Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: NOS

Scoláireachtaí d’amhránaithe na Gaeltachta chun freastal ar NASC 2026

(Grianghraf le AB Cassidy Photography)

Beidh líon teoranta scoláireachtaí ar fáil d’amhránaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus a chanann i nGaeilge mar chuid de scéim atá fógartha ag Ealaín na Gaeltachta agus Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh (NASC).

Tá trí scoláireacht ar fáil ar luach €1,000 an ceann chun íoc as costais chlárúcháin, costais taistil, lóistín agus liúntais laethúla do na hiarrthóirí le linn na féile ó 6—8 Márta 2026 i nDún Éideann, Albain.

Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta in 1997 mar thoradh ar chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon. Forbairt na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht atá mar aidhm ag Ealaín na Gaeltachta agus dá réir sin soláthraíonn siad seirbhísí agus scéimeanna deontais a thacaíonn le heagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair. Cuireann Ealaín na Gaeltachta oiliúint agus meantóireacht ar fáil agus tacaíonn le tionscnaimh a chuireann le agus a neartaíonn cumas agus infreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht.

Ócáid trí lá í Comhdháil Amhránaíochta an Atlantaigh Thuaidh a dhéanann ceiliúradh ar an amhránaíocht thraidisiúnta agus ar cheol dúchais an Atlantaigh Thuaidh.

Deir Stiúrthóir NASC, Brian Ó hEadhra, faoin Chomhdháil, “Cibé an t-amhránaí aitheanta thú, taighdeoir ar an traidisiún béil, ceannaire amhránaíochta pobail, nó duine a bhfuil grá aige do na hamhráin thraidisiúnta, cuireann NASC spás fíoroscailte ar fáil ina bhfuil gach guth luachmhar.”

Clár traschultúrtha a bhíonn i gceist le NASC ina mbeidh idir cheolchoirmeacha, cheardlanna, phléphainéil, agus chiorcail bheaga amhránaíochta ar siúl. Deir an Chomhdháil go dtabharfaidh na himeachtaí amhránaithe, ceoltóirí, taighdeoirí, agus lucht spéise ó gach cearn de réigiún an Atlantaigh Thuaidh agus níos faide i gcéin le chéile.

Glacfar le hiarratais ar na scoláireachtaí do dhaoine aonair atá 18 mbliana d’aois nó níos sine go dtí an 21 Samhain. Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an phróiseas iarratais a fháil anseo.

The post Scoláireachtaí d’amhránaithe na Gaeltachta chun freastal ar NASC 2026 appeared first on NÓS.

Níos mó

Gradaim Spiorad Chill Dara 2026 le bronnadh ag Féile Bhríde – Spiorad Chill Dara 2026

(Tony Shanahan, Comhairle Contae Chill Dara, Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara agus an Comhairleoir Carmel Kelly, Cathaoirleach ag Áras Chill Dara, An Nás. Grianghraf le hAishling Conway)

Tá fógartha ag Comhairle Contae Chill Dara agus Féile Bhríde – Spiorad Chill Dara 2026 gur seoladh Gradaim Spiorad Chill Dara 2026 den chéad uair inniu. Is tionscnamh nua é seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar dhaoine aonair agus ar na grúpaí “a chuimsíonn luachanna Bhríde tríd an méid a chuireann siad le saol an phobail ar fud Chill Dara.”

Mar chuid den fhéile agus de na gradaim, cuirfear béim ar dhaoine agus ar eagraíochtaí a ndearna a ngníomhartha agus a gcruthaitheacht difríocht shuntasach do dhaoine eile sa chontae. Bronnfar Gradam Saoil mar chuid den tsearmanas, gradam a thugann aitheantas do dhuine nó do ghrúpa a chuidigh le Cill Dara a chur ar an stáitse náisiúnta nó idirnáisiúnta.

Aithneoidh Gradaim Spiorad Chill Dara 2026 ionchur na n-ainmnithe thar réimse leathan catagóirí, mar atá:

  • Oidhreacht Áitiúil agus Bithéagsúlacht
  • Ranníocaíocht leis an Saol Pobail áitiúil
  • Ranníocaíocht Óige
  • Gradam Comhshaoil
  • Ranníocíocht leis na hEalaíona
  • Gradam Gnóthachtála Spóirt
  • Bean sa Cheannaireacht

Ag labhairt di faoin tseoladh, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Dara, Sonya Kavanagh, “Ba mhaith linn an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt d’obair chrua agus do dhíograis bhaill ár bpobail. Gach lá ar fud ár gcontae, tugann daoine aonair agus grúpaí a gcuid ama, scileanna agus paisean chun feabhas a chur ar shaol daoine eile. Tá na gradaim seo dírithe ar an tiomantas sin a léiriú agus ar an spiorad pobail dochreidte a shainmhíníonn Spiorad Chill Dara a cheiliúradh.”

Chuir an Cathaoirleach, an Comhairleoir Carmel Kelly, fáilte roimh an tionscnamh nua seo. Is é a dúirt sí, “Ag glacadh le Spiorad Chill Dara, is iad na gradaim seo ár mbealach chun ceiliúradh a dhéanamh ar luachanna a bhaineann le Bríde atá chomh fiúntach sa lá atá inniu ann agus a bhí siad 1500 bliain ó shin, amhail comhbhá, inspioráid, comhionannas agus inbhuanaitheacht. Molaim do gach duine páirt a ghlacadh agus cabhrú linn onóir a thabhairt dóibh siúd a dhéanann níos mó ná mar is gnách chun difríocht a dhéanamh, ag léiriú fíorspiorad Chill Dara.”

Is féidir duine aonair nó grúpa a ainmniú ón lá inniu, an 5 Samhain 2025, go dtí 17:00 an 4 Nollaig 2025 anseo. Déanfaidh painéal moltóireachta neamhspleách cinntí faoi na hiontrálacha go léir agus fógrófar gearrliosta roimh thús na féile. Bronnfar na Gradaim ag searmanas speisialta i gCruinniú Chill Dara, an Nás mar chuid d’Fhéile Bhríde – Spiorad Chill Dara.

Thig tuilleadh sonraí a fháil ar Fhéile Bhríde – Spiorad Chill Dara 2026 agus ar Ghradaim Spiorad Chill Dara 2026 anseo.

The post Gradaim Spiorad Chill Dara 2026 le bronnadh ag Féile Bhríde – Spiorad Chill Dara 2026 appeared first on NÓS.

Níos mó

Duais an Úrscéil bronnta ar ‘An Cláirseoir’ le Diarmuid Johnson ag Oireachtas 2025

Bronnadh duais an úrscéil in Oireachtas na Gaeilge 2025 ar An Cláirseoir le Diarmuid Johnson inniu an 29 Deireadh Fómhair. Úrscéal staire faoi ionradh na Normannach ar Éirinn in 1169 atá sa saothar. Tá léargas ann ar gach ba chúis leis an ionradh mór úd a d’fhág a lorg go buan ar scéal na tíre. 

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt an t-údar gur mór an phribhléid dó An Cláirseoir a bheith roghnaithe ag na moltóirí i mbliana nó is cinnte “go raibh iomaíocht ghéar ann agus caighdeán ard sna hiarrachtaí eile ar fad.”

“Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar Conaire Mór in 2017, agus Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana An Post ar Tuatha Dé Danann an bhliain dár gcionn,” arsa fear na Gaillimhe, “ach seo é an sméar mullaigh ar na gradaim sin.” 

D’fhiafraigh muid de cén tábhacht dar leis atá leis an aitheantas atá á thabhairt do An Cláirseoir, is é a dúirt sé, “Is ag cíoradh thionchar na hiasachta ar stair na hÉireann a bhímse i mo shaothar próis agus tá súil agam go rachaidh An Cláirseoir chun sochair agus chun siamsa do lucht léite na Gaeilge de bhrí an aitheantais seo.”

I measc na mbuaiteoirí eile, thug ‘Stáisiún Chaiseal na gCorr’ le Jack Ó Maoláine an duais ‘Iriseoireacht faoi 18’ abhaile, bronnadh an duais ‘Ficsean faoi 18’ ar Torin Ó Baoighill as An Meaisín Díola, agus bhuaigh Sophie Nic Giolla Phádraig an Comórtas Filíochta do Mhic Léinn Fochéime don phíosa ‘Áilleacht Mhiotaseolaíochta’.

Beidh tuilleadh uasdátuithe le teacht ó NÓS ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais anocht an 29 Deireadh Fómhair ó Halla na Cathrach. Thig uasdátuithe beo a fheiceáil ar chuntas Instagram NÓS, agus cluinfear ó bhuaiteoirí Bhuaic-Ghradam an Oireachtais fosta.

An Cláirseoir á chur i gcló faoi láthair, agus á fhoilsiú ag Leabhar Breac i rith na míosa. Go maire an scríbhneoir a nuaíocht!

The post Duais an Úrscéil bronnta ar ‘An Cláirseoir’ le Diarmuid Johnson ag Oireachtas 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Idir Chroí agus Anam: C&F le Tomaí Rua faoina phodchraoladh nua

Tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an saol inmheánach, an spioradáltacht – sin is ábhar do shraith nua phodchraolta atá díreach seolta ag bunaitheoir na hirise seo, Tomaí Ó Conghaile.

Idir Chroí agus Anam‘ is teideal don tsraith ina mbíonn Tomaí i mbun comhráite pearsanta le réimse aíonna a bhfuil idir chur amach agus taithí acu ar thraidisiúin éagsúla ghaoise agus ar chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne. Pléann siad an bás agus an bheatha, an nasc atá acu leis an domhan nach bhfeictear, agus cuid de na rudaí a chuidíonn leo turas an tsaoil seo a thuigbheáil agus a éascú.

Labhair Eagarthóir NÓS, Conor Torbóid, le Tomaí lena thuilleadh a fháil amach faoin tsraith.

CT: Cén taithí a bhí agat féin ar an spioradáltacht sular thug tú faoin phodchraoladh?

TÓC: Bhuel, tá dúspéis agam san ábhar le fada, ach ní hamhlaidh a bhí riamh. Cinnte, bhí mé i gcónaí fiosrach faoi cheisteanna móra na beatha – cad chuige a bhfuil muid anseo? cad é a tharlaíonn i ndiaidh an bháis? – ach is ar ghnéithe eile den tsaol a bhí an chuid is mó de m’aird agus mé níos óige: obair agus eachtraí, cuideachta agus cúiseanna, pléisiúr agus piontaíocht.

Thosaigh athrú a theacht ar na tosaíochtaí sin breis agus 10 mbliana ó shin, ar roinnt fáthanna: bás mo mhathára, míshuaimhneas intinne, ceistiú. Bhí fonn orm codanna díom féin, de m’eispéireas saoil, a fhiosrú ar bhealach níos doimhne agus suaimhneas croí a aimsiú arís.

Is i dtreo an mhachnaimh a chuaigh mé ar dtús, agus as sin go dtí ranganna ióga, cleachtaí análaithe, agus an troscadh. D’athraigh mé m’aiste bia agus rinne mé athmheas ar an chaidreamh a bhí agam leis an alcól. Thosaigh mé ag léamh leabhair eolaíochta faoin tráma agus faoin tsonas, agus chuir mé suim sa mhéid a bhí le rá ag creidimh iomadúla an Domhain faoi chuspóir an tsaoil agus faoi rúndiamhair an bháis. D’fhreastail mé ar chúrsaí spioradálta agus bhuail mé le daoine eile a bhí ar an aistear céanna, rud a chuidigh go mór liom.

Chuir an cuardach sin ar fad ar bhóthar na bplandaí leighis mé, sin agus cleachtaí seamanacha agus cneasú na sinsear, agus tá mé ar an bhóthar sin go fóill.

CT: Cad é mar ba mhaith leat dul i gcion ar na héisteoirí leis an phodchraoladh?

TÓC: Measaim go mbíonn míshocracht áirithe le brath go minic nuair a tharraingítear anuas téamaí ar nós na spioradáltachta nó an chreidimh nó na mothúchán.

Ba mhaith liomsa cuid den doicheall sin a fhuascailt agus an mhistéir a bhaineann leis an ábhar a phlé go hoscailte.

Tá saol inmheánach ag gach duine againn. Is mian linn ar fad a bheith sona. Tá an bás i ndán do chách. Bhí pointe i saol gach duine againn inar mhothaigh muid iontas diamhair nó grá domhain nó brón coscrach.

Tá baint ag an spioradáltacht leis na gnéithe saoil sin ar fad agus tchítear domh go bhfuil sé tábhachtach cur leis an chomhrá, go háirithe i nGaeilge.

Tá eolas, scéal nó teachtaireacht luachmhar ag gach aoi sa tsraith agus tá súil agam go spreagfaidh a gcuid focal feasa daoine eile lena gcomhrá – inmheánach nó seachtrach – a bheith acu féin. Bíonn lón machnaimh agus ábhar misnigh de dhíth orainn ar fad ó am go chéile agus sílim go gcuirtear an dá ní sin ar fáil in ‘Idir Chroí agus Anam’.

CT: Cad é an rud ba shuntasaí a d’fhoghlaim tú nó a chuala tú agus tú i mbun an togra?

TÓC: Cé go bhfuil taithí agus dearcadh ar leith ag gach duine ar labhair mé leo – go mbaineann siad le traidisiúin éagsúla nó go mbíonn cleachtaí difriúla acu le cuidiú leo dul fríd an tsaol – is mó i bhfad an méid atá i bpáirt acu. Agus is rud é sin atá fíor faoin chine dhaonna trí chéile ar ndóigh. Is iomaí bealach le ceann scríbe a bhaint amach ach is ar an aistear chéanna atá muid uilig.

Rud eile. Téama coitianta a luaigh beagnach gach aoi liom ná an tábhacht a bhaineann le ceangal leis an dúlra, go bhfuil suaimhneas le fáil ann agus go dtugann sé tuiscint dúinn ar ár nádúr féin. Tá ceacht ann sin is dóigh liom.

Is iad na daoine ar labhair Tomaí leo ar ‘Idir Chroí agus Anam’ ná an t-údar aitheanta Michael Harding, an múinteoir ióga Jenny Ní Ruiséil, an sagart paróiste an tAthair Brian Ó Fearraigh, an file Siobhán de Paor, an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn, agus an t-amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin.

Is é Proinsias Ó Coinn a rinne an eagarthóireacht ar an tsraith agus Anna Nic Gafraidh a rinne an obair ealaíne.

Is féidir éisteacht leis an tsraith ar fad anois ar Spotify agus Apple Podcasts, agus craolfar í ar Raidió Fáilte ag tús 2026.

Is le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, a rinneadh ‘Idir Chroí agus Anam’.

The post Idir Chroí agus Anam: C&F le Tomaí Rua faoina phodchraoladh nua appeared first on NÓS.

Níos mó

‘Neacha Scáfara’: an áis nua foghlama le Gaeloideachas

Gach lá roimh Oíche Shamhna an mhí, ag coim na hoíche, tá ábhar nua foghlama á fhoilsiú ag Gaeloideachas faoi na “neacha scáfara” a phléitear i mbéaloideas na hÉireann. Togra é seo de chuid Thonaí Uí Rodhuibh, Oifigeach Forbartha le Gaeloideachas.

Sraith de bhileoga eolais é an togra seo ina ndíríonn gach bileog ar neach éigin ón bhéaloideas, agus orthu siúd a bhfuil baint acu le hOíche Shamhna (nó leis na rudaí scanrúla) go háirithe. Tagann gach bileog le pictiúr is féidir a dhathú den neach atá á phlé. Leis, tá giota eolais a chuireann síos ar an phictiúr agus cá háit as a dtagann an neach.

Anuas air sin, tagann gach bileog le comhad fuaime agus breis eolais faoin neach le cluinstin ann. Léiríonn an comhad foghraíocht na bhfocal agus cuireann sé leis an atmaisféar scáfar scanrúil go mór mór.

I measc na neach atá le feiceáil agus le cluinstin, tá leithéid ‘Bean Sí’, ‘Deamhan’, ‘Súmaire’, ‘Aosán’ agus roinnt mhaith eile. 

Bíonn an-tóir ar ábhar Gaeilge d’Oíche Shamhna i mbunscoileanna agus i meánscoileanna. Tugann an acmhainn seo áiseanna iontacha ar fáil do dhaltaí scoile a bheith ag foghlaim faoin bhéaloideas agus faoin stair atá thart timpeall orthu ar fad. Cad iad na neacha eile atá le teacht roimh an oíche mhór…?

Thig teacht ar na hacmhainní ar fad atá foilsithe go dtí seo ar an tsuíomh gréasáin seo.

The post ‘Neacha Scáfara’: an áis nua foghlama le Gaeloideachas appeared first on NÓS.

Níos mó

SPLANC i mBaile Átha Cliath 7 ón chraobh is nua ar an bhloc

Tá féile ealaíon nua dar teideal SPLANC á reáchtáil an mhí seo i mBaile Átha Cliath 7 ag craobh nua de chuid Chonradh na Gaeilge, is é sin Craobh BÁC 7. Bunaíodh an chraobh nua seo ar na mallaibh d’fhonn na healaíona áitiúla Gaeilge a cheiliúradh agus a chur chun cinn ar fud an cheantair lógánta. 

Seolfar an fhéile ar an Aoine 24 Deireadh Fómhair ag céilí mór i dteach tábhairne McGowan’s i mBaile Phib. Deis is ea seo do dhaoine a scileanna céilí a chleachtadh agus damhsaí céilí nua a fhoghlaim ag an imeacht. Beidh scoth na gceoltóirí áitiúla ann ag bualadh cúpla port chun cur leis an oíche agus an ceol traidisiúnta á cheiliúradh acu.

Tráthnóna Sathairn beidh an t-ealaíontóir áitiúil Fiona Harrington ag éascú ceardlann ealaíne do pháistí i nGaelscoil Bharra. Tá blianta de thaithí ag Fiona sna hamharc-ealaíona agus sa lásadóireacht agus beidh sise ag teagasc na scileanna seo d’aos óg na háite i gceardlann teicstílí le holann, éadach, snáth agus snáithín. Féadfaidh na páistí a gcarachtair, a n-ainmhithe, nó a n-eachtráin féin a chruthú sa cheardlann. Is é an aidhm atá ag an cheardlann ná na healaíona dúchasacha atá sa cheantar a chur chun cinn.

Oíche Shathairn líonfar láthair stairiúil an chumainn peile, Na Boihéimigh, Dalymount ar oíche Shathairn le haghaidh réabh mór millteach. Beidh na DJanna óga is fearr tír ag casadh na ndioscanna agus ag sólathar ceol leictreach ar an oíche. Thairis sin beidh an comharghrúpa ceoil Craobh 1916 ag seinm ceol traidisiúnta do na sluaite. Táthar ag súil le breis agus 300 duine ag an imaecht.

Tá roinnt mhaith ar siúl ar lá deiridh na féile freisin idir ceardlann damhsa seit agus Éigse Bhaile Átha Cliath. Beidh an rinceoir is múinteoir rince mór le rá Bláthnaid Ní Smaoinigh ar stiúir na ceardlainne rince in The Hut i mBaile Phib ag 16:00. Ceardlann agus imeacht idirghníomhach é a thabharfaidh léargas ar stair rince na hÉireann do na daoine a bheidh i láthair.

Ag 17:00 reáchtálfar Éigse Bhaile Átha Cliath 7 thuas staighre in The Hut. Déanfaidh an t-imeacht seo ceiliúradh ar sheantraidisiún na héigse in Éirinn trí fhilí óga áitiúla a thabhairt chun stáitse lena saothar a rá agus a bpróiseas cruthaitheachta a phlé. I measc na bhfilí a bheidh ann tá Cúán de Búrca, Roxanna Nic Liam, Eoin P. Ó Murchú, Cormac Mac Gearailt, agus Aoife Mairéad Ní Dhonncha. Beidh an seanchaí is gearrscéalaí Stiofán Ó Briain ó Aerach Aiteach Gaelach ag plé a phróisis scríbhneoireachta féin agus gearrscéalta dá chuid á léamh aige.

Cuirfidh Amhránaithe an Chlub clabhsúr ar SPLANC ar an 26 Deireadh Fómhair. Bunaíodh an comharghrúpa in 2021 chun daoine a spreagadh ceol a chasadh i suíomh sóisialta. Chomh maith leis na poirt a bhuailfidh Amhránaithe an Chlub, beidh deis ag amhránaithe eile atá i láthair a n-amhrán féin a roinnt.

Beidh SPLANC ar siúl ón 24–26 Deireadh Fómhair. Is féidir teacht ar an chlár agus ar mheáin shóisialta na craoibhe anseo.

The post SPLANC i mBaile Átha Cliath 7 ón chraobh is nua ar an bhloc appeared first on NÓS.

Níos mó

Éagsúlacht mhór ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025

Fógraíodh Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 inné agus bunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, luaite i measc na n-ainmnithe. Foilsíodh liosta de 12 catagóir idir theilifís, raidió agus ábhar scríofa agus fuair fear na féasóige móire aitheantas agus ainmniúchán sa rannóg ‘Colúnaí na Bliana’ as na hailt atá scríofa aige don iris le bliain anuas.

Beidh Oireachtas na Samhna, agus na Gradaim Chumarsáide leis, ag titim amach i mBéal Feirste i mí Dheireadh Fómhair. Is é seo an dara huair a thabharfaidh an tOireachtas cuairt ar an chathair. Cé gur reáchtáladh an fhéile i mBéal Feirste in 1997, sealbhú iomlán ar an chathair a bheidh inti an iarraidh seo nó beidh imeachtaí agus comórtais ar siúl in Óstán Europa, i Halla Cois Cuain/ICC, agus i Halla Uladh i lár na cathrach.

Tá colúnaithe ó Tuairisc, Seachtain agus The Irish News ar na daoine eile atá ainmnithe in éineacht le Tomaí i mbliana.

Bhuaigh scríbhneoir de chuid NÓS an gradam ‘Colúnaí na Bliana’ in 2023 nuair a thug Aedín Ní Thiarnaigh an duais abhaile léi. Ainmníodh Sláine Ní Chathalláin sa chatagóir chéanna, agus ainmníodh Seán Ó Dubhchon dó in 2022 freisin. Mar a tharlaíonn sé, tá an bheirt deiridh sin san iomaíocht le haghaidh ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’ an babhta seo.

Is géire an iomaíocht don duais ‘Iriseoir na Bliana’ ná mar a bhí le tamall agus ionadaíocht ó Nuacht TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Scéal agus An Páipéar san áireamh i mbliana.

I measc cuid de na pearsana aitheanta ó shaol na meán atá ar an ghearrliosta tá Áine Ní Bhreisleáin, Louise Cantillon, Máire Ní Churraoin, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, John Sharpson, Cuan Ó Seireadáin agus Dónall Mac Ruairí, le cois réimse iontacha de chláir theilifíse agus raidió ó chraoltóirí pobail, tráchtála agus stáit.

Mar a bhíonn go hiondúil, beidh vóta poiblí ann don ghradam ‘Réalta Óg na Bliana’ agus beidh deis ag daoine vótáil don cúigear atá ainmnithe sa rannóg sin ón 23 Meán Fómhair.

Tá an gearrliosta iomlán le fáil anseo thíos.

Bronnfar na Gradaim ar an chéad oíche den Oireachtas, Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair, i Halla na Cathrach, Béal Feirste.

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
Nuacht Cúla4 – MEANGADH FIBÍN
Scoil Choille  – CORCRA MEDIA
Anfa – MEANGADH FIBÍN
Lí Ban – PAPER OWL FILMS
Mo Pheata – MEANGADH FÍBÍN

COLÚNAÍ NA BLIANA
Aodhán Ó Baoill – SEACHTAIN
Bridget Breathnach – TUAIRISC.IE
Robert McMillen – SEACHTAIN / THE IRISH NEWS
Áine Ní Bhreisleáin – SEACHTAIN
Tomaí Ó Conghaile – NÓS

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Fios Feasa – RAIDIÓ NA LIFE
Tús Áite – RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Moch ar Maidin – RAIDIÓ FÁILTE
Ceol sa Chroí – BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH
An Taobh Tuathail – RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA

IRISEOIR NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin – NUACHT TG4 / RTÉ
Cuan Ó Seireadáin – RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Jack Mac Íomhair – AN PÁIPÉAR
Marian O’Flaherty – TG4 / RTÉ
Kevin Magee – INIÚCHADH TG4
Conchubhar Ó Liatháin – THE ECHO / SCÉAL – THE IRISH TIMES / THE IRISH EXAMINER

CLÁR TEILIFÍSE/SCANNÁN NA BLIANA
Carna an Cheoil agus na nAmhrán – ANIAR TV
Níl aon Tinteán – CLEAN SLATE PRODUCTIONS
Báite – DANÚ MEDIA
Réiteoir! – MACHA MEDIA
Na Lumaire Gaelacha – CORMORANT FILMS
Aontas – PÚCA PICTURES

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Máire Treasa Ní Dhubhghaill – PÉ SCÉAL
Colm Feirtéar – RUAILLE BUAILLE
Róisín Ní Mhaoláin – AN MEANGADH BEAG
Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail – BLAS
Dónall Mac Ruairí – CÓISIR CEOIL

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Proinsias Ó Coinn
Áine Ní Bhreisleáin
Louise Cantillon
John Sharpson
Síomha Ní Ruairc

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Craic as Gaeilge – FLIRT FM 101.3
Ceol agus Craic – 103.2 DUBLIN CITY FM
‘An Áit a nÓlann an tUan an Bainne’, Ceiliúradh Deich mBliana Fichead – RAIDIÓ POBAIL CHONAMARA
Deich – FLIRT FM 101.3
Aon Scéal – 92.5 PHOENIXFM
Cumasc Ceilteach – FINN VALLEY FM

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Ruaille Buaille – Highland Radio
Splanc – Newstalk

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Is Mise le Mess – RONIN FILMS
Saol na Feirme – STRIDENT MEDIA
Sonas – ANIAR TV
Crá – FIBÍN MEDIA / ZOOGON LTD
Giorraíonn Beirt Bóthar – MACHA MEDIA
Scéalta ár Stampaí – MIDAS PRODUCTIONS

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Caoimhe Ní Chonncoille – RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Seán Ó Dubhchon – RAIDIÓ RÍ-RÁ / RÁIDIÓ NA LIFE
Sláine Ní Chathalláin – RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Liam Mac Amhlaigh – RAIDIÓ NA LIFE
Dónall Mac Ruairí – RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Áine Ní Bhreisleáin – BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH / TG4

RÉALTA ÓG NA BLIANA
Katelyn Hayes – NUACHT CÚLA4
Róise Ní Mhurchú – BBC RAIDIÓ ULADH
Joe Mac Aoidh – NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4 / 7 LÁ
Máire Ní Churraoin – TG4 / ARDÁIN ILMHEÁN
Rhiann Flemming – NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4

The post Éagsúlacht mhór ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

An Ceathrú Bliain d’Fhéile na bPuiteachaí ar Inis Meáin

Fillfidh an t-aon fhéile sméara dubha in Éirinn, Féile na bPuiteachaí, ar Inis Meáin an mhí seo ar an 19-20 Meán Fómhair 2025. Clár lán de chraic, de chultúr agus de bhia atá beartaithe don fhéile phobail i mbliana. Is féile í ina ndéantar ceiliúradh ar an timpeallacht, ar an dúchas agus ar na sméara dubha — nó ‘puiteachaí’ mar a thugann muintir an oileáin orthu.

Beidh Comórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí ar ais i mbliana agus an cócaire mór le rá Diarmuid Ó Mathúna ó POTA Café a bheidh ina mholtóir ar an lá. Comórtas séasúrach eile é An Fata is Mó i Halla Naomh Eoin ina mbeidh deis ag na fataí ramhra duais a thabhairt abhaile dá n-úinéir.

Beidh an ócáid á reáchtáil den cheathrú bliain i mbliana agus dar le bunaitheoir na féile, Aedín Ní Thiarnaigh, tá croíluachanna na féile mar an gcéanna i gcónaí:

“Is ceiliúradh í Féile na bPuiteachaí ar shaibhreas an dúlra agus an dúchais anseo in Inis Meáin. Bíonn na puiteachaí ag croílár na n-imeachtaí ar fad dar ndóigh, ach bíonn muid ag iarraidh aird a tharraingt ar shaibhreas teanga Inis Meáin agus ar scileanna an phobail chomh maith”.

“Is féile Ghaeltachta í Féile na bPuiteachaí agus is breá linn go mbíonn ár gcuid imeachtaí ar siúl trí mheán na Gaeilge” arsa Ní Thiarnaigh. “Is ócáid phobail í go príomha, ach is aoibhinn linn go dtagann daoine ó fud na hÉireann chuig an bhféile freisin agus fonn orthu cuid den spraoi – agus dar ndóigh, na puiteachaí – a bhlaiseadh!”

Ós rud é go mbeidh Oíche Chultúir ar siúl ar oíche seolta na féile i mbliana, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar an dá ócáid ar Inis Meáin. Déanfaidh na daltaí ó Scoil Náisiúnta Inis Meáin léiriú speisialta de ‘An tAchrann sa nGarraí’, agallamh beirte nuachumtha leis an scríbhneoir ildánach Fearghas Mac Lochlainn, ar an 19 Meán Fómhair. Chomh maith leis sin, beidh oíche filíochta agus “saothar séasúrach eile spreagtha ag puiteachaí Inis Meáin á léamh ag filí áitiúla.”

“Déanann muid iarracht rud éicint nua a thabhairt isteach chuile bhliain, anuas ar na hócáidí bliantúla”, arsa Gráinne Ní Chonghaile, comhstiúrthóir na féile, “beidh margadh ceardaíochta againn den chéad uair i mbliana mar shampla, agus beidh meascán earraí lámhdhéanta ar díol ann idir ealaín, cniotáil, mil áitiúil agus eile.”

I measc imeachtaí eile na féile beidh ‘Park Run na bPuiteachaí’, siúlóid dúlra, ceardlann ealaíne, agus ceardlann manglam puiteachaí ar fad ar siúl Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair.

Tá eolas faoi sceideal na féile ar fáil ag @FeilenabPuiteachai ar Instagram agus féadfar ceisteanna a chur chuig coiste na féile ag feilenabpuiteachai@outlook.com.

Tá Féile na bPuiteachaí urraithe ag Pleanáil Teanga Inis Meáin, Ealaín na Gaeltachta, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Cniotáil Inis Meáin agus Siopa Ruaidhrí Beag Inis Meáin.

The post An Ceathrú Bliain d’Fhéile na bPuiteachaí ar Inis Meáin appeared first on NÓS.

Níos mó

Podchodl-Podchraoladh nua ar an Neamhchodladh le hAodhán Ó Baoill

Eisíodh podchraoladh nua inniu atá ag tabhairt faoi shaincheist atá ag ciapadh na milliún daoine agus atá chomh sean le heipicí na Measpatáime. Is é an fhadhb sin an codladh… nó an easpa codlata sa chás seo.

Codladh Sámh is teideal don tsraith nua 10 gclár atá léirithe ag Macha Media agus curtha i láthair ag Aodhán Ó Baoill. Tá tograí eile léirithe ag Macha Media amhail Fuaim na hAbhann agus Le Chéile ar RTÉ. Tá cleachtadh maith ag Aodhán fosta ar chúrsaí craoltóireachta agus sraith raidió déanta aige ina gclúdaíonn sé na hocht gceathrú (is ea — 8!) i mBéal Feirste le Niamh Ní Dhubhgáin.

Bhí fadhbanna codlata riamh ag Aodhán agus is iomaí oíche fós a bhíonn sé ina shuí go mall ag stánadh ar cheithre bhalla a sheomra leapa.

Arsa Aodhán faoina chuid streachailte, “Tá mé tinn tuirseach den droch-chodladh a bhí agam le blianta anuas. Ní amháin go gcuireann an tuirse leanúnach agus an easpa fuinnimh isteach ormsa, ach ar mo chuid cairde agus ar mo theaghlach chomh maith. Shíl mé gur deis mhaith a bhí sa phodchraoladh seo na fadhbanna seo a réiteach mar is ceart.”

(Ealaín an phodchraolta. Pictiúr le Macha Media)

I rith na sraithe beidh Aodhán ag bualadh le saineolaithe agus aíonna speisialta leis an chodladh agus an neamhchodladh a phlé. Ina measc, beidh an saineolaí cothúcháin agus tionchaire Kate McDaid, an saineolaí ióga Naoise Ní Bhroinn, agus an dearthóir tí Emer Mhic an Fháilí. Múineann an ceoltóir mór le rá Pádraigín Ní Uallacháin suantraí dó, agus cluineann sé seanchas faoin chodhladh ó Dhubhán Ó Longáin.

Fiosróidh Aodhán cad iad na himpleachtaí atá ag an strus, aiste bia, modh maireachtála, dearcthaí cultúrtha agus tuilleadh eile ar an chaighdeán codlata atá againn. Roinnfidh sé a chuid eispéiris phearsanta féin agus cluineann sé scéalta daoine eile faoi cén dóigh a réitítear an neamhchodladh.

Arsa Aodhán, “Le linn na sraithe, fuair mé amach gurb é an codladh an eochair dhraíochta le sláinte níos fearr a bheith againn, ach ní minic a thugann muid go leor airde dó. Tá súil agam go gcuideoidh an tsraith seo le daoine titim i ngrá leis an chodladh arís.”

Tá gach eagrán den phodchraoladh ar fáil ar Spotify inniu (15 Meán Fómhair) agus is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi na rannpháirtithe ar mheáin shóisialta Macha Media.

The post Podchodl-Podchraoladh nua ar an Neamhchodladh le hAodhán Ó Baoill appeared first on NÓS.

Níos mó

Gaisce déanta ag foireann na bhFear+ leis Na Gaeil Aeracha le linn mhí an Bhróid

Bhain foireann na bhFear+ leis na Gaeil Aeracha a gcéad trófaí sraithe Dé Luain an 23 Meitheamh i ndiaidh comhscór (2-11; 1-14) in éadan Chaisleán Cnucha. Bronnadh Corn Go Ahead Ireland AFL (Rannóg Peile na nDaoine Fásta) Roinn 11A ar Ciarán Murphy agus Neil Murphy, comhchaptaein na foirne, thar ceann Bhord Chontae Bhaile Átha Cliath. Is iad an chéad fhoireann LADTA+ sa spórt iad le sraith CLG a bhuachan.

“Is toradh de bhlianta fada d’obair chrua mar fhoireann an méid atá bainte amach againn an séasúr seo. Bunaíodh Na Gaeil Aeracha le sprioc shimplí chun spás sábháilte a chruthú do dhaoine aeracha laistigh den CLG agus a thaispeáint do gach duine gur dúinn uile atá an spórt. Ní neart go cur le chéile,” arsa Ciarán Murphy, Captaen Peile na bhFear+ leis Na Gaeil Aeracha.

Chuir an fhoireann tús lena sraith bhuacach i mí Feabhra le pointe amháin cinntitheach i gcoinne Ranelagh Gaels. Bhuaigh siad in éadan Clanna Gael Fontenoy, Caban tSíle agus Ballyfermot Gaels i measc foirne eile agus sa deireadh, bhain siad 10 gcluiche as a chéile.

Grianghraf: Beirt imreoirí de chuid na foirne leis an chorn. (Creidmheas: Na Gaeil Aeracha)

“Ciallaíonn an bua seo níos mó ná teideal amháin — is ráiteas é. Léirigh ár bhfoireann gur féidir le daoine éachtaí iontacha a bhaint amach nuair a thugtar spás dóibh le bheith ar a nós féin. Táim thar a bheith bródúil as gach imreoir, ní hamháin as a gcumas, ach as a misneach, a seasmhacht agus a n-aontacht. Is do gach duine a mhothaigh riamh nach raibh spás ann dóibh sa spórt an bua seo — tá spás ann daoibh, agus beidh i gcónaí,” a dúirt Richard Forde, Bainisteoir Peile na bhFear+.

“Bhí roinnt laethanta iontacha agam mar imreoir le mo chlub baile, ach tá an toradh agus an t-éacht seo leis Na Gaeil Aeracha níos fearr ná aon rud a raibh baint agam leis riamh sa CLG. Is spreagúil an méid atá bainte amach ag an ngrúpa imreoirí seo i dtréimhse chomh gearr sin. Is iad laethanta mar seo an fáth go bhfuil CLG chomh speisialta sin,”  arsa Alex Griffith, Príomhchóitseálaí Peile na bhFear+

Tá Na Gaeil Aeracha ag déanamh ceiliúradh ar chúig bliana den chumann i mbliana. Bunaíodh an cumann in 2020 chun spás a thabhairt d’imreoirí LADTA+ a bheith ar a nós féin sa spórt saor ón bhreithiúnas. Tá ceithre fhoireann ag Na Gaeil Aeracha sa Pheil Ghaelach, san Iománaíocht, sa Chamógaíocht agus i bPeil na mBan. 

The post Gaisce déanta ag foireann na bhFear+ leis Na Gaeil Aeracha le linn mhí an Bhróid appeared first on NÓS.

Níos mó

Litir ón Mhórshiúl go Gaza: cluasaíocht, ciapadh, comrádaithe

Chruinnigh breis agus 4000 duine san Éigipt ag tús na míosa chun páirt a ghlacadh sa Mhórshiúl Dhomhanda go Gaza. Briseadh na forghabhála in Gaza is aidhm leis an mhórshiúl seo tar éis beagnach dhá bhliain de bhuamáil gan stad agus bac ar bhia agus cógas teacht isteach. Gan trácht ar an léigear atá déanta ag Iosrael ar mhuintir na Palaistíne le 77 bliain anuas.

Ghlac Brian Mac an tSionnaigh as Béal Feirste páirt sa mhórsiúl go dtí an trasbhealach ag Rafah. Tá cuntas scríofa aige faoina eispéireas i gCaireo agus a ghrúpa ag iarraidh túsphointe an mhórshiúil a bhaint amach. Is féidir an cuntas iomlán a léamh thíos.

“A chairde, 

Tá muid abhaile ón Éigipt anois agus ba mhaith liom míle buíochas a ghabháil lenar thacaigh linn agus a ghlac páirt sa ghníomh. Seo cur síos gairid d’eispéireas s’agam ar an turas.

Cé go raibh muid iontach buartha, ní raibh aon fhadhb againn nuair a leaindeáil muid i gCaireo. Nuair a bhain muid an lóistín amach, áfach, cuireadh na háirithintí ar ceal agus chinn siad muid a chur in ostáin eile.

Bhuail cairde ón Phalaistín linn chun muid a thabhairt go dtí na hóstáin. Bhain muid iad amach timpeall 11:30 agus dúradh linn nach raibh seomraí ann dúinn agus go mbeadh orainn stopadh in óstán trasna an bhealaigh. D’fhan muid trí uair a chloig le gníomhaithe eile go bhfuair muid seomraí san óstán.

Tharla seo le roinnt eile a thaistil go Caireo. Roinneadh sonraí pearsanta idir na hóstáin. Rinneadh cluasaíocht ar sheomraí agus gutháin. Lean fir agus póilíní gan chulaith muid gach áit, diúltaíodh seirbhís i siopaí, cuireadh stad linn modh taistil a úsáid agus cuireadh imeagla orainn ón chéad lá.

Aon duine nach bhfaca na físeáin de lá na hagóide — bhí sé iomlán ar mire agus scanrúil. Cuireadh ár mbusanna ar ceal agus rinne muid iarracht ár mbealach a dhéanamh go túsphointe an mhórshiúil taobh amuigh de Chaireo i mbeirteanna. Chuir ár n-óstán tacsaí Uber ar ceal gan fáth. Lean beirt muid ón óstán agus muid sa tóir ar thacsaí. Stad muid ag caifé, lean beirt muid isteach agus d’fhan muid taobh amuigh. Cuireadh gach tacsaí Uber ar ceal; gach duine a rinne iarracht. Bhí muid i dtrí thacsaí, stopadh iad ar fad leis na póilíní go bhfuair muid an ceathrú tacsaí amach as Caireo. Bhí muid iomlán trína chéile ach tiomanta.

Bhí seicphointí ag na hÉigiptigh ar an mhótarbhealach agus thosaigh siad ag baint daoine as carranna agus ag baint leas astu. Choinnigh siad daoine ag taobh an bhóthair, i lár an fhásaigh, gan bhia ná uisce. De réir mar a d’éirigh muid níos cóngaraí, dúradh linn éalú más féidir. Chúlaigh an tiománaí fríd an mhireachas agus cúpla míle síos an mótarbhealach, ag tógáil beirt comrádaithe a d’éalaigh fosta ar an bhealach. Thit duine ónar ngrúpa, Ciara, i laige san fhásach le stróic na gréine agus glacadh í agus Helen chun na hotharlainne leis na póilíní. Gabhadh daoine sna hóstáin a rinne iarracht tacsaithe a ordú chomh maith.

Bhí foréigean ó mhílíste a cuireadh i measc na ndaoine a bhí ar an agóid chun trioblóid a thoiseacht. Tugadh greadadh do roinnt gníomhaithe gan chúis.

Faoin tráthnóna, bhí sé soiléir nach mbeadh cead againn an túsphointe a bhaint amach agus bhí ar na heagraithe cinntiú go raibh teagmháil déanta le gach ball a bhí linn mar bhí cuid mhór ar iarraidh. Bhí sé ar mire gan fios a bheith againn an mbeadh muid curtha abhaile, i bpríosún nó eile.

Rinne muid ár mbealach go Caireo arís, shocraigh muid lóistín don oíche agus d’fhan muid ann, ag déanamh teagmháil le gach duine. Nuair a bhí tuairisc ar gach duine, d’iarr na heagraithe ar Údaráis na hÉigipte cead agóid síochánta daonnachta a dhéanamh i gCaireo nó áit a mbeadh fóirsteanach dóibh. D’fhan muid cúpla lá le freagra agus le linn an ama sin, bhí daoine dár leanstan fós, ag gabháil agus ag bualadh daoine a shíl siad a bhí ag glacadh páirte agus bhí óstáin ag comhoibriú leis na hÚdarais ar bhogadh gach uile dhuine.

I ndiaidh cúpla lá, bhuail na heagraithe lena gcuid ambasadóirí féin (seachas cúpla ambasadóir a dhiúltaigh) atá lonnaithe i gCaireo leis na ceisteanna seo a phlé ach bhí sé soiléir ó na cruinnithe nach mbeadh cead againn mórshiúl ná agóid a dhéanamh sa tír. Sin nuair a rinneadh cinneadh d’aon ghuth teacht abhaile.

Bhuail muid féin leis an Dr. Alaa Abd Al-Hadi, Ard-Rúnaí Cheardchumann Araibise na Scríbhneoirí. Cuireadh fáilte mhór romhainn, d’aontaigh muid ar gach rud ar cheist na Palaistíne agus labhair sé ar an bhród a bhí air an oiread daoine a fheiceáil i gCaireo ag tógáil na ceiste. 

Lean na hÚdaráis muid gach bomaite go dtí go ndeachaigh muid abhaile. Eispéireas scanrúil a bhí ann ach ní mórán i gcomparáid le saol na ndaoine in Gaza.

Cé go bhfuil díomá orainn nár éirigh linn dul chomh fada le Rafah, tháinig muid abhaile tiomanta níos mó a dhéanamh ar a son agus tá muid ag pleanáil an chéad ghnímh dhomhanda eile cheana féin. Cé gur tógadh muid, gur stopadh muid, gur tugadh greadadh dúinn, bhí sé fós iontach fiúntach. Tharraing muid ceist ar an phráinn le Rafah a oscailt. 

Thóg muid nascanna agus caidrimh dhomhanda le comrádaithe timpeall na cruinne agus ní chuirfidh siad bac orainn go dtí go bhfuil deireadh leis an chinedhíothú agus saoirse don Phalaistín.

Léigh muid teachtaireachtaí tacaíochta ó mhuintir Gaza gur thug muid misneach dóibh agus leanfaidh muid orainn ag tabhairt dóchas, misneach agus saoirse dóibh.

IS AR SCÁTH Á CHÉILE A MHAIREANN MUINTIR NA PALAISTÍNE”

In áit an mhórshiúil go Rafah, reáchtálfar léirsiú sa Bhruiséil, 26 agus 27 Meitheamh, lena fhógrófar cúig éileamh:

  1. Deireadh a chur leis an Chinedhíothú.
  2. An Trasbhealach ag Rafah a oscailt.
  3. An Comhaontú Comhlachais AE-Iosrael a chur ar ceal
  4. Coirpigh Chogaidh Iosraelacha a choinneáil cuntasach
  5. Stop a chur leis an Chomhpháirteachas Acadúil

Is féidir na héilimh a léamh go sonrach thíos.

The post Litir ón Mhórshiúl go Gaza: cluasaíocht, ciapadh, comrádaithe appeared first on NÓS.

Níos mó

Ceol, caife is ól ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ’25

Seolfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde a albam nua Gealach na gCuanta ar an 25 Meitheamh ag oíche speisialta den cheol thraidisiúnta, ‘Ceol sa Dúchas’, in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste. Cluinfear Doimnic ag canadh agus ag seinm ar an phianó ar an albam agus ar an oíche féin. Leis, beidh ceoltóirí iontacha eile, mar atá Frances Morton a bheidh ar an fheadóg mhór, Éanna Ó Cróinín ar na píb uilleann, Tomás Mac Seáin ar an vióla agus Sarah Cullen ar an dord.

Roinnfidh an scaifte thar barr sin an stáitse ag Barr a’ Tí le Nodlaig Ní Bhrollaigh chomh maith. Amhránaí a tógadh in oidhreacht an cheoil thraidisiúnta i nDún Geimhin í Nodlaig agus ba cheoltóirí clúiteacha iad a tuismitheoirí Anne agus Francie.

Mar gheall ar a hoiliúint chlasaiceach, chuaigh Nodlaig ar camchuairt ar fud an domhain le sárcheoltóirí eile amhail Phil Coulter agus an San Diego Symphony Orchestra. Beidh rianta óna dara halbam Cuimhní Rúnda le cloisteáil in éineacht le hamhránaithe eile ó iarthuaisceart na tíre: Máirtín Ó Catháin (fidil), Pól Mac Giolla Easpaig (na píoba/dordveidhil) Affraic Brophy (fidil) agus Carra Nic an Bhaird (cruit).

Pléann Cuimhní Rúnda leis na tréimhsí agus na háiteanna i saol Nodlaig a spreag a cuid ceoil le 20 bliain anuas. Roghnaíodh an ceirnín mar ‘Albam na Seachtaine’ ar RTÉ Lyric FM.

Is mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a bheidh an oíche seo ar siúl. Dianchúrsa seachtaine é an Scoil Samhraidh mheallann cúpla céad foghlaimeoir go Bóthar Aontroma i dtuaisceart na cathrach gach bliain. Teagasctar scileanna gramadaí idir bhabhtaí tae is caife sa Chaifé Ceoil. Anuas air sin, buaileann grúpaí ceoil cúpla fonn sna dorchlaí agus féadann foghlaimeoirí pléisiúr a bhaint as blasanna an domhain le haonach bia idirnáisiúnta ag Barr a’ Tí.

Beidh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl ón 20 Meitheamh go dtí an 2 Lúnasa agus tá ‘Ceol sa Dúchas’ le titim amach Dé hAoine an 25 Meitheamh.

The post Ceol, caife is ól ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ’25 appeared first on NÓS.

Níos mó

‘Go dtí seo’: albam début Emer O’Flaherty

Mar chuid den tsraith aithrisí ‘Ceol sa Séipéal’ ag an fhéile Consairtín in Inis, Contae an Chláir, bhronn Emer O’Flaherty a halbam début orainne mar lucht éisteachta. Go dtí seo is ainm don albam ón chumadóir amhrán is ceoltóir dátheangach as Inis atá ag casadh ceoil óna hóige. Is í seo an chéad uair atá taifead déanta aici ar an bhua seo áfach.

Tá seónna aonair déanta ag Emer ag féilte i nDún Éideann agus i bPrág, tá go leor duaiseanna buaite aici don amhránaíocht thraidisiúnta agus neamhthraidisiúnta ag Oireachtas na Gaeilge. Tá comórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta Phan Cheilteach buaite aici le Paddy Mulcahy agus Angelo Heart leis an amhrán nua-chumtha ‘Taibhse’ fosta. Deir Emer go bhfuil scríobh agus taibhiú i nGaeilge an-tábhachtach di mar “braitheann sí gurb é an bealach is cumhachtaí chun áilleacht agus castachtaí teanga a thaispeáint tríd na healaíona”.

Bhí sí ina ball den ghrúpa Dûchas agus Dóchas le trí bliana anuas. Chuaigh an grúpa ar chamchuairt náisiúnta le seanamhráin Ghaeilge as Contae an Chláir faoi stiúir Dhiarmada de Faoite. Tá an pianó, an fhliúit, na feadóga agus an consairtín ag Emer agus tá an-tóir uirthi mar thionlacaí d’amhránaithe de gach seánra.

Is é Go dtí seo an chéad cheirnín agus eisiúint atá taifeadta ag Emer. Cluintear amhránaithe eile ar an togra fosta, mar atá Edel Vaughan (guth, feadóg mhór), Therese McInerney (fidil), Gráinne Cotter (fidil), Philip Fogarty (bosca ceoil), Paddy Mulcahy (dordghiotár) agus Angelo Heart (drumaí). 

Léiríonn na deich rian “taiscéalaíocht cheoil Emer go dtí seo” ón sean-nós (‘Cúirt Bhaile Nua’ agus ‘Amhrán na Leabhar’) chuig na hamhráin nua-chumtha atá scríofa aici. Grá don dúlra agus ómós áite atá go mór chun tosaigh ina cuid scríbhneoireachta.

Quentin Cooper a thaifead an t-albam ar fad i seomra suí Emer, agus Jack Talty a mháistrigh an togra. Ana Colomer a dhear ealaín chlúdaigh an albaim. Is féidir an t-albam a cheannach ar líne ar Bandcamp agus ar shuíomh gréasáin Emer.

The post ‘Go dtí seo’: albam début Emer O’Flaherty appeared first on NÓS.

Níos mó

‘KNEECAP’ aistrithe go Bascais ag foghlaimeoirí Gaeilge

Tá craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Bilbo i dTír na mBascach ag reáchtáil oíche scannáin chun cuid de na cosúlachtaí atá ag pobal na Gaeilge le lucht labhartha na Bascaise a cheiliúradh. Beidh an scannán KNEECAP á léiriú ag an chraobh mar chuid den imeacht ach is toradh é fosta den obair atá déanta ag an chraobh go dtí seo.

Bunaíodh an chraobh i mí na Nollag 2024. Eagraíonn an chraobh ciorcail chomhrá agus ranganna Gaeilge do thosaitheoirí le cuidiú ó ghníomhaithe teanga áitiúla, mar atá Gabriel Aresti Euskaltegia agus Zenbat Gara Elkartea. Le roinnt míonna anuas, bhí an scannán á aistriú ó Ghaeilge agus ó Bhéarla go Bascaise. Léireofar an scannán leis na fotheidil den chéad uair ar an 6 Bealtaine.

Ag labhairt dó faoin imeacht, dúirt David Henderson:

“Tá sé furasta don phobal Bascach ceangal a mhothú le hÉirinn, lena muintir, lena cultúr agus leis an streachailt ar son neamhspleáchais ó riail na Breataine. Is Bascaigh iad beagnach gach dalta sa rang Gaeilge ar mian leo níos mó a fhoghlaim faoin teanga agus faoin chultúr. Déanta na fírinne, bhí cuid de na daltaí páirteach i bhfotheidil a chur i mBascais don scannán Kneecap.

“Ar ndóigh níor eagraígh muidinne an scannán Kneecap. Taispeánadh an scannán i roinnt pictiúrlann anseo i mí Mheán Fómhair ach níor thug mórán daoine faoi deara é agus ní raibh mórán poiblíochta faoi. I gcomhar le Kafe Antzokia, chuaigh muid i dteagmháil leis na dáileoirí le fáil amach an bhféadfaí na fotheidil a chur i mBascais agus fuair muid amach go raibh Patxi Gaztelumendi, iriseoir agus gníomhaí teanga Bascach aitheanta, ag déanamh an ruda chéanna. Chreid sé go raibh an scannán an-oiriúnach don Euskaraldia, imeacht cosúil le Seachtain na Gaeilge, mar go bhféadfadh sé a bheith tarraingteach do dhaoine óga. Sa deireadh, ghlac grúpa daoine, roinnt dáltaí ón rang Gaeilge ina measc, páirt in obair ghrúpa chun na fotheidil a aistriú go Bascais.”

Deir an chraobh go gcothóidh an oíche scannáin nasc idir chainteoirí an dá thír; tá triúr daltaí ón rang a bheidh ag dul ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste an samhradh seo.

Beidh an chraobh ag leanúint lena cuid oibre le gníomhaithe teanga sa todhchaí. Tá an leabhar Bascaise Miñan á aistriú go Gaeilge agus chraobh ar lorg foilsitheora in Éirinn. Is leabhar é a insíonn scéal fear óg as an Afraic a fhágann a bhaile chun dul a chuardach a dhearthár, a shocraigh ar an turas go dtí an Eoraip a dhéanamh. Aistríodh an leabhar go 13 teanga go dtí seo agus cuirfear an Ghaeilge leis an liosta sin gan mhoill.

Beidh an t-imeacht KNEECAP ar siúl oíche Mháirt an 6 Bealtaine i gcomhar le Craobh Bilbo Chonradh na Gaeilge.

The post ‘KNEECAP’ aistrithe go Bascais ag foghlaimeoirí Gaeilge appeared first on NÓS.

Níos mó

Feachtas sluamhaoinithe tosaithe ar son ionad tearmainn Gaeilge

feachtas bailithe airgid ar siúl ag iarchaptaen iománaíochta Loch Garman, Diarmuid Lyng, agus ag a pháirtí, an file Siobhán de Paor, chun ionad tearmainn agus cultúir Gaeilge a fhorbairt i gContae Chill Chainnigh.

Le hocht bliana anuas tá tréimhsí tearmainn ina gcuirtear béim mhór ar an Ghaeilge agus ar an dúlra á reáchtáil ag Diarmuid agus Siobhán faoina dtogra Wild Irish Retreat agus anois tá fís acu tógáil ar an obair sin agus ionad fisiciúil a oscailt.

Is i nGaeltacht Chiarraí a chuir siad tús leis na tearmainn ach is i ndeisceart Chill Chainnigh atá siad ag cur fúthu anois, i dteach feirme, agus is ann atá sé i gceist acu an t-ionad a lonnú.

Áit chónaithe don bheirt agus dá dtriúr páistí a bheidh san ionad agus osclóidh siad na doirse don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon ar mian leo dul i dteagmháil leis an teanga, leis an chultúr, leis an nádúr agus le ceardaíocht thraidisiúnta, le cois nithe eile.

“Is iontach an rud é go bhfuil eagraíochtaí ann atá ag freastal ar chás na teanga ach is gá dúinn a bheith neamhspleách chomh maith,” arsa Diarmuid.

“Tá an Ghaeltacht faoi bhrú de bharr turasóireachta agus easpa tithíochta agus braithimidne, agus daoine eile, gur gá an teanga a thabhairt amach ar fud na tíre agus tearmainn a bhunú di, chun cuid den bhrú sin a scaoileadh ón nGaelteacht féin.”

Ba mhaith le Diarmuid agus Siobhán an teach feirme, na stáblaí agus an scioból atá ar an talamh a fhorbairt agus a athchóiriú ionas go mbeifear in ann ceardlanna, ceolchoirmeacha agus ócáidí eile a eagrú sa spás.

Tá sluamhaoiniú ar siúl acu chun cabhrú leo a bhfís a bhaint amach agus tá réimse leathan tairiscintí ann is féidir le daoine a cheannach chun tacú leis an fheachtas: ranganna Gaeilge, laethanta clainne, ceardlanna machnaimh, mar aon le saothair ealaíne agus ceolchoirm speisialta leis an cheoltóir iomráiteach Peia.

“Maidir le cruinneas Gaeilge tuigimid go géar nach muidne na daoine is fearr chun an togra seo a dhéanamh ach tá daoine ag teacht chugainn i gcónaí, ag impí orainn flúirseacht na teanga a roinnt leo,” arsa Siobhán.

“Tá aibhleog dhearg inár lámha againn, aibhleog a phiocamar suas sa Ghaeltacht, agus táimid ar tí tine nua a thosnú i gCill Chainnigh.”

Is féidir cuidiú le Diarmuid agus Siobhán an aibhleog sin a chothú trí pháirt a ghlacadh san fheachtas sluamhaoinithe anseo.

The post Feachtas sluamhaoinithe tosaithe ar son ionad tearmainn Gaeilge appeared first on NÓS.

Níos mó

Drochthuar d’aeráid an phláinéid é an t-ardú leanúnach teasa

Níl an ghéarchéim aeráide ag baint mórán ceannlínte idirnáisiúnta amach faoi láthair – polasaithe Donald Trump sna Stáit Aontaithe agus an cinedhíothú uafásach i gcoinne na bPalaistíneach na scéalta nuachta atá i dtreis – ach bhí an mhí seo caite ar an mhí Márta ba theo san Eoraip riamh ó tosaíodh ar thaifid a choinneáil.

Dar leis an Copernicus Climate Change Service (C3S) de chuid an Aontais Eorpaigh gur ardaigh meánteocht na mór-roinne i mí Márta go dtí breis agus 6 Celsius, rud a d’fhág go raibh sé 0.26C ní ba theo ná mí Márta 2014, an ceann ba theo roimhe sin.

Ar bhonn domhanda bhí an teocht 1.6C níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an ré thionsclaíoch, rud ar ábhar mór imní é ó tharla go bhfuil sé de sprioc ag an domhan an difear sin a shrianadh go dtí 1.5C faoi 2100.

Tá rabhadh tugtha ag eolaithe arís agus arís eile go mbeidh tionchar mór ag aon ardú os cionn 1.5C ar aeráid an phláinéid agus go gcuirfidh an méadú teasa le minicíocht na dteagmhas adhaimsire.

“In áiteanna éagsúla san Eoraip bhí an Márta ba thirime ann riamh, agus i gceantair eile bhí sé ar an mhí Márta ba fhliche le 47 mbliana,” arsa Samantha Burgess, duine d’eolaithe réamhaisnéise an C3S.

Meastar go ngéarófar ar an luaineacht aimsire sin de réir mar a thiocfaidh ardú ar theocht an domhain agus, i gcás na hÉireann, go bhfeicfear tuilleadh stoirmeacha den chineál sin a bhuail an tír go holc an geimhreadh seo atá díreach imithe tharainn.

Le cois an teasa neamhghnách san Eoraip, thit muiroighear an Artaigh go dtí an leibhéal ab ísle in aon mhí Márta ag a bhfuil sonraí satailíte ag C3S ina leith.

Is le satailítí, longa, aerárthaí agus lárionaid aimsire a dhéanann an tAontas Eorpach monatóireacht ar an aeráid agus téann na taifid ar ais go dtí 1940.

Ba í 2024 an chéad bhliain riamh inar sáraíodh an teorainn idirnáisiúnta 1.5C, teorainn a luaitear go minic mar an líne dheiridh sa ghaineamh, agus ní haon dea-thuar iad na figiúirí aeráide is déanaí i dtaca le 2025 ach an oiread.

The post Drochthuar d’aeráid an phláinéid é an t-ardú leanúnach teasa appeared first on NÓS.

Níos mó

Taraifí curtha ag Trump ar oileáin Antartacha atá gan daoine ach lán piongainí

Tá grúpa oileán iargúlta lom gar don Antartach nach bhfuil aon duine ina chónaí orthu san áireamh sa réimse leathan taraifí idirnáisiúnta a d’fhógair Donald Trump tráthnóna inné.

Tá Oileán Heard agus Oileáin McDonald, ar críoch sheachtrach de chuid na hAstráile iad, ar na háiteanna is scoite amach ar domhan ach tá taraif 10% curtha orthu ag údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Piongainí is mó a chónaíonn ar na hoileáin, atá clúdaithe le hoighearshruthanna agus nach féidir a bhaint amach ach ar thuras báid a thógann coicís. Meastar nár thug aon duine daonna cuairt ar na hoileáin le beagnach 10 mbliana anuas.

“Níl aon áit ar domhan sábháilte” an freagra a bhí ag príomh-aire na hAstráile, Anthony Albanese, ar chluinstin na nuachta dó.

Bhain Trump an bonn ó pholasaí eachtrach seanbhunaithe SAM inné nuair a chuir sé sraith nua taraifí i bhfeidhm ar an trádáil leis an chuid eile den domhan agus tá tráchtairí anois ag tuar go mbeidh cogadh trádála idirnáisiúnta ann ar scála nach bhfacthas leis na cianta.

Ar chúis éigin tá Oileán Heard agus Oileáin McDonald luaite i measc na gcríoch Astrálach a bhuailfear leis na taraifí nua atá tionscanta ag Uachtarán SAM, ach ní dócha go gcuirfidh sé isteach ná amach ar na piongainí áitiúla.

The post Taraifí curtha ag Trump ar oileáin Antartacha atá gan daoine ach lán piongainí appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta