5 de na ceirníní is tarraingtí i sól agus gormacha na hÉireann 2025
Grianghraf: Negro Impacto dá singil ‘1800’ ó TV DREAMS.
Bliain rathúil eile a bhí in 2025 do cheol sóil agus gormacha na hÉireann. In ionad paistíse nó aithrise, dhírigh ceoltóirí ar uaillmhian agus ionracas. Ar fud na gceirníní, tógann ceoltóirí ar bhonn an ama atá thart chun traidisiún a athbheochan agus fuaim ar leith a chruthú. Ó rithimí tochtmhara ar an tseanstíl go fuaimdhreacha neamhaí lo-fi agus sintéis chultúrtha, taispeánann na ceoltóirí seo ceannas cumasach ar atmaisféar agus féiniúlacht. Seo iad cúig cheirnín a athdhearbhaíonn ról lárnach na seánraí seo i gceol Éireannach comhaimseartha.
Katharine Timoney — All This Time (Mahogany)
Tá muinín agus saoirse ag All This Time ar annamh í i ré “cheol an chailín bhrónaigh”. Ar fud an EP, ligeann Katharine Timoney dá ceol gutha síodúil agus a ensemble mór le rá an scéal mothúchánach a chur in iúl. D’fhéadfaí a rá gurb é an dara rian, ‘It Won’t Always Be This Way’, an t-amhrán sóil Éireannach is fearr i mbliana: filleadh éachtach ar rithim reitreo fhórsúil le faobhar sícideileach. Ómós dá seanmháthair agus an ceol a mhúnlaigh í é ‘Kinnegar Shore’. Is léiriú coscrach bróin é a atmaisféar míshocair.
In áiteanna eile, tá an teidealrian agus ‘Ruminate’ fuinniúil, an chéad cheann ag tarraingt func agus sól le chéile go seoigh. Pléann sí le luas an EP go sciliúil, ag dul ó mhachnamh smaointeach go díocas dorcha. Cé go bhfuil na ceoltóirí a d’imir tionchar ar an Fheirsteach – go háirithe Amy Winehouse – ní sháraíonn siad a cuid stíle ar leith. Tugann All This Time le fios go bhfuil réimse cruthaitheach ollmhór ag an réalta óg seo.
Muireann Bradley — Rose Dogs (Fontana)
Éiríonn le Muireann Bradley gaistí an léirithe ómóis a sheachaint. Ina ionad sin, seinneann sí foinn aitheanta na ngormacha le húdarás nádúrtha agus í ag cur i láthair a bunphíosaí iontacha freisin. Tá sé suaithinseach amach is amach go bhfuil sí chomh compordach sin sa domhan ceoil seo agus í ach 19 bliain d’aois. Tá leaganacha muiníneacha ar an EP – ‘Clay Pigeons’ le Blaze Foley agus ‘These Days’ le Jackson Browne – ag tabhairt an tseantraidisiún giotáir Mheiriceánaigh isteach san am i láthair. Buaic mhothúchánach í a leagan ar ‘Sligo River Blues’, comhartha aitheantais do John Fahey.
Le ‘No Name Blues’ – fuinniúil agus le blas an cheoil tuaithe – nochtann Bradley í féin mar chumadóir amhráin iontach freisin. Ag dul idir guaim agus loime, tá a ceol dúisitheach in ainneoin a íostachais. Ní féidir comparáidí a sheachaint leis na máistrí méarphioctha Meiriceánacha. Déileálann Rose Dogs le hoidhreacht na ngormacha le haire agus muinín, ag cruthú go bhfuil an seánra chomh bríomhar inniu agus a bhí riamh.
Negro Impacto — TV DREAMS
Ó chas siad ar a chéile in 2021, tá Negro Impacto tar éis cáil a thuilleamh mar dhéithe beaga sa nua-shól Éireannach. Meascann an dísreach ó Dhún Dealgan R&B mín, ceol sóil, agus func, ag léiriú táimhe neamhaí. Cruthaíonn siad amhráin faoi fhanacht agus athrú, a gceol ag tabhairt íomhánna de thráthnónta samhraidh agus maidineacha geala chun cuimhne.
Bláthaíonn amhráin mar ‘NWANNE’ – scríofa as Íogbóis – go mall, ag tógáil go séimh beagán ar bheagán. Cumascann ‘1800’ rithim shícideileach shamhrúil le hatuirse liriceach, agus ‘FANGIRL’ ag bogadh idir mealladh agus gliondar. Cuimsíonn ‘BLUE’ machnamh an fhocail labhartha de chuid Emma Dabiri faoi úsáid an fhocail ‘gorm’ ar dhaoine gorma sa Ghaeilge, ag daingniú stair chultúrtha sa cheirnín. Tá éascaíocht chineamatach ag TV DREAMS. Tugann a stíl lo-fi timpeallach Frank Ocean agus Anderson .Paak chun cuimhne ach gan aithris. Lena gcumasc de shól croíúil agus séimhe shonach, is guth sainiúil iad Negro Impacto i gceol na hÉireann.
Qbanaa — Elisa
Leasainm Cúbach de chuid Qbanaa a úsáideadh lena ainmniú, agus tá scoiteacht agus déacht go mór le mothú ar Elisa. Scríobhadh an t-albam le linn seal seacht mbliana as Cúba. Taifeadadh é ansin agus críochnaíodh é i mBaile Átha Cliath. Tá téagar neamhchoitianta ag an EP i measc cheoltóirí na hÉireann: rithimí Laidineacha agus buille tochtmhar. Ó thaobh téama de, tá Elisa thar a bheith macánta, ag tabhairt aghaidh ar aindiachas, trioblóidí clainne, agus caidrimh ghangaideacha le haibíocht.
Déanann ‘Demons in the Liffey’ cur síos ar chaidreamh casta Qbanaa lena máthair agus í ina cónaí i Londain. Cloistear taifeadadh dá seanathair in Cienfuegos ar ’23.Abuelo’, a hinspioráid cheoil atá anois ag fulaingt le néaltrú. Cuimsíonn sí dhá leagan de rianta somheabhraithe ar nós ‘Best Time’ – dréacht Cúbach agus leagan Éireannach. Cuireann seo béim ar théama lárnach an EP: féiniúlacht chasta luaineach. Baineann Elisa cothromaíocht annamh amach idir míne cheolmhar agus ábhar trom.
Tolü Makay — People Still Cry in Summer
Is féidir People Still Cry in Summer a scaradh ina thrí chuid: áthas, brón, agus an spás caolchúiseach eatarthu. Tosaíonn agus críochnaíonn an EP le muinín. Tá ‘I Am’ láidir agus cumasaithe agus tá ‘Become the Fire’ dearfach agus bríomhar. Tosaíonn ‘Highnote’ agus ‘Trust’ go séimh sula méadaíonn siad go códaí coscracha. Tá ‘Highnote’ go háirithe suntasach, ag cumasc lorg an nua-shóil, aonréad giotáir, agus críoch spleodrach.
Tá croí mothúchánach an cheirnín le fáil i leagan Makay de ‘Blackbird’ le Nina Simone áfach. Tosaíonn sé le focal labhartha faoina féiniúlacht mar bhean ghorm Éireannach. Tiomáintear an t-amhrán le cnaguirlisí de chuid na hAfraice, ag cruthú taithí éisteachta atá pianmhar agus sceitimíneach araon. Is é an t-aon tráth duairc ar an cheirnín é, ag tabhairt aghaidh ar bhaic an eispéiris ghoirm. Forbartha ar feadh cúpla bliain ó nótaí gutha agus dánta, is achoimre ar a taithí saoil é an ceirnín. Ó thús deireadh, tá guth Makay binn, stuama, agus leochaileach. Ag cloí lena theideal, scrúdaíonn People Still Cry in Summer an teannas idir gile an tsamhraidh agus scáthanna cruacháis.
The post 5 de na ceirníní is tarraingtí i sól agus gormacha na hÉireann 2025 appeared first on NÓS.








