Tá “folús ollmhór cearta teanga” ann ó tháinig deireadh le córas na Scéimeanna teanga in 2021, dar leis an gCoimisinéir Teanga Séamus Ó Concheanainn. Dúirt an Coimisinéir ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2025, a foilsíodh inniu, go bhfuil “folús tromchúiseach” ann i láthair na huaire mar gheall nach bhfuil córas na gCaighdeán Teanga i bhefeidhm go fóill, ceithre bliana ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021.
“Tá folús tromchúiseach um threisiú chearta teanga phobal na Gaeilge i láthair na huaire mar gheall ar Chóras na Scéimeanna Teanga a bheith imithe in éag gan córas na gCaighdeán Teanga a bheith i bhfeidhm ina áit,” a dúirt sé.
Mhaígh an Coimisinéir go bhfuil an staid reatha “ag baint na gcos” den sprioc náisiúnta seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú agus go bhfuil sé “den dearbhriachtanas” go gcuirfí córas na gCaighdeán Teanga i bhfeidhm “gan mhoill” leis an bhfolús “ollmhór reatha” i seirbhísí poiblí i nGaeilge a líonadh.
Faoin reachtaíocht teanga, tá córas na gcaighdeán le teacht isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 ach níl na dréachtchaighdeáin teanga foilsithe go fóill.
Deir oifigigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil forbairt an chórais níos casta ná mar a ceapadh ar dtús.
Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Thagair an Coimisinéir don Bhreatain Bheag agus dúirt gur “ábhar mór dóchais” é go bhfuil córas na gcaighdeán tar éis dul i bhfeidhm “go han-dearfach” ar sheirbhísí poiblí sa Bhreatnais.
“Díol suntais é, áfach, an difríocht idir dlínse na hÉireann agus na Breataine Bige maidir le tabhairt i bhfeidhm chóras na gcaighdeán teanga. Sa Bhreatain Bheag is feidhm de chuid Choimisinéir Teanga na Breatnaise é na caighdeáin teanga a thabhairt i bhfeidhm.
“Níl an chumhacht sin ag an gCoimisinéir Teanga in Éirinn toisc gur ar an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atá an dualgas na caighdeáin teanga agus na forálacha reachtúla teanga uile a thabhairt i bhfeidhm,” a dúirt sé.
Thug an Coimisinéir le fios go bhfuil “bearnaí suntasacha i seirbhísí bunúsacha i nGaeilge” ar fud na Seirbhíse Poiblí. Luaigh sé go sonrach deascanna cabhrach agus seirbhísí tacaíochta do chustaiméirí, seirbhísí idirghníomhacha ar líne, seirbhísí teileafóin, agus comhráite gréasáin.
“Géaraíonn neamhfheidhmiú na dtreoirlínte reachtúla go dtí seo an mharbhántacht reatha maidir le feabhas a chur ar chearta teanga phobal na Gaeilge.
“Dá réir, tá na hoibleagáidí a bheidh ar chomhlachtaí poiblí maidir le cinntiú gur féidir lena gcórais TFC ainmneacha, seoltaí, agus teidil daoine a phróiseáil agus a thaifeadadh go gcruinn i nGaeilge, mar aon le foirmeacha oifigiúla i nGaeilge nó go dátheangach gan feidhm go fóill,” a dúirt sé.
Chuir Oifig an Choimisinéara Teanga dhá imscrúdú i gcrích in 2025. Fuarthas i gceann acu gur sháraigh Údarás Fuinneamh Inmharthana na hÉirean (SEAI) an reachtaíocht teanga nuair a tugadh freagra i mBéarla ar chomhfhreagras i scríbhinn i nGaeilge ó dhuine den phobal.
Fuarthas san imscrúdú eile gur sháraigh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin an reachtaíocht teanga nuair nár cuireadh córas foirmiúil measúnaithe agus dearbhaithe inniúlachta teanga don Ghaeilge i bhfeidhm agus an Bord ag earcú do phost bainistíochta sinsearaí.
Rinneadh 580 gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga in 2025, beagán faoi bhun an 593 a rinneadh an bhliain roimhe sin. Bhain 18% de na gearáin le ranna agus oifigí rialtais, bhain 25% le húdaráis áitiúla, bhain 6% le húdaráis sláinte, bhain 4% le húdaráis oideachais agus bhain an 47% eile le heagraíochtaí stáit eile.
Bhain 31% de na gearáin le seirbhísí tacaíochta do chustaiméirí, foirmeacha oifigiúla agus córais idirghníomhacha ar líne; bhain 27% acu le comharthaí, teidil comhlachtaí poiblí míchruinn ar stáiseanóireacht oifigiúil, fógairtí poiblí i mBéarla amháin nó Gaeilge mhíchruinn.
Rinneadh 9% de na gearáin in 2025 leis an Oifig mar gheall ar fhreagra i scríbhinn i mBéarla ar chumarsáid i scríbhinn i nGaeilge nó freagraí uathoibreacha i scríbhinn i mBéarla amháin, agus bhain 8% acu le míchruinneas i bpróiseáil ainmneacha agus seoltaí poist i nGaeilge.
“Léiríonn líon agus cineál na ngearán a bhaineann le córas na scéimeanna teanga in 2025 go bhfuil sé níos práinní anois ná riamh go dtabharfaí caighdeáin teanga nua i bhfeidhm gan mhoill a rachaidh i ngleic leis na bearnaí follasacha atá i seirbhísí poiblí i nGaeilge de thoradh laigí chóras na Scéimeanna Teanga.
“Nuair a chuirtear san áireamh gur bhain bheagnach dhá ghearán as chuile chúig ghearán le Ranna Rialtais agus le hÚdaráis Áitiúla feictear an géar-riachtanas atá ann go ndíreoidh na caighdeáin teanga tosaigh a fhorordóidh Aire na Gaeltachta ar na seirbhísí poiblí breise ba chóir do na fo-earnálacha sin a sholáthar i nGaeilge,” a dúirt an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil.
Tháinig formhór na ngearán ó áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Ba ón nGaeltacht a tháinig 17% de na gearán, méadú beag ar an 16% a bhí ann in 2024. As cúige Laighean a tháinig an méid is mó – 55% – agus as cúige Uladh a tháinig an méid is lú – 4%. Rinne muintir Chonnacht 18% de na gearáin agus na Muimhnigh a rinne 16%. Níor luadh aon cheantar ar leith le 7% de na gearáin a rinneadh in 2025.

















