Beidh sé deacair ag Cumann Peile Charna-an Chaisil in iarthar Ghaeltacht Chonamara an plean forbartha atá acu d’aiseanna imeartha agus féachana a thabhairt slán tar éis do Chomhairle Chontae na Gaillimhe diúltú dó.
Buille trom a bheadh sa diúltú ar an gcéad iarraidh mar go raibh an Cumann ag coimhlint le bheith faoi réir do reáchtáil Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta in 2028.
Ach is measa ná sin an scéal de bharr na gcúiseanna a thug Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an diúltú.
Tarraingíodh anuas an cruth atá ar an gcóras bóithre poiblí i gcomharsanacht an tsuímh atá i gceist i sráidbhaile Charna. Dúradh go mbeadh contúirt ann don phobal agus do thiománaithe dá rachadh an fhorbairt ar aghaidh, mar atá beartaithe, de bharr a chúinge agus a neamhfhorbartha agus atá na bóithre.
Bheadh ceist ann freisin faoin amharc a bheadh ag daoine ar chaon taobh díobh agus iad ag teacht amach ar an mbóthar poiblí, a dúradh
Le taobh na páirce atá ag an gCumann – an ‘Plantation’ – atá an suíomh atá i gceist. Bhí sé sa bplean go ndéanfaí forbairt ar pháirc eile ansin, agus go mbeadh an dá pháirc ann le haghaidh an Chomórtais Peile in 2028. Bhí seastán sa bplean freisin chomh maith le roinnt forbairtí eile ar an láthair. Ceapadh amach an phlean mar an chéad chéim sa bplean cuimsitheach le háiseanna nua-aimseartha spóirt agus caitheamh aimsire a chur ar fáil don cheantar.
Bhí sé sa bplean go mbeadh bealach nua ag dul amach ón suíomh chomh fada le bóthar áitiúil atá ag dul i dtreo Mhaínse ar a dtugtar Bhóthar Mhollaí. Ach fuair na pleanálaithe locht air sin agus dúradh freisin nach raibh an bealach isteach ón bpríomhbhóthar feiliúnach ach oiread le haghaidh tuilleadh tráchta.
D’eisigh oifigigh Chumann Peile Charna-an Chaisil ráiteas inar dúradh go ndéanfaidís staidéar ar na cúiseanna gur diúltaíodh don iarratas agus go gcuirfí iarratas eile ar chead pleanála faoi bhráid na Comhairle Contae. Ach meastar go bhfuil na cúiseanna a tugadh anróiteach agus go dtugann siad léargas eile ar a dheacra agus atá sé mórán forbartha ar bith a dhéanamh i gConamara anois.
Creideann na pleanálaithe gur údar contúirte iad na bóithre sa gcás seo. Mórán mar a chéile atá na bóithre uilig in iarthar Chonamara – cúng, mullánach agus dúshlánach. Is deacair bealach a fháil thairis sin. An loighic atá ag baint leis go gcaithfí píosaí suntasacha bóthair i gCarna a leathnú agus a chothromú, sula leigheasfaí an chonstaic atá tarraingthe anuas san diúltú seo.
Níl a fhios an mbeidh aon bhogadh ar an seasamh sin.
Seo é an ceathrú diúltú atá déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar fhorbairtí suntasacha in Iorras Aithneach – Cill Chiaráin agus Carna – le cúpla bliain. Tugadh droim láimhe do Pháirc na Mara, tionscnamh earraí cladaigh agus mara; diúltaíodh do dhrioglann fuisce agus ionad oidhreachta; níor tugadh cead do shuíomh glampála i sráidbhaile Charna agus tá buille buailte sa mullach anois ar mhórfhorbairt spóirt agus caitheamh aimsire.
Idir an dá linn, tá borradh tagtha faoi pheileadóirí Iorras Aithneach agus gan choinne, tádar i gcluiche ceannais na Gaillimhe sa nGrád Sóisir is airde in aghaidh Bhaile Liam an tráthnóna Sathairn seo,an 25ú Deireadh Fómhair. Bhíodar i gcluichí ceannais Idirmhéanach agus Sinsir sna blianta a caitheadh ach bhí lagan ar an gcumann le tamall blianta. Tádar anois, agus an tríú cuid acu faoi 21, ar ais ag coimhlint do chraobh contae aríst.
Táthar ag súil nach gcuirfidh diúltú pleanála i mbaol an sméar mhullaigh ar obair uilig Cumann Peile Charna-an Chaisil – Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta 2028