Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Mairin Ni Ghadhra

‘anois-no-go-brach’-–-deis-ag-pairti-le-pen-dul-chun-cinn-a-dheanamh

‘Anois nó go brách’ – deis ag páirtí Le Pen dul chun cinn a dhéanamh

Reáchtálfar an chéad bhabhta an deireadh seachtaine seo de thoghcháin áitiúla sa bhFrainc a d’fhéadfadh leide suntasach a thabhairt dúinn faoi pholaitíocht na tíre bliain roimh thoghcháin uachtaránachta na bliana seo chugainn.

De réir na bpobalbhreitheanna tá an Rassemblement National go mór chun cinn ó thaobh tacaíochta i measc an phobail agus bunaithe ar thorthaí na dtoghchán as seo go ceann coicíse beidh tuairim againn cé mar a éireoidh leo sna toghcháin uachtaránachta san Earrach seo chugainn.

Tá a dhá thréimhse i bpálás an Elysée beagnach déanta ag Emmanuel Macron agus ní léir aon oidhre a bheith air a thabharfadh dúshlán do Marine Le Pen. Tá sise ar fionraí ón bpolaitíocht mar gheall ar chiontú i gcúbláil cistí Eorpacha ach tá Jordan Bardella faoi réir lena háit a thógáil ar an bpáipéar ballóide agus seasamh don uachtaránacht.

Tá 35,000 méara le toghadh as seo go ceann coicíse, idir bhailte beaga agus móra, ar fud na Fraince. Tá tábhacht le oifig an mhéara sa tír agus áiríonn an pobal an méara ar an bpearsa tofa is minicí a bhíonn ag plé lena gcuid riachtanas ó lá go lá. Bunaithe ar thoradh na dtoghchán seo, mar sin, beidh tuairim mhaith againn cén dearcadh atá ag daoine ar na príomhpháirtithe polaitíochta. Tabharfar léargas freisin dúinn ar na roghanna a bheidh ag an Rassemblement National faoi cén chaoi a dtabharfar go ceann scríbe iad sa dara babhta den toghchán uachtaránachta.

Ón uair gur éirigh le Jean Marie Le Pen dul go dtí an dara babhta i dtoghchán na huachtaránachta in 2002 tá athruithe móra tagtha ar an Rassemblement National agus iarracht déanta, faoi stiúir Marine Le Pen, droim láimhe a thabhairt leis an tsean-íomhá chiníoch fhrith-Ghiúdach a bhí (agus atá in go leor áiteanna go fóill) ag an bpáirtí. Níl smacht acu go fóill, ainneoin a gcuid tacaíochta a bheith ag ardú go leanúnach, ach ar chathair Perpignan sa deisceart. Tá súil acu dul chun cinn a dhéanamh i gcathracha Marseille agus Toulon an deireadh seachtaine seo.

Aon uair go n-éiríonn leo dul chuig an dara babhta i dtoghchán uachtaránachta, tagann lucht tacaíochta na bpáirtithe polaitiúla eile ar fad sa tír le chéile le seasamh in aghaidh an Front National, mar a bhíodh. Ciallaíonn sin nach n-éiríonn leo an dul chun cinn atá i ndán dóibh, de réir na bpobalbhreitheanna, a dhéanamh. Fágann an chomhghuaillíocht sin ina n-aghaidh go bhfaigheann páirtithe traidisiúnta, ar nós Les Républicains nó na Sóisialaigh, gan trácht ar En Marche, Macron féin,go mbíonn bua níos mó ag freasúra na heite clé sa dara babhta de na toghcháin ná mar a thabharfadh na pobalbhreitheanna le fios.

Tá polaitíocht na Fraince ina cíor thuathail le tamall anois, an pobal deighilte idir iliomad páirtí polaitiúil agus fíochmhar in aghaidh uachtaránacht Macron. ‘Anois nó go brách’ an deis ag páirtí Le Pen dul chun cinn a dhéanamh. Beidh tuairim mhaith againn faoi dheireadh na míosa seo cé na comhghuaillíochtaí atá mar rogha ag an Rassemblement National agus cé na dúshláin atá le sárú ag na mórpháirtithe traidisiúnta.

Níos mó

an-diospoireacht-uachtaranachta-a-bhfuil-a-lorg-le-sonru-fos-ar-stait-aontaithe-mheiricea

An díospóireacht uachtaránachta a bhfuil a lorg le sonrú fós ar Stáit Aontaithe Mheiriceá

Beidh sé bliain an deireadh seachtaine seo ó reáchtáladh an díospóireacht úd anuraidh idir Joe Biden, a bhí ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe ag an am agus Donald Trump, atá ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe anois.

Ba léir luath go maith sa díospóireacht nach raibh an tUachtarán Biden i mbarr a mhaitheasa. Faoi dheireadh na díospóireachta ba léir nach raibh sé ar fónamh ar chor ar bith agus bhí lucht tacaíochta na nDaonlathach scanraithe faoin bhfeachtas toghcháin a bhí rompu. Ní hamháin nach raibh ar a chumas páirt a ghlacadh i gceart sa bplé leis an iarrthóir eile sa rás ach is beag duine a cheap go raibh ar a chumas feidhmiú mar ba chóir sa tréimhse a bhí fágtha aige sa Teach Bán.

Tuairiscítear gur dhiúltaigh Biden agus a theaghlach, a bhean Jill go háirithe, géilleadh don bhrú a bhí ag teacht orthu éirí as an bhfeachtas toghcháin. Ní bheadh aon duine eile in ann Trump a chloí, dar leo. An deacracht go mba léir don dall gan súil nach raibh Biden in ann ag an bhfeachtas agus ní raibh mórán ag an am, ná ó shin, a chreid go raibh sé inniúil ar obair na huachtaránachta. D’éirigh sé as an bhfeachtas sa deireadh.

Tá sé tagtha chun solais ó shin go bhfuil sé tinn le hailse ag céim a 4 den ghalar, rud a chiallaíonn gur dóigh go raibh sé i dtús an tinnis anuraidh.

Tá teoiricí comhcheilge go leor eile ag teacht chun cinn le bliain anuas agus mar is dual do thráchtairí polaitiúla tá go leor á scríobh faoi eachtraí an tsamhraidh seo caite. Maíonn leithéid Jake Tapper (CNN) agus Chuck Todd (Meet the Press, NBC) go raibh foireann an Tí Bháin ar an eolas i bhfad roimh an díospóireacht ar an 28 Meitheamh anuraidh go raibh an t-uachtarán ag dul ar gcúl agus gur mhinice ná a mhalairt nach raibh ag éirí leis a chuid oibre a dhéanamh seachas corr-uair an chloig anseo agus ansiúd. Deir Todd go gcreideann sé gur iarr foireann Biden go n-eagrófaí an díospóireacht luath sa bhfeachtas le haird a tharraingt ar fhadhbanna an uachtaráin agus deis a thabhairt don pháirtí iarrthóir ionaid a roghnú.

Níl amhras ar bith ach gur chruthaigh Biden go dona sa díospóireacht ach thóg sé tamall eile sular éirigh sé as, rud a d’fhág an páirtí Daonlathach gan mórán roghanna ó thaobh iarrthóra. Chuir Biden féin sa gcaoi é freisin go mbeadh Kamala Harris ina hiarrthóir ag na Daonlathaigh. Dá dhonacht nó dá fheabhas dá raibh sí, bhí sí luaite le ré Biden agus lena laige agus a bhí sé. Bhí sí sáinnithe dá réir idir an bád agus an balla. Más fíor do dhream áirithe a chreideann leagan áirithe den scéal, bhí sí páirteach san eolas faoi shláinte an uachtaráin a cuireadh faoi cheilt ar phobal na Stát Aontaithe – sin nó bhí a laghad baint aici le hobair an Tí Bháin ó lá go lá agus nár thuig sí go raibh deacrachtaí ag an Uachtarán.

As a dheireadh ar fad tá Donald Trump ar ais sa Teach Bán agus an domhan ina chíor thuathail ag an gcur chuige atá aige. Tá ag cinneadh ar Dhaonlathaigh na Stát Aontaithe an ród atá rompu a aithint agus tá séasúr na dtoghchán ag teannadh linn. Cé a déarfadh nach mbíonn aon tábhacht le díospóireachtaí teilifíse le linn feachtais toghcháin?

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta