bhfuil siad róchostasach dóibh agus nach féidir leo iad a cheannach.”

Déantar tagairt sa tuarascáil freisin don laghdú atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa nGaeltacht le roinnt blianta anuas agus an titim atá tagtha ar líon na gcainteoirí sa stát trí chéile.

Moltar go dtabharfadh an rialtas faoi pholasaí náisiúnta don tithíocht sa nGaeltacht, mar atá éilithe ag leithéidí Chonradh na Gaeilge le roinnt blianta anuas.

“Tacaíonn CLG leis na heagrais Ghaeilge atá ag éileamh Beartas Náisiúnta Tithíochta don Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh beartas den chineál sin dírithe ar chinnteacht a thabhairt do phobail na Gaeltachta le go mbeidís in ann maireachtáil ina gceantair dhúchais féin agus leanúint orthu ag tacú le caomhnú na Gaeilge.

I measc na n-éileamh atá ag an gConradh do pholasaí tithíochta don Ghaeltacht, tá srianta ar fhorbairtí mórscála tithíochta agus ar thithe saoire, go ndéanfaí measúnú ar chumas teanga duine ó lasmuigh den Ghaeltacht a bheadh ag iarraidh teach a cheannach sa nGaeltacht, agus go mbeadh tuilleadh tithe sóisialta tógtha do mhuintir na Gaeltachta

Déanann an tuarascáil de chuid CLG mionscrúdú ar an athrú déimeagrafach in Éirinn agus an tionchar atá aige ar chlubanna tuaithe agus uirbeacha ar fud na tíre.

Deirtear go bhfuil breis is seacht milliún duine anois ina gcónaí in Éirinn, an méid is mó ó 1861, agus gur i gcathracha agus i mbailte is mó atá cónaí ar dhaoine.

I measc phríomhthorthaí na tuarascála, deirtear go bhfuil 78% de chlubanna CLG lonnaithe i gceantair thuaithe ina bhfuil laghdú ag teacht ar an daonra.

Tá duine as gach triúr in Éirinn anois ina gcónaí i mBaile Átha Cliath nó i mbaile satailíte i bhfoisceacht uair an chloig den phríomhchathair. Mar sin féin, níl ach 18% de na clubanna lonnaithe sa gceantar céanna agus gá le tuilleadh a bhunú, dar le CLG.

Deirtear go nach bhfuil ach 50 club ag freastal ar cheantair ina bhfuil breis is 25% de na gasúir ar fad idir 0-5 bliain d’aois sa tír ina gcónaí agus go bhfuil os cionn leath leanaí na tíre atá idir 0-5 bliain d’aois ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, i gcontae an Dúin, Cill Dara, Gaillimh agus Corcaigh.

I measc na moltaí atá luaite sa tuarascáil, tá scéimeanna píolótacha le cur ar bun i gCiarraí agus i gCill Dara chun na dúshláin atá ann do chumainn tuaithe agus uirbeacha a aithint. I measc na gceantar a mbeidh na scéimeanna ag díriú orthu beidh Uíbh Ráthach.

Tá fodhlíthe le forbairt chun é a dhéanamh níos éasca d’imreoirí aistriú ó chumann uirbeach go dtí cumann tuaithe a bhfuil nasc acu leo agus freisin chun srian a chur ar aistrithe chuig cumainn mhóra uirbeacha.

Táthar freisin ag iarraidh tacú le cumainn a mbíonn deacrachtaí acu foirne fásta a chur chun páirce agus cláracha nua a fhorbairt chun go bhféadfaí comórtais 11 nó naoi imreoir an taobh a imirt.

I measc na moltaí eile, tá Aonad Tacaíochta Club le bunú a oibreoidh ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an chúige.

Dúirt Uachtarán CLG, Jarlath Burns, gurb í ceist an daonra an bhagairt is mó atá ar Chumann Lúthchleas Gael le 100 bliain anuas.

“Níl smacht ag CLG ar go leor de na dúshláin a bhaineann le cúrsaí daonra. Mar sin féin, caithfidh muid labhairt le chéile fán dóigh is fearr le cinntiú go bhfuil láithreacht agus croí againn inár gcathracha, inár mbailte, inár sráidbhailte agus inár bpobail tuaithe,” a dúirt Burns.

“Tréith láidir i stair iontach CLG ná an diongbháilteacht a bhaineann linn; an cumas atá ag an Chumann dúshláin a shárú agus fanacht i gcroílár shaol na hÉireann. Deirim é sin toisc go sílim go dtig linn cosán a leagan amach romhainn féin.”

Dúirt Benny Hurl, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Déimeagrafaicí CLG, go dtugann an tuarascáil “deis athnuachana” don eagraíocht.

“Creidimid go gcruthaíonn an tuarascáil seo pictiúr an-soiléir dúinn de na contúirtí atá romhainn agus an gá práinneach atá le gníomh. Ní rud é an t-aistriú daonra seo a bhaineann leis an todhchaí – baineann sé leis an lá inniu.”

Níos mó

Muintir Geaney ina ngaiscígh agus Craobh na Mumhan buaite ag an nDaingean leis an gcic deireanach

Ba é Conor Geaney laoch an Daingin agus cic saor dhá phointe slánaithe aige leis an gcic deireanach chun bua drámatúil a thabhairt do sheaimpíní Chiarraí i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mumhan, cluiche a mbeidh cuimhne go deo air ar an mbaile Gaeltachta.

Bhí an chuma ar scéal go raibh an iomarca le déanamh ag fir Dhaingean Uí Chúis agus iad seacht bpointe chun deiridh ar Chumann Barra Naofa agus thart ar 20 nóiméad fanta i Staid Semple ach d’éirigh leo an bhearna a laghdú de réir a chéile, a bhuíochas do scóranna den scoth ó Dylan Geaney den chuid is mó.

Chiceáil Dylan scór dhá phointe chomh maith is a d’fheicfeá in aon chluiche sa 60ú nóiméad chun aon scór amháin a chur idir na foirne, 1-16 in aghaidh 0-20, ach bhí scór eile ag teastáil chun craobh na Mumhan a bhuachan den chéad uair riamh i stair an chumainn. Bhí cúpla deis ag na Corcaígh ar scór san am cúitimh ach chuireadar amú iad agus tugadh seans amháin eile don Daingean agus an trí nóiméad istigh. Tugadh cic saor 50 slat chun cinn agus cinneadh déanta ag an réiteoir nár thug imreoir Barra Naofa an liathróid ar ais don Daingean. Ní hé an cluiche ab fhearr a bhí imeartha ag Conor Geaney go dtí sin agus cúpla iarracht curtha amú aige ach bhuail sé an cic saor, a bhí díreach laistigh den líne 45m, díreach idir na postaí chun an Daingean a chur pointe amháin chun tosaigh agus gan deis ag a gcéilí comhraic freagra a thabhairt.

Lucht tacaíochta an Daingin ag ceiliúradh le Conor Geaney. Pic: INPHO/James Lawlor

Ní fhéadfá gan trua a bheith agat do na ‘Barrs’ leis an gcaoi a chríochnaigh an cluiche dóibh agus bheadh trua go háithe agat dá leathosach , Steven Sherlock. Thug Sherlock taispeántas dochreidte sa gcluiche ceannais agus 16 den scór pointe a chláraigh Cumann Barra Naofa tagtha óna bhróg. Sé cinn de scóranna dhá phointe a scóráil Sherlock ach ní raibh i ndán dó ach an briseadh croí sa deireadh.

An Daingean a chur tús níos fearr leis an gcluiche agus pointí faighte ag Paul, Conor agus Dylan Geaney laistigh den chéad cheithre nóiméad ach nuair a thosaigh Sherlock ag aimsiú na sprice níor thóg sé i bhfad ar na Corcaígh dul chun tosaigh.

Seacht bpointe a d’aimsigh sé sa gcéad 15 nóiméad agus na ‘Barrs’ imithe 0-8 in aghaidh 0-4 chun cinn ach bhí freagra ag Paul Geaney nuair a fuair captaen an Daingin cúl deas chun an bhearna a laghdú.

Scór eile á aimsiú ag Steven Sherlock. Pic: INPHO/James Lawlor

Ba bheag nár aimsigh Geaney a dara chúl ar bhuille leath ama ach bhuail a iarracht in aghaidh an trasnáin agus a bhuíochas le tuilleadh scóranna ó Sherlock bhí cruaidh Chorcaí  0-14 in aghaidh 1-6 chun cinn ag an mbriseadh.

Scór dhá phointe ó Dylan Geaney a chur tús leis an dara leath ach shlánaigh Sherlock aon chic saor a bronnadh ar Chumann Barra Naofa, cuid acu a bhí bog go maith chaithfeá a rá.

Bhí seacht bpointe eatarthu ag pointe amháin sa dara leath agus bhí bearna cúig phointe fós ann nuair a d’aimsigh Brian Hayes pointe sa 49ú nóiméad ach b’shin an scór deireanach a bheadh ag na Corcaígh. Bhí an Daingean gan Paul Geaney ar feadh tamaillín agus é gortaithe ach sheas Dylan Geaney an fód agus Geaney eile, Conor, a bhuaigh an cluiche dóibh agus an t-am caite.

Casfaidh an Daingean anois ar churaidh Laighean, Baile Baodáin, i gcluiche leathcheannais na hÉireann mí Eanáir.

Níos mó

An Ghaeltacht caithréimeach i Ráth Caola agus craobh na Mumhan buaite acu

An Ghaeltacht 2-12 Achadh Bolg 1-8

Tá Craobh Idirmheánach Peile na Mumhan tugtha leo ag Cumann Caide na Gaeltachta tar éis dóibh bua seacht bpointe a fháil ar Achadh Bolg ó Chorcaigh sa gcluiche ceannais i Ráth Caola tráthnóna.

Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, agus cóir láidir na gaoithe ag cleas Chorcaí sa gcéad 30 nóiméad, ach léirigh fir na Gaeltachta a gcumas sa dara leath agus bhí a mbua tuillte go maith acu. Tá craobh an chúige ag an ngrád seo anois buaite acu don dara huair, ocht mbliana óna gcéad bhua a bhí sa chomórtas in 2017.

I gcoinne bhuaiteoirí chluiche ceannais Laighean, atá le himirt an tseachtain seo chugainn, a bheidh an Ghaeltacht i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann sa mbliain nua ach is féidir leo scíth bheag a ligeann idir an dá linn agus ceiliúradh a dhéanamh thar an Nollaig ar na coirn atá tugtha siar acu le cúpla mí anuas.

Ba é Pádraig Óg Ó Sé a d’aimsigh an scór deireanach den chluiche sa gcéad nóiméad d’am cúitimh, scór a bhí tuillte go maith ag fear Ard an Bhóthair tar éis dó taispeántas iontach a thabhairt ar feadh an 60 nóiméad. Níorbh é an t-aon t-aon laoch a bhí ag an nGaeltacht, áfach.

Ba dheacair dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh na gaoithe sa gcéad leath ach d’éirigh le Brian agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich bearnaí a aimsiú agus rinne Éanna Ó Conchúir agus Tomás Ó Sé amhlaidh sa líne lántosaithe chomh maith. Bhí Cathal Ó Beaglaoich thar barr i lár na páirce agus tionchar mór ar an imirt freisin ag a leathbhádóir Aidan Walsh, chomh maith le leithéidí PJ Mac Láimh agus Gavin Ó Cinnéide, a fuair scór dhá phointe tábhachtach ag tús an dara leath chun an Ghaeltacht a chur ar an mbóthar ceart. Tá moladh ar leith tuillte freisin ag Cian Ó Murchú sa líne lánchúil as an sár-jab a rinne sé chun naoscaire Achadh Bolg, Luke Casey, a smachtú.

Bhí a fhios ag Achadh Bolg go gcaithfeadh siad tairbhe a bhaint as an ngaoth sa gcéad leath ach d’fhág siad cúpla iarracht i mbéal an chúil sa gcéad cúpla nóiméad agus an Ghaeltacht a d’aimsigh an chéad scór, ceann an-tábhachtachi.

Rinne cúl báire Achadh Bolg John Buckley sábháil iontach chun iarracht ó Thomás Ó Sé a choinneáil amach sa gcúigiú nóiméad ach bhí sé ag piocadh na liathróide amach as an eangach cúpla nóiméad ina dhiaidh sin nuair a chuir Éanna Ó Conchúir iarracht íseal thairis tar éis dó beirt nó triúr cosantóirí a chur de,

Bhí freagra maith ag Achadh Bolg. Scór dhá phointe ó John Corkery a tosaigh an teacht aniar agus bhí cúl dá gcuid féin acu go luath ina dhiaidh sin nuair a ghearr Matthew Bradley isteach ó thaobh na láimhe deise chun urchar a bhá sa gcúl lena chiotóg.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ní rófhada a bhí an Ghaeltacht chun deiridh agus raspar eile de chúl faighte ag Ruaidhrí Ó Beaglaoich sa 12ú nóiméad. A dheartháir Brian a chruthaigh an deis arís agus is beag nár aimsigh Ruaidhrí cúl eile ceithre nóiméad ina dhiaidh sin nuair a chuaigh a iarracht díreach thar an trasnán.

D’aimsigh Cathal Ó Beagloaich agus Gavin Ó Cinnéide pointí chun an Ghaeltacht a chur 2-3 in aghaidh 1-2 chun tosaigh ag druidim i dtreo leath ama ach chríochnaigh Achadh Bolg go láidir agus scór dhá phointe an duine aimsithe ag John Corkey agus Adam Muphy chun na foirne a chur ar comhscór ag leath ama, 2-3 in aghaidh 1-6.

D’fhéadfadh go mbeadh spreagadh faighte ón tréimhse sin agAchadh Bolg sa dara leath ach léirigh Gavin Ó Cinnéide an buntáiste a bhain le bheith ag imirt leis an ngaoth nuair a fuair sé scór dhá phointe iontach trí nóiméad isteach sa dara leath.

Cúl á scóráil ag Éanna Ó Conchúir don Ghaeltacht. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Chuir pointe breá ó Éanna Ó Conchúir agus cic ’45 ó Aidan Walsh an Ghaeltacht ceithre phointe chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha agus bhí foireann Fhergail Uí Shé le moladh a guaim a choinneáil  orthu féin in ainneoin go ndeachaigh roinnt mhaith cinntí ón réiteoir ag dul ina gcoinne.

D’aimsigh Aaron O’Sullivan an chéad scór den dara leath d’Achadh Bolg agus 48 nóiméad ar an gclog ach d’fhreagair Conchúir Ó Corrduibh ar an bpointe é le scór don Ghaeltacht. Fuair Tomás Ó Sé agus Cathal Ó Beaglaoich (scór dhá phointe) scóranna breátha go luath ina dhiaidh sin agus an bhí Ghaeltacht buíoch do shábháil iontach a rinne Seán Ó Lúing chun iarracht ó Matthew Bradley a choinneáil amach. D’aimsigh Bradley scór amháin eile d’Achadh Bolg ach ba é pointe Phádraig Uí Shé a chur clabhsúr ar an aicsean agus 60 nóiméad anois idir an Ghaeltacht agus cluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh

An Ghaeltacht: S Ó Luing; C Ó Murchú, Rónán Ó Beaglaoich, A Mac Amhlaoibh; P Ó Sé, B Ó Beaglaoich, A Ó Beaglaoich; A Walsh (0-1, 1’45), C Ó Beaglaoich (0-3, 1dp); G Ó Cinnéide (0-3, 0-1cs, 0-1dp), Ruaidhrí Ó Beaglaoich (1-1), PJ Mac Láimh; C Ó Riagáin, É Ó Conchúir (1-1), T Ó Sé (0-1). Fir Ionaid: P P Sauerland in áit Rónáin Uí Bheaglaoich (26), C Ó Corrduibh (0-1) in áit Uí Riagáin (42), S Ó Gairbhí in áit Uí Chinnéide (48), S Ó Cuinn in áit Ruaidhrí Uí Bheaglaoich (58), C Mac Gearailt in áit Thomáis Uí Shé (63).

Achadh Bolg: J Buckley; D Merrick, C Smyth, P Dilworth; P Ring, S Tarrant, B Sullivan; C Gillespie, A Murphy (0-2, 1dp); A O’Sullivan (0-1), J Corkery (0-4, 2dp), P O’Sullivan; M Bradley (1-1), E O’Sullivan, L Casey. Fir Ionaid: Oisín O’Connell in áit Tarrant (17), D Thompson in áit Casey (35), C O’Sullivan in áit P O’Sullivan (36), Odhrán O’Connell in áit E O’Sullivan (54).

Réiteoir: Jonathan Hayes (Luimneach).

Níos mó

Bille Údarás na Gaeltachta le teacht os comhair na Dála arís in earrach 2026

“Go luath san earrach” a thiocfaidh an reachtaíocht atá le toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais os comhair na Dála arís, dar le hAire na Gaeltachta.

Thug an tAire Dara Calleary le fios sa Dáil gur sa mbliain nua a chuirfí tús arís leis an bplé ar An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, píosa reachtaíochta a gealladh ar dtús breis is cúig bliana ó shin.

Ní hamháin go bhfuil na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais faoin reachtaíocht leasaithe ach tá tuilleadh cumhachtaí maidir le cúrsaí tithíochta le tabhairt don Údarás chomh maith in iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht.

Ba i mí Bealtaine na bliana seo go deireadh a tháinig an bille os comhair na bpolaiteoirí i dTeach Laighean.

Bhí spriocdháta mór amháin caillte faoin am sin agus é i gceist ar dtús go mbeadh an reachtaíocht réidh chun go bhféadfaí toghcháin an Údarás a reáchtáil ag an am céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla a bhí ann mí an Mheithimh 2024.

Is in 2020 a gealladh ar dtús go dtabharfaí ar ais an toghchán do bhord an Údaráis. Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta, 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.

Faoin struchtúr nua atá beartaithe ag an Rialtas, 16 comhalta a bheidh i gceist, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Tá cumhachtaí sonracha i leith cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht le tabhairt don Údarás faoin mbille chomh maith. Deirtear sa mbille go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Mhol an freasúra roinnt leasuithe ar an dréachtreachtaíocht chun tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Údarás chun tithíocht a thógáil ach níor ghlac an rialtas leo go dtí seo.

Agus é ag labhairt sa Dáil le déanaí, dúirt an tAire Calleary nach fiú cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás nach mbeadh sé in ann a úsáid.

“Tá mé ag obair chun go mbeidh tuiscint idir mé féin agus an tÚdarás faoi stádas pleanála na talún atá aige i ngach chuid den Ghaeltacht,” ar sé.

“Níl aon fhadhb agam cumhachtaí a thabhairt don Údarás don talamh atá aige ag an bpointe seo ach tá sé tábhachtach go dtuigfimid céard é stádas na talún sin ag an bpointe seo agus cé na hathruithe atá déanta. Níl aon phointe cumhacht a thabhairt don Údarás murar féidir leis an chumhacht sin a úsáid mar gheall ar chúrsaí pleanála nó aon rialachán a bheidh ar an talamh sin.”

Moladh i bplean náisiúnta tithíochta nua an Rialtais go “bhfiosrófaí an fhéidearthacht” go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta, Uisce Éireann, agus na húdaráis áitiúla as lámha a chéile chun tithíocht a thógáil sa nGaeltacht agus dúirt an tAire Calleary go raibh sé i gceist aige bualadh le Príomhfheidhmeannach an Údaráis chun comhoibriú le hUisce Éireann a phlé.

Dúirt sé go raibh cruinniú le bheith aige freisin mí Eanáir leis na húdaráis áitiúla Ghaeltachta “chun brú a chur orthu” maidir le cúrsaí pleanála sa nGaeltacht.

Níos mó

‘Déanfaimid é’ – an rialtas tiomanta do sheirbhís nuachta neamhspleách a bhaint amach do TG4

Tá sé ráite ag an Aire Cumarsáide Patrick O’Donovan go bhfuil an rialtas tiomanta do neamhspleáchas nuachta a bhaint amach do TG4 agus go bhfuil sé féin sásta féachaint ar bhuiséad na heagraíochta a ardú sna blianta amach romhainn.

Tá sé molta ag Coimisiún na Meán go mbronnfaí tuilleadh airgead poiblí ar RTÉ agus TG4 agus cé nach bhfuil aon ghealltanas tugtha ag an Aire O’Donovan maidir le maoiniú breise a thabhairt don stáisiún Gaeilge, deir sé go gcoinneofar leis an obair atá ar siúl chun go mbeidh TG4 in ann a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil.

Faoi láthair, RTÉ a chuireann nuacht ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain. In 2022, ghlac an rialtas le moladh ó Choimisiún na Meán go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ.

Is beag dul chun cinn atá déanta sna cainteanna idir na heagraíochtaí ó shin ach, agus é ag labhairt faoi mhaoiniú do RTÉ agus TG4, dúirt an tAire Cumarsáide go gcoinneofar leis an obair go dtí go mbainfear neamhspleáchas amach do TG4 i dtaobh chúrsaí nuachta.

“Ó thaobh TG4 de, tá maoiniú breise curtha ar fáil againn don stáisiún i mbliana agus tá siad ar a slí chun a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil faoi Nuacht agus táimid chun é sin a thabhairt chun críche,” a dúirt an tAire O’Donovan le Today with David McCullagh ar RTÉ Radio 1.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le gairid gur dhúirt ceannasaíocht nuachta RTÉ le foireann Nuacht RTÉ/TG4 go rabhthas “i bhfad ó shocrú a bheith déanta” faoi cheannas neamhspleách eagarthóireachta a bheith ag TG4 ar an nuacht.

Tá TG4 ag iarraidh an folúntas do Cheannaire Nuachta a líonadh ó ceapadh Deirdre Ní Choistín, a bhí sa ról sin, ina hardstiúrthóir ag tús na bliana. Fógraíodh an post don cheannaire nuachta don dara huair an mhí seo caite.

Tuigtear gur moladh i dtuarascáil a réitigh Coimisiún na Meán ar mhaoiniú RTÉ agus TG4 gur chóir go gcuirfeadh an státchiste €66.3 milliún ar fáil do TG4 an bhliain seo chugainn, thart ar mhilliún euro níos mó ná an €65.4 a d’fhógair an rialtas i mBuiséad 2026. Mhol Coimisiún na Meán go n-ardófaí buiséad an stáisiúin go dtí €67.5 milliún in 2027.

Ardú os cionn €5 milliún a d’fhógair an rialtas do TG4 sa mBuiséad deireanach agus cuid den airgead breise sin le cur ar fáil chun cabhrú leo seirbhís dhigiteach nuachta a bhunú.

Dúirt an tAire O’Donovan inné go mbeadh sé féin sásta moltaí ó Choimisiún na Meán maidir le TG4 a mheas mar go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an stáisiún, ní hamháin chun an Ghaeilge a chur chun cinn ach chun na cluichí Gaelacha agus ábhar cultúrtha a chur os comhair an phobail chomh maith.

Dúirt an tAire Cumarsáide nach bhfuil sé i gceist aige aon airgead breise a thabhairt do RTÉ in ainneoin mholtaí Choimisiún na Meán, áfach.

Tá sé fógartha cheana ag an rialtas go bhfuil €240 milliún le cur ar fáil do RTÉ an bhliain seo chugainn agus €260 milliún a chuirfear ar fáil in 2027. Molann Coimisiún na Meán go n-ardófaí é sin go dtí €255 milliún an bhliain seo chugainn agus €275 milliún an bhliain dár gcionn.

“Sa chéad chúpla Buiséad eile, beidh mé ag breathnú ar TG4, ach maidir le RTÉ, níl sé ar intinn agam méadú a dhéanamh ar an maoiniú,” ar sé.

Dúirt O’Donovan go bhfaigheann RTÉ a dhóthain ón státchiste mar atá agus go raibh an rialtas tar éis RTÉ a tharrtháil théis “praiseach na bhflip fleap agus gach ar bhain léi”.

“Tá muid ag iarraidh go gcomhlíonfaí an comhaontú atá ann idir RTÉ agus an Rialtas agus tá i bhfad le dul againn sula bhfeicfear sin chun an fhírinne a rá,” a dúirt sé.

“Tá muid ag iarraidh go gcuirfear dlús leis na hathchóirithe in RTÉ. Tá muid ag iarraidh go gcuirfí dlús leis an gclár iomarcaíochta. Tá muid ag iarraidh RTÉ atá níos lú, atá níos oiriúnaí don fheidhm, a fheiceáil.”

Níos mó

‘Níl cliú ag an rialtas céard atá tarlú faoi cheist na pleanála sa Ghaeltacht’ – Sinn Féin

Tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin ar chur chuige an rialtais maidir leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht agus é ráite acu gur léir nach bhfuil an chumarsáid ná comhoibriú sa rialtas a theastódh chun an fhadhb a réiteach.

Dúirt Aire na Gaeltachta i lár mhí na Samhna go raibh súil aige go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, a gealladh ar dtús in 2021, “chomh luath agus is féidir”.

Ach tá sé ráite anois ag an Aire Tithíochta sa Dáil gur tháinig deireadh ar an 2 Deireadh Fómhair leis an reachtaíocht faoina bhféadfaí na treoirlínte a fhoilsiú.

Is léir ó chaint an aire tithíochta nach bhfeicfear go deo na treoirlínte agus é deimhnithe aige gurb é an Ráiteas Náisiúnta Pleanála atá luaite i bplean tithíochta nua an rialtais an príomhghníomh atá beartaithe i leith na pleanála sa Ghaeltacht.

Dúradh sa bplean tithíochta gur in 2027 a eiseofar an Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht.

Ba in 2021 a gheall Darragh O’Brien, a bhí ina aire tithíochta ag an am, na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht den chéad uair.

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary sa Dáil ar an 16 Deireadh Fómhair seo caite go raibh súil aige go mbeadh na treoirlínte réidh “sna míonna amach romhainn”. Dúirt sé arís ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 17 Samhain go raibh sé ag iarraidh go bhfoilseofaí iad “chomh luath agus is féidir”.

Dheimhnigh an tAire Tithíochta James Browne, áfach, go ndearnadh aisghairm ar an 2 Deireadh Fómhair ar an alt sa reachtaíocht a thug cead dó treoirlínte a eisiúint do na húdaráis phleanála. B’in coicís sular labhair an tAire Calleary sa Dáil.

Breis is sé seachtaine i ndiaidh aisghairm na reachtaíochta bhí aire na Gaeltachta fós ag caint sna meáin ar fhoilsiú na dtreoirlínte.

“Is léir nach bhfuil airí rialtais ar an leathanach céanna faoi cad atá beartaithe acu fiú, gan trácht ar chur chuige chun dul i ngleic leis an ngéarchéim,” a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, le Tuairisc.

“Teastaíonn gníomh le práinn. Anois tá orainn fanacht go dtí 2027.”

Rinne Ó Snodaigh iarracht an scéal a phlé leis an Tánaiste Simon Harris an tseachtain seo caite le linn seisiúin sa Dáil faoi pholasaithe agus reachtaíocht ach deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur léir “nach raibh cliú dá laghad” ag Harris faoin scéal.

Deir Ó Snodaigh gur chóir an obair a bhí déanta ar na treoirlínte a fhoilsiú anois chun deis a thabhairt don phobal agus do shaineolaithe a dtuairimí a thabhairt orthu.

“Ba chóir don Rialtas na dréacht-treoirlínte a bhí ar tí a bheith foilsithe, dar leo, a fhoilsiú anois chun deis a thabhairt don phobal sa Ghaeltacht agus do na saineolaithe aiseolas a thabhairt ionas go mbeidh riachtanais na ndaoine san áireamh sa ráiteas náisiúnta nuair a bheidh sé foilsithe.

“Idir an dá linn, teastaíonn gníomh chun tacú le daoine tithe a thógáil agus a cheannach sa Ghaeltacht.”

Deir Ó Snodaigh nach bhfuil “tásc ná tuairisc” ar Bhille Údarás na Gaeltachta, a d’fhéadfaí a leasú chun cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás chun dul i ngleic leis an nganntanas tithíochta sa nGaeltacht.

“Tá Bille Údarás na Gaeltachta imithe ar strae, tá na treoirlínte a bhí geallta ó 2021 caite sa bhosca bruscair, agus ní fheicfear an ráiteas náisiúnta ar tithíocht Ghaeltachta go ceann dhá bhliain eile ar a laghad.

“Agus rialtas in diaidh rialtais le Fianna Fáil nó Fine Gael i réim, is léir nach bhfuil siad dáiríre faoin ngéarchéim seo,” ar sé.

Faoin Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000 bhíodh sé de chead ag an aire tithíochta treoirlínte a eisiúint d’údaráis áitiúla maidir le cúrsaí pleanála, ach rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht sin faoin Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2024.

Ba i mí Iúil 2025 a bhí an cruinniú is deireanaí ag an nGrúpa Oibre a bunaíodh idir an Roinn Tithíochta, Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla chun na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a fhorbairt.

Deir an grúpa stocaireachta Bánú gur “cúis mhór díomá” dóibh a laghad dul chun cinn atá déanta ó ceapadh é ag Aire na Gaeltachta maidir le fadhb na tithíochta.

Tá iarrtha acu ar an Aire Calleary soiléiriú a thabhairt an raibh sé ar an eolas go raibh deireadh tagtha leis an reachtaíocht faoina bhféadfaí na treoirlínte a eisiúint nuair a thagair sé dóibh ar Raidió na Gaeltachta mí na Samhna.

“Níor mhaith linn a cheapadh go raibh tusa agus oifigigh do Roinne ar an eolas go raibh deireadh tagtha le ré na dtreoirlínte pleanála ón 2 Deireadh Fómhair, agus ag an am céanna go raibh tú ar Raidió na Gaeltachta ar an 17 Samhain, ag iarraidh a thabhairt le fios go raibh obair dhian ar bun agat i gcónaí,” a dúradh i litir atá seolta ag an ngrúpa chuig an Aire.

Deirt Bánú, go bhfuil sé “thar am” don rialtas míniú a thabhairt do phobal na Gaeltachta faoi cé fáth nach raibh Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta in ann na treoirlínte pleanála a réiteach in am.

Níos mó

Litir scríofa ag breitheamh chuig an gCoimisinéir Gaeilge faoi chás na gcomharthaí i Stáisiún Bhéal Feirste

Tá sé deimhnithe ag an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh go bhfuil iarrtha ag an mbreitheamh atá ag plé leis an gcás cúirte faoin gcomharthaíocht dhátheangach i Mórstáisiún Bhéal Feirste air páirt a ghlacadh sa gcás.

Tá dúshlán cúirte tugtha an gníomhaí aontachtach Jamie Bryson agus an tAire Pobal de chuid an DUP, Gordon Lyons, in aghaidh an chinnidh a rinne an tAire Bonneagair, Liz Kimmins, Sinn Féin, níos luaithe i mbliana go gcuirfí comharthaíocht Ghaeilge in airde sa stáisiún nua.

I mí Mheán Fómhair, mhol an breitheamh Ard-Chúirte atá ag éisteacht an cháis go lorgódh na hairí comhairle an Choimisinéara Gaeilge nua, ach is léir go bhfuil an teagmháil dhíreach déanta ag an mbreitheamh leis an gcoimisinéir ó shin.

In agallamh le Tuairisc, dúirt an Coimisinéir Gaeilge Pól Deeds go raibh an Breitheamh Gerry McAlinden tar éis scríobh chuige ag iarraidh air baint a bheith aige leis an gcás.

“Ní dhearna mé iarracht ar bith dul isteach sa chás ach, sin ráite, bhí an breitheamh féin, an Breitheamh McAlinden atá ag stiúradh an cháis, ag caint faoi mé a thabhairt isteach agus bhí an chuma air go raibh sé chun iarracht a dhéanamh na hairí féin a threorú chugam. Anois tá sé i ndiaidh scríobh chugam ag iarraidh orm teacht isteach,” a dúirt an Coimisinéir in agallamh le Póilín Ní Chiaráin ar An Pod Gaeilge.

FÍSEÁN: ‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ – An Coimisinéir Gaeilge

Dúirt Deeds go raibh sé á mhaíomh ag daoine áirithe, polaiteoirí ina measc, go raibh sé ag iarraidh “a ladar a chur isteach” sa scéal roimhe seo ach níor ghlac sé leis sin.

“Sa Tionól [Dé Céadaoin], bhí duine ón TUV ag rá go raibh mé féin ag iarraidh teacht isteach, “intervene” an focal a d’úsáid sé, rud a bhí bréagach ar fad.

“Ní raibh mé ag iarraidh teacht isteach sa chás seo. Dúirt mé go gcuirfinn comhairle ar fáil mar chuid den ról atá agam ach níor dhúirt mé go raibh mé ag iarraidh teacht isteach, ní dhearna mé iarracht teacht isteach.”

Dúirt Deeds go raibh ceist ann go fóill maidir le cén ról go díreach a bheadh aige sa chás. Tá an Coimisinéir Gaeilge fós ag fanacht ar ordú um thosach feidhme chun go mbeadh sé in ann comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí poiblí faoi úsáid na Gaeilge, ach mheas sé go mbeadh sé fós in ann a “thuairim phroifisiúnta” a thabhairt don bhreitheamh mura mbeadh an t-ordú sin tugtha faoin am go n-éistfí an cás.

Dúirt Deeds “nár oscail” sé “a bhéal go fóill” faoin gcás féin. Dúirt sé in agallamh a rinne sé ó thosaigh sé sa ról an mhí seo caite go mbeadh sé ag moladh go mbeadh comharthaíocht Ghaeilge le feiceáil i Mórstáisiún Bhéal Feirste agus gur mheas sé nach “go rómhaith” a dhéileáil Feidhmeannas Thuaisceart Éireann leis an scéal.

Is léir go n-aontaíonn an Breitheamh McAlinden leis an méid sin. Nuair a chuir sé siar an cás siar dúirt an breitheamh go raibh conspóid na gcomharthaí tar éis “ceap magaidh” a dhéanamh den Fheidhmeannas.

Tá Jamie Bryson agus an tAire Gordon Lyons ag maíomh gur chóir cead a bheith faighte ag an Aire Liz Kimmins ón bhFeidhmeannas sula ndearna sí an cinneadh go gcuirfí an chomharthaíocht Ghaeilge in airde sa stáisiún.

 

Níos mó

FÍSEÁN: ‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ – An Coimisinéir Gaeilge

Deir an Coimisinéir Gaeilge nua ó thuaidh go bhfuil sé dóchasach gur féidir leis cuid de lucht an aontachtais a mhealladh i dtreo na Gaeilge ach go bhfuil súil aige iad siúd a bhíonn ag bréagadóireacht faoin teanga agus faoi fhéin a thabhairt “chun cuntais”.

In agallamh nua le Tuairisc, deir Pól Deeds go bhfuil tuiscint ag roinnt daoine i bpáirtithe an aontachtachais nach bhfuil tairbhe fadtéarmach le baint as a bheith ag déanamh ionsaithe ar an nGaeilge agus go bhfuil súil aige caidreamh a chothú leo siúd ach géilleann sé go bhfuil líon beag polaiteoirí a bheidh i gcoinne na teanga i gcónaí.

Deir Deeds go bhfuil naimhdeas don teanga le brath go laethúil ar na meáin shóisialta agus freisin i dTionól Thuaisceart Éireann agus go raibh taifead á choinneáil aige ar eachtraí éagsúla mar go mbeidh air “freagra a thabhairt ag pointe éigin”.

Gan é a lua go sonrach, thagair Deeds d’eachtra a tharla sa Tionól Dé Céadaoin nuair a thug comhalta de chuid an TUV, Timothy Gaston, “fanaiceach” ar an gCoimisinéir Gaeilge nua agus é ag ceistiú an raibh sé cuí Deeds a cheapadh sa bpost.

“Na daoine a dhéanann na hionsaithe sin, tuigeann siad gur [as sin] a thagann a gcumhacht, nó lucht éisteachta s’acu más maith leat é a chur mar sin, agus ní shílim féin go mbeidh aon athrú ansin,” a deir Deeds.

“Níl féidir liom ach na daoine sin a thabhairt chun cuntais agus beidh mé ag déanamh sin. Ní bheidh mé ag iarraidh intinn s’acu a athrú. Más féidir liom dul i bhfeidhm ar lucht éisteachta s’acu ag pointe éigin, ba mhaith liom é sin a dhéanamh,” ar sé.

“Arís, tá muid ag caint ar chúpla duine anseo ach an cúpla duine atá ar intinn agam, ní bheidh mé ábalta intinn s’acu a athrú, ní dóigh liom. Beidh mé ag iarraidh iad a thabhhart chun cuntais mar ní féidir le daoine cuid de na rudaí bréagacha atá siad ag rá fúm faoi láthair a rá go leanúnach mar beidh siad ag iarraidh cosc a chur ar obair an Choimisinéara agus tá sé sin in éadan an dlí.”

Deir Deeds gur thug an éisteacht atá faighte aige ó na comhairlí áitiúla éagsúla i dTuaisceart Éireann dóchas dó go mbeidh siad sásta oibriú leis chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal agus gur “ag brú in aghaidh dorais a bhí oscailte cheana féin” a bheidh sé.

“An ardbhainistíocht in achan uile comhairle, fiú sna ceantair aontachtacha, bhí siad uilig sásta ceist na Gaeilge a phlé liom. Tá mé féin iontach dóchasach faoi sin,” a deir sé.

“Is eagraíochtaí iontach polaitiúla iad na comhairlí agus is teist iontach suimiúil é dar liom don chineál freagra a gheobhaidh mé. Tugann sé an-dóchas dom.”

Tá seachtain anois caite ag Deeds ina ról nua ach deir sé go bhféadfadh tamall a bheith ann sula bhfeicfear toradh na hoibre atá le déanamh ag a oifig nua.

Tá sé maíte go bhfuil cumhachtaí an Choimisinéara Gaeilge srianta go maith, go háirithe agus é ag brath ar bheannacht an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire chun caighdeáin dea-chleachtais d’eagraíochtaí poiblí ó thuaidh a thabhairt isteach, agus glacann Deeds leis gur beag atá sé in ann a dhéanamh i láthair na huaire agus go gcuireann sin “frustrachas” air.

“Níl cumhachtaí ar bith againn go fóill,” arsa Deeds faoin mbeirt Choimisinéirí agus an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha. “Mar sin, tá brú orainn féin agus tá an brú sin ag teacht ón phobal cheana féin leis na cumhachtaí sin a fháil ionas gur féidir linn tús ceart a chur leis an obair mar faoi láthair, níl mé ach ag dul d’agallaimh, agallaimh cosúil leis an gceann seo.”

Ní hamháin go bhfuil ar Deeds fanacht ar bheannacht na gCéad-Airí do na caighdeáin, agus baol ann a deir sé nach dtiocfaidh an bheannacht sin, ach tá an Coimisinéir fós ag fanacht ar Oifig Thuaisceart Éireann chun ordú um thosach feidhme a thabhairt chun go mbeadh sé in ann cuid dá bhunchúraimí a dhéanamh.

Cé gurb iad na caighdeáin an ghné is tábhachtaí dá chuid oibre, dúirt Deeds gur gné thábhachtach freisin a bhí sa gcomhairle, tacaíocht agus treoir is féidir leis a thabhairt d’eagraíochtaí poiblí maidir leis an nGaeilge ach tá sé arís ag fanacht ar fhaomhadh chun tabhairt faoin obair sin.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na cumhachtaí sin agam go luath,” ar sé.

Labhair Pól Deeds freisin san agallamh ar an “tréimhse chinniúnach” atá romhainn agus Straitéis don Ghaeilge á forbairt ag an Roinn Pobal ó thuaidh chomh maith leis an gconspóid a bhaineann le comharthaíocht dhátheangach i i Stáisiún Láir Bhéal Feirste.

Níos mó

Coiste nua faoi cheannasaíocht an Taoisigh molta chun polasaí Gaeilge an rialtais a threorú

Tá sé molta go mbeadh an Taoiseach Micheál Martin i gceannas ar choiste a dhéanfadh maoirseacht ar pholasaithe an rialtais chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhíodh an Taoiseach ina chathaoirleach ar choiste rialtais a bhí ag plé le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ach cuireadh deireadh leis an gcoiste sin in 2017.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, mhol Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go mbunófaí a leithéid de choiste rialtais in athuair chun airí agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais a thabhairt le chéile le pleananna don teanga agus don Ghaeltacht a phlé.

Dúirt Julian de Spáinn nach raibh aon phlean comhtháite ag an rialtas maidir le forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge agus gur léir nach mbíonn ranna rialtais ag labhairt lena chéile faoi chúrsaí teanga.

Mhol de Spáinn go mbunófaí coiste rialtais chun na ranna éagsúla a thabhairt le chéile.

“Má thógtar ceannasaíocht, dá mbeadh an Taoiseach ag tabhairt na n-airí ar fad le chéile lena rá go bhfuil ‘X’ le cur i bhfeidhm – an Straitéis 20 Bliain a bhí i gceist ach tá sí sin beagnach ag ceann scríbe, chaithfí straitéis nua a chur le chéile – dá mbeadh an Taoiseach ag teacht taobh thiar de, dhéanfadh sé an-difear ó thaobh ceannasaíochta de.”

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Naoise Ó Cearúil gur “an-mholadh” a bhí ann.

Ba in 2017, go luath tar éis do cheapachán Leo Varadkar mar Thaoiseach, a cuireadh deireadh leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Laghdaíodh líon na bhfochoistí ó dheich gcinn go cúig cinn agus bhí coiste na Gaeilge i measc na gcoistí ar cuireadh deireadh leo.

Bhíodh an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste agus bhíodh idir airí agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais ag freastal ar na cruinnithe a bhíodh aige.

Dúirt Conradh na Gaeilge ag an am gur “céim ollmhór ar gcúl” a bhí sa gcinneadh.

Níor reáchtáladh ach trí chruinniú den choiste Gaeilge sna 14 mí sular cuireadh deireadh leis.

Agus é ag labhairt i dTeach Laighean inné, dúirt Julian de Spáinn gur easpa uaillmhéine an difríocht is mó idir rialtas na hÉireann agus leithéidí rialtas na Breataine Bige maidir le cur chun cinn na teanga dúchais.

Dúirt de Spáinn nach raibh ón rialtas anseo ach “an méid reatha móide beagáinín níos mó” ach go raibh an rialtas níos uaillmhianaí maidir le cur chun cinn na Breatnaise sa mBreatain Bheag.

“An sampla is éasca de sin ná an scolaíocht trí mheán na Breatnaise. Tá siadsan ag iarraidh [céatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Bhreatnaise] a mhéadú ó 23% go dtí 40% faoi 2050. Tá siad ag iarraidh milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach,” a dúirt de Spáinn.

“Bhí uaillmhian anseo nuair a leagadh síos [an sprioc sa Straitéis 20 Bliain] 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ach níor cuireadh na hacmhainní taobh thiar de.

“Is ceist do Rialtas na Breataine Bige í an bhfuil siad chun na hacmhainní a chur ar fáil chun an milliún agus an 40% a bhaint amach ach ón méid a fheicimse, tá siad ag cur méid áirithe acmhainní ar fáil chuige sin agus tá an meon ag dul sa treo sin.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta