Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Donncha O hEallaithe

Géarchéim thithíochta na Gaeltachta – easpa comhoibrithe idir eagrais stáit an bhunfhadhb

Ag comhdháil i gcontae an Chabháin faoi cheist na tithíochta níos luaithe an mhí seo tugadh an deis dom, mar urlabhraí ag an mbrúghrúpa Bánú, cur i láthair a dhéanamh faoin téama ‘Soláthar Tithíochta agus Infreastruchtúr i gCeantair Thuaithe’. Ar na daoine a bhí páirteach sa chomhdháil a d’eagraigh Comhairle na hÉireann um Thithíocht Shóisialta (ICSH) bhí ionadaithe ó chomhlachtaí ceadaithe tithíochta (AHBanna), ó na comhairlí contae, ó Uisce Éireann, ón nGníomhaireacht Tithíochta agus, ar ndóigh, ón Roinn Tithíochta.

Fuair mé amach go bhfuil go leor scéimeanna ag an Roinn Tithíochta nach féidir a úsáid faoi láthair ceal infreastruchtúr séarachais i gcuid mhaith de na pobail Ghaeltachta. Tuigim anois an bac is mó ar scéimeanna tithíochta na Roinne a chur ag obair sa gceantar mór Gaeltachta cois cósta, idir Abhainn an Spidéil thoir agus Carna thiar – ní féidir tithe a cheangal le córas séarachais.

Shíl mé go raibh an fhadhb mar a chéile sna ceantair thuaithe i ngach contae ar fud na tíre. Ní mar sin atá. Mar shampla, i mo chontae dúchais féin, Tiobraid Árann, tá 92 córas séarachais poiblí ar fáil do dhaonra 168,000 duine. I gcás na Gaillimhe tuairiscíodh sa daonáireamh deireanach daonra 193,000 taobh amuigh den chathair, ach níl ach 35 córas séarachais poiblí le freastal ar na daoine sin. I mbeagán focal, níl freastal dóthanach déanta ar an bpobal tuaithe taobh amuigh de na bailte is na sráidbhailte móra, i gcontae na Gaillimhe. Mar a dúradh ag an gcomhdháil, gan córas séarachais faoin tuath, ní féidir tithe a thógáil.

Níl an fhadhb chomh dona i gcontaetha Gaeltachta eile. Mar shampla, i nGaeltacht na nDéise tá scéim séarachais sa Rinn agus scéim eile sa Seana-Phobal. Faillí na Comhairle Contae le blianta, sular bunaíodh Uisce Éireann, is bunchúis leis an easpa infreastruchtúr fuíolluisce i gConamara Theas. Tá daonra 12,000 ina gcónaí sa gceantar ó Abhainn Bhoth Loiscthe siar go Carna, gan aon chóras séarachais poiblí acu, seachas ceann na Ceathrú Rua, atá ar an liosta lena uasghrádú ag Uisce Éireann.

Tá scéim ag An Roinn Tithíochta ó 2022 a d’fhéadfaí a úsáid sa nGaeltacht ar a dtugtar ‘Réidh le Tógáil’. D’fhéadfaí suíomhanna a réiteach, ar a mbeadh seirbhísí éagsúla riachtanacha curtha ar fáil – uisce, leictreachas agus séarachas – agus na suíomhanna a dhíol ar €30,000 faoi bhun an chostais, le daoine a thógfadh tithe orthu iad féin taobh istigh de thréimhse ama.

Mar shampla den scéim sin, le gairid dhíol Comhairle Chontae Thiobraid Árann 4 shuíomh seirbhísithe i sráidbhaile beag, ar a thugtar An Bóthar Leathan (daonra 171 in 2022) ar €25,000 an ceann. D’fhéadfaí sin a dhéanamh mar bhí córas séarachais poiblí sa mBóthar Leathan, mar atá ag mórán chuile shráidbhaile beag i dTiobraid Árann.

D’fheilfeadh scéim den chineál sin sna pobail Ghaeltachta. Tá traidisiún láidir sa nGaeltacht go dtógann daoine a dtithe féin. Suas go 2008 ba chúnamh mór do dhaoine na deontais tithíochta a bhíodh ag Roinn na Gaeltachta. Le gairid, ní hamháin nach bhfuil aon tacaíocht tithíochta ar fáil ón Roinn don chainteoir Gaeilge, ach bíonn sé deacair suíomh a aimsiú ar a mbeadh cead pleanála le fáil ón gComhairle Contae, mar go bhfuil polasaí diúltach ag lucht pleanála faoi thithe aonair a thógáil faoin tuath.

Le go bhféadfaí an scéim ‘Réidh le Tógáil’ a úsáid sa nGaeltacht níor mhór go mbeadh córas séarachais ar fáil sna pobail éagsúla Gaeltachta, ina bhfuil riachtanas tithíochta. Níl cead a thuilleadh ag an gComhairle Contae a bheith ag cur córas fuíolluisce ar fáil ach d’fhéadfadh cead a bheith ag Údarás na Gaeltachta, a dúradh liom ag an gcomhdháil.

Más mar sin atá, le réiteach a fháil ar an bhfadhb, nach bhféadfaí an cúram a chur ar Údarás na Gaeltachta maidir le seirbhísí séarachais a chur ar fáil is a bhainistiú sna pobail Ghaeltachta?

Tá an taithí ag Údarás na Gaeltachta ar chórais fuíolluisce a chur ar fáil agus a bhainistiú do na heastáit tionsclaíochta atá acu ar fud na Gaeltachta. Dá mbeadh an maoiniú agus na hacmhainní daonna curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, ní fheicim aon chúis nach bhféadfadh Údarás na Gaeltachta tosú ag cur seirbhísí fuíolluisce ar fáil sna pobail Ghaeltachta.

Cur chuige nua a theastaíonn: maoiniú is acmhainní breise a chur ar fáil don Údarás chomh maith le comhoibriú agus comhthuiscint idir Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Uisce Éireann agus An Roinn Tithíochta.

Thar na blianta tá obair mhór déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir le cruthú fostaíochta ar mhaithe le cainteoirí Gaeilge a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta. Rómhinic cuirtear an obair sin ó mhaith, nuair nach mbíonn cainteoirí Gaeilge, atá fostaithe sa nGaeltacht de bharr obair an Údaráis, in ann cur fúthu sa nGaeltacht.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta