An Saighdeoir, 22 Samhain – 21 Nollaig
An bhfuil suim agat i réaltchomharthaí? Seo sraith d’ailt spraíúil nua dúinn ar Scéal.ie 🔮🌟 Má léann tú do cholún gach lá, nó mura gcreideann tú ann in aon chur, is píosa craic agus ábhair chainte suimiúil iad seo i gcónaí!
🏹 An Saighdeoir 🏹
Tá cúis mhaith ann gur An Saighdeoir an t-ainm a dtugtar ar an gcomhartha seo. Is daoine díreacha na Saighdeoirí, le tuairimí géara, ar nós saighead. Tá spiorad dóchasach acu agus grá orthu don fhoghlaim agus don taisteal. Is daoine bríomhara iad freisin nach bhfuil sé éasca dearmad a dhéanamh orthu.
🌟 Dátaí: 22 Samhain – 21 Nollaig
🌟 Eilimint: Tine 🔥
🌟 Módúlacht: Inathraithe
🌟 Tréithe is comónta: truachroíoch, fiosrach, neamhspleách
Saighdeoirí Cáiliúla
Ada Lovelace, Crazy Horse, Emily Dickinson, Edith Piaf, Jonathan Swift, Ludwig van Beethoven, Mick Lally, Nero, Niall Tóibín, Sinéad O’Connor
Bí ag súil le cur síos ar an nGabhar ag deireadh mhí na Nollag!