Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Fachtna O Drisceoil

Tabhair an duais Nobel don tsíocháin do Trump, taitneoidh sé go mór leis

Cruthaíonn deireadh an chogaidh i nGaza go raibh an ceart i gcónaí ag an dream a mhaígh go bhféadfadh Meiriceá stop a chur leis ach an toil a bheith ann.  D’fhéadfadh sé a bheith déanta ag Joe Biden.  Ní dhearna sé sin ar chúiseanna polaitiúla inmheánacha.  D’fhéadfadh sé a bheith déanta ag Trump roimhe seo.  Ní dhearna sé é ar chúiseanna polaitiúla inmheánacha nó toisc nár dhírigh sé a aird air nó pé cúis gur mian leat a chreidiúint.  Ach nuair a theastaigh uaidh i ndáiríre é a dhéanamh bhí sé ábalta é a dhéanamh.  Tá Volodymyr Zelensky ag áiteamh anois ar Donald Trump an móiminteam a thugann an socrú síochána in Gaza dó a úsáid chun deireadh a chur le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.  An bhféadfadh Trump é sin a dhéanamh?

Ní hionann an dá chás.  Tá Iosrael agus Benjamin Netanyahu spleách ar Mheiriceá ar shlí nach bhfuil Putin nó an Rúis.   Thug Meiriceá luach nach mór €9 billiún de chúnamh míleata agus cosanta d’Iosrael in 2024.  Dar ndóigh tá a tionscal airm féin ag an Rúis agus tionscal ola a úsáideann siad chun íoc as an gcogadh i gcoinne na hÚcráine.  Mar sin féin d’fhéadfadh Donald Trump rud a dhéanamh chun brú a chur ar an Rúis deireadh a chur leis an gcogadh dá dtogródh sé.

Is í an laige is mó a bhaineann le mian Putin leanúint ar aghaidh leis an gcogadh ná an brú atá ar gheilleagar na Rúise agus an baol go mbeadh cliseadh eacnamaíochta ann dá bharr.  Tá moill mhór curtha le fás geilleagrach na Rúise. 1% an réamhaisnéis fáis in 2025 i gcomparáid le 4.3% in 2024. Tá easnamh buiséid na Rúise ag méadú go 4.2 trilliún rúbal (thart ar €43 billiún), agus táthar ag tuar go sroichfidh sé 5.7 trilliún rúbal faoi dheireadh na bliana.

Tá ioncam ó onnmhairí ola agus gáis — a chuireann thart ar an tríú cuid de bhuiséad na Rúise ar fáil — ag titim go mór mar gheall ar laghdú ar phraghsanna domhanda agus smachtbhannaí.  Tá praghas ola Brent tar éis titim faoi $60 an bairille, rud a chuireann brú mór ar chumas na Rúise an cogadh a mhaoiniú.  Tá cáin bhreisluacha le méadú ó 20% go 22%, cé gur gheall Putin nach méadófaí cánacha roimh 2030.  Chun an t-ualach míleata a iompar, tá gearradh á dhéanamh ar an gcaiteachas neamhchosanta, amhail an t-oideachas, an cúram sláinte agus an chosaint comhshaoil.

In Washington tá pacáiste smachtbhannaí níos láidre dréachtaithe ag na Seanadóirí Lindsey Graham (Poblachtach) agus Richard Blumenthal (Daonlathach), pacáiste a bhfuil tacaíocht traspháirtí aige atá atá réidh le haghaidh vóta sa Seanad. Ach ní tharlóidh sé sin mura dtugann Trump a bheannacht dó.  Deir saineolaithe nach bhfuil na smachtbhannaí atá ann ó ré Biden á gcur i bhfeidhm chomh maith is a d’fhéadfaí.    

Mhéadódh na beartais seo ar fad go mór an brú ar státchiste na Rúise agus mhéadódh sé an praghas atá le híoc ag Putin as leanúint ar aghaidh leis an gcogadh.  Tá Trump ag caint freisin faoi dhiúracáin fhadraoin Tomahawk a sholáthar don Úcráin mura n-éiríonn Putin as an gcogadh.  Is minic cheana a rinne Trump bagairtí nár comhlíonadh áfach agus ní fios cé chomh dáiríre is atá sé faoin mbagairt seo.

An mbeidh an toil nó an fhoighne ag Trump iarracht dháiríre a dhéanamh brú a chur ar Putin éirí as an gcogadh?  Chaithfeadh sé éirí as an amaidí gur féidir leis a chur ina luí ar Putin éirí as an gcogadh trí fhórsa a phearsantachta agus a chaidreamh leis.   Bhí an chuma ar an scéal le déanaí gur thuig Trump é seo faoi dheireadh. Ach ansin dúirt Putin gur mór an náire nár bronnadh duais Nobel na síochána ar Trump mar gheall ar an sos cogaidh in Gaza agus ba léir gur oibrigh an plámás agus go raibh Trump thar a bheith sásta leis sin.

Mar sin tá moladh beag agam a mhéadódh an seans go mbuanófar an tsíocháin in Gaza agus go gcuirfí deireadh leis an gcogadh san Úcráin sa bhliain seo romhainn.   Oibríonn plámás Putin ar Trump?  Bhuel tá uirlis phlámáis níos cumhachtaí fós san iarthar ach é a úsáid.  Tá Trump ag iarraidh Duais Nobel na Síochána a bheith aige?  Bhuel tugtar le fios dó ar chúla téarmaí go mbeidh sí aige ach an tsíocháin in Gaza a bhuanú agus deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin. Ó thosaigh mé á scríobh seo tá Zelensky féin tar éis an smaoineamh céanna a bheith aige is léir.

Deir sé má éiríonn le Trump a chur ina luí ar Putin éirí as an gcogadh go n-ainmneoidh sé Uachtarán Mheiriceá don duais Nobel.  Má oibríonn an plámás ar Trump ar shlí a chabhróidh leis an tsíocháin, nach margadh maith é sin don domhan, pé acu an maith leat nó nach maith leat Trump?  Agus más féidir Duais Nobel na Síochána a úsáid ar son na síochána, bhuel nach chuige sin é?

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta