Tuatha Dé Danann 13: Ní thugann gach rud maith ach a sheal
“Bíonn ar achan rud maith teacht chuig deireadh,” (nó rud mar sin) a deir an seanfhocal Béarla go litriúil. Tháinig deireadh le réim na dTuath Dé agus, i ndiaidh 17 seachtain agus 13 alt, tagann deireadh leis an tsraith seo d’ailt fosta.
Cad a tharla do na Tuatha Dé mar sin de? Níl freagra amháin simplí air sin, is dócha. Mar a pléadh i gcúpla alt, cailleadh cuid acu i gcathanna éagsúla nó mharaigh cuid acu a chéile mar gheall ar easaontas eadarthu nó rudaí mar sin. Clúiteach mar atá siad, maraíodh Nuada, Lugh, agus eile, tháinig dea-dheireadh le scéal cuid acu, agus tá seans maith ann go bhfuil cuid acu thart orainn go fóill.
Níor thit Aengus i ngrá le hÉtaín mar a thit cuid mhór sa scéal a phléigh mé in alt 12 den tsraith seo ach tháinig grá a chroí chuige sa deireadh. ‘Bean a bhrionglóidí’ a bhí inti go litriúil nó tháinig sí chuige ar dtús agus é ina chodladh. Labhair muid fána bhreith roimhe seo ach bhí oíche ann agus é fásta, nuair a bhí Aengus ina chodladh agus tháinig bean álainn, Cáer Ibormeith, chuige. Phléigh mé an scéal seo le cara liom, Aodhán Ó Baoill, roinnt míonna ó shin mar chuid dá phodchraoladh ar an chodladh agus ar an neamhchodladh. Phléigh mé cuid den chomhrá sin in alt eile agus mé ag smaointiú fán dóigh a bhfuil an saol nasctha le chéile. Is nasc eile le cur leis an alt sin é an tsraith seo nó is é an comhrá le hAodhán ceann de na rudaí a spreag mé chun tús a chur léi.
Ach cibé, thit Aengus i ngrá ach ní raibh sé in ann an bhean a aimsiú san fhíorshaol cé go mbíodh sí ag teacht chuig a bhrionglóidí. D’éirigh Aengus tinn mar gheall ar an ghrá seo nach raibh fíorú leis. Mhol dochtúir go mbeidh orthu teacht ar an bhean go mbeadh Aengus agus í in ann a bheith le chéile nó go bhfaigheadh sé bás den uaigneas. Rinne a mháthair, Boand, iarracht í a aimsiú ach theip uirthi. Rinne a athair, an Daghdha, iarracht ach theip air fosta.
Aimsíonn Bodb, rí na Sí i gCúige Mumhan, í sa deireadh. Iníon í le fear de na Tuatha Dé darbh ainm Ethal agus ar leis Sí i gCúige Connachta. Diúltaíonn Ethal a iníon a thabhairt d’Aengus ach cuidíonn Ailill agus Medb le hAengus chun an bhean óg a fháil. An socrú a dhéantar ná go mbeidh Cáer le feiceáil i riocht eala bliain ina dhiaidh sin, agus 150 eala eile léi ar loch. Thig le hAengus teacht ansin chun bheith léi.
Sin a tharla. Chuaigh sé chuig an loch, scairt uirthi, agus d’fhreagair sí é. Rinne Aengus eala de féin agus d’eitil siad chuig a bhrú le chéile, áit a raibh siad an-sásta is cosúil. Mar bhuíochas, chuir Aengus saighdiúirí ar fáil d’Ailill agus Medb nuair a thit imeachtaí Tháin Bó Cuailgne amach.
Mar gheall ar na Tuatha Dé go ginearálta, creidtear anois go bhfuil siad thíos faoin talamh, gurb iadsan na daoine maithe. Chuir na Gaeil ruaig de shaghas orthu nuair a tháinig muid chuig an tír. Mar a phléigh mé roimhe, d’iarr Ériú, Banba, agus Fódla ar na Gaeil an tír a ainmniú orthu. Gheall Amergin go ndéanfar sin.
Dar le Lebor Gabhála Éirenn, bhí fear ann darbh ainm Fénius Farsaid (a chum an Ghaeilge í féin, is cosúil) agus phós a mhac, Nel, bean darbh ainm Scota agus bíonn mac, Goídel Glas, acu. Tá sé luaite, fosta, go raibh Míl pósta ar bhean darbh ainm Scota. Agus Fénius marbh, is cosúil, bíonn díospóireacht ann faoina ríocht agus maraíonn Míl duine eile a bhí ag iarraidh an ríocht a bheith aige. Díbrítear é as an duine sin a mharú.
Baineann sé agus a dhaoine an Spáinn amach agus tchí siad Éire ar shiúl uathu agus iad sa cheantar a bhfuil Coruña mar ainm air anois. Íth (gaol le Míl) a théann go hÉirinn ar dtús ach maraítear é. Socraíonn an t-ochtar mac atá ag Míl díoltas a fháil. Tá Amergin i measc na mac seo. Is iad Mac Cuil, Mac Cecht, agus Mac Gréine atá mar ríthe ag an phointe seo (iad a mharaigh Lugh, dar ndóigh).
Iarrann na ríthe seo trí lá de shíocháin roimh an chath agus go bhfanfaidh Clann Mhíle amuigh ar an fharraige le linn an ama sin. Agus na Gaeil ar an fharraige, úsáideann na Tuatha Dé a gcumhachtaí chun stoirm a ardú ach suaimhníonn Amergin an stoirm trí fhilíocht a aithris.
D’aontaigh an dá ghrúpa an tír a roinnt eadarthu ach, rud atá píosa cleasach, glacann na Gaeil an chuid den tír atá thar an talamh agus fágtar an leath faoin talamh ag na Tuatha Dé.
Agus sin é! Bhí deireadh le ré na dTuath Dé mar phríomhchónaitheoirí na tíre seo. Sin ráite, dar le go leor scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta, tagann siad amach agus siúlann siad ar an talamh minic go leor. Tá siad beo inár n-intinn, dar ndóigh, nó spreagann siad cuid mhór scríbhneoirí (luaigh mé Diarmuid Johnson roimhe seo).
Cá bhfios? An chéad uair eile duit cúpla eala a fheiceáil, achan seans gur sin Aengus agus Cáer amuigh ag siúl.
The post Tuatha Dé Danann 13: Ní thugann gach rud maith ach a sheal appeared first on NÓS.



