Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Maitiu O Coimin

meitheal-bunaithe-le-breathnu-i-ndiaidh-atogail-theach-pobail-naomh-muire-i-ngaoth-dobhair

Meitheal bunaithe le breathnú i ndiaidh atógáil Theach Pobail Naomh Muire i nGaoth Dobhair

Tá “grúpa beag oibre” curtha ar bun i bparóiste Ghaoth Dobhair le breathnú i ndiaidh atógáil Theach Pobail Naomh Muire, a dódh go talamh aimsir na Cásca i mbliana.

Dúirt sagart an pharóiste, an tAthair Brian Ó Fearraigh, i dteachtaireacht fhada a scaip sé ar na meáin shóisialta an tseachtain seo gur “i mbun cainteanna agus ag obair as lámha a chéile” leis an gcomhlacht árachais Allianz atá an grúpa oibre faoi láthair.

Thug an tAthair Ó Fearraigh le fios go bhfuil suíomh an tséipéil anois “slán sábháilte” agus balla tógtha timpeall air mar a iarradh ar an bparóiste a dhéanamh. Dúirt sé go bhfuil an séipéal clúdaithe don loisceadh faoin árachas a bhí acu leis an gcomhlacht Allianz agus go bhfuil cáipéisí curtha le chéile ag ‘Meitheal Mhuire’ agus “seolta faoi bhráid ailtirí a bhfuil saineolas agus taithí acu i dtógáil tithe pobail”.

“Chomh maith leis an méid seo, tá muid i modh éisteachta, rud a chiallaíonn go mbeidh comhairliúchán poiblí ar siúl go luath fosta le riachtanais an phobail, i láthair na huaire agus don todhchaí, a mheas, agus lena chinntiú go gcuideoidh bhur nguth an bealach seo romhainn a mhúnlú agus a chruthú le Teach Pobail álainn a thógáil a sheasfaidh an aimsir,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Fearraigh go bhfuil sé “iontach buíoch” as an gcuidiú agus an tacaíocht atá léirithe ag an bpobal “ó chian agus ó chóngar” don pharóiste agus ghabh sé buíochas as an “tacaíocht agus paidreacha leanúnacha”.

Tá na hoibreacha atógála á ndéanamh “faoi threoir agus le cead na Deoise”, a dúirt Ó Fearraigh, agus is ag an Deoise (Ráth Bhoth) a bheidh “an focal deireanach” faoina bhfuil i ndán don séipéal nua.

“Cé gur chaill muid foirgneamh breá creidimh, is pobal buan, aontaithe creidimh muid go fóill, le teacht aniar láidir beo istigh ionainn. As an luaithreach, éireoidh teach pobail galánta úr eile chun glóire Dé agus onóir na Maighdine Muire inár bpobal.

“Teach pobail álainn, tógtha ar charraig an dóchais, ar theacht aniar láidir an phobail seo agus ar an ghrá a leanann muid orainn ag roinnt le chéile sna laethanta seo,” a dúirt an tAthair Ó Fearraigh.

An mhí seo caite, thug an tAthair Ó Fearraigh le fios do Tuairsc go raibh os cionn €380,000 ar an iomlán bailithe ag feachtais éagsúla tiomsaithe airgid ar son an tséipéil nua – idir an feachtas ar GoFundMe agus ócáidí tiomsaithe airgid a reáchtáladh i nDún na nGall, in áiteanna eile in Éirinn, agus chomh fada i gcéin le Nua-Eabhrac.

Tá súil ag an Athair Ó Fearraigh go dtógfar an séipéal nua sna Doirí Beaga laistigh de chúig bliana. Loisceadh an séipéal go moch maidin Luan Cásca. Thug an Garda Síochána le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal ach níl aon eolas eile curtha ar fáil acu ó shin. Beidh tuarascáil le réiteach nuair a bheith a t-imscrúdú atá ar bun acu curtha i gcrích.

Níos mó

16 ceantar Gaeltachta i measc na n-áiteanna is tábhachtaí don éanlaith

Tá 16 ceantar Gaeltachta i measc na gceantar atá tábhachtach don éanlaith agus don bhithéagsúlacht a d’fhógair Cairde Éanlaith Éireann an mhí seo.

Is i Maigh Eo atá ocht gcinn de na ceantair Ghaeltachta a ainmníodh, tá trí cinn i nDún na nGall, trí cinn i gCiarraí, agus péire i nGaillimh.

Tá 73 áit ar an iomlán ar an liosta, 24 acu sin i bhfarraigí na hÉireann agus 49 ar an talamh tirim. Is cuid de líonra idirnáisiúnta iad na láithreacha seo a dtugtar IBA, [Ceantair Thábhachtacha Éan agus Bithéagsúlachta, important bird and biodiversity areas] orthu. Tá 14,021 láthair ann in 243 tír agus réigiún agus tá 11,195 speiceas éan le fáil iontu ar fud an domhain.

Tá Cairde Éanlaith Éireann agus BirdLife International ag éileamh ar rialtas na hÉireann na IBAnna atá aitheanta anois in Éirinn a chosaint mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta. Maíonn na heagraíochtaí go bhfuil na IBAnna “tábhachtach mar áiteanna goir, mar fhoinsí bia, agus mar láithreacha geimhrithe d’éin ar leith”.

Tá geallúint tugtha ag an rialtas 30% níos mó d’fharraigí na hÉireann a chosaint faoin mbliain 2030. Deir Cairde Éanlaith Éireann go gcabhrófaí go mór leis an sprioc sin dá ndéanfaí Limistéar faoi Chosaint Speisialta de na IBAnna nua-aitheanta.

Tá éileamh eile ag Cairde Éanlaith Éireann go bhforbródh an rialtas pleananna bainistíochta do na Limistéar faoi Chosaint Speisialta atá ann cheana féin agus go ndéanfaí é sin ar bhealach “oscailte agus trédhearcach”. Deir siad gur chóir na pleananna forbartha a bheith bunaithe ar “spriocanna caomhnaithe atá fréamhaithe san eolaíocht” lena chinntiú go mairfidh na héin mhara atá faoi “bhrú agus bagairt shuntasach”.

Dúirt príomhfheidhmeannach Cairde Éanlaith Éireann, Andrew Kelly, go bhfuil Éire “fíorthábhachtach” d’éin mhara an domhain mhóir agus go bhfuil 23 cinn de na 24 speiceas a dhéanann gor sa tír seo ar liosta dearg nó oráiste na n-éan atá i mbaol.

“Tá Éire thar a bheith tábhachtach d’éin mhara dála na bpuifíní agus na saidhbhéar, dhá speiceas atá i mbaol go domhanda. Tá tionchar ag an athrú aeráide, an ró-iascach, truailliú plaisteach na mara, chomh maith le cur isteach ón gcine daonna, chomh maith le seilg na gcreimirí [ar líon na n-éan].

“Tugtar eolas ríthábhachtach do rialtas agus do lucht tionscail n na hÉireann i bhfógairt seo na IBAnna in Éirinn le go mbeidh siad in ann limistéir a chosaint, a chaomhnú, agus a athchóiriú d’éin mhara,” a dúirt sé.

Is oileáin iad go leor de na ceantair Ghaeltachta atá ar liosta nuafhoilsithe na IBAanna. Tá cuid de na hoileáin tréigthe le fada an lá ach mar sin féin, áirítear iad mar chuid den Ghaeltacht mar gheall ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge a chónaíodh iontu nuair a tarraingíodh teorainneacha na Gaeltachta sa chéad seo caite.

Is iad na trí áit i nGaeltacht Dhún na nGall atá ar an liosta ná an dá oileán, Toraigh, amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh, agus Reachlainn Ó Beirn, amach ó leithinis Shliabh Liag, agus ‘cósta iarthar Dhún na nGall’, limistéar fairsing a chlúdaíonn go leor den Ghaeltacht.

I Maigh Eo is oileáin thréigthe sa Ghaeltacht den chuid is mó atá i gceist: na Stacaí, Oileán Mionnán, Oileán Máistir, Inis Gluaire agus Inis Caorach, Inis Gé, an Tor, agus na Biollaí. Tá ‘cósta thuaisceart Mhaigh Eo’ san áireamh freisin, limistéar a chlúdaíonn Ceathrú Thaidhg, Iorras, agus áiteanna eile i nGaeltacht an chontae sin. Tá an t-oileán beag ‘Na Biollaí’ in Acaill san áireamh freisin.

Is iad an dá áit atá i nGaeltacht na Gaillimhe ná Oileáin Árann agus Ceantar na nOileán. Tá na Blascaodaí, a tréigeadh i gcaogaidí an chéid seo caite, an Sceilg, atá i bhfad amach ó chósta Chiarraí, agus cósta Uíbh Ráthaigh ar an liosta. Níl áit ar bith eile i nGaeltacht na Mumhan ar an liosta.

Níos mó

An tOireachtas ‘ag obair le saineolaithe’ leis na bagairtí a bhaineann leis an AI don Chomórtais Liteartha a aithint

Tá Oireachtas na Gaeilge “ag obair le saineolaithe” leis na bagairtí a bhaineann leis an intleacht shaorga do Chomórtais Liteartha an Oireachtais a aithint. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é seo an chéad bhabhta comórtas ó tháinig an intleacht shaorga ghiniúnach in inmhe, cé go raibh cumas éigin ag leithéidí ChatGPT anuraidh téacs i nGaeilge a ghiniúint.

Chuir Tuairisc sraith ceisteanna ar Cheannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonncha, faoi na beartais atá i bhfeidhm ag Oireachtas na Gaeilge le dul i ngleic leis na dúshláin nua atá roimh lucht eagraithe an chomórtais agus na moltóirí ó tháinig ann do na samhailtí móra teanga atá in ann aistí, gearrscéalta, agus fiú úrscéalta Gaeilge ghiniúint.

Cé nach ndúirt Nic Dhonncha le Tuairisc go raibh beartais ar leith i bhfeidhm ag an Oireachtas maidir leis an intleacht shaorga a bheith á húsáid ag iomaitheoirí agus moltóirí na gcomórtas, dúirt sí go raibh an eagraíocht “ag obair le saineolaithe” leis na “deiseanna agus bagairtí” a aithint.

“Tá an tOireachtas ag obair le saineolaithe Intleachta Saorga chun deiseanna agus bagairtí d’obair na heagraíochta a aithint. Tá na Comórtais Liteartha agus tionscadail uile na heagraíochta á n-áireamh againn, chun an eagraíocht féin chomh maith leis an bpobal ar a bhfuilimid ag freastal, a chosaint ach freisin chun go mbeimid eolach ar na tairbhí iontacha atá ag baint leis an Intleacht Shaorga do thodhchaí an Oireachtais, do mhodhanna oibre na foirne agus iliomad gnéithe eile,” a dúirt sí.

D’fhiafraigh Tuairisc go sonrach de lucht an Oireachtas an raibh polasaithe sainiúla i bhfeidhm ag an eagraíocht maidir le hiontrálacha a scríobhtar leis an intleacht shaorga, maidir leis an úsáid a d’fhéadfadh moltóirí na gcomórtas a bhaint as an teicneolaíocht nua agus iad i mbun moltóireachta, agus faoi na bealaí atá ag an Oireachtas le saothair a mheas le fáil amach cé acu ar scríobhadh nó nár scríobhadh leis an intleacht shaorga iad.

Níor tugadh freagraí díreacha ar na ceisteanna sin agus níor luadh aon treoir oifigiúil a bheith ag Oireachtas na Gaeilge d’iomaitheoirí agus do mholtóirí na gComórtas. Mar sin féin, luaitear sna rialacha ar shuíomh an Oireachtais go gcaithfidh “gach iarracht a iontrálfar a bheith ina saothar úrnua, bona fide de chuid an iomaitheora”.

Tá rialacha sonracha i bhfeidhm a chuireann toirmeasc ar úsáid na hintleachta saorga i gcomórtais eile liteartha atá á reáchtáil in Éirinn i mbliana. Sna treoracha atá tugtha ag lucht an chomórtais Béarla, Frazzled Lit deirtear “Ní gá é a rá ach táimid á rá ar aon chaoi: ní chuirfidh Frazzled Lit suas le saothar a ghintear leis an intleacht shaorga”.

Luaitear an intleacht shaorga sna rialacha do na comórtais do ghearrscéalta atá á reáchtáil ag Féile Liteartha an Daingin i mbliana freisin: “ní ghlacfar le scéalta arna nginiúint ag an Intleacht Shaorga/stories generated by AI will not be accepted”.

Glacfar le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais go dtí Dé Luain 8 Iúil.

Níos mó

Is féidir an nós go n-iompódh Gaeilgeoirí óga ar an mBéarla agus iad ar líne a athrú le cabhair AI – Údarás na Gaeltachta

Tá imní ar Údarás na Gaeltachta gurb é an Béarla an teanga atá in uachtar i measc óige na Gaeltachta agus iad ag déanamh cumarsáide lena chéile tríd an Idirlíon. Dúirt stiúrthóir seirbhísí corparáideacha an Údaráis, Ruairí Ó Néill, leis na meáin ag ócáid faoin intleacht shaorga an tseachtain seo go bhfuil an “riosca” ann gur i mBéarla amháin atá a “saol digiteach” á chaitheamh ag déagóirí na Gaeltachta.

“Tá riosca ann ó thaobh an tsaoil dhigitigh do dhéagóirí. Is é an Béarla teanga nádúrtha na teicneolaíochta faoi láthair agus tá an-seans ann gur beag Gaeilge atá in úsáid ag an óige ar an idirlíon. Is féidir leas a bhaint as an intleacht shaorga le dul i ngleic leis an dúshlán seo,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur “ceist níos leithne” í ceist na teanga ar an idirlíon do phobal na Gaeltachta agus go dtiocfaidh sí chun cinn go mór sna deich nó cúig bliana déag atá amach romhainn.

Thug Ó Néill staitisticí faoi fhairsinge an Bhéarla ar an idirlíon i gcomparáid le mórtheangacha eile an domhain agus dúirt gur ar éigean a thabharfaí faoi deara go bhfuil an Ghaeilge ann ar chor ar bith nuair a bhreathnaítear ar an ardán idirnáisiúnta.

Mhaígh sé go bhfuil “beagnach 50%” den ábhar atá ar an Idirlíon i mBéarla agus go bhfuil an dara teanga is mó i bhfad i bhfad taobh thiar de. Níl ach 6% den Idirlíon sa Spáinnis, an dara teanga is mó úsáid ar líne. De réir an chomhlachta staitisticí Statista, tá an Ghearmáinis sa tríú háit agus 5.6% den Idirlíon sa teanga sin.

“Má táimid ag caint ar an nGaeilge ar líne, níl i gceist ach codáin fíor-fíor-fíorbheag den chéatadán fíorbheag. Tá i bhfad níos lú ná 0.1% den idirlíon ann i nGaeilge faoi láthair,” a dúirt Ó Néill.

Dúradh ag an ócáid gurb í aidhm an Údaráis glúin óg a chothú a bheadh “ag súil go nádúrtha le [uirlisí AI] a úsáid trí mheán na Gaeilge” agus go bhfuil iarrachtaí ar bun ag an eagraíocht glúin a chruthú “nach mbraithfidh teoranta ag úsáid na Gaeilge sa spás digiteach”.

“Trí ábhar a chruthú don óige ag úsáid teicneolaíochtaí giniúna intleachta saorga, tabharfar deis dóibh a n-ábhar féin a chruthú i nGaeilge agus a bheith páirteach i bhforbairt cultúir dhigitigh na Gaeilge.

“Is í an fhís seo an bunús le todhchaí ina mbeidh an Ghaeilge ina cuid lárnach de shaol digiteach na hóige, seachas a bheith ar an imeall, nó ina rogha thánaisteach,” a dúradh.

Maíodh go raibh “easpa ábhair ar ardchaighdeáin” ar fáil ar an idirlíon don óige ar leithéidí YouTube agus seirbhísí sruthaithe ach go bhféadfaí an “bhearna” sin a líonadh leis an intleacht shaorga “trí chur go mór leis an raon ábhair atá ar fáil i nGaeilge i ngach réimse den saol”.

Chomh maith le hábhar siamsaíochta a fhorbairt a d’fhreastalódh ar riachtanais óige na Gaeltachta, tá an tÚdarás den tuairim go bhféadfaí an intleacht shaorga a úsáid le “hábhar múinteoireachta agus acmhainní ranga” a fhorbairt.

Tá súil ag an eagraíocht go bhfeicfidh cainteoirí óga Gaeltachta “go mbeidh na deiseanna céanna acu mar chainteoirí Gaeilge” is atá ag cainteoirí óga mhórtheangacha an domhain.

“Beidh siad níos compordaí ag lorg seirbhísí Gaeilge ó ghrúpaí éagsúla toisc go mbeidh tuiscint acu ar na féidearthachtaí teicneolaíochtaí atá ann. Cruthófar tuiscint láidir go bhfuil an Ghaeilge ábhartha sa domhan nua intleachta saorga, agus nach mbeidh siad fágtha ar lár i dteicneolaíocht nua-aimseartha,” a dúradh.

Níos mó

Léiriú ar stair na Gaeilge in Éirinn le 700 bliain i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann

Léirítear sna taifeadtaí atá ar fáil anois go poiblí trí Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann go raibh cainteoirí aonteangacha Gaeilge ina gcónaí i gCill Mhantáin chomh deireanach leis na 1800idí.

Dúirt an Dr Ciarán Wallace, Comhstiúrthóir an Mhaoinchiste, le Tuairisc go raibh “iontas” air nuair a chonaic sé taifeadtaí ón Ard-Ghiúiré i gCill Mhantáin a léirigh gur íocadh ateangairí Gaeilge le haghaidh a seirbhísí i gcúirteanna Chill Mhantáin sa 19ú haois.

Eisíodh an tseachtain seo 175,000 taifead nua staire ó chartlann Oifig na dTaifead Poiblí, taifid a cailleadh sa dóiteán a tharla sna Ceithre Cúirteanna le linn chath Bhaile Átha Cliath in 1922. I measc na dtaifeadtaí sin bhí 50,000 ainm as daonáirimh ón 19ú haois agus ábhar ó na cúirteanna.

“Ba í cartlann Rialtas Shasana in Éirinn í agus mar sin tá an chuid is mó de i mBéarla. Is féidir a fheiceáil, go háirithe sna taifid ón Meánaois, go mbíonn siad ag caint ar ateangairí.

“Sna 1300idí bhí taoisigh na hÉireann ag géilleadh do rí Shasana agus feicimid tagairtí don ‘Hibernic tongue’ sna cuntais. Is taifead agus is cuntas é ar an idirphlé a bhí ann idir dhá phobal teanga,” a dúirt Wallace le Tuairisc.

Dúirt sé go raibh an “t-idirphlé” sin fós le feiceáil sna taifid a rinne cúig chéad bliain ina dhiaidh sin agus go raibh “iontas” air a fheiceáil gur i gCill Mhantáin a bhí sé ag tarlú.

“Tháinig an rud céanna aníos arís sna 1800idí. Bhí na hArd-Ghiúiréanna ann an uair sin, a bhí cosúil leis an gcomhairle contae – ba leagan den rialtas áitiúil iad. Tá taifid ann de na hArd-Ghiúiréithe seo a bheith ag íoc as ateangairí le haghaidh cásanna a bhí ar siúl i gCill Mhantáin. Níor thuig mé féin go raibh an Ghaeilge beo sa taobh sin tíre chomh déanach sin,” a dúirt sé.

Ar cheann de na gnéithe is suntasaí ó thaobh na Gaeilge de atá ar fáil sa chartlann phoiblí nua ná an daonáireamh a rinneadh in Oileáin Árann in 1821. Tá taifead iomlán ann de mhuintir an oileáin, an chéad uair a ndearnadh a leithéid riamh, ach dar leis an Dr Wallace “shílfeá nach raibh focal Gaeilge san oileán”.

Ní hin le rá nach raibh an Ghaeilge ag muintir Árann, ná baol air, a deir sé, ach nach raibh spéis ag na hoifigigh a bhí i mbun an daonáirimh in 1821 sa teanga. Dúirt sé, murab ionann agus na daonáirimh a dhéantar sa lá atá inniu ann, nárbh é “ceann an tí” a líon an fhoirm ach oifigigh a tháinig thar sáile isteach go hÁrainn, Inis Meáin, agus Inis Oírr.

“Ba é an chéad uair a rinneadh taifead de gach duine a bhí sa teach. Dódh an bailiúchán ar fad, seachas corrbhlúirín páipéir anseo is ansiúd. Tá sé ar fáil ar líne anois agus is mór an díol spéise é. Tá ainm gach duine sna hoileáin, fir, mná, agus páistí ann.

“Sna taifid ar fad, níl oiread is ainm amháin Gaeilge ann. Tá na hainmneacha ar fad thar a bheith Gallda, agus tá tráchtanna beaga sna himill faoin ngairm a bhí ag cuid de na daoine. Is oifigeach ón taobh amuigh a tháinig i dtír san oileán a bhí ann a bhreathnaigh orthu go huile is go hiomlán trí lionsa an Bhéarlóra. B’fhéidir go mbeadh sagart nó oifigeach de chuid an RIC leis, ach shílfeá ó bheith á léamh nach raibh Gaeilge ar bith in Oileáin Árann in 1821,” a dúirt Wallace.

Scriosadh na taifid a bhain leis an daonáireamh sin sa dóiteán mór agus is tras-scríbhinn iad formhór mór na dtaifead atá ar shuíomh na cartlainne. Ach i gcás Oileáin Árann is féidir an cháipéis féin, a breacadh i mí na Bealtaine 1821, a fheiceáil.

Dúirt Wallace nach maireann aon bhuncháipéis eile do cheantar ar bith eile sa tír ó 1821 agus gur cóipeanna a fuarthas ó áiteanna eile iad na cinn atá le feiceáil anois.

“Aimsíodh na hainmneacha trí chartlanna agus leabharlanna a ransú le haghaidh cóipleabhair agus leabhair nótaí a d’úsáid gineolaithe a rinne taighde bunaithe ar na bunchóipeanna roimh an mbliain 1922.

“Dódh buntaifid na ndaonáireamh i gCath na gCeithre Cúirteanna ach dheonaigh na ginealeolaithe seo a leabhair nótaí ina dhiaidh sin – ba mhinic nach raibh iontu ach scriobláil – do Chartlanna Náisiúnta na hÉireann, d’Oifig na dTaifead Poiblí Thuaisceart Éireann, nó do chartlann áitiúil éigin. Chuaigh Brian Gurrin ar a dtóir, bhain meabhair astu, agus chuir 60,000 acu leis an Maoinchiste,” a dúirt Wallace.

Níor thug áiritheoirí an Daonáirimh aon suntas don Ghaeilge go dtí 1851. Dúirt Wallace nár éirigh leis aon tagairt den teanga a aimsiú in aon tuairisc daonáirimh go dtí an bhliain sin.

Sa tuarascáil faoin Daonáireamh in 1851, tugadh le fios go raibh an Ghaeilge ag 1,524,286 duine in Éirinn an bhliain sin – 23.3% den daonra iomlán. Ach tugtar le fios ann freisin go bhféadfadh sé nach mbeadh an figiúr seo cruinn mar gheall ar an gcaoi ar bailíodh an t-eolas.

“Bailíodh an t-eolas sa spás faoin gceannteideal ‘Oideachas’, agus mar ‘nóta’ ag bun na foirme (a bhféadfaí dearmad a dhéanamh air i gcásanna áirithe),” a dúradh sa tuarascáil.

Ba é cúige Chonnacht an áit ba mhó a raibh an Ghaeilge sa treis agus an teanga ag os cionn 50% den daonra in 1851. Bhí níos mó cainteoirí Gaeilge i gcúige Uladh (6.8%) an uair sin ná mar a bhí i gcúige Laighean (3.5%). Bhí an Ghaeilge ag 70% de mhuintir na Gaillimhe, an contae ba mhó cainteoirí Gaeilge, agus ag 0.1% de mhuintir Chill Mhantáin, an contae ba lú.

Is sa dara leath den 19ú haois a thosaigh lucht acadúil ag cur spéise sa Ghaeilge agus a háit i stair na hÉireann, dar le Wallace. Dúirt sé gurbh éigean do rialtas na Breataine in Éirinn duine a fhostú a raibh an Ghaeilge ar a thoil aige leis an ábhar Gaeilge a bhí sa chartlann a scagadh – an chéad phost státseirbhíse a raibh riachtanas Gaeilge luaite leis.

“Faoi na 1890idí bhí scoláirí Gaeilge ag lorg taifid i nGaeilge. Chaith an fhoireann bainistíochta in Oifig na dTaifead Poiblí duine amháin ar a laghad a fhostú a raibh Gaeilge líofa aige – agus tharla sé seo faoi riail na Breataine in Éirinn. Ba é an chéad phost stáit é a raibh riachtanas Gaeilge luaite leis. Muirgheasach as contae Chiarraí an chéad fhear a fuair an post.

“Fuarthas cúig mhír ar fad sa stór. An cur síos a rinneadh orthu ná ‘documents written in the Irish character and tongue’. Chuir siad i gcló sa seanchló iad taobh le haistriúchán go Béarla. Tras-scríobh is ea ceann acu ar bhreithiúnas ón bhFéineachas. Baineann sé le dhá theaghlach in Uíbh Fhailí agus theastaigh uathu go gcuirfí an breithiúnas i scríbhinn, cé gur traidisiún béil a bhí san Fhéineachas go dtí sin. Bhraith na scoláirí sna 189oidí go raibh luach acadúil ag baint leis,” a dúirt Wallace.

Tá cáipéis eile sa chartlann a scríobhadh i nGaeilge in 1661, cúpla bliain i ndiaidh bhás Chromail. Litir atá ann a bhí seilbh fir a gabhadh ar an mbóthar ó Dhún na nGall nach raibh an saighdiúir a ghabh é in ann meabhair a bhaint aisti.

“Go bunúsach, áit éigin ar an mbóthar ó bhaile Dhún na nGall, ghabh oifigeach Sasanach fear, tráth a raibh achrann ann faoi riail Shasana in Éirinn, ghabh sé fear agus níorbh fhéidir leis an script a léamh. Ba litir ó Ord na bProinsiasach a bhí ann agus iad ag iarraidh atheagar a chur ar an ord tar éis bhás Chromail.

“Bhí imní ar an oifigeach gur “rebellious document” a bhí sa litir agus seoladh go Baile Átha Cliath í lena haistriú. As sin, chuaigh sé chuig an gcartlann faisnéise in Kew i Sasana, mar sin tá cóip againn de théacs i nGaeilge mar a scríobh Proinsiasach Éireannach sna 1660idí í,” a dúirt Wallace.

Níos mó

Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt den tríú huair mar gheall ar teip Stormont Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach

Tá tús curtha ag Conradh na Gaeilge lena n-athbhreithniú breithiúnach is deireanaí in aghaidh an Fheidhmeannais ó thuaidh agus in aghaidh an Aire Pobal Gordon Lyons.

Is é seo an tríú hathbhreithniú breithiúnach atá déanta ag an gConradh le hocht mbliana anuas in aghaidh an Fheidhmeannais agus na n-airí atá ann mar gheall ar an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh.

Deir an Conradh go bhfuil ag “teip” ar an bhFeidhmeannas le blianta anuas an Straitéis Ghaeilge a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006 a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

“Gealladh an Straitéis an chéad uair i gComhaontú Chill Rìmhinn agus tháinig ann dó mar dhualgas reachtúil sa dlí in 2007, mar alt 28D d’Acht Thuaisceart Éireann. Gealladh an Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid de Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh an straitéis sin ann faoi cheann sé mhí ón chomhaontú,” a deir Conradh na Gaeilge.

Cuireadh “grúpa saineolaithe” ar bun i mí Mheithimh na bliana 2021 le moltaí a dhéanamh i leith na straitéise teanga agus foilsíodh torthaí na hoibre sin mí Márta na bliana 2022. Chomh maith leis sin foilsíodh dréachtphlean gníomhaíochta don straitéis in 2023, mar thoradh ar obair “grúpa comhdheartha” a cuireadh ar bun in 2021 agus ina raibh “réimse leathan d’eagraíochtaí Gaeilge” páirteach.

Ainneoin an obair sin ar fad a bheith déanta, níl tásc ná tuairisc ar an Straitéis ó tháinig an Feidhmeannas ar ais i mí Feabhra na bliana seo caite. Níl sí tugtha chun cinn ag an Aire reatha Gordon Lyons, agus dá bharr sin, ní sí faofa ag an bhFeidhmeannas féin.

Dearbhaíodh sna hathbhreithnithe breithiúnacha eile a thóg Conradh na Gaeilge in aghaidh an Fheidhmeannais – in 2017 agus in 2022 – gur theip ar an bhFeidhmeannas a dhualgas dleathach a chomhlíonadh agus go raibh an teip sin “mídhleathach”.

Chinn an Breitheamh Schoffield in 2022 go raibh ar an bhFeidhmeannas “feidhmiú mar ábhar phráinne” ar na dualgais a bhí air Straitéis Ghaeilge a thabhairt chun cinn agus a chur i bhfeidhm.

Dúirt Niall Murphy, aturnae Chonradh na Gaeilge sa chás nua, go bhfuil an Conradh ag éileamh “ordú ón gCúirt go dtógfaidh an Feidhmeannas bearta áirithe chun na teipeanna seo a leigheas”.

“Dhearbhaigh an Breitheamh Maguire in 2017 gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh nuair a theip orthu Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach.

“In 2022, dhearbhaigh an Breitheamh Schoffield gur theip orthu arís. Éilíonn ár gcás ordú ón gCúirt go dtógfaidh an Feidhmeannas bearta áirithe chun na teipeanna seo a leigheas, fríd Ordú Mandamus, a chuirfeadh iachall ar an Aire agus ar an bhFeidhmeannas amscála cuimsitheach a fhoilsiú maidir le Straitéis a chríochnú agus na céimeanna nithiúla a thógfaidh siad chun an staid sin a bhaint amach a chur san áireamh ann,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide an Chonartha, go bhfuil sé “scannalach” go gcaithfidh an Conradh dul chun na cúirte arís ar an ábhar céanna agus nach léir don eagraíocht go bhfuil forbairt na Straitéise ina tosaíocht ag an Aire Pobal.

“Tá sé scannalach ar fad go bhfuil muid ag dul ar ais chun na hArd-Chúirte den tríú huair ar an ábhar céanna. Is í an tuairim atá againn gur theip ar an Fheidhmeannas agus ar an Aire a gcuid dualgas dleathach a chomhlíonadh maidir leis an Straitéis Ghaeilge, agus níl aon rud feicthe againn a deir linn go bhfuil forbairt na Straitéise seo mar thosaíocht reatha ag an Aire Pobal, atá freagrach as an straitéis a ullmhú ar son an Fheidhmeannais,” a dúirt sé.

Níos mó

Treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí gan AI a úsáid i gcruthú fógraí don eagraíocht

Tá treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí a dhéanann fógraíocht thar ceann na heagraíochta gan an intleacht shaorga (AI) a úsáid leis na fógraí sin a chruthú.

Sheol rannóg cumarsáide an Údaráis polasaí maidir le húsáid na hintleachta saorga i bhfeachtais fógraíochta chuig an gcomhlacht margaíochta Lorg Media tar éis don chomhlacht sin íomhánna a ghiniúint le huirlisí AI do shraith fógraí de chuid Údarás na Gaeltachta níos luaithe i mbliana.

Sa chomhfhreagras a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise d’admhaigh Lorg Media gur chruthaigh siad “formhór na n-íomhánna” san fheachtas fógraíochta don scéim ‘Glasoiliúint’ le AI.

Dúirt an comhlacht go ndeachaigh siad i muinín na hintleachta saorga le híomhánna a chruthú mar gheall ar a dheacra is atá sé, dar leo, íomhánna ina léirítear “cúlra/cuma phobal na Gaeltachta” a aimsiú ar shuíomhanna stoc-íomhánna. Dúradh freisin nár chuir Údarás na Gaeltachta féin grianghraif ar fáil do Lorg Media le húsáid san fheachtas.

Níor luaigh an comhlacht margaíochta, atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh iarracht grianghrafadóir a fhostú le híomhánna a chruthú don fheachtas fógraíochta.

“Chruthaigh muid formhór na n-íomhánna le AI ionas go mbeadh muid in ann cúlra/cuma phobal na Gaeltachta a tharraingt isteach, le stock images tá sé sin fíordheacair a aimsiú agus ní raibh aon ghrianghraf agaibh féin do cúrsaí a raibh muid a chur spotsolas orthu,” a dúradh sa chomhfhreagras.

Dúradh an méid sin mar fhreagra ar cheist ó Údarás na Gaeltachta féin faoi fhoinse na n-íomhánna a bhí san fheachtas a scaipeadh agus a cáineadh ar na meáin shóisialta.

“An féidir liom a dheimhniú leat gur grianghrafadóir nó stock images (gach íomhá ceannaithe go dleathach ó sholáthraithe stock images aitheanta) amháin a úsáideadh i ngach ábhar margaíochta agus fógraíochta agus nár bhain sibh aon úsáid as AI?” a fiafraíodh sa chomhfhreagras ón Údarás.

Sna treoirlínte a eisíodh tar éis na heachtra seo deirtear gur ceart “grianghrafadóirí gairmiúla” a fhostú do thionscadail den chineál seo nó gur ceart “grianghraif stoc faoi cheadúnas ó fhoinsí aitheanta le cearta úsáide cuí” a úsáid.

Deirtear gur ceart a dheimhniú go bhfuil cearta úsáide na n-íomhánna “ag teacht leis an gcuspóir beartaithe agus leis na bealaí dáileacháin” agus go gcuirtear cosc sna treoirlínte ar úsáid na hintleachta saorga in ábhar fógraíochta Údarás na Gaeltachta.

“Ní úsáidimid íomhánna a ghintear le hintleacht shaorga in aon cheann dár n-ábhair. Cuidíonn na treoirlínte seo linn ardchaighdeáin físiúla a choinneáil, meas a léiriú ar chóipcheart agus ar chearta maoine intleachtúla, agus léiriú fírinneach a chinntiú inár gcumarsáid go léir,” a dúradh sna treoirlínte.

Fógraíodh an scéim ‘Glasoiliúint’ do cheardaithe Gaeltachta ar chuntais mheán sóisialta an Údaráis i mí an Mhárta. Cáineadh ar líne an cinneadh dul i muinín ‘AI slop’ le fógraíocht a dhéanamh faoin scéim a bhaineann le cúrsaí comhshaoil.

Luadh sa cháineadh sin na deacrachtaí comhshaoil a chruthaíonn an intleacht shaorga, droch-chaighdeán na n-íomhánna a chruthaíonn sí, agus an obair ghrianghrafadóireachta a d’fhéadfaí a thabhairt do dhuine as an nGaeltacht leis na híomhánna a chruthú.

Luadh freisin i gcás ar leith nach raibh an trealamh pearsanta cosanta cuí á chaitheamh ag “oibrí” a bhí le feiceáil san íomhá a ghin an AI.

Dúirt an grianghrafadóir Liam Higgins, as Corca Dhuibhne, le Tuairisc gur údar díomá é go ndeachaigh an tÚdarás i muinín na hintleachta saorga le híomhánna a chruthú dá bhfeachtas fógraíochta.

“Is deacair an t-ábhar é mar is dócha go bhfuil freagracht éigin ar Údarás na Gaeltachta obair a thabhairt do ghrianghrafadóirí áitiúla agus do mhainicíní áitiúla, ach níl cliú agam mar gheall ar an mbuiséad atá acu.

“Níl sé céad faoin gcéad ceart rud éigin mar sin a dhéanamh. Níl sé seo ach ina thús, cá bhfios cá mbeidh muid i gceann deich mbliana, cén úsáid a bheifear a bhaint as an intleacht shaorga agus cén obair a bheidh ann?” a dúirt Higgins le Tuairisc.

Níos mó

Treoirlínte ó Aire na Gaeltachta ag teastáil chun dualgas a chur ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a úsáid go cruinn

Ní bheidh leigheas ar an trioblóid a bhíonn ag daoine a bhfuil ainmneacha agus sloinnte Gaeilge orthu, nó a úsáideann an leagan Gaeilge dá seoladh baile le comhlachtaí poiblí, go dtí go n-eiseoidh Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, treoirlínte reachtúla le haghaidh na gcomhlachtaí poiblí faoi chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, dar leis an gCoimisinéir Teanga, Séamus Ó Concheanainn.

I measc na bhforálacha a tugadh isteach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 i mí na Nollag seo caite, leagadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcórais ríomhaireachta a chóiriú le go mbeifí in ann ainm, sloinne, seoladh poist, agus teideal duine den phobal “a thaifeadadh agus a phróiseáil go cruinn i nGaeilge”.

Dúirt an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil gur “foráil fhíorthábhachtach” í an fhoráil seo mar gheall ar an líon gearán a fhaigheann a oifig go rialta i leith “sonraí pearsanta bhaill den phobal i nGaeilge a úsáid go míchruinn” ach nach mbeidh “éifeacht iomlán” ag an bhforáil go dtí go dtabharfaidh an tAire Gaeltachta na treoirlínte isteach.

“Ní bheidh feidhm iomlán ag [an bhforáil] go dtí go roinnfidh Aire na Gaeltachta treoirlínte reachtúla a roinnfidh mioneolas leis na comhlachtaí poiblí faoi chur i bhfeidhm na forála agus a bhforordóidh comhlachtaí poiblí chun críocha na forála sin,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Concheanainn go bhfuil sé ag súil go dtiocfaidh laghdú ar líon na ngearán a fhaigheann a oifig faoi na cearta a bhaineann le hainm, sloinne agus seoladh Gaeilge  ar an bhforáil nua.

Luaigh sé go sonrach an córas Eircode mar shampla de chomhlacht poiblí a ndearnadh go leor gearán faoi maidir le húsáid seoltaí poist Gaeilge.

“Baineann bunús na deacrachta leis an leagan Béarla de sheoltaí a bheith á n-úsáid mar réamhshocrú agus gan aon deis a bheith ag an bpobal an réamhshocrú i mBéarla a chur ar ceal ach leagan Gaeilge den seoladh a chlárú.

“Údar mór faoisimh a bheidh ann do phobal na Gaeilge go rachaidh [an fhoráil] i ngleic freisin leis an easnamh seo sa chóras Eircode,” a dúirt sé.

Bhí conspóid mhór ann nuair a tugadh an córas Eircode isteach ar dtús sa bhliain 2015 mar gheall ar sheoltaí i mBéarla a bheith á gcur ar chomhfhreagras le muintir na Gaeltachta. Sa bhliain 2021 chuir an t-iarChoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar nár cuireadh i bhfeidhm na moltaí faoi Eircode a rinne sé ina thuarascáil.

Thosaigh Oifig an Choimisinéara Teanga ag fiosrú an scéil ó seoladh an córas Eircode i mí Iúil 2015. Dúirt Rónán Ó Domhnaill gur tharraing an scéal níos mó gearán ná aon ábhar eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.

Sa bhliain 2023 dúirt baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go raibh díomá orthu nach raibh an scéal curtha ina cheart faoin am sin go “leanfar leis an sárú reachtaíochta a [bhí] á dhéanamh a bhí á dhéanamh maidir le logainmneacha Gaeilge ar feadh trí bliana ar a laghad”. D’fhoilsigh an coiste a dtuarascáil féin ar an gceist i mí Nollag na bliana 2023.

Níos mó

Feisirí Eorpacha ag tacú le moladh grúpa Gaeltachta go mbunófaí ‘ceantair speisialta teanga’

Tá lán a dtacaíochta tugtha ag beirt Fheisirí Eorpacha don mholadh go gcruthófaí “ceantair speisialta caomhnaithe teanga” san Aontas Eorpach. Agus iad ag labhairt le Tuairisc sa Bhruiséil, dúirt na Feisirí Ciarán Mullooly (Independent Ireland/Renew) agus Seán Kelly (Fine Gael/EPP) go dtacódh siad leis an moladh a rinne Bánú go dtabharfaí “aitheantas speisialta” don Ghaeltacht ag leibhéal na hEorpa.

Dúirt Seán Kelly gur “smaoineamh maith” a bhí i moladh Bhánú go “dtabharfaí aitheantas speisialta caomhnaithe teanga” do cheantair in Éirinn ina bhfuil “an Ghaeilge in úsáid ag sciar suntasach den phobal ar bhonn laethúil” agus go mbeadh tacaíocht dá leithéid “ar fud na hEorpa”.

“Is ceist bheag í i gcomhthéacs na hEorpa ach is ceist thábhachtach í. Thabharfadh sé aitheantas do na fadhbanna atá sa Ghaeltacht agus deiseanna dul i ngleic leo. Dá mbeadh an t-aitheantas ann d’fhéadfaí airgead a chur ar fáil nó cláir a bheadh cosúil le LEADER a bhunú, nó ceist na tithíochta a phlé i gcomhthéacs na teanga.

“Is smaoineamh maith atá ann agus bheadh tacaíocht ann ó thíortha ar fud na hEorpa mar tá a dteangacha agus a gceantair féin acu i go leor tíortha ar fud na hEorpa, ba chóir é a leanúint,” a dúirt Kelly.

Dúirt a chomhghleacaí i bParlaimint na hEorpa, Ciarán Mullooly, go dtacódh sé go huile is go hiomlán leis an moladh agus gur chóir é a shníomh isteach leis na dlíthe pleanála le dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.

Dúirt sé nár shíl sé go raibh an ligean gearrthéarmach [ar cíos] ina cheist chomh práinneach sin in Éirinn is atá i dtíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, ach gur léir dó go bhfuil tionchar diúltach aige sin agus ag daoine a bhfuil an dara teach acu sa Ghaeltacht ar an teanga.

“Tá tithe sna ceantair Ghaeltachta nach mbeidh teacht ag muintir na háite orthu choíche. Bhí Breanndán Ó Beaglaoich as contae Chiarraí agus grúpa feachtais anseo cúpla seachtain ó shin agus bhí cruinniú againn faoi cheist na tithíochta sa Ghaeltacht. Tá go leor de na tithe [sa Ghaeltacht] i seilbh daoine as an gcósta thoir atá in acmhainn airgead mór a íoc ar theach.

“Is scannal amach is amach é nach bhfuil na treoirlínte pleanála Gaeltachta foilsithe ag an rialtas fós – tá muid ag fanacht le blianta anois. Ní féidir glacadh leis an moill sin,” a dúirt Mullooly.

Sheol Bánú aighneacht chuig Coimisiún na hEorpa an mhí seo inar iarradh go “dtabharfaí aitheantas speisialta caomhnaithe teanga” do na ceantair Ghaeltachta in Éirinn “ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag sciar suntasach den phobal ar bhonn laethúil”.

Dúirt Bánú gur cheart go mbeadh caomhnú na teanga chomh tábhachtach céanna don Aontas Eorpach “is atá caomhnú na bithéagsúlachta agus caomhnú na timpeallachta” ach nach bhfuil “aitheantas oifigiúil faoi leith ag na ceantair ina bhfuil an teanga fós in úsáid i measc an phobail”.

Iarradh ina n-aighneacht go “n-aithneofaí an gá le beartais phleanála agus tacaíochta” sna ceantair a shaineofaí agus go ligfí do na húdaráis phleanála agus tithíochta “beartais chosanta a chur i bhfeidhm a mheallfadh daoine le líofacht teanga áit chónaithe a aimsiú” sna ceantair chaomhnaithe.

Maítear sa cháipéis ó Bánú go bhfuil “todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol” agus go gcaithfear “céimeanna ciallmhara” a thógáil le tithíocht a sholáthar “do chainteoirí Gaeilge sa mhéid den Ghaeltacht ina bhfuil an teanga in úsáid mar theanga laethúil go fóill”.

Níos mó

‘Mailís ar bith’ i gcaint faoi easpa tuisceana na hÉireann ar an gcur faoi chois cultúir agus teanga

Tá sé ráite ag Coimisinéir Eorpach na hÉireann, Michael McGrath, nach raibh “aon mhailís dá laghad” sa mhéid a dúirt Leas-Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Kaja Kallas faoi “easpa tuisceana” mhuintir na hÉireann ar an gcur faoi chois cultúir agus teanga.

Dúirt Kallas go bhfuair Éire an deis tar éis an Dara Cogadh Domhanda bláthú ó thaobh an ratha de agus nach raibh taithí ag an tír sa tréimhse sin ar “ainghníomhartha, olldíbirtí, agus cur faoi chois cultúir agus teanga”.

Agus é ag labhairt leis na meáin sa Bhruiséil, dúirt McGrath gur baineadh míchiall as an méid a dúirt Kallas.

“Is dóigh liom gur baineadh míchiall as [an méid a dúirt sí], déanta na fírinne, agus ón aithne mhaith atá agam féin ar Kaja, tá an-chur amach aici ar Éirinn agus ar stair na hÉireann agus ar an streachailt ar son na saoirse a bhí ag Éirinn.

“Tá sí ag teacht ó thír nach bhfuil a saoirse aici leath chomh fada is atá ag Éirinn, a bhain an tsaoirse amach nuair a thit Cuirtín an Iarainn 35 bliain ó shin agus tá an comhthéacs an-difriúil.

Dúirt McGrath go raibh a fhios aige ón bplé a bhíonn aige leis an leas-uachtarán go bhfuil an-ghean aici ar Éirinn agus nach raibh “mailís dá laghad” i gceist lena ndúirt sí.

“Tá sí an-eolach agus an-éirimiúil agus is duine an-mheasúil í. Bhí sí ag labhairt go hionraic sa pharlaimint i ndíospóireacht oscailte agus is rud é sin is ceart a mholadh. Baineadh míchiall as a ndúirt sí i gcuid den cháineadh atá cloiste agam,” a dúirt Michael McGrath agus é ag caint sa Bhruiséil.

Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin (GUE/NGL), Kathleen Funchion gur bhain ráiteas an Leas-Uachtaráin siar aisti agus gur léirigh an méid a bhí le rá ag Kallas faoi Éirinn “aineolas soiléir faoi stair na tíre”.

Thagair Funchion d’ár Bhaile Uí Mhurchú agus do Dhomhnach na Fola agus í ag cáineadh ráiteas Kallas agus dúirt gur fhulaing muintir na hÉireann an t-imtheorannú agus “leithcheal forleathan” maidir le tithíocht agus fostaíocht.

“Anuas air sin, is cath atá fós ag dul ar aghaidh é cur faoi chois na Gaeilge agus chultúr na hÉireann, mar is léir ón bhfeachtas ar son Acht Gaeilge ó Thuaidh atá ag dul ar aghaidh le blianta fada,” a dúirt Funchion i ráiteas an tseachtain seo caite.

Agus í ag labhairt leis na meáin sa Bhruiséil an tseachtain seo caite, dúirt an Feisire Eorpach do Dheisceart na hÉireann nach raibh aon fhreagra faighte aici ón Leas-Uachtarán go fóill ach nach mbeadh sí ag súil le ceann chomh sciobtha sin. Dúirt sí, áfach, go mbeadh sí ag súil le freagra ar a gearán sna laethanta amach romhainn.

Níos mó

Síneadh curtha leis an spriocdháta do Chomórtais Liteartha an Oireachtais

Tá síneadh ama curtha ag Oireachtas na Gaeilge leis an spriocdháta d’iontrálacha do Chomórtais Liteartha Oireachtas na Samhna.

Beidh deis anois ag scríbhneoirí na Gaeilge a saothar a chur faoi bhráid mholtóirí an Oireachtais go dtí an 8 Iúil 2025.

Táthar ag lorg úrscéalta, gearrscéalta, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, saothar próis, filíocht, ailt iriseoireachta, greannáin, drámaíocht agus saothar eile nach iad do chomórtas na bliana seo.

Tá duaischiste €30,000 le bronnadh ag an Oireachtas sna comórtais uile. Bronnfar €3,000 ar an duine a bhuafaidh rannóg na n-úrscéalta; €2,000 an duine ar bhuaiteoirí sna rannóga ficsin do dhaoine óga agus don fhoghlaimeoir fásta. Tá duaiseanna móra ann don fhilíocht freisin agus €1,250 ann don duine a scríobhfaidh an cnuasach filíochta is fearr i mbliana.

Ar na comórtais atá ar chlár na féile seo tá aiste faoi ‘Chur chun cinn na Gaeilge’, ‘Gearrscéal’, ‘Scéal dírithe ar dhéagóirí’, agus ‘Saothar Spioradálachta/Creidimh/Ábhar Marana’.

Tá catagóirí eile ann don drámaíocht agus don fhilíocht. Bronnfar duais ar leith ar an dán is fearr agus duais eile ar an gcnuasach filíochta is fearr. Ó thaobh na drámaíochta de, tá cúig chatagóir ann i mbliana – ‘Dráma raidió’, ‘Dráma Aonghnímh’, agus trí chatagóir don drámaíocht atá dírithe ar pháistí.

Bronnfar Duais Chuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc ar an dráma is fearr do pháistí ó na naíonáin mhóra go rang a trí; bronnfar Duais Chuimhneacháin Carmel Uí Bholguidhir ar an dráma is fearr do páistí ó rang a ceathair go rang a sé; agus bronnfar Duais Chuimhneacháin Dhonncha Uí Shúilleabháin ar an dráma is fearr do dhaltaí meánscoile.

Tá dhá rannóg iriseoireachta ann arís i mbliana: iriseoireacht, agus iriseoireacht do dhaoine faoi 30. Is é an t-irisleabhar Nós atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas do dhaoine faoi bhun tríocha bliain d’aois agus foilseofar an t-alt a bhuafaidh ar an iris i ndiaidh an chomórtais. Tá duais €500 an ceann luaite leis an dá chomórtas iriseoireachta agus duaiseanna €300 agus €200 do na daoine a thiocfaidh sa dara agus sa tríú háit sa chomórtas do dhaoine fásta.

Tá síneadh ama curtha freisin leis an spriocdháta do na comórtais do dhaoine atá fós sa chóras oideachais freisin. Tá ceithre chatagóir ann sa chomórtas greannán do dhaltaí bunscoile: ceann do dhaltaí i rang a trí, ceann do dhaltaí i rang a ceathair, ceann do dhaltaí i rang a cúig, agus ceann do dhaltaí i rang a sé.

Is do dhaltaí Gaelscoile agus scoileanna Gaeltachta iad na comórtais sin. Ní mór do na hiarrthóirí greannán a scríobh i nGaeilge a bheidh bunaithe ar na leideanna atá tugtha ar shuíomh an Oireachtais, agus léaráidí dá ndearadh féin fite fuaite tríd an scéal. Glacfar le hiarratais aonair agus le comhiarratais ó bheirt (scríbhneoir agus ealaíontóir, mar shampla).

Tá comórtais ann do script ghearrscannáin, greannán do lucht na Sraithe Sóisearaí agus do lucht na hArdteiste; ceann don phrós; ceann don iriseoireacht; ceann don fhicsean; agus ceann don fhilíocht. Ní dhéantar idirdhealú idir na haoisghrúpa sna ceithre chatagóir dheireanacha sin.

Ar deireadh, tá ceithre chomórtas ann do lucht an tríú leibhéal i mbliana: prós, iriseoireacht, ficsean, agus filíocht.

Níos mó

‘Ba cheart cur le líon na líonraí Gaeilge ó thuaidh’ – Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá sé ráite ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin gur cheart cur leis na líonraí Gaeilge ó thuaidh agus go gcuirfí “na hacmhainní cuí” ar fáil do phobail na líonraí sin lena “bhfís uaillmhianach dá dteanga” a fhíorú.

Mhol Mac Giolla Bhéin an cur chuige atá luaite sa reachtaíocht nua teanga a tugadh isteach in Albain an tseachtain seo caite, is é sin go dtabharfaí aitheantas do “ceantair atá suntasach ó thaobh teanga de”. Dúirt Mac Giolla Bhéin gur maith a rud a bheadh san aitheantas sin go bhfuil sé níos tábhachtaí acmhainní a chur ar fáil ná aitheantas oifigiúil a thabhairt.

“Más tábhachtach stádas is tábhachtaí i bhfad na hacmhainní is ceart teacht leis agus, bíodh sé in Albain nó in Éirinn, tá dualgas ar na húdaráis a dhéanamh cinnte go bhfuil na hacmhainní cuí ag na pobail seo fís uaillmhianach dá dteanga agus dá gceantair a leagan amach agus a fhíorú,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go n-aithníonn Conradh na Gaeilge “na forbairtí dearfacha” i leith Ghaeilge na hAlban atá tarlaithe le tamall de bhlianta anuas ach gur gá aird a dhíriú ar an ngéarchéim teanga atá sna ceantair thraidisiúnta Ghàidhlig in Albain “mar ábhar práinne”.

“Molann muid an cur chuige atá luaite i reachtaíocht nua teanga na hAlban le ‘ceantair atá suntasach ó thaobh teanga de’ a aithint agus aithníonn muid na forbairtí dearfacha i gceantair ar nós Ghlaschú le blianta beaga anuas, cé go bhfuil géarchéim leanúnach teangeolaíochta sna ceantair dhúchasacha nach mór dul i ngleic léi mar ábhar práinne,” a dúirt sé.

Cé nach bhfuil a leithéid de rud ann agus aitheantas oifigiúil mar cheantar Gaeltachta, mar atá ó dheas, ná aitheantas mar cheantar atá suntasach ó thaobh teanga de, mar atá in Albain anois, tá péire de ‘Líonraí Gaeilge’ Fhoras na Gaeilge sa Tuaisceart: Béal Feirste Thiar agus Carn Tóchair.

Is éard is ‘líonra Gaeilge’ ann ná ceantar a bhfuil “mais chriticiúil bainte amach aige” ó thaobh tacaíocht an phobail don teanga. Aithníodh iad faoi Acht na Gaeltachta 2012 chaon taobh den teorainn agus tá pleananna teanga i bhfeidhm iontu mar atá i gcás na limistéir pleanála teanga sa Ghaeltacht agus na bailte seirbhíse Gaeilge taobh amuigh di.

“Tá dhá cheantar ó thuaidh ina bhfuil stádas faoi leith acu mar líonraí Gaeilge: mo cheantar féin in Iarthar Bhéal Feirste san áireamh, agus Carn Tóchair.

“Tugann an t-aitheantas sin deis dúinn, ar bhonn ceantarbhunaithe, riachtanais an phobail a mheas, bearnaí sa tsoláthar a aithint, agus plean teanga a chur i gcrích le dul i ngleic leo. Molann muid go leathnófar seo amach chuig ceantair eile ó thuaidh, áiteanna a bhfuil pobail bhríomhara Ghaeilge iontu faoi láthair,” a dúirt sé.

Faoin reachtaíocht nua a tugadh isteach in Albain an tseachtain seo caite, beidh bliain ag na húdaráis áitiúla ceantair atá “suntasach ó thaobh teanga de” a aithint. Is éard is brí leis sin ná “ceantar a bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil scileanna Gàidhlig acu” – 20% den daonra – nó ceantar nach bhfuil go leor cainteoirí Gàidhlig ann ach a bhfuil “ceangal stairiúil” aige leis an teanga; ceantar a bhfuil an t-oideachas trí Ghàidhlig ar fáil ann; nó ceantar ina mbíonn “imeacht suntasach a bhaineann leis an nGàidhlig nó leis an gcultúr Ghaelach” ar siúl.

Dá dtabharfaí an reachtaíocht chéanna isteach sa Tuaisceart is a tugadh isteach in Albain le deireanas, d’fhéadfaí 461 ceantar ó thuaidh, ar a laghad, a aithint mar ‘ceantar atá suntasach ó thaobh teanga de’.

Tuairiscíodh i nDaonáireamh 2021 go raibh cumas sa Ghaeilge ag os cionn 20% den daonra in 461 de na 936 barda toghcháin sa Tuaisceart. Bheifí in ann áiteanna a bhfuil céatadán níos lú ná sin iontu a chur san áireamh freisin ach an Ghaelscolaíocht a bheith ar fáil iontu nó “imeacht suntasach” a bhaineann leis an teanga nó leis an gcultúr a bheith á reáchtáil iontu.

Níos mó

‘Seafóid’ a mhaíomh go bhfuil ‘údar dlisteanach imní’ ag aontachtaithe faoin nGaeilge

Deir lucht feachtais teanga nach bhfuil “aon bhunús” le tuairim a léirigh iarChéad-Aire na Breataine Bige faoi chás na Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí teanga leis an Dream Dearg, nach bhfuil ciall leis an tuairim a léirigh Mark Drakeford, iarChéad-Aire na Breataine Bige, go bhfuil “údar dlisteanach imní” ag Aontachtaithe an Tuaiscirt faoin nGaeilge.

Dúirt Drakeford, atá anois ina Rúnaí don Bhreatnais i Rialtas na Breataine Bige, ar an gclár raidió Sunday Politics le déanaí go bhfuil “údar dlisteanach imní” ag daoine faoin nGaeilge ach gur “féidir dul i ngleic leo”.

Dúirt sé nach gá d’Aontachtaithe aon imní a bheith orthu faoin nGaeilge a fhad is go nglactar lena mbuaireamh ar bhealach “mothálach”.

Dúirt sé go raibh sé féin thar a bheith “compordach” lena fhéiniúlacht Bhriotanach agus lena fhéiniúlacht Bhreatnach agus nach mbaineann ceann amháin acu den cheann eile.

Ach maíonn Pádraig Ó Tiarnaigh, duine de na gníomhaithe teanga is mó aithne sa Tuaisceart, gur buaireamh “réamhcheaptha” é an buaireamh a bhíonn ar Aontachtaithe roimh an nGaeilge agus gur minic a bhíonn na tuairimí frith-Ghaeilge a léirítear ó thuaidh “fréamhaithe i bhfealsúnacht” a thugann leithscéal do dhaoine iarracht a dhéanamh an teanga “a dhíbirt ón saol poiblí”.

“Ní ghlacaim leis go bhfuil aon bhunús leis an tuairim go bhfuil buaireamh dlisteanach ann maidir leis an Ghaeilge. Go rímhinic, is buaireamh réamhdhéanta é atá á bhrú chun cinn le caoga bliain anuas ag ceannairí an Aontachtais pholaitiúil.

“Bíonn na tuairimí sin go minic lonnaithe i bhfealsúnacht an fhorlámhais chultúrtha a thugann bréag-leithscéal do dhaoine ar mian leo an teanga a dhíbirt ón saol poiblí. Níl aon bhunús sa dlí, anseo nó go hidirnáisiúnta, a deir go gcuireann gníomhartha dearfacha i leith na Gaeilge isteach ar Bhéarlóirí nó ar chearta pobail eile,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Dúirt Drakeford nár cheart “liathróid pholaitiúil” a dhéanamh den teanga agus gur cheart aird a thabhairt ar an imní atá ar Aontachtaithe fúithi.

Ach dúirt Ó Tiarnaigh gur “seafóid” a bhí sa mhaíomh gur buaireamh dlisteanach a bhí á léiriú ag Aontachtóirí agus go raibh a leithéid ann sa Bhreatain Bheag féin sular tugadh isteach reachtaíocht “láidir” teanga.

“Chuaigh an Bhreatain Bheag i ngleic le seafóid den chineál seo trí reachtaíocht shoiléir, láidir, agus cheartbhunaithe a chur i bhfeidhm a chaitheann le lucht na Breatnaise ar aon dul le lucht an Bhéarla. Tógaimis ceachtanna dea-chleachtais teanga ónar gcairde sa Bhreatain Bheag thar aon chomhairle eile,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Níos mó

Ranganna ‘rap’ á mbeartú sa Ghaeltacht agus fáilte curtha roimh chomórtais nua

Tá fáilte curtha ag lucht freastail agus iomaitheoirí Oireachtas na Samhna roimh an scéala go mbeidh comórtais nua á reáchtáil ag féile na bliana seo i mBéal Feirste.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge le déanaí go mbeidh comórtas nua rapcheoil ann do dhaoine óga, comórtas amhránaíochta le tionlacan giotáir ann do dhaoine fásta, agus comórtais chórcheoil do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, le Tuairisc go bhfuil an eagraíocht a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge sa Ghaeltacht ag cuimhneamh ar “chúnamh” a thabhairt do pháistí na Gaeltachta réiteach don chomórtas rapcheoil.

“Cuirimid cúnamh ar fáil do theaghlaigh a bhíonn ag réiteach don Oireachtas chun an méid atá sa mbaile ag aos óg na Gaeltachta a threisiú. Cuirimid ábhar ar fáil dóibh, bíonn deis cleachta acu agus déantar cur i láthair poiblí go háitiúil sula dtugann siad aghaidh ar stáitsí an Oireachtais.

“Bíonn sé seo ar bun san amhránaíocht, damhsa, agallamh beirte, lúibíní, aithriseoireacht, agus bíonn béim ar an rannpháirtíocht agus ar fhorbairt muiníne. Féachfaimid leis an rap a chur san áireamh i mbliana má bhíonn éileamh air agus táimid ag súil go mór leis,” a dúirt Ní Chéilleachair.

Dúirt sí go raibh sí “cinnte” go leagfaí béim ar an “dea-chaint, foghraíocht, agus deisbhéalaíocht” agus go gcinnteofar go bhfuil an “ghné nua seo fréamhaithe sa dúchas”.

Dúirt Sláine Ní Chathalláin, a tháinig sa dara háit ag Corn Uí Riada in 2024, gur mór idir an rap agus an sean-nós ach gur maith an rud é rud ar bith a chabhródh le leanaí “a bheith cruthaitheach trí mheán na Gaelainne”.

“Is fada ó rap é an sean-nós ó thaobh amhrán dó, ach tháinig na hamhráin nuachumtha isteach agus canathaobh ná tabharfaí isteach an rap. Sin an tslí atá an saol ag imeacht agus tionchar nach beag ag leithéidí Kneecap, Súil Amháin, agus an Slam Filíochta ar a leithéidí sin.

“Tháinig dreoilíní beag go dtí an ndoras chugamsa i rith na Nollag ó Pharóiste na Cille agus ó Pharóiste Múrach. Bhí aghaidheanna fidil orthu agus ní bosca ceoil ná feadóg stáin a bhí acu ach rap nuachumtha, a chum siad ar scoil. Má chabhraíonn an rapcheol Gaelainne le leanaí a bheith cruthaitheach trí mheán na Gaelainne agus taitneamh a bhaint as anuas air sin, bhuel tá buaite glan sa chás sin,” a dúirt Ní Chathalláin.

Bhí bean eile a fheictear go minic ar an ardán ag Corn Uí Riada, agus a thug léi an corn féin in 2016 go deimhin, Caitlín Ní Chualáin, ar aon tuairim le Ní Chathalláin go bhféadfadh na comórtais nua óige na Gaeltachta a spreagadh leanacht den oidhreacht láidir cumadóireachta atá i gConamara.

“Tá muid ag iarraidh an óige a spreagadh agus an Ghaeilge a spreagadh. Tá na Gaeil thar cionn ag cumadh, agus más rapcheol é ní cheapfainn gur aon bhagairt é sin don traidisiún.

“Níl sé [an rapcheol] láidir anseo i gConamara ach feictear domsa go bhfuil muintir na Gaeltachta seo, agus na nGaeltachtaí ar fad, go bhfuil féith cumadóireachta agus cruthaitheachta iontu i dtaobh véarsaíochta. Bíodh sé sin ina lúibín, agallamh beirte, aithriseoireacht nó eile. Tá sé nádúrthach sa DNA i muintir Chonamara. Tá muid ag feiceáil forbairt anseo agus i nGaeltachtaí eile agus faoi cheann deich mbliana d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an rapcheol againn,” a dúirt Ní Chualáin.

Ní cheapann an ceoltóir agus damhsóir Mícheál Ó Súilleabháin as Ráth Chairn, a bhíonn ag freastal ar an Oireachtas chuile bhliain, agus a chuireann an-spéis sna comórtais, gur “dochar ar bith é” comórtais nua a thabhairt isteach chuig an bhféile.

“Caithfidh siad a bheith ag cur leis i gcónaí. Tá na healaíona Gaeltachta san áireamh sna comórtais cheana féin, agus tá daoine ag casadh ceoil ar an ngiotár thiar i gConamara ó na 1970idí – sin leathchéad bliain. Sin sular rugadh mé féin.

“Agus mé ag fás aníos bhí amhráin bhreátha cloiste agam ar an ngiotár agus Gaeilge bhreá iontu. B’fhéidir go gcabhródh [na comórtais nua] le cur chun cinn na Gaeilge agus na n-ealaíon Gaeltachta,” a dúirt sé.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh sé “idir dhá chomhairle” faoin gcomórtas rapcheoil a bheidh ar siúl i mBéal Feirste.

“Is rud nua é an rap, is dóigh, tá sé sin an-chineál comhaimseartha nó nua-aimseartha. Tá mé idir dhá chomhairle faoi, caithfidh muid gluaiseacht leis an am agus caithfidh [an tOireachtas] chomh maith.

“Cén mhaith comórtas cniotála nó rud éigin nach bhfuil baint aige leis an saol anois? Ach ag an am céanna, is rud mór é an tOireachtas agus caithfidh siad a bheith cúramach faoi na hathruithe a dhéanfaidh siad agus a bheith ag cuimhneamh ar na hiarmhairtí. Is cuma liom rudaí nua a thriail ach a bheith in ann seasamh suas ansin agus a rá go raibh tú mícheart mura n-éiríonn leis,” a dúirt sé.

Bhí Caitlín Ní Chualáin den tuairim gur imir amhránaíocht le tionlacan giotáir tionchar ar chaomhnú na Gaeilge sa chéad seo caite agus gur féidir leis an dá stíl amhránaíochta “maireachtáil go chomhthreomhar”.

“Tá sé píosa fada, na 1980idí, nuair a tháinig na hamhráin sin chun cinn, amhráin a d’fhág lorg iontach ar chaomhnú na teanga. Sílim go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith in áit níos boichte murach na hamhráin sin.

“B’in an bealach ar oibrigh sé rud nua a dhéanamh le filíocht a bhí á scríobh agus go ndeachaigh sé i gcion ar mhuintir na Gaeltachta mar gheall go raibh siad ag éisteacht lena scéalta féin a bhí tráthúil don am sin – an imirce, an t-ól, an bochtanas, na drochbhóithre – mar gheall go raibh siad bainteach lena saol ag an am. Chuaigh sé i gcion go mór orthu,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Chualáin go bhfuil “cleachtadh” faighte ag muintir Chonamara le píosa ar  an amhránaíocht a mbíonn tionlacan giotáir léi agus gur “cuid d’amhránaíocht na Gaeltachta é ar bhealach”.

“Tá an dá rud ag maireachtáil go comhthreomhar lena chéile agus níl siad ag cur isteach ar a chéile. Ní rud coimhthíoch é don Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Mar gheall go raibh an fhilíocht tábhachtach, agus an scéal a bhí á inseacht sna hamhráin a bhí á gcumadh, níor chuir an giotár isteach air sin,” a dúirt sí.

Dúirt ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, Máirín Nic Dhonnchadha, le Tuairisc gur dírithe ar phobal an Tuaiscirt atá na comórtais nua agus go bhfuil foireann na féile ag súil go dtabharfar deis don phobal áitiúil na buanna atá acu féin a léiriú i mBéal Feirste.

“Tá na comórtais nua bunaithe ar phobal Thuaisceart Éireann, le deis a thabhairt do na daltaí scoile agus ar mhaithe le rannpháirtíocht a spreagadh i measc an phobail áitiúil nach bhfuil traidisiún chomh láidir céanna acu ó thaobh lúibíní, agallaimh bheirte, agus na comórtais thraidisiúnta eile. Tá siad dírithe ar na daoine óga sa cheantar a tharraingt isteach agus páirt a ghlacadh i gcomórtais an Oireachtais,” a dúirt sí.

Luaitear ar fhoirm iontrála na gcomórtas i mbliana go bhfuil comórtas rapcheoil ann do dhaoine óga, comórtas amhránaíochta le tionlacan giotáir ann do dhaoine fásta, agus comórtais córcheoil do dhaltaí bunscoile agus meánscoile. Ní bheidh comórtas córcheoil ann do dhaoine fásta, rud a chuir díomá ar Dhoimnic Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair atá ag plé le cór sa cheantar sin le fada an lá.

“Sin an tuighe ar thosaigh cór s’againne cúig bliana is fiche ó shin. Chuir muid isteach ar chomórtas an Oireachtais,” a dúirt Doimnic Mac Giolla Bhríde.

“Thart fá dheich mbliana ó shin, bhí Oireachtas na Bealtaine ann agus is ann a bhíodh an comórtas cór agus an comórtas nach sean-nós é. Chuir siad stad le hOireachtas na Bealtaine thart fá dheich mbliana ó shin agus fuair siad réidh leis an gcomórtas cór.

“Is trua nach bhfuil comórtas cór ann do dhaoine fásta, tá córtha go leor sa Ghaeltacht. Tá muidine ann, tá Cór Chois Fharraige ann, tá Cór Chúil Aodha ann agus tá mé cinnte go bhfuil córtha eile ann. Ní bheadh an cór s’againne tosaithe gan an comórtas do dhaoine fásta,” a dúirt Mac Giolla Bhríde le Tuairisc.

An míniú a thug Máirín Nic Dhonncha ar an gcinneadh gan an comórtas cór a reáchtáil do dhaoine fásta arís i mbliana ná an tarraingt a bhíodh ag an gcomórtas ar lucht an Bhéarla.

“Chuaigh an comórtas do chóracha ó smacht an uair dheireanach a bhí ann. An rud a tharla ná go raibh an t-uafás córacha ó cheann ceann na tíre ag cur isteach ar an gcomórtas. D’fhoghlaimíodh siad dhá amhrán i nGaeilge don chomórtas ach is é an Béarla a bhíodh á labhairt acu ag an bhféile féin.

“Is rud amháin é gasúir bhunsoile agus mheánscoile a thabhairt isteach, mar tá taithí acu sin ar dhaoine fásta a bheith ag rá leo an Ghaeilge a labhairt, ach tá sé i bhfad níos deacra riail teanga a chur i bhfeidhm ar dhaoine fásta,” a dúirt sí.

Cé go bhfuil díomá ar Dhoimnic Mac Giolla Bhríde nach mbeadh deis ag a chór cur isteach ar chomórtas i mbliana, dúirt sé go ndéanfadh na comórtais nua “cuid mhór mhaitheasa” don Ghaeilge mar sin féin.

“Tá spás ann d’achan duine creidim. Tá lear mór bannaí ceol agus ceol i mBreatnais, rud atá go maith don teanga. Sin an rud a bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ag iarraidh a dhéanamh – go mbeadh bannaí comhaimseartha ag ceol i nGaeilge.

“Dhéanfadh sé cuid mhór maitheasa don Ghaeilge dá mbeadh daoine óga ag ceol i nGaeilge. Ba chóir seo a bheith déanta blianta ó shin acu, is rud maith atá ann. Tá spás ann don dá rud ag an Oireachtas, an sean-nós agus an rap,” a dúirt sé.

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain i mbliana. Beifear in ann cur isteach ar na comórtais taibhealaíon go dtí an 15 Meán Fómhair.

Níos mó

Aitheantas do cheantair oifigiúla ‘Ghaeltachta’ in acht teanga nua na hAlban 

Aithneofar ceantair oifigiúla ‘Ghaeltachta’ in Albain faoi reachtaíocht nua teanga atá tugtha isteach sa pharlaimint.

Ritheadh Acht nan Cànan Albannach (Acht na dTeangacha Albanacha) i bPàrlaimid na h-Alba an tseachtain seo, acht a dhéanfaidh teangacha oifigiúla de chuid na hAlban den Ghàidhlig agus den Albainis.

I measc na bhforálacha atá sa reachtaíocht nua teanga tá bunú “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” a chabhróidh leis na hairí rialtais “polasaithe a thacóidh le fás na teanga” a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí.

Is éard is “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ann de réir an dlí nua ná “ceantar a bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil scileanna Gàidhlig acu” (20% den daonra) nó ceantar nach bhfuil go leor cainteoirí Gàidhlig ann ach a bhfuil “ceangal stairiúil” aige leis an teanga; ceantar a bhfuil an t-oideachas trí Ghàidhlig ar fáil ann; nó ceantar ina mbíonn “imeacht suntasach a bhaineann leis an nGàidhlig nó leis an gcultúr Gaelach” ar siúl.

Caithfidh na húdaráis áitiúla in Albain cinneadh a dhéanamh laistigh de bhliain cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an ceantar atá faoina gcúram nó cuid de ina “cheantar suntasach ó thaobh na teanga de”. Beifear in ann an cinneadh sin a athbhreithniú gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Cinnteofar leis an reachtaíocht nua freisin go mbeidh caighdeáin oideachais ann don Ghàidhlig agus go mbeidh tuismitheoirí i ngach cearn den tír in ann cur isteach ar áiteanna i naíonra lán-Ghàidhlig agus scoileanna luathoideachais lán-Ghàidhlig dá gclann.

Caithfidh airí rialtais na hAlban tacaíocht a thabhairt do scoileanna lán-Ghàidhlig agus iad “a áisiú agus a chur chun cinn”. Beidh orthu aon eolas, treoir, ná cáipéisí Béarla atá le húsáid ag múinteoirí nó daltaí i scoileanna a mheas agus cinneadh a dhéanamh cé acu ar chóir nó nár chóir iad a chur ar fáil i nGàidhlig freisin

Tá forálacha ann freisin le tuilleadh cáilíochtaí a chur ar fáil i nGàidhlig agus spriocanna luaite ó thaobh líon na gcainteoirí agus na bhfoghlaimeoirí Gaeilge in Albain.

Cuirtear iachall ar airí rialtais na hAlban gníomhú le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Sabhal Mòr Ostaig san Eilean Sgitheanach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar an maoiniú a thugtar don institiúid oideachais, a stádas mar institiúid ardoideachais, agus gníomhartha eile a thacódh le forbairt na hinstitiúide.

Dúirt LeasChéad-Aire na hAlban, Kate Forbes, atá ina Rúnaí don Ghàidhlig freisin, go gcuirfidh an reachtaíocht nua “borradh” faoi fhás na Gàidhlig agus na hAlbainise in Albain.

“Cuirfidh sí bonn fúthu mar theangacha oifigiúla, tabharfaidh sí caighdeáin nua oideachais isteach agus tacóidh sí le ceantair a chruthú atá suntasach ó thaobh na teanga de sna pobail Ghàidhlig.

“Ainneoin go bhfuil ardú ag teacht ar líon na gcainteoirí Gàidhlig ar fud na hAlban, aithnímid go bhfuil gá le níos mó tacaíochta sna pobail ina labhraítear an teanga go traidisiúnta. Sin an fáth a bhfuil Rialtas na hAlban ag cur £5.7m (€6.6m) breise ar fáil le teangacha na hAlban a chur chun cinn,” a dúirt Forbes.

Níos luaithe i mbliana, cháin an sochtheangeolaí Éireannach Conchúr Ó Giollagáin an reachtaíocht nua teanga agus dúirt nach “reachtaíocht le haghaidh teanga bheo” a bhí inti. Mhaígh Ó Giollagáin go mairfeadh Acht na dTeangacha Albanacha “níos faide ná mar a mhairfidh pobail labhartha na Gàidhlig” féin.

“Ní reachtaíocht í do theanga bheo, agus déantar neamhaird ann de na hiarrachtaí laethúla atáthar a dhéanamh leis an nGàidhlig a choinneáil mar theanga phobail, agus tugtar tús áite don tuiscint gur teanga thánaisteach í an Ghàidhlig atá imithe ón tsochaí. Seachnaítear ann an fhianaise shoiléir go bhfuil na pobail Ghàidhlig atá fós ar marthain, sna cúinsí reatha, ar tí imeacht in éag ar fad,” a dúirt an sochtheangeolaí.

I gcolún a scríobh sé don nuachtán The Scotsman i mí an Mhárta, dúirt Ó Giollagáin nach dtugtar tús áite sa reachtaíocht do na dúshláin a bhaineann le cothú na bpobal Gàidhlig agus go bhfuil “easpa straitéise” ag baint léi dá bharr.

“Tugtar an chluas bhodhar don fhíorimní atá ann, agus tá sé i vaighid ar fhís. I mbeagán focal, moltar sa Bhille go leanfar den status quo, atá fann agus maorlathach, a ghin an ghéarchéim shochaíoch Ghàidhlig atá anois ann,” a dúirt Ó Giollagáin.

Níos mó

ocaid-tiomsaithe-airgid-i-nua-eabhrac-d’atogail-theach-pobail-ghaoth-dobhair

Ócáid tiomsaithe airgid i Nua-Eabhrac d’atógáil Theach Pobail Ghaoth Dobhair

Beidh ócáid tiomsaithe airgid ar siúl i gcathair Nua-Eabhrac an deireadh seachtaine seo le hairgead a bhailiú d’atógáil Theach Pobail Mhuire i nGaoth Dobhair.

Tá an ócáid á heagrú ag Cumann Dhún na nGall Nua-Eabhrac agus beidh sé ar siúl sa teach ósta The Tailor Public House ar Eighth Avenue in Manhattan. Beidh an ceoltóir Derek Dempsey, as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath ó dhúchas; Chris Byrne, ag a bhfuil an banna ceoil ‘The Lost Tribe of Donegal’; agus ceoltóirí eile atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, ar an ardán Dé Sathairn an 22 Meitheamh.

Beidh an damhsóir Niall O’Leary, as Baile Átha Cliath ach atá lonnaithe i Nua-Eabhrac le fada an lá, agus a chomplacht damhsóirí ansin freisin le taispeántas damhsa Gaelach a dhéanamh.

Tá na mílte euro bailithe ag feachtais agus ócáidí éagsúla d’atógáil an tséipéil ó loisceadh é maidin Luan Cásca. Tá os cionn €140,000 bailithe anois ar an bpríomhleathanach tiomsaithe airgid ar GoFundMe ach tá na mílte eile faighte trí ócáidí eile a reáchtáladh le cúpla mí anuas – ceolchoirm mhór de chuid Daniel O’Donnell, Clannad, agus Altan ina measc.

Dúirt sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, le Tuairisc go bhfuil thart ar €380,000 ar an iomlán bailithe anois agus go bhfuil rudaí ag bogadh ar aghaidh leis an gcomhlacht árachais freisin. Tá súil ag an Athair Ó Fearraigh cruinniú poiblí a reáchtáil sa pharóiste sna seachtainí amach romhainn le go mbeadh an deis ag an bpobal a dtuairimí agus a smaointe a chur in iúl faoin séipéal nua atá le tógáil.

“Tá muid ag ullmhú litreacha le seoladh chuig ailtirí a bhfuil saineolas acu agus cuireadh a thabhairt dóibh léiriú spéise a chur isteach leis an teach pobail úr a dhearadh. Tá daoine ann a bhfuil an-eolas acu maidir le séipéil agus ardeaglaisí a thógáil agus déanfaidh muid gearrliosta agus cuirfidh muid agallamh orthu.

“Beidh cruinniú poiblí ann do mhuintir an pharóiste nuair a bheidh an t-ailtire roghnaithe againn. Tá sé tábhachtach éisteacht le guth an phobail agus go mbeidh lorg an phobail le feiceáil ar an teach pobail úr – is é a dteachsan a bheidh ann,” a dúirt Ó Fearraigh.

Dúirt sé go bhfuil go leor rudaí le cur sa mheá agus an séipéal nua á dhearadh agus go mbeidh sé tábhachtach freastal ar “riachtanais chreidimh agus liotúirge” an pharóiste.

“Caithfidh muid a fháil amach caidé na riachtanais maidir le cúrsaí creidimh agus liotúirge sa pharóiste. Ar chóir go mbeadh sórt ionad ann mar chuid den teach pobail úr a d’fhéadfaí a úsáid do chúrsaí, cruinnithe, agus ócáidí eile creidimh? Ar chóir seomraí ar leith a bheith ann agus spás do theaghlaigh? Cuirfear smaointe an phobail san áireamh,” a dúirt an sagart le Tuairisc.

Ghabh sé buíochas mór le lucht tacaíochta an pharóiste i Nua-Eabhrac a bheidh ag cruinniú le chéile an deireadh seachtaine seo le tuilleadh airgid a bhailiú don atógáil.

“Cé go bhfuil a gcosa i Nua-Eabhrac, tá a gcroí agus a n-anam i nGaoth Dobhair. Seo muintir Ghaoth Dobhair, agus ár gcairde as bailte eile, nach bhfuil dearmad déanta acu ar an bhaile agus ar a gcuid rútaí. Is léiriú é ar an meas atá acu ar an bhaile agus ar an cheangal atá acu leis an áit i dtólamh. Tá muid iontach buíoch daofa ar fad as an ócáid seo a eagrú,” a dúirt sé.

Cuirfear tús leis an gceol in The Tailor Public House ar Eighth Avenue ag a trí a chlog tráthnóna Dé Sathairn. Ní bheidh costas ar an doras ach iarrtar ar lucht freastail na hócáide síntiús $25 (€22) nó níos mó a thabhairt agus beidh crannchur ann ar an lá freisin.

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh i mí na Bealtaine go raibh dóchas aige go mbeadh séipéal nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana.

Loisceadh an séipéal go moch maidin Luan Cásca. Thug an Garda Síochána le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal ach níl aon eolas eile curtha fáil acu ó shin. Beidh tuarascáil le réiteach nuair a bheidh an t-imscrúdú atá ar bun curtha i gcrích.

Níos mó

Súil le fógra faoi choimisinéir go luath agus a scrúdú Gaeilge déanta ag iarrthóirí

D’fhéadfadh sé go mbeadh fógra le déanamh faoin gcéad Choimisinéir don Ghaeilge sa Tuaisceart ag tús na míosa seo chugainn.

Tuigtear do Tuairisc gur an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn atá formhór na n-agallamh don phost ar siúl agus go bhfuil roinnt mhaith daoine istigh ar an gcomórtas do ról an Choimisinéara Gaeilge.

Tuigtear do Tuairisc gur chuir roinnt mhaith daoine isteach ar phost an Choimisinéara don Ghaeilge agus go bhfuil na scrúduithe C2 Gaeilge curtha díobh ag na hiarrthóirí a bhfuil agallaimh á gcur orthu. Tá caighdeán ‘C2’ sa Ghaeilge ag na hiarrthóirí atá á gcur faoi agallamh an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn. Rinne na hiarrthóirí scrúdú teanga a dearadh go speisialta in Ollscoil Uladh don fholúntas seo.

Dúirt LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Emma Little-Pengelly, sa Tionól an tseachtain seo caite go raibh na hagallaimh don ról sin agus do ról an Choimisinéara don Traidisiún Albanach-Uladh agus Briotanach le reáchtáil go luath.

Táthar ag súil go mbeidh moltaí faoi na hiarrthóirí don dá ról á gcur faoi bhráid an Chéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly ag deireadh na míosa seo nó ag fíorthús na míosa seo chugainn.

D’fhéadfadh sé go nglacfaí leis na moltaí ar an bpointe boise agus go ndéanfaí fógra faoi na coimisinéirí nua go gairid ina dhiaidh sin. Dúirt cúpla duine a bhfuil spéis acu sna ceapacháin le Tuairisc go bhfuil siad ag súil le fógra i mí Iúil.

Mar sin féin, d’fhéadfadh rudaí go leor moill a chur ar an gceapachán nó ar an bhfógra. Caithfidh, mar shampla, an bheirt cheannairí aontú faoi na ceapacháin agus sa chás go mbeadh easaontas ann chaithfí é sin a réiteach sula ndéanfaí aon fhógra.

D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh baill tofa na bpáirtithe móra míshásta le cinneadh a gceannairí agus go gcuirfeadh achrann inmheánach faoi na ceapacháin moill ar chúrsaí.

Tá sos an tsamhraidh ag druidim linn agus tá an baol ann, sa chás go mbeadh moill ar chúrsaí, gur i ndiaidh an tsosa sin, san fhómhar, a d’fhillfí ar an obair agus nach ndéanfaí aon fhógra go dtí go dtiocfadh feisirí Lios na Scáth i gcomhairle a chéile arís tar éis an tsamhraidh.

Cé go maítear go bhfuil go leor daoine istigh ar an ról Gaeilge, níl aon ainm tagtha chun cinn go fóill mar an té is dóichí a fhógrófar ina Choimisinéir don Ghaeilge. Ar na daoine is mó a bhí á lua leis an ról cheana bhí Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Aodhán Ó Conghaile, ceannaire ar oifig Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann sa Bhruiséil; agus Áine Walsh, stiúrthóir an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Northern Ireland Screens.

Glactar leis go bhfógrófar an bheirt Choimisinéirí in éineacht nuair a bheidh na ceapacháin déanta. Is é an duine is mó atá á lua le ról an Choimisinéir don Traidisiún Albanach-Uladh ná Ian Crozier, príomhfheidhmeannach Bhord na hUltaise.

Nuair a fógraíodh próiseas ceapacháin an Choimisinéara Gaeilge i mí an Mhárta, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurbh é “ceann de na forbairtí is mó agus is stairiúla i stair na Gaeilge” agus go raibh an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua” á comhlíonadh ag Feidhmeannas an Tuaiscirt.

Gealladh go gceapfaí Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a síníodh in 2020. Tugadh an reachtaíocht isteach a chuir bonn faoin gcomhaontú dhá bhliain ina dhiaidh sin ach bhí moill ar cheapachán na gcoimisinéirí nua ó shin. Cuireadh moill mhór ar chúrsaí nuair a d’fhág an DUP Stormont mar gheall ar na socruithe Breatimeachta a bhí le cur i bhfeidhm.

Is é an ról an bheidh ag Coimisinéirí Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta