Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Maire Ni Fhinneadha

Rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm i ngach uile chontae sa stát

DÉ MÁIRT AN 9 NOLLAIG

Rabhadh Oráiste Gaoithe – Go dtí a 4.00pm tráthnóna inniu
Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Cill Mhantáin, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann, agus Port Láirge

Rabhadh Oráiste Gaoithe – Go dtí a 7.00pm anocht

Connachta ar fad agus na contaetha seo: an Clár, an Mhí, an Iarmhí, Cabhán, Muineachán, Longfort, Lú , Baile Átha Cliath, Cill Dara, Uíbh Fhailí, Laois
Rabhadh Oráiste Gaoithe Dún na nGall Go dtí a 9.00pm anocht

Rabhadh Buí Gaoithe – Go dtí a 9.00pm anocht
An stát ar fad

Tá rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm i ngach uile chontae sa stát inniu agus an stoirm Bram tagtha i dtír.

Ón 2.00pm inniu a cuireadh an foláireamh oráiste  i bhfeidhm i gcontae Dhún na nGall agus beidh sé ann go dtí a 9.00pm anocht.

Tá sé tugtha le fios ag an ESB go raibh thart ar 22,000 teach agus gnó d’uireasa seirbhís leictreachais thart ar am lóin inniu.

Bhí formhór na bhfadhbanna leis an soláthar i gcontaetha sa deisceart mar ar chuir an stoirm í féin in iúl le moch maidine inniu – Corcaigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Luimneach agus Cill Dara.

Dúradh i ráiteas an ESB go raibh a bhfoirne i mbun oibre ag scrúdú an damáiste agus ag iarraidh an soláthar a chur ar fáil arís dá gcuid custaiméirí “nuair atá sé sábháilte sin a dhéanamh”.

Tá fainic curtha ag an ESB orainn go bhféadfadh fadhbanna eile a bheith leis an soláthar aibhléise i rith an lae agus Bram ag ropadh léi aneas trasna na tíre.

Ina ráiteas féin, dúirt Met Éireann gur shéid an stoirm is déanaí seo chugainn “gaoth an-láidir aneas agus séideáin ghála léi agus na siotaí is tréine le cósta”.

Deir lucht na haimsire go raibh an-bhaol tuilte ann go háirithe ar thalamh íseal le cósta agus go bhféadfadh maidhmeanna arda a bheith á séideadh thar bhallaí cé agus amach ar bhóithre leis an lán mara.

Iarrtar ar dhaoine a bheith san airdeall ar smionagar sceacha agus troscán sráide a bheadh séidte amach ar bhóithre ag an ngaoth, agus ag an tráth seo bliana soilse Nollag agus corr-Saintí a cuireadh in aer.

Iarrtar orainn a bheith faoi réir d’aon bhriseadh cumhachta a d’fhéadfadh tarlú agus coinneal is tóirse a bheith in aice láimhe.

Tá an rabhadh oráiste gaoithe i bhfeidhm i naoi gcontae sa taobh ó dheas den oileán óna 7.00 ar maidin inniu agus beidh go dtí a 4.00pm – Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Cill Mhantáin, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Port Láirge.

Ag a 11pm aar maidin a tháinig an t-oráiste i bhfeidhm i gConnachta agus in 11 contae eile, an Clár, an Mhí, an Iarmhí, Cabhán, Muineachán, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Lú, Laois, Longfort, agus Uíbh Fhailí.

Níos mó

Dhá fholáireamh oráiste eisithe ag Met Éireann agus Stoirm Bram ag déanamh orainn

Tá an t-oileán seo ag fáil faoi réir do dhrochoíche agus ropadh gaoithe agus díle bháistí á dtuar ach a mbuailfidh an stoirm is déanaí, Bram an tír.

Gaoth mhór aneas a bhféadfadh fórsa gála a bheith léi an éadáil a thabharfaidh Bram, stoirm a d’ainmnigh muid fhéin, chugainn agus de réir nádúir le cósta is measa a bheidh an ghaoth sin.

Beidh an ghaoth láidir agus siotaí tréana léi i ngach contae sa tír agus é á thuar go mbuailfidh Bram talamh thart ar a trí a chlog anocht agus go mbeidh sí ag ropadh léi ansin go dtí a naoi a chlog san oíche amárach.

Tá dhá fholáireamh oráiste gaoithe eisithe ag Met Éireann do 11 contae agus gaoth láidir nó gála ag déanamh orainn.

Tiocfaidh an chéad fhainic oráiste i bhfeidhm i gceithre chontae leis an gcósta ó dheas óna 7am go dtí a 3pm – Corcaigh, Ciarraí, Port Láirge agus Loch Garman is túisce a shroichfidh Bram.

Trí uair an chloig ina dhiaidh sin, ag a 10am, a bheidh feidhm leis an rabhadh oráiste leis an gcósta thiar agus beidh sé i bhfeidhm sna seacht gcontae thiar go dtí a 6pm – Luimneach, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim, agus Dún na nGall.

Tá fainic curtha ag lucht na haimsire i Met Éireann ar dhaoine a bheith san airdeall má bhíonn siad ag taisteal le cósta ar thalamh íseal mar go bhféadfadh taoillí arda a bheith ina bhfuarlaigh ar na bhóithre agus contúirt ag baint leis sin don taistealaí.

Óna 9pm anocht go dtí a 9am amárach tá rabhadh buí báistí fógartha do sheacht gcontae – Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge Ciarraí agus Corcaigh.

Tá an bháisteach throm seo níos contúirtí mar go bhfuil an talamh báite agus na srutháin lán cheana de bharr na drochaimsire le tamall agus d’fhéadfadh tuilte agus fuarlaigh a bheith in áiteanna agus contúirt ag baint leis an taisteal. D’fhéadfadh an fliuchán seo cur as d’imeachtaí a bhí le tarlú amuigh faoin aer.

Amárach beidh rabhadh buí gaoithe i bhfeidhm sa tír ar fad agus Met Éireann ag tuar go mbeidh “ropadh láidir gaoithe aneas againn agus baol gála le cósta”.

Beidh an foláireamh sin i bhfeidhm óna 3.00am anocht go dtí a 9.00am ar maidin amárach.

Tá lucht aimsire na Breataine tar éis rabhadh buí gaoithe a eisiúint do na sé chontae ó thuaidh den teorainn ar feadh dhá uair déag amárach, ón naoi ar maidin go dtí a naoi san oíche. Tá fainic curtha acu go bhféadfadh an stoirm cur as do dhaoine agus dá gcúram. Aontroim, an Dún, Fear Manach, Ard Mhacha, Tír Eoghain agus Doire na contaetha a gheobhaidh séideán buí ó Bhram amárach.

Níos mó

An aimsir thirim ghrianmhar ar ais faoi lár na seachtaine go dtí an deireadh seachtaine

Grian agus triomach atá á ghealladh dúinn le tús an lae inniu cé go mbeidh corrscamall ag máinneáil thart.

Ach tá athrú ar an mbealach luath sa lá agus ceathanna faoinár ndéin, cuid acu trom is ag fágáil fuarlaigh in áiteanna. D’fhéadfadh stoirm thoirní a bheith anseo is ansiúd. Scaipfidh na scamaill aniar aneas san iarnóin agus beidh brádáin bháistí is ceobhrán i gcúige Mumhan leis an tráthnóna. Idir 16 agus 20 céim Celsius is teo a bheidh sé agus leoithne aneas chugainn ach d’fhéadfadh sí a bheith luaineach.

Cé go bhfuil múraíl throm á tuar i dtús na seachtaine tá an chuma air go mbeidh an aimsir thirim ghrianmhar ar ais faoi lár na seachtaine go dtí an deireadh seachtaine nuair a bheidh sí athraitheach agus measctha arís.

Lá tirim gréine atá á ghealladh dúinn amárach agus an chosúlacht air go mbeidh salachar báistí is ceobhrán an lae inniu i gCúige Mumhan glanta ach d’fhéadfadh corrmhúr fánach a bheith i gcontaetha an deiscirt.

Idir 18 agus 22 céim Celsius is teo a bheidh an lá amárach ach é beagán níos fuaire i dtuaisceart Uladh mar a mbeidh sé idir 14 agus 16 céim a bhuíochas don leoithne aduaidh-aniar aduaidh, a mbeidh ropadh maith léi leis an gcósta sa taobh ó thuaidh agus sa taobh thiar den tír.

Lá tirim eile atá á thuar Déardaoin, grian is scamaill ag uainíocht ar a chéile ach corrmhúr éadrom ag faire freisin. Beidh sé níos friseáilte, idir 14 agua 16 céim Celsius, sa taobh ó thuaidh, sa taobh thiar agus le cósta chúige Laighean ag an ngaoth éadrom nó mheasartha ach beidh sé idir 17 agus 21 céim sa gcuid eile den tír.

Is í scil lucht na haimsire faoi láthair gur lá tirim is scaití gréine den chuid is mó a bheidh in oirthear na tíre Dé hAoine ach go n-éireoidh sé scamallach amach sa lá. Aoine scamallach atá á thuar d’iarthar tíre agus an bháisteach ag seoladh léi isteach ón Atlantach amach sa lá. Beidh an teocht idir 14 agus 18 céim agus leoithne éadrom nó mheasartha chugainn.

Measctha agus athraitheach a bheidh sé ag an deireadh seachtaine. Beidh tamallacha gréine agus ráigeanna báistí is ceathanna againn.

Beidh sé grianmhar geal scaití freisin. Táthar ag tuar go mbeidh an teocht is nádúrtha don tír seo ag an tráth seo bliana ar ais chugainn.

Níos mó

Deich lá eile den spalladh gréine atá i ndán dúinn 

Níl aon mhaolú ar an teocht ard seo nach dual dúinn sa mBealtaine agus lucht na haimsire ag tuar go mbeidh sé 24 céim Celsius sa taobh thiar den tír arís amárach

Deich lá eile den spalladh gréine atá i ndán dúinn 

An tuar aimsire is déanaí ó Met Éireann gur deich lá eile den spalladh gréine atá i ndán dúinn sa tír seo.

Níl aon mhaolú ar an teocht ard seo nach dual dúinn sa mBealtaine agus lucht na haimsire ag tuar go mbeidh sé 24 céim Celsius sa taobh thiar den tír arís amárach.

Más grian a bheidh ag formhór na tíre, táthar ag gealladh ceathanna in áiteanna i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Chonnacht leis an iarnóin agus amach sa tráthnóna. D’fhéadfadh cuid de na ceathanna sin a bheith trom agus an baol ann go mbeidh stoirmeacha toirní thart. Sa taobh thoir den tír beidh gaoth mheasartha anoir agus an teocht idir 16 agus 17 céim Celsius, seacht gcéim níos fuaire ná san iarthar.

A bhuíochas don ardbhrú atá ag seadú anseo, beidh bun ar an aimsir ghréine seo agus fanfaidh an teocht ard sna déaga nó sna fichidí beaga.

Lá te grianmhar a bheas againn Déardaoin cé go mbeidh smúit ar an ngrian scaití. Idir 18 agus 22 céim Celsius an teocht atá geallta ach leis an gcósta thoir beidh fuarú beag ón ngaoth éadrom nó mheasartha anoir aduaidh.

Tuilleadh den ghrian is an teaspach neamhshéasúrtha seo atá á ghealladh don Aoine agus ar a theo, an teocht idir 17 agus 21 céim ach fágfaidh an ghaoth mheasartha anoir go mbeidh sé beagán níos fionnuaire san oirthear.

Deireadh seachtain gréine is teasa atá á thuar dúinn freisin agus an chuma ar dhálaí meitéareolaíochta go mbeidh an teocht idir 17 agus 22/23 céim Celsius, ach ó tharla leoithne anoir a bheith fós chugainn, beidh sé beagán níos fuaire leis an gcósta thoir.

Níl aon fhaoiseamh ón triomach is teas á ghealladh i dtús na seachtaine seo chugainn ach an oiread agus is é an tuar faoi láthair go bhfanfaidh an teocht go hard sna déaga nó sna fichidí beaga.

Tá fainic thábhachtach á cur ag Met Éireann ar aon duine a bheas ag triall ar aibhneacha, lochanna nó ag dul le cósta ag an deireadh seachtaine le sásamh a bhaint as an aimsir bhreá seo a bheith fíor-airdeallach maidir le sábháilteacht ar an uisce. Moltar freisin do dhaoine gan dearmad a dhéanamh iad féin agus an dream óg a chosaint ón ngrian agus í a sheachaint i mbolg an lae mura mbíonn scáth iontach agat.

Níos mó

‘An t-ardbhrú fós i gceannas’ – an ghrian á tuar don chuid eile den tseachtain

Beidh an teocht idir 14 agus 20 céim Celsius inniu agus dá fhaide siar sa tír seo thú is teo a bheidh sé

‘An t-ardbhrú fós i gceannas’ – an ghrian á tuar don chuid eile den tseachtain

Sa réamhaisnéis is déanaí ó Met Éireann deirtear nach bhfuil aon athrú i ndán dúinn go luath agus ‘an t-ardbhrú fós i gceannas’, rud a fhágfaidh go leor eile den triomach agus den ghrian seo againn an chuid eile den tseachtain agus ag an deireadh seachtaine seo chugainn.

Táthar á thuar go mbeidh an teocht ard don tráth seo den bhliain an chuid eile den tseachtain agus an deireadh seachtaine, cé go bhféadfadh corrmhúr éadrom a bheith ann scaití.

Beidh sé ina ghrian inniu cé go bhféadfadh smúit teasa a bheith uirthi agus seans fánach ann go ndéanfaidh sé corrmhúirín éadrom.

Beidh an teocht idir 14 agus 20 céim Celsius agus dá fhaide siar sa tír seo thú is teo a bheidh sé.

Is ionann an tuar don lá amárach, Déardaoin, triomach is tréimhsí gréine agus gan ach corrmhúr éadrom á thuar. Beidh sé idir 13-17 céim Celsius ar a theo agus é beagán níos fuaire leis an gcósta thoir leis an leoithne éadrom anoir.

Triomach is mó atá á ghealladh dúinn arís ar an Aoine chomh maith le tréimhsí maithe gréine. Má shantaíonn tú braon báistí, d’fhéadfadh tú corrmhúr fánach a fháil ar chósta an Atlantaigh. Idir 13 agus 18 céim Celsius a bheidh an teocht agus an teas is mó san iarthar agus leoithne éadrom anoir aneas chugainn.

An léamh atá ag lucht na haimsire faoi láthair go mbeidh sé tirim is grianmhar ag an deireadh seachtaine cé go bhféadfadh corrbhrádán a bheith ann, go háirid sa gcuid thiar den tír.

Údar gairdis do lucht saoire agus fámaireachta triomach is teas seo an Aibreáin agus na Bealtaine ach údar imní é d’fheirmeoirí agus d’Uisce Éireann.

Tá cosc sé seachtaine curtha ag Uisce Éireann ar fheadáin uisce a úsáid i mBaile na nGallóglach i dTír Chonaill, sa Mhuileann Cearr san Iarmhí agus i gCeanannas agus sa Seanchaisleán i gcontae na Mí agus fainic curtha ag an tseirbhís go bhfuil an soláthar íseal in go leor áiteanna eile.

An mhí seo caite bhí fainic ag Copernicus, seirbhís aeráide an Aontais Eorpaigh, faoin mbaol a bhí ar an oileán seo ar fad go mbeadh an triomach seo díobhálach agus dúirt de bharr an laghdú ar an mbáisteach agus an leibhéal íseal fliuchrais sa gcré go raibh comharthaí struis le haithint ar an bhfásra sa tír.

Bíonn tionchar ag an triomach ar bharraí agus ar an bhfómhar agus dá bharr ar phraghas an bhia.

Níos mó

Seisear Teachtaí nuathofa roghnaithe ar choiste nua Gaeilge an Oireachtais

Peadar Tóibín, Catherine Connolly agus John Connolly an triúr Teachtaí Dála ar an gcoiste a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina dtoghcheantair

Seisear Teachtaí nuathofa roghnaithe ar choiste nua Gaeilge an Oireachtais

Teachtaí Dála nua iad seisear den naonúr Teachtaí atá roghnaithe mar bhaill de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.

Rinneadh na baill den choiste do thréimhse seo na Dála a roghnú ag cruinniú de Choiste Gnó na Dála le gairid.

Is í an Teachta Neamhspleách Catherine Connolly a bheidh ina cathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Bhí Connolly, Teachta do Ghaillimh Thiar ina bhfuil an pobal Gaeltachta is mó sa tír, ina cathaoirleach ar choiste Gaeilge an Oireachtais roimhe seo idir 2016-2020.

Tagann sí i gcomharbacht mar chathaoirleach ar an gcoiste ar an Teachta Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin. Tá Ó Snodaigh roghnaithe arís mar bhall den choiste don tréimhse seo.

Is é an Teachta Dála Barry Ward an t-aon duine eile a bhí ina bhall den choiste sa Dáil dheireanach. Is ina sheanadóir a bhí Ward an uair sin ach bhuaigh sé suíochán d’Fhine Gael i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin san olltoghchán deireanach.

Is iad Naoise Ó Muirí (FG – Cuan BÁC Thuaidh), Naoise Ó Cearúil (FF – Cill Dara Thuaidh), Shane Moynihan (FF – BÁC Thiar-Meán), John Connolly (FF – Gaillimh Thiar) agus Shónagh Ní Raghallaigh (SF – Cill Dara Theas) na Teachtaí nuathofa eile atá ar an gcoiste.

Roghnaíodh ceannaire Aontú, Peadar Tóibín (An Mhí Thiar), ar an gcoiste Gaeilge chomh maith. Bhí sé ina bhall den choiste freisin idir 2016-2020.

Triúr de na Teachtaí ar an gcoiste nua, Peadar Tóibín agus an bheirt Connolly ó Ghaillimh Thiar, a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina dtoghcheantair.

Gaeilgeoirí uile iad na naonúr Teachtaí. Roghnaíodh an Teachta Danny Healy-Rae ar an gcoiste deireanach in ainneoin nach raibh aon Ghaeilge aige.

Caithfear roghnú na dTeachtaí a dheimhniú le vóta Dála an tseachtain seo. Tá cúigear seanadóirí fós le ceapadh ar an gcoiste chomh maith.

Ní gá do Theachta a bheith ina bhall den choiste chun freastal ar chruinnithe.

Tá beirt de bhaill an choiste Gaeilge ina gcathaoirligh ar choistí eile. Tá Barry Ward roghnaithe ag Fine Gael le bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste Gnóthaí Eorpacha agus Naoise Ó Muirí ina chathaoirleach ar an gcoiste Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh.

Tá an Teachta Dála ó Mhúscraí, Aindrias Moynihan Fhianna Fáil, ainmnithe ina chathaoirleach ar an gcoiste Talmhaíochta agus Bia agus fear na Rinne, Conor D. McGuinness Shinn Féin ainmnithe ina chathaoirleach ar an gcoiste nua Iascaireachta agus Gnóthaí Mara.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta