Le linn mhí an Mhárta bhí aird an domhain mhóir dírithe ar an gcogadh sa Mheánoirthear agus sos cogaidh amhrasach i bhfeidhm anois go gceann coicíse, gach seans go ndíreofar an aird ar an réigiún go gceann i bhfad as seo amach.
Ní raibh mórán airde tarraingthe ar an gcogadh san Úcráin le linn na tréimhse seo, seachas gur chruthaigh na hionsaithe ar an Iaráin buntáistí don Rúis mar gheall ar na smachtbhannaí a bheith curtha ar ceal, ardú ar phraghas na hola agus easpa diúracán aerchosanta don Úcráin. Ach bhí mí an Mhárta ní ba thábhachtaí do na hÚcránaigh ná aon mhí eile ó bhí 2023 ann.
Ar an gcéad dul síos d’éirigh leo teacht slán ó fheachtas geimhridh na Rúise i gcoinne chóras fuinnimh na tíre. De réir roinnt measúnuithe, scriosadh thart ar 90% de chumas giniúna cumhachta na tíre, ach ina ainneoin seo d’éirigh leo dul céim chun cinn i roinnt réimsí den chogadh.
Ba í mí an Mhárta an chéad mhí le dhá bhliain anuas inar éirigh leo níos mó talún a athghabháil ná mar a bhí na Rúisigh in ann a ghabháil, cé nach raibh ach sciar beag talún i gceist, d’éirigh leo an bua beag seo a bhaint amach.
Cé go bhfuil monarchana ollmhóra dróin ag na Rúisigh, meastar gur éirigh leis na hÚcránaigh níos mó dróin ionsaithe a sheoladh in aghaidh an lae i rith na míosa ná mar a sheol na Rúisigh; thart ar 250 ar an meán in aghaidh beagán níos mó ná 200.
Meastar gur scrios siad níos mó córais aerchosanta agus córais radair Rúiseacha le linn na míosa ná mar a scrios siad le linn aon mhí eile ó thús an chogaidh. Mar gheall air seo d’éirigh leo bealaí nua a oscailt chun ionsaithe ar dhéanamh ar thargaidí níos tábhachtaí sa Rúis.
D’éirigh leo roinnt ionsaithe a dhéanamh ar na trí chalafort as a dtagann níos mó ná 50% d’easpórtálacha ola na Rúise; Primorsk agus Ust Luga ar Mhurascaill na Fionlainne agus Novorussiysk ar an Muir Dhubh.
In ainneoin faoisimh ó na smachtbhannaí agus praghas na hola a bheith tar éis ardú, de réir tuairiscí sna meáin Rúiseacha thit teacht isteach ó earnáil na hola thart ar 43% i mí an Mhárta i gcomparáid leis an mí chéanna bliain ó shin. Cé go mbíonn moill ar theacht isteach tar éis ardú praghais de ghnáth, seans go raibh tionchar ag na hionsaithe ar na calafoirt ar ioncam an Rialtais chomh maith.
Dar leis na hÚcránaigh, chaill na Rúisigh níos mó saighdiúirí, idir iad siúd a maraíodh agus a gortaíodh, i rith na míosa, ná mar a d’éirigh leo a earcú. Cé nach féidir figiúirí na nÚcránach a dheimhniú, bhí scéalta ó bhlagálaithe míleata na Rúise ag teacht le tuairimí na nÚcránach, agus iad ag rá go raibh na hÚcránaigh tar éis dul chun cinn a dhéanamh sna láithreacha cogaidh éagsúla.
Dar le roinnt blagálaithe, bhí níos drón FPV á úsáid acu agus bhí siad ag feidhmiú níos faide taobh thiar den líne choimhlinte ná roimhe seo. Dar le blagálaí amháin, tá Aire Cosanta na Rúise tar éis tuairisc a chur faoi bhráid Putin chun aird a tharraingt ar an bhfadhb seo agus chun earnáil déantúsaíochta arm na Rúise a chur ag dul i ngleic léi.
Forbairtí Straitéiseacha
Anuas ar na forbairtí thuasluaite, d’fhógair na hÚcránaigh i rith na míosa go raibh siad tar éis diúracáin ghearr-raoin balaistíochta nua a thriail agus go mbeadh siad ar fáil as seo amach, rud nach raibh ar fáil dóibh ó thús an chogaidh. Ina theannta sin d’fhógair siad go raibh siad chun diúracán meánraoin a thriail i rith an tsamhraidh.
Tar éis dóibh blianta a chaitheamh ag déanamh iarrachtaí comhlachtaí arm Eorpacha a spreagadh chun dróin agus diúracáin a mhonarú taobh amuigh den Úcráin, mar chosaint i gcoinne ionsaithe na Rúise, osclaíodh monarcha nua sa Ghearmáin i rith na míosa agus rinne siad comhaontú le comhlacht mór Seapánach chun dróin a tháirgeadh ar scála mór.
In ainneoin an chogaidh sa Mheánoirthear, nó b’fhéidir mar gheall air, d’éirigh leo socruithe fadtéarmacha a dhéanamh le roinnt de Stáit na Murascaille le linn na míosa. Toisc go bhfuil taithí agus saineolas acu ar conas dul i ngleic le dróin ionsaithe rinne siad comhaontuithe chun an t-eolas sin a roinnt agus gheobhaidh siad infheistíocht agus fiú diúracáin idircheapóra mar chuid de na socruithe céanna.
Cor Cinniúnach
Cé go bhfuil neart forbairtí déanta ag na hÚcránaigh i roinnt réimsí den chogadh, ní hionann na forbairtí seo agus go bhfuil cor cinniúnach bainte amach acu ach is léiriú iad go bhfuil siad in ann teacht chucu féin tar éis dóibh a bheith céim ar chúl le thart ar thrí bliana anuas.
Tá roinnt dúshlán amach rompu, agus tá acmhainní na Rúise, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil rialtas na tíre in ann na hacmhainní sin a bhainistiú, ar cheann de na fadhbanna is mó. Is féidir leis na Rúisigh barainneacht scála a bhaint amach agus is féidir leo na hearnálacha déantúsaíochta éagsúla a dhíriú ar an gcogadh.
Beidh na hÚcránaigh in ann dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh teicneolaíochta de, ach mura n-éireoidh leo dróin, diúracáin agus airm eile a mhonarú nó a fháil ar scála mór beidh siad i gcónaí ag iarraidh breith suas leis na Rúisigh.
Gan amhras tá roinnt dúshlán eile rompu; dearcadh na Meiriceánach agus brú á chur acu orthu talamh a ghéilleadh do na Rúisigh, easpa maoinithe chun an tír a choimeád ar siúl agus iad ag fanacht le thart ar €90 billiún a fháil ó thíortha an Aontais Eorpaigh, easpa saighdiúirí agus easpa diúracán idircheapóra go háirithe.
Idir an dá linn, beidh na Rúisigh thar a bheith sásta má leanann an cogadh i gcoinne na hIaráine ar aghaidh agus iad ag súil le teacht isteach cánach breise a fháil mar gheall ar phraghas na hola agus faoiseamh ó na smachtbhannaí.
Beidh siad sásta aird an domhain mhóir, go háirithe aird na Meiriceánach, a bheith dírithe ar an Meánoirthear seachas ar an gcogadh san Úcráin agus beidh siad sásta go gcruthóidh an choimhlint deacrachtaí soláthairtí arm do na hÚcránaigh chomh maith.



