Ní nach ionadh an méid a thit amach ar fhód Pháirc an Chrócaigh féin Dé Domhnaigh seo caite ba mhó a tharraing caint le seachtain anuas. I gcásanna mar é is minic a théitear thar fóir leis na cuntais scríofa, físe agus bhéil ar a leithéid d’ócáidí draíochta. B’in rud a bhí dodhéanta sa gcás seo.
Go fiú dá ndéanfaí aon tuairisc amháin faoi sháriarrachtaí na n-údar agus na scríbhneoirí ab fhearr dár facthas ariamh, níorbh leor a gcumas le cothrom na Féinne a thabhairt dá bhfaca muid.
Bhain sé an barr de Chuairt an Phápa fhéin. Cúpla lá tar éis do Chiarraí an bua a fháil ar Áth Cliath i gcluiche ceannais 1979 a bhain Eoin Pól II an tír seo amach. Seans gur cuimhneach le cuid agaibh ar aon nós go mba é an chéad rud a rinne sé ná a dhul ar a ghlúine gur phóg sé an talamh.
Ní shílim go raibh aon deoir i súile a Naofachta nuair a rinne sé sin, ach níorbh amhlaidh do Shane Mac Gearailt as Cill Mheáin nuair a chuala seisean séideadh an bhonnáin Dé Domhnaigh seo caite. Ghearr sé comhartha na croise air féin sula ndearna sé ‘Cleas an Phápa’.
Bhí sin déanta freisin aige an lá roimhe ar bharr Chruach Phádraig agus rinne sé in athuair é ar Bhóthar Mhic Éil nuair a bhain Corn Mhig Uidhir Caisleán an Bharraigh amach tráthnóna Dé Luain.
Ní baileach go ndearna mé aithris air, ach ba é an chéad bheart a rinne mé féin agus an gluaisteán bainte amach agam ná teachtaireacht a sheoladh chuig seanchara de mo chuid, Seán Rice.
In aice le Caisleán an Bharraigh, i mbaile fearainn a bhfuil an Móinín mar ainm air a rugadh Seán. Tá sé i bhfoisceacht aon bhliain amháin de na ceithre scór go leith anois.
Is cinnte nach bhfuil aon iriseoir eile sa tír is cáilithe ná é ar chúrsaí a bhaineann leis an bPeil Ghaelach ina chontae dúchais. Bhí sé ina thuairisceoir spóirt ag an Connaught Telegraph, ag an Mayo News agus ar feadh blianta ba é comhfhreagraí Mhaigh Eo é don Churadh Connachtach.
Ní fada ó shin ó bhronn Cumann Iriseoirí na gCluichí Gaelacha gradam saoil air as ucht a shaothair, ar a bhfuil freisin leabhar den teideal We Are Mayo a scríobh sé féin agus an tOllamh Tom Brett a rugadh i mBaile Chathail ach atá ina chónaí i Freemantle na hAstráile le fada.
Aithnítear gurb é a saothar ‘Bíobla Mhaigh Eo’.
Ón mbliain 1989, aon uair déag atá lámh croite agam le Seán Rice roimh thús do Chluiche Ceannais Peile na hÉireann agus aon uair déag acu sin níor theastaigh an focal féin agus muid ag fágáil slán lena chéile.
Ba leor croitheadh den chloigeann. Maigh Eo buailte aon uair amháin eile.
Ní raibh Seán feicthe agam sular thosaigh imirt an Domhnaigh seo caite. Ní fiú go raibh mé cinnte é a bheith i bPáirc an Chrócaigh beag ná mór. Tóraíocht an táilliúra i mbruth a bheadh in aon chuardach a dhéanamh air agus suas le 50,000 de mhuintir Mhaigh Eo as a gciall i mo thimpeall.
D’fhan mé go raibh suaimhneas an ghluaisteáin sroichte agam sular sheol mé an teachtaireacht chomhghairdis ba thúisce a chuir mé chuig mo chairde i Maigh Eo.
Ní raibh an dara ceann críochnaithe agam faoin am a dtáinig freagra ar ais ón Ríseach. Ní raibh sé i láthair, ach bhí an t-ábhar díomá sin plúchta ag an bhfuarlach den áthas agus den ríméad a bhí ina thimpeall agus é féin agus a theaghlach sínte ag breathnú air in Oileán Éadaí, áit a bhfuil cónaí air le fada an lá anois.
Ceathrú den amhrán breá sin arb é Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha is ansa liom á rá a tháinig isteach i mo chloigeann ansin – ceann a dúirt sé os cionn na huaighe an lá ar adhlacadh mo mháthair:
‘Go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór,
Go dtaga an toimín luachrainn ag buachailleacht na mbó,
Go n-osclaítear na comhraí atá ar mhullach Bheanna Beola,
Ach ní scarfaidh mo chumha go deo leat, a Chontae Mhaigh Eo.’
Is beag de bhuachailleacht na mbó atá déanta sa gcontae sin ó shin, déarfainn agus tá mé cinnte go raibh páirt a bheag nó a mhór ag mo chara Seán Rice sa gceiliúradh. Is iomaí sin deoch a d’ól mé féin agus é féin i dteach Ósta Mick Byrne ar Shráid an Droichid i lár Chaisleán an Barraigh – an ceann is mó a mbíonn tarraingt air ag lucht Chumann Lúthchleas Gael an bhaile.
Sin má bhí fáil ar áit ann.
Bhí mé ag caint le fear eile níos deireanaí sa tseachtain agus seo an scéal a bhí aigesean ó chara dá chuid ar chas Mick Byrne féin leis i lár an lae Dé Máirt.
“Ye must have had some crack in your place last night, Mick?” an cheist a cuireadh.
“I’d say so, but the place was so crowded I couldn’t get into my own pub,” a d’fhreagair Mac Uí Bhroin!
Fear as Maigh Eo agus fear as Ciarraí a bhí i gcúl an chairr agam tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite agus muid ag déanamh an bhealaigh siar thar Sionainn.
An tsíocháin a bhí i réim.
Creid mé nuair a déarfaidh mé leat gur chroith an Ciarraíoch lámh le leath díobh siúd as Maigh Eo a chas dúinn idir Páirc an Chrócaigh agus an áit a raibh muid páirceáilte. Ní hé nach raibh díomá air, ach bhí tuiscint mhaith freisin aige ar chúis áthais agus ar sceitimíní na mbuaiteoirí.
Bhí an cheathrú dheireanach d’amhrán Johnny Mháirtín Learaí iompaithe ar a thóin.
‘Is a chomrádaí na dílse, tá mé cloíte go mór,
Dá bhféadfainn is duitse a d’inseoinn dhá dtrian de mo bhrón,
Ach ós tusa is túisce a chífeas a maireann de mo mhuintir,
Ó, tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhaigh Eo.’



