Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Eoghan O Neachtain

cuma-na-maitheasa-ar-chuige-laighean-sa-mbaile

Cuma na maitheasa ar Chúige Laighean sa mbaile

Is cinnte go bhfuil díomá ar Chúige Mumhan agus Cúige Chonnacht nár éirigh leo áit a bhaint amach i mbabhtaí leathcheannais comórtais Chorn na gCuradh agus an Dúshláin an deireadh seachtaine seo. Tá scíth á fháil acu sula dtabharfaidh siad  faoina chéile i mBabhta 17 den URC i nGaillimh an Satharn seo chugainn, cluiche a bheas cinniúnach maidir le hiarrachtaí na bhfoirne áit á fháil i gCorn na gCuradh, comórtas sinsearach rugbaí na hEorpa, don séasúr seo chugainn.  Beidh mé ag scríobh faoi sin arís.

Cúige Laighean a bheas ag imirt i gCorn na gCuradh agus Cúige Uladh  a imreoidh i gCorn an Dúshláin inniu.  Sin iad na hionadaithe a bheas againn agus tá áit sa gcluiche ceannais a imreofar  i mBilbao na Spáinne ag deireadh na míosa mar sprioc acu.

Cúige Laighean is túisce a bheas ag dul chun páirce inniu i gcoinne Toulon na Fraince. Tá an t-ádh ar fhoireann Leo Cullen gur éirigh le Toulon an ceann is fearr a fháil ar Ghlaschú sa gcluiche ceathrú ceannais.

Chinntigh an bua a bhí ag Toulon cluiche baile do Chúige Laighean seachas iachall a bheith orthu taisteal go Dún Éideann dá mbeadh an lá le Glaschú. Go deimhin, b’ábhar iontais é go bhfuair Toulon, foireann atá sa naoú háit ar thábla an Top 14,  an ceann is fearr ar Ghlaschú, foireann a bhí suite ar bharr an URC ag an am. Is cinnte go ndearna Glaschú neart botúin láimhseála, imirt nárbh iondúil dóibh sa gcluiche sin agus thapaigh Toulon a ndeis.

Is é Cúige Laighean rogha na coitiantachta don choimhlint seo.  Is acu atá buntáiste an bhaile agus tá seanchleachtadh acu ar a bheith imirt ag an staid seo den chomórtas. Mar sin féin is fiú a mheabhrú go raibh foireann Átha Cliath sa mbád céanna anuraidh sula ndearna Leo Cullen an botún roghnaithe ba mhó dá ndearna sé ariamh nuair a chuir sé cúpla imreoir dara rogha chun páirce i gcoinne Northampton, botún a chinntigh bua nach raibh súil leis don fhreasúra agus a chuir deireadh le hiarrachtaí Laighean áit sa gcraobh a bhaint amach.  Ní dóigh go ndéanfaidh sé an botún sin go deo arís agus ní haon ábhar iontais é go bhfuil a chéad rogha imreoirí, fir atá aclaí agus folláin, á gcur chun páirce aige.  B’fhéidir nach raibh an dara rogha ag Cullen mar go bhfuil liosta fada imreoirí  aige atá faoi chúram dochtúra faoi láthair.

Is fiú a lua freisin  nach raibh imirt Chúige Laighean thar mholadh beirte i mBabhta 16 den URC an deireadh seachtaine seo caite.  Cuimhnigh gur chaill siad i gcoinne Benetton in ainneoin gur thug siad dhá phointe bónais abhaile leo. Tá súil agam go raibh dóthain ama i seacht lá ag foireann bhainistíochta an Chúige na deachrachtaí a tháinig chun solais a cheartú.

Fós féin, tá mise sásta bua d’fhoireann an baile a thuar, cé nach dóigh go mbeidh mórán idir na foirne ag a dheireadh.

Ní túisce an cluiche sin thart nó go mbeidh muid ag díriú ar imeachtaí i mBéal Feirste agus ar chluiche leathcheannais Chorn an Dúshláin idir Chúige Uladh agus Exeter Chiefs.

Cé go mbeidh buntáiste an bhaile acu, ní féidir talamh slán a dhéanamh do bhua do na hUltaigh. Sa gcúigiú háit ar thábla an Gallagher Premiership atá Exeter suite faoi láthair agus iad ag treisiú le chuile cluiche dá n-imríonn siad. Ní hamháin sin tá deacrachtaí ag teacht chun cinn do na hUltaigh le gairid.

Thug Cúige Laighean greadadh dóibh i mBéal Feirste coicís ó shin agus náirigh Cúige Mumhan iad i Luimneach an Satharn seo caite. Is léir go bhfuil Richie Murphy cráite le gortuithe i measc a chéad rogha imreoirí rud a chiallaíonn nach bhfuil an dara rogha aige ach roinnt imreoirí ar bheagán taithí ar a bheith ag imirt ag an leibhéal seo a bheith á gcur chun páirce inniu.  Is cinnte go ndéanfaidh Cúige Uladh tréaniarracht áit sa gcluiche ceannais a bhaint amach, rud nach mbeidh ró-éasca mar nach bhfuil siad faoi lán tseoil faoi láthair, faraor.

Tá sos agus scíth deireadh seachtaine i gcomórtas Sé Náisiún na mBan faoi láthair. Tugann sin deis do phainéal na hÉireann teacht chucu féin thar éis an léasadh a thug na Francaigh dóibh an Satharn seo caite.

Níos mó

bheadh-dul-amu-ar-an-te-nach-dtabharfadh-seans-do-na-muimhnigh

Bheadh dul amú ar an té nach dtabharfadh seans do na Muimhnigh

Sa gcoicís romhainn athrófar aird rugbaí an limistéir seo ón URC go dtí na cluichí sa dá mhórchomórtas Eorpach, Corn na gCuradh ina mbeidh Cúigí Laighean agus na Mumhan páirteach ann agus Corn an Dúshláin ina mbeidh Cúigí Uladh agus Chonnacht páirteach ann.

Is cinnte go bhfuil díomá ar Chúigí Uladh agus Connacht nár éirigh leo cáiliú do Chorn na gCuradh, an comórtas sinsearach, go háirithe agus an dá chúige ag tabhairt sár-thaispeántais uathu san URC faoi láthair. Mar sin féin tá seans ag an dá chúige cur lena gcáil agus iad ag tabhairt dúshlán do chuid de mhórchlubanna an limistéir thuaidh.

Tá buntáiste an bhaile ag na hUltaigh anocht agus iad ag cur fáilte go Béal Feirste roimh Racing 92 ceann de mhórchlubanna na Fraince. Níl aon dabht ann ach go bhfuil Cúige Uladh réitithe go maith don chluiche baile seo le ceithre bhua as cúig iarracht cláraithe acu chomh maith le bua i chuile chluiche baile go dtí seo. Ní ionann an cás do na cuairteoirí, foireann a chaill chúig chluiche sa Top 14 go dtí seo, rud a fhágann iad suite san aonú háit déag ar an tábla sin. Bheadh iontas orm muna dtabharfadh na hUltaigh an lá leo.

Beidh Cúige Chonnacht as baile De Domhnaigh thall sa mBreatain Beag agus iad i gcoinne na nOspreys foireann atá ceithre háit níos ísle ná foireann an Gaillimhe ar chlár an URC. Chuir na hOspreys droch-thús leis an  séasúr seo, gan ach dhá bhua cláraithe acu, ceann acu siúd as baile an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Dhún Éideann. Chuir na Connachtaigh na cosa ar ais faoin mbord an deireadh seachtaine seo caite agus bua maith le pointe bónais faighte acu gcoinne na Sharks. Má éiríonn leo leanacht leis an gcur chuige céanna amárach is cinnte go mbeidh sé an-deacair ag na hOspreys iad a stopadh, fiú agus buntáiste an bhaile acu.

I gCorn na gCuradh, an comórtas sinsearach, beidh an dá chúige eile ag dul chun páirce amárach. I Stáid Aviva a bheas Cúige Laighean agus iad ag iarraidh an droch-bhlas ó chomórtas na bliana seo caite a chur uatha.  Cuimhnigh go ndearna Leo Cullen botún roghnaithe agus é ag cuir foireann le cúpla imreoir dara rogha chun páirce i gcoinne Northampton. Ní ardóidh mé díospóireacht sin arís ach ag breathnú ar an bhfoireann láidir atá roghnaithe aige don chluiche i gcoinne Harlequins, is léir go bhfuil ceacht mór foghlamtha ag Cullen.

Chas na foirne seo ar a chéile sa gcomórtas anuraidh i gcluiche a bhuaigh na Laighnigh 62-0. Ní dóigh go mbeidh scór den chineál sin againn arís amárach ach ba cheart go mbeadh bua ag foireann an bhaile agus go gcuirfeadh Cúige Laighean tús dearfach lena n-iarracht greim a fháil ar an gcraobh seo don chúigiú huair.

Seans gur roimh na Muimhnigh atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo, iad ag taisteal go Bath le tabhairt faoi churaidh reatha an Gallagher Premiership, agus iad freisin ar bharr thábla an chomórtais sin faoi láthair. Ní dóigh go bhfuair Cúige Mumhan an réiteach a bhí uatha don choimhlint seo an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag cailliúint i gcoinne na Stormers i Luimneach. Mar bharr ar an mí-ádh, theip ar Chúige Mumhan pointe amháin féin a chlárú sa dara leath den chluiche sin.

Sea, tá chuile bhuntáiste le Bath roimh thús an chluiche seo ach bheadh dul amú ar an té nach dtabharfadh seans do na Muimhnigh, fiú más seans beag é.

Níos mó

cuige-mumhan-in-airde-bri-roimh-theacht-na-gconnachtach

Cúige Mumhan in airde brí roimh theacht na gConnachtach

Is cinnte gur bhain Cúige Mumhan agus Cúige Uladh geit as domhan an rugbaí an deireadh seachtaine seo caite nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar fhoirne a bhí i bhfad níos láidre agus níos sciliúla ná iad féin. Ní hamháin sin, ach is as baile a d’imir chaon fhoireann acu a gcuid cluichí.

In Durban na hAfraice Theas a bhí na hUltaigh áit a raibh ocht bpointe le spáráil acu agus ar cheil siad pointe bónais ar na Sharks. Pointí bónais, agus ceithre úd a fuair siad dóibh féin.

Má bhí iontas maidir leis an toradh sin níor tada é i gcomparáid leis an ngreadadh ceithre úd i gcoinne dhá úd a thug Cúige Mumhan do na curaidh, Cúige Laighean, i bPáirc an Chrócaigh.

Ní hé nach raibh Cúige Laighean go maith.  Is cinnte go raibh.  D’aimsigh siad úd gan ach ocht nóiméad caite.  Bhí siad iomlán údarásach sa gclibirt ach ní raibh freagra ar bith acu ar shíor-ionsaí, ar fhisiciúlacht ná ar spíd troda na Mumhan. Agus mé ag tuar bua do Chúige Laighean roimh imirt an chluiche an tseachtain seo caite, chuir mé fainic maidir le sean-sprid na Mumhan, sprid a bhí le mothú ón nóiméad ar thrasnaigh Brian Gleeson líne an úid dóibh. Idir sin agus an t-am ar bhronn an réiteoir úd éirice ar Tom Farrell, úd a chinntigh pointe bónais ceithre úd dóibh, ní hamháin nár stop an síor-ionsaí ach bhí cosaint na Mumhan ar leibhéal a mbeadh aon fhoireann idirnáisiúnta bródúil as. D’fhág Cúige Laighean ceann ceathrú CLG náirithe agus le pócaí folmha.

Ach tá sé le déanamh ag an gceithre chúige arís inniu, agus gan fáil acu ar aon imreoir atá ar an bpainéal idirnáisiúnta. Tá siadsan atá sa gcampa idirnáisiúnta i Meiriceá ag réiteach don chluiche i gcoinne na nAll Blacks i Chicago, seachtaine sa lá inniu.

Ag am lóin beidh Cúige Uladh, foireann nár chaill cluiche fós ag tabhairt dúshlán na Lions ag airde i Johannesburg. Níl tada éasca ag baint leis an gcoimhlint atá roimh na hUltaigh inniu ach is ábhar dóchais dóibh bua na seachtaine seo caite agus nach bhfuil ach bua amháin cláraithe ag na Lions as cheithre iarracht.

Roimh an tae beidh Cúige Laighean, foireann atá suite sa 12ú háit déag ar an tábla sa mbaile i Staid Aviva i gcoinne Zebre, foireann atá san ochtú háit, cheithre áit níos airde ná iad.  I mo chuimhne-se, seo é an chéad uair ariamh a raibh Zebre chun cinn ar Chúige Laighean. Ní scarann ach trí phointe na foirne. Tá sé chomh simplí leis seo, má chailleann Cúige Laighean arís inniu i gcoinne Zebre, beidh náire na seachtaine seo caite de leataobh agus beidh an chaint faoi dheireadh ré Leo Cullen mar chóitseálaí ag treisiú.

Cuirfidh Cúige Mumhan, agus iad ag iarraidh a gcúigiú bua as a chéile a chlárú, fáilte roimh Chúige Chonnacht i Luimneach anocht. Ní chuirfidh mé fiacail ann, bhí láimhseáil an réiteora ar chluiche Chonnacht i gcoinne na mBulls i nGaillimh an tseachtain seo caite náireach ar fad agus i mo thuairimse bhí tionchar mór aige ar bhua na mBulls. Mar sin féin thug foireann na Gaillimhe dhá phointe leo ón gcluiche sin a chaill siad le pointe amháin (28-27).  An mbeidh Cúige Chonnacht in ann an fearg sin a smachtú chun an ceann is fearr a fháil ar Chúige Mumhan?  Na Muimhnigh sa mbaile agus a ndrioball chomh hard sin san aer? .

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta