Tá an t-ionad ealaíon The Complex i mbaol agus ní mór don phobal tacú leis
(Grianghraf le George Hooker)
Ag tús mhí na Nollag tugadh fógra díshealbhaithe do The Complex, an t-aon ionad ealaíon ildisciplíneach lonnaithe i lár na cathrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, go raibh siad leis an ionad a fhágáil faoin Chéadaoin an 14 Eanáir 2026. Ó fuair an t-ionad an drochscéal seo, tá feachtas díograiseach cruthaitheach ar siúl acu chun é a shábháilt, feasacht a ardú ar an cheist agus ar an tábhacht a bhaineann leis an áit a chur i mbéal an phobal. Tá foireann The Complex ar lorg tacaíochta ón Roinn Airgeadais le tamall ionas go mbeadh an t-ionad slán sabháilte ar bhonn buan.
Osclaíodh doirse The Complex thiar in 2008 chun spás agus seirbhísí a chur ar fáil d’ealaíontóirí arna eagrú ag ealaíontóirí. Ó shin ar aghaidh, tá ról ríthábhachtach ag an ionad mar bhaile d’ealaíontóirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Is áit é a thugann tacaíocht do gach sórt ealaíontóra fosta, idir na 18 stiúideo atá ar fáil agus trádstóras mór le haghaidh ceolchoirmeacha agus eile. Bíonn foireann bheag dhíograiseach agus saoroibrithe ag obair lá i ndiaidh lae ar thograí éagsúla. Is minic a bhíonn daoine eile páirteach sa phróiseas chruthaitheach, mar atá dearthóirí, coimeádaithe, teicneoirí ealaíne, innealtóirí soilse agus fuaime, bainisteoirí stáitse, léiritheoirí, déantóirí seit agus feistis.
Níl amhras ar bith ann go bhfuil ról lárnach ag na healaíona inár bhféiniúlacht, oidhreacht agus cultúr mar Éireannaigh agus go ndéanann áiteanna ar nós The Complex difear nach beag dár gcaighdeán saoil. Cruthaíonn sé deiseanna dúinn bualadh le daoine eile, dul i dtaithí ar réimse leathan de cheol agus ealaín, comhbhá a thógáil, meas agus caidrimh a chothú le grúpaí nach mbeadh muid ag bualadh leo de ghnáth agus nascanna a fhorbairt lenár gceantar féin… gan trácht ar an tionchar dhearfach a imríonn sé ar shaol na n-ealaíontóirí féin.

Seoladh an feachtas ‘Catherine Connolly for President’ in The Complex i mí Mheán Fómhair, oíche spleodrach inar thug Catherine í féin óráid ar na fáthanna a raibh sí ag feachtasaíocht do ról an Uachtaráin agus inar labhair ionadaithe ó na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, People before Profit agus eile. Taifeadadh físeán ceoil KNEECAP, ‘H.O.O.D’, san ionad, agus sheinn Fontaines DC ann in 2022. Tá an oiread sin taispeántas, gigeanna, réabhanna sóbráilte, imeachtaí scéalaíochta agus eile i ndiaidh titim amach sa spás spreagúil seo. Níl anseo ach cúpla sampla den mheas atá ag ealaíontóirí as gach cearn den tír ar The Complex.
Labhair mé leis na healaíontóirí Rónán Ó Raghallaigh, Phil Christie agus Cian Walker, a bhfuil stiúideo acu in The Complex. Labhair muid le Cúntóir Margaíocht Dhigiteach agus Meán an ionaid, Léna Seale, fosta.
I gcás Rónáin, fuair sé stiúideo ar cíos ag The Complex 10 mbliana ó shin tar éis dó a chéim tríú leibhéal a bhaint amach. “Is é mo phríomháit oibre é. Déanaim fórmhór de mo shaothar ealaíne i mo stiúideo ansin. Sin an áit a smaoiním, a ndéanaim turgnamh agus a gcruthaím smaointe nua. Sin an áit a mbuailim le mo chomhghleacaithe agus a mbíonn cruinnithe agam le coimeádaithe chun mo chuid oibre a fheiceáil. Tá taispeántais eagraithe agam ann agus tá go leor cairde déanta agam le linn mo chuid ama le The Complex. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil mo chuid oibre beo.”

Tá Léna Seale ag obair mar Chúntóir Margaíocht Dhigiteach agus Meán le The Complex le breis agus bliain anosi. “D’fhás an tsuim s’agam san áit tar éis dom a bheith ann mar bhreisaisteoir i bhfíseán ceoil KNEECAP. Is rud speisialta é spás mór ildisciplíneach a bheith ann i gcroílar na cathrach.”
Ag labhairt di ar an fhógra díshealbhaithe, deir Léna, “Sílim gur mhothaigh muid nach raibh sé fíor go dtí an Nollaig. Bhí gach duine chomh gnóthach sin ag obair ar an bhfeachtas chun é a shábháilt. Go háirithe i gcás ‘Groundswell’ (maratón de ghigeanna a cuireadh ar siúl i mí na Nollag ar feadh trí oíche), thug grúpa neamhspleách de cheoltóirí agus ealaíontóirí a gcuid ama dúinn saor in aisce chun feasacht a ardú trí bheith páirteach sna hoícheanta ceoil. Táimid fós i mbaol ach tá dóchas ann freisin. Tá comhráite ag tarlú agus tá muid sa chás céanna ina raibh muid roimh an Nollaig.”
Ag labhairt faoin ról thábhachtach a bhí ag na meáin shóisialta go dtí seo maidir leis an fheachtas #SavetheComplex, deir sí, “Bhí ról ollmhór aige maidir le lucht féachana mór digiteach a bhaint amach. Fuair an leathanach Instagram na mílte leantóirí a bhuí le daoine a bhí ag idirghníomhú leis. Mar gheall air sin, chuaigh na mílte daoine i mbun gnímh, ag freastal ar an léirsiú i mí na Nollag, ag síniú achainí, ag glacadh páirt i gcruinnithe poiblí. D’fhás pobal an fheachtais go horgánach i bhfad níos mó ná mar a bhíomar ag dúil leis.”

Tá stiúideo ag Phil in The Complex le trí bliana nó níos mó. “An rud is tabhachtaí domsa ná an deis atá agam a bheith ag obair le grúpa ealaíntóirí éagsúla san ionad. Chomh maith leis sin, tá sé an-chabhrach roinnt spáis a bheith ar fáil i lár na cathrach, agus é i mo cheantar féin, le dul i mbun oibre ar nós nádúrtha.”
In ainneoin na hoibre cumhachtaí cróga seo, níor tugadh aon uasdátú do The Complex ó fógraíodh go mbeadh orthu bogadh amach ar an 14 Eanáir. Tá siad ag fanacht go fóill le tacaíocht agus gníomh ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, polaiteoirí agus An Chomhairle Ealaíon.
Eilís Nic Lochlainn: “Má dhruidfear The Complex, cén tionchar a bheadh aige sin ar do shaol?”
Rónán: “Ní bheidh spás oibre agam nó áit le mo chuid oibre a stóráil. Ní bheidh mé in ann ealaín a chruthú sa bhaile. Tá easpa spásanna stiúideo eile sa chathair. Ní bheidh áit agam le bualadh le mo chomhghleacaithe agus teagmhálacha nua a dhéanamh. Ní bheidh ionad ealaíne i Lár Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath – rud a mbeidh drochthionchar aige ar an gcathair.”
Tiocfaidh athrú mór ar shaol Rónáin, chomh maith le saol na 26 ealaíontóir eile a bhfuil stiúideo acu ag The Complex, de bharr na forbairte uafásaí seo.
I gcás Chéin, tá stiúideo aige ann le ceithre bliana anuas. “Is ionad oibre é. Tá sé inacmhainne i gcathair atá costasach. Is í an timpeallacht stiúideo is cairdiúla agus is tacúla dá raibh taithí agam uirthi riamh. Is féidir leis an stiúideo a bheith ina thimpeallacht uaigneach agus is féidir leis na laethanata a bheith fada. Nuair nach mbíonn an obair ag dul go maith, tá sé riachtanach sos a thógáil. In The Complex, bhí laethanta agam nuair a mhothaigh mé nach raibh aon rud ag dul i gceart ach is féidir le comhrá gairid thar chupán tae le healaíontóir eile rudaí a athrú gan mhoill! Tá an timpeallacht difriúil le haon cheann eile.”
ENL: “Déan cur síos ar The Complex i dtrí fhocal.”
Cian: “Bríomhar. Riachtanach. Speisialta.”
Tá The Complex ar Instagram, TikTok, Facebook agus X. Tá blag agus nuachtlitir ar féidir clárú leo chomh maith. Tá feachtas #SavetheComplex ar siúl faoi láthair agus is fiú tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú.
Mar a deir Léna, “Lean ár meáin shóisialta agus ár suíomh gréasáin le haghaidh aon nuashonrúchán. Anois, ní mór dóibh siúd i gcumhacht gníomhú.”
Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin The Complex anseo, áit ar féidir achainí a shíniú (a bhfuil breis agus 16,000 síniúcháin bailithe go dtí seo) agus litir a scríobh chuig an tAire ar Chaiteachas Poiblí, Jack Chambers.
The post Tá an t-ionad ealaíon The Complex i mbaol agus ní mór don phobal tacú leis appeared first on NÓS.









