Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Padraic O Ciardha agus Sean Tadhg O Gairbhi

imni-ar-deeds-faoi-cad-a-tharloidh-do-chaighdeain-teanga-nua-nuair-a-fhoilseofar-iad

Imní ar Deeds faoi cad a tharlóidh do chaighdeáin teanga nua nuair a fhoilseofar iad

Tá an Coimisinéir Teanga Pól Deeds meáite ar chaighdeáin teanga a fhoilsiú i mbliana, ach beidh a bhfuil i ndán do chóras nua cearta teanga an Tuaiscirt idir dhá cheann na meá ansin.

“Bhuel, tá muid ag crosbhealaí ansin,” a dúirt Pól Deeds le Tuairisc.

“Má dhiúltaíonn an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire nó má dhiúltaíonn an Chéad-Aire nó an LeasChéad-Aire, ní fhoilseofar iad, ní rachaidh siad áit ar bith.

“Tá an rogha agam dul go dtí Westminster agus iarraidh ar an Rúnaí Stáit iad a faomhadh. Níl a fhios agam an ndéanfaidh sé sin. Tá daoine ag glacadh leis go rachaidh mé chuig Westminster. Ní thig linn talamh slán a dhéanamh de go mbeidh suim ag Hilary Benn a ladar a chur isteach ann. Seans go ndéarfadh sé ‘No’. Thig leis ‘no’ a rá.”

Nuair bheidh na caighdeáin réidh aige is ag brath ar an gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly a bheidh an coimisinéir Gaeilge nua agus deir go mbeidh go leor dá chuid oibre ag brath ar a gcomhoibriú.

“Thig leo mé a stiúradh. Thig leis an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire mé a stiúradh i dtaca le ceisteanna. Rud nach bhfuil ina ghnáthchumhacht i reachtaíocht teanga nó i dtaca le coimisinéir nó ombudsman ar bith. Ach thig leo sin a dhéanamh.

“Anois, caithfidh siad a bheith ag feidhmiú lena chéile, rud nach dtarlóidh. Níl mé róbhuartha faoin ghné sin. Níl siad chun teacht le chéile chun mé a stiúradh i dtaca le ceist ar bith, ní dóigh liom, ach caithfidh siad beirt na caighdeáin a cheadú agus is ábhar imní, fíor-imní, é sin.

“Má aontaíonn siad leis na caighdeáin, beidh siad le cur i bhfeidhm in 2027. Ní bheidh siadsan ag teacht ar bord go dtí go mbeidh na caighdeáin foilsithe agus ansin athróidh an obair, beidh sé níos cosúla le hobair an Choimisinéara Teanga [Séamas Ó Concheanainn].”

Dar le Deeds gur ar éigean go mbeadh suim ag Rialtas na Breataine sa scéal ach amháin sa chás go mbeadh sáinn pholaitiúil ann.

“Gan géarchéim pholaitiúil, ní shílim go mbeidh sé [Hilary Benn] ag iarraidh a ladar a chur isteach, sílim go seasfaidh sé siar cibé rud a deirim.

“Tá mé chun mo dhícheall a dhéanamh an LeasChéad-Aire [Emma Little-Pengelly] a fháil ar bord, go háirithe. Bhí comhrá agam le sainchomhairleoir s’aici. Beidh mé ag iarraidh comhrá eile agam a bheith léi. Ba mhaith liom an LeasChéad-Aire agus na daoine thart uirthi a choinneáil ar bord a oiread is féidir.

“Bhí comhrá agam léi. Bhí cruinniú agam leis an Aire Pobal Gordon Lyons agus bhí deis agam bualadh go gasta, go neamhoifigiúil, le ceannasaí pháirtí s’aici [An DUP], Gavin Robinson. Bhí comhrá an-dearfach agam leis an triúr acu.”

“Neosfaidh an aimsir,” a deir Deeds, “an gciallaíonn sin rud ar bith.”

“Tá a fhios agam gur polaiteoirí iad, ach bhí siad iontach tacúil leis an chur chuige a mhínigh mé dóibh, iontach cairdiúil. Tá mise ag glacadh leis sin mar chomhartha dóchais go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh rath ar na hoifigí seo atá curtha ar bun acu [oifigí na gcoimisinéirí agus an oifig féiniúlachta].”

Deir sé go bhfuil “infheistíocht” mhór déanta ag an DUP i mbunú a oifige agus na hoifigí eile a bunaíodh faoi reachtaíocht féiniúlachta agus cultúir. Dar leis an gCoimisinéir Gaeilge go bhfágann sin go mbeidh dea-cháil an pháirtí ag brath ar rath a bheith ar na hoifigí.

“Seans go bhfuil mé soineanta ag rá sin ach bunaithe ar an taithí a bhí agam ag labhairt leo, creidim go bhfuil muid in áit mhaith leo ach beidh le feiceáil. Faoin am go mbeidh na caighdeáin foilsithe, beidh sé mhí fágtha roimh thoghchán.

“Seans, is cuma cé chomh cairdiúil agus atá siad anois, seans nach mbeidh siad ag iarraidh cuma chairdiúil a chur orthu féin i dtaca leis an Ghaeilge i mí na Nollag 2026.”

Bhí Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann, Pól Deeds, i nGaeltacht Chonamara inné agus a chéad chuairt oifigiúil á tabhairt aige ar an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn ar an Spidéal.

Sna caighdeáin teanga nua a leagfar síos na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí ó thuaidh agus is ar dhréachtú na gcaighdeán sin is mó atá Deeds ag díriú faoi láthair.

“Tá an amlíne seo pléite agam anois le thart fá céad duine agus tá mé ag iarraidh cloí leis go mbeidh siad réidh le tabhairt don Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire i mí na Nollag. Tá go leor le déanamh ach tá sé iontach deas smacht iomlán a bheith agat ar chúrsaí oibre den chéad uair riamh. Is rud maith é.”

In ainneoin a imní faoi cad a tharlóidh do na caighdeáin nuair a chuirfidh sé faoi bhráid an Chéad-Aire agus an LeasCéad-Aire iad, deir Deeds go bhfuil go leor ann a thugann misneach dó.

“Tá an dóchas in achan áit. In achan duine a mbím ag bualadh leo nó ag caint leo sa saol poiblí ó thuaidh, taobh amuigh de leithéidí Gordon Lyons [An tAire Pobal] in amanna.

“Agus mar a dúirt mé, bhí comhrá agam leis, bhí cruinniú agam leis, agus bhí sé iontach dearfach. Agus rud an-dearfach a bhí ansin domsa.”

Níos mó

plean-gniomhaiochta-chun-cur-le-seirbhisi-i-ngaeilge-on-stat-foilsithe-ag-an-rialtas

Plean gníomhaíochta chun cur le seirbhísí i nGaeilge ón stát foilsithe ag an Rialtas

Cóitseálaithe teanga, moil seirbhísí Gaeilge, seirbhís lárnach aistriúcháin, forbairtí AI, feachtais feasachta náisiúnta agus gradaim d’fhoghlaimeoirí – sin cuid den bhreis is 100 beartas atá luaite i bplean gnímh nua an rialtais chun feabhas a chur ar sheirbhísí Gaeilge.

Inniu a d’fhoilsigh an Rialtas an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028, ina ndéantar cur síos ar conas a bhainfear amach a bpríomhspriocanna i dtaobh seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge don phobal.

Deir an Rialtas gur “céim thábhachtach chun cinn i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach” atá sa phlean.

Leagtar amach sa phlean, ar ghlac an Rialtas leis inniu, beartais éagsúla maidir leis an sprioc reachtúil gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.

De réir an phlean nua, beidh ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt gach bliain ina dtuarascálacha bliantúla faoi líon na nGaeilgeoirí a d’earcaigh siad an bhliain sin.

Tá beartais sa phlean gníomhaíochta dhá bhliain chomh maith i dtaca leis an sprioc go mbeadh gach seirbhís phoiblí ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus go mbeadh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Níl sé ráite sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 cén uair go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil sa Ghaeltacht.

De réir na reachtaíochta teanga, bhí Aire na Gaeltachta le dátaí a leagan síos ag tús 2025 maidir le cén uair a thabharfaí feidhm do na dualgais teanga ar chomhlachtaí poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht, ach níor cloíodh leis an sprioc sin.

Is é atá sa Phlean Gníomhaíochta do 2026-2028 a seoladh inniu ná liosta na mbeartas a dhéanfar as seo go ceann dhá bhliain chun an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 a chur i bhfeidhm. ‘

Déanfar athbhreithniú ar conas mar atá ag éirí leis an bplean gníomhaíochta i dtús 2028 agus tabharfar plean isteach do na blianta 2028-2030 ina dhiaidh sin.

‘2026 ar aghaidh’ an sprioc is coitianta atá luaite le beartais an phlean gníomhaíochta.

Mórsprioc eile atá sa phlean ná go mbeidh aon seirbhís phoiblí a chuireann comhlacht poiblí ar fáil trí Ghaeilge “ar comhchéim ar a laghad” leis an tseirbhís chéanna i mBéarla. Trí chóras nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, a bhainfear é sin amach, a deirtear.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht a thug feidhm do na scéimeanna teanga agus bhí córas nua bunaithe ar chaighdeáin le teacht i bhfeidhm ina n-áit roimh dheireadh 2024 ar a dhéanaí. Táthar fós ag fanacht ar fhoilsiú na ndreáchtchaighdeáin teanga.

Gealltar sa phlean gníomhaíochta nua go ndéanfar staidéir féidearthachta maidir le bunú mol seirbhísí ina gcuirfear seirbhísí lárnacha ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Déanfar staidéir féidearthachta eile

faoi aonaid seirbhísí poiblí a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge a lonnú go buan sa Ghaeltacht. Staidéar féidearthachta a shocróidh chomh maith an mbunófar Seirbhís Chomhroinnte Aistriúcháin nua don earnáil phoiblí.

Ar na gealltanais is soiléire sa phlean gníomhaíochta deirtear go réiteofar na deacrachtaí a bhaineann le húsáid seoltaí i nGaeilge i gcóras Eircode.

Gealltar sa phlean freisin go gcuirfear tacaíocht, oiliúint agus acmhainní ar fáil d’Oifigigh na dTeangacha Oifigiúla, na hoifigigh atá le ceapadh i gcomhlachtaí poiblí chun plé lena ndualgais teanga.

Deirtear go dtacófar le comhlachtaí poiblí cur chuige gníomhach i leith seirbhísí Gaeilge a fhorbairt, is é sin go ndéanfaí seirbhísí Gaeilge a thairiscint do dhaoine sula mbíonn orthu iad a lorg.

Tá scata beartas a bhaineann le cúrsaí teicneolaíochta luaite sa phlean, ina measc go ndéanfar an Ghaeilge “a leabú” i bhforbairtí san intleacht shaorga.

Ó thaobh na hearcaíochta de, luaitear “réimse de bhearta éagsúla” a úsáidfidh comhlachtaí poiblí chun “daoine atá inniúil sa Ghaeilge a earcú go réamhghníomhach agus go háitiúil, go háirithe sna Gaeltachtaí”.

Déanfar staidéar féidearthachta maidir le tréimhsí cónaithe sa Ghaeltacht a bheith mar chuid de chúrsaí oiliúna Gaeilge.

Déanfar gach comórtas earcaíochta a fhógairt go dátheangach nó i nGaeilge amháin agus i gcás aon phost a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leis, déanfar na cáipéisí go léir a bhaineann leis a chur ar fáil go dátheangach nó i nGaeilge amháin.

Deirtear go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí cúrsaí oiliúna Gaeilge a thairiscint “go réamhghníomhach” dá gcuid fostaithe agus go bhfaighfear réidh “le haon bhacainní a chuirfeadh as do dhaoine freastal ar na cúrsaí sin”.

Eagrófar, a deirtear, searmanas bliantúil gradam d’fhostaithe san earnáil phoiblí a chuirfidh lena n-inniúlacht sa teanga.

Luaitear cúpla ról nua ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí. Deirtear go leagfar síos sna caighdeáin teanga go mbeidh ball foirne amháin ar a laghad ag obair mar “chóitseálaí Gaeilge” a thacóidh le daoine a mbíonn baint ag a gcuid oibre leis an nGaeilge agus le fostaithe a bheidh ag foghlaim na teanga.

Ceapfar chomh maith, ar bhonn deonach, ‘Seaimpíní Teanga’ chun úsáid agus foghlaim na Gaeilge san ionad oibre a chur chun cinn i measc na foirne.

Gealltar go n-eagrófar feachtais náisiúnta agus áitiúla “ar mhórscála” a tharraingeoidh aird ar dheiseanna fostaíochta Gaeilge san earnáil phoiblí. Seolfar an chéad fheachtas díobh i bhfómhar na bliana seo.

Tá sé i gceist chomh maith “córas aitheantais” a fhorbairt do bhaill foirne a bhfuil Gaeilge agus bealaí éagsúla luaite a chuirfeadh in iúl go bhfuil Gaeilge ag duine – “siombailí, lipéid. suaitheantais, bróidnéireacht, sínithe ríomhphoist srl…”

Chuir Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, fáilte roimh fhoilsiú an phhlean gníomhaíochta.

“Is mór an onóir dom é, mar an chéad Aire sinsearach le cúram don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le roinnt blianta anuas, an Plean Gníomhaíochta seo a fhoilsiú inniu.

“Ag am nach raibh leibhéal báúlachta agus dearfachta i leith na teanga riamh chomh hard, leagann an plean uaillmhianach seo amach céimeanna soiléire agus intomhaiste tras-Rialtais a bheidh le glacadh sna blianta amach romhainn chun seirbhís phoiblí dhátheangach, agus go deimhin sochaí dhátheangach, iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais.”

Níos mó

sonrai-faoin-margadh-a-rinne-udaras-na-gaeltachta-faoi-dhiol-arramara-ar-fail-ar-deireadh-thiar

Sonraí faoin margadh a rinne Údarás na Gaeltachta faoi dhíol Arramara ar fáil ar deireadh thiar

Tá eolas á nochtadh den chéad uair inniu ag Tuairisc faoi shocrú rúnda a rinne Údarás na Gaeltachta breis is deich mbliana ó shin faoi dhíol comhlacht Gaeltachta le hollchomhlacht idirnáisiúnta.

Coimeádadh ina rún docht ó 2013 an t-eolas seo faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara leis an gcomhlacht as Ceanada Acadian Seaplants.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús in 2015 bhí clásal rúndachta ag baint leis an margadh a dhein an tÚdarás le Acadian Seaplants, clásal ar cloíodh go daingean leis in ainneoin na n-iarrachtaí a dhein iriseoirí, polaiteoirí agus iomaitheoirí gnó sonraí an tsocraithe díolacháin a fháil amach.

Anuraidh féin, tuairiscíodh gur bhagair Acadian Seaplants an dlí a chur ar Údarás na Gaeltachta dá sceithfí aon eolas faoin margadh a deineadh in 2013.

Cé nár éirigh le hiarrachtaí an t-eolas a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léirigh an Coimisinéir Faisnéise “imní mhór” faoi eagraíocht stáit a bheith ag aontú coinníoll rúndachta arbh é an toradh a bheadh air ná dualgais faoin acht a sheachaint.

Ach ar deireadh thiar is féidir le Tuairisc sonraí an mhargaidh chasta a chur ar fáil, ag áireamh an praghas a fuarthas ar an gcomhlacht stáit – idir €2.7 milliún agus €3 milliún. De réir théarmaí an mhargaidh gheobhadh Acadian Seaplants 60% de scaireanna Arramara ón Údarás ar an airgead sin.

Bhí an praghas ar díoladh na scaireanna sin bunaithe ar ocht n-uaire an brabús, roimh cáin, ús agus dímheas, a dhein an comhlacht feamainne an bhliain roimhe sin, 2012.

De réir an eolais a cuireadh faoi bhráid bhord an Údaráis ag an am, d’íocfadh Acadian €1 milliún mar thús agus an chuid eile den airgead ina thrí chuid thar thréimhse trí bliana.

Faoin socrú díolacháin gheobhadh Acadian Seaplants an 40% de scaireanna an Údaráis in Arramara nuair a bheadh clár infheistíochta €2 milliún curtha i bhfeidhm ag na húinéirí nua. Chuirfeadh Údarás na Gaeltachta deontas caipitil €300,000 ar fáil chun cabhrú leis an gclár infheistíochta.

Faoin margadh bheadh dualgas ar Acadian Seaplants an clár infheistíochta a chur i bhfeidhm thar thréimhse cúig bliana. Mura gcomhlíonfaí an coinníoll sin, d’aistreofaí an dara sciar de na scaireanna ar ais go dtí Údarás na Gaeltachta.

Chuirfeadh Údarás na Gaeltachta slánaíocht dliteanais chomhshaoil €3 milliún agus conradh slánaíochta dlíthiúla €500,000 ar fáil d’úinéirí nua Arramara mar chuid den mhargadh, socruithe a mhairfeadh cúig bliana. Cúig bliana chomh maith a mhairfeadh an tslánaíocht i dtaca le cúrsaí cánach a chuirfeadh Údarás na Gaeltachta ar fáil d’Acadian.

I Márta 2015 a tuairiscíodh ar an suíomh seo go raibh na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada le bheith ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir ‘clásal rúndachta’ sa chomhaontú díolacháin.

Tugadh le fios i miontuairiscí cruinnithe de chuid Bhord an Údaráis, a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”.

Níor dúradh cérbh iad na “iarmhairtí tromchúiseacha” sin, ach bhí na socruithe chomh leochaileach sin gur iarradh ar bhaill bhord an Údaráis ag an am na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird ar 1 Márta 2013 a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe.

Dúirt iarchomhalta a thug 25 bliain ar Bhord an Údaráis le Tuairisc.ie nach cuimhin leis ach aon uair amháin eile ar tharla a leithéid roimhe sin.

Cé go bhfuil na deich mbliana a luadh ag an gcruinniú Boird sin in 2013 caite anois, tuairiscíodh anuraidh gur thug Acadian Seaplants le fios don Údarás go rachfaí i muinín an dlí dá gcuirfí eolas ar fáil faoi shonraí an chomhaontaithe díolacháin.

Mhaígh Acadian Seaplants gurbh é an socrú a deineadh ná go mairfeadh an clásal rúndachta ar feadh tréimhse an chonartha díolacháin seachas ar feadh deich mbliana, mar a tugadh le fios sna miontuairiscí ó chruinniú Bhord an Údaráis i Márta 2013.

Dúirt Acadian Seaplants leis an gCoimisinéir Faisnéise go raibh gnéithe den chonradh nach raibh curtha i bhfeidhm go fóill, plean Gaeilge an chomhlachta san áireamh.

Dúirt Acadian Seaplants nach raibh aon eolas acu faoi chlásal rúndachta a mhairfeadh deich mbliana.

Ach dealraíonn sé ó mhiontuairiscí chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta an 1 Márta 2014 gurb í an tuiscint a tugadh do bhaill an bhoird ná go mairfeadh an clásal rúndachta 10 mbliana ar a mhéid. Deirtear sna miontuairiscí sin “gur treisíodh dona raibh i láthair go raibh coinníoll rúndachta sa chonradh, a mhair ar feadh thréimhse an chomhaontaithe, suas le 10 mbliana”.

Cé gur dhiúltaigh Oifig an Choimisinéara Faisnéise d’achomharc a rinne Nuacht TG4 maidir le cinneadh Údarás na Gaeltachta gan eolas a scaoileadh faoin gcomhaontú díolacháin, léirigh siad “imní mhór” agus amhras faoi chomhlachtaí poiblí amhail Údarás na Gaeltachta a bheith ag úsáid clásal rúndachta chun teacht timpeall ar dhualgais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

I ráiteas a chuir Údarás na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc an tseachtain seo, dúradh:

“Mar is eol duit, tá cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Faisnéise maidir leis an ábhar seo, agus meastar gurb ábhar íogair tráchtála atá i gceist.”

Lorgaíodh ráiteas ó Acadian Seaplants chomh maith.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta