Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: David

Plé oscailte: Díomá na nÓg

Mar chuid d’Fhéile an Earraigh, bhí oíche oscailte ar siúl ag Ionad na Fuiseoige i mBéal Feirste ag a raibh deis ag daoine óga ceisteanna a phlé le polaiteoirí, lucht gnó agus ionadaithe pobail.

Ar an phainéal cainte bhí Gearóid Mac Róibín, stiúrthóir Data Dispatch, Órlaithí Flynn ó Shinn Féin, Sorcha Eastwood ó Pháirtí na Comhghuaillíochta agus Philip Dean ón Resurgam Trust i Lios na gCearrbhach. Shuigh an gníomhaire spóirt Gerry Carlile ar an phainéal mar chathaoirleach don oíche.

Bhí comhrá an-suimiúil ann ar ábhair éagsúla cosúil leis an Bhreatimeacht, seicteachas, aontú na tíre, cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí gnó, i measc rudaí eile.

Bhí Meon Eile ann agus labhair muid le cuid de na cainteoirí, daoine óga agus Cónall Ó Corra a d’eagraigh an t-imeacht ar son Fhéile an Phobail.  

Eagraíodh an ócáid le maoiniú ó Oifig an Fheidhmeannais agus Children In Need.

Níos mó

seirbhisi-on-stat-rithabhachtach-chun-go-mbeadh-an-ghaeilge-ina-gnathchuid-den-saol-an-taoiseach

Seirbhísí ón stát ‘ríthábhachtach’ chun go mbeadh an Ghaeilge ina ‘gnáthchuid den saol’ – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé “an-tábhachtach” go gcuirfeadh eagrais rialtais seirbhísí poiblí a ar fáil i nGaeilge má táthar le cur le líon na ndeiseanna a bhíonn ag daoine Gaeilge a labhairt mar ghnáthchuid den saol.

Dúirt an Taoiseach an méid sin tráthnóna inné sa Dáil, mar ar gheall sé go ndéanfar ardú 10-12% ar chiste na Gaeilge sa chéad bhuiséad eile agus go bhféachfaí arís ar scéimeanna tacaíochta a thabhairt ar ais le cur leis an soláthar múinteoirí Gaeilge.

Dúirt Varadkar go gcaithfí tuilleadh deiseanna a sholáthar do dhaoine ó thaobh labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil.

“Sin an fáth go bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirfeadh eagrais rialtais seirbhísí ar fáil sa teanga,” a dúirt Leo Varadkar.

Cheistigh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin an Taoiseach faoin mbuiséad a cuireadh ar fáil don Ghaeilge in 2019, buiséad a raibh “an-díomá” ar Chonradh na Gaeilge agus “muintir na Gaeltachta” faoi.

D’fhiafraigh Martin den Taoiseach chomh maith cén plean a bhí ag an rialtas chun déileáil leis an easpa múinteoirí Gaeilge agus múinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeilge agus lán-Ghaeilge.

D’fhiafraigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou MacDonald den Taoiseach cathain a chuirfeadh a Roinn tuarascáil ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus cathain a d’fhoilseofaí an reachtaíocht atá geallta le fada chun láidriú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Níor thagair an Taoiseach don dá cheist sin ina fhreagra.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo anuraidh go raibh Roinn an Taosigh féin i measc na ranna nach raibh aon oifigeach Gaeilge acu agus na ranna  a mhaíonn gur “ar bhonn deonach” a chuireann siad seirbhís Ghaeilge ar fáil.

Níor earcaíodh anuraidh sa státseirbhís go léir ach beirt nua chuig poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Mar oifigigh chléireachais a earcaíodh an bheirt, an bunghrád sa státseirbhís.

31 duine a earcaíodh sa státseirbhís anuraidh toisc go raibh Gaeilge agus Béarla acu.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tacaiocht-leirithe-ag-feisiri-in-westminster-dacht-teanga-o-thuaidh

Tacaíocht léirithe ag feisirí in Westminster d’acht teanga ó thuaidh

Tá tacaíocht léirithe ag cúigear polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla in Westminster don éileamh ar acht Gaeilge don Tuaisceart.

Dúirt an brúghrúpa teanga Pobal go raibh litir seolta chuig Státrúnaí Thuaisceart Éireann ag cúigear feisirí de chuid pharlaimint na Breataine ar mhaithe lena dtacaíocht don éileamh ar acht teanga a chur in iúl.

Ba iad na feisirí a shínigh an litir i ndiaidh dóibh bualadh le Pobal in Westminster, Conor McGinn, Páirtí an Lucht Oibre, Liz Saville-Roberts, Plaid Cymru, Angus Brendan Mac Neil, SNP, agus Guto Bebb agus David TC Davies ar Tóraithe iad beirt.

Léirigh Liz Saville-Roberts a tacaíocht don éileamh ar an reachtaíocht teanga cheana nuair a labhair sí Gaeilge i bParlaimint Westminster mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Measadh go bhféadfadh gurb í seo an chéad uair a labhraíodh an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain.

Ghabh Janet Muller, Stiúrthóir Pobal, buíochas leis na feisirí as a gcuid tacaíochta. Deir na feisirí sa litir gur chóir do lucht Westminster freagracht a ghlacadh as cás na reachtaíochta Gaeilge “mura dtig leis na polaiteoirí áitiúla teacht ar chomhréiteach go luath”.

“Molann Pobal na feisirí seo, a rinne dianmhachnamh ar an cheist agus a chinn gur cheart an Státrúnaí a ghríosú arís eile le gníomh a dhéanamh le feabhas a chur ar chosaint agus ar chaomhnú na Gaeilge sna sé chontae,” a dúirt Janet Muller.

Tá aighneas leanúnach idir Sinn Féin agus an DUP mar gheall ar cheist an achta Ghaeilge a bhí ar an dris chosáin is mó roimh aon iarracht a rinneadh go dtí seo tionól Stormont a athbhunú. 

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

raiteas-macron-aistrithe-go-dti-gach-teanga-eile-de-chuid-an-ae-seachas-an-ghaeilge

Ráiteas Macron aistrithe go dtí gach teanga eile de chuid an AE seachas an Ghaeilge

Aistríodh ráiteas mór a rinne Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron faoi thodhchaí na hEorpa go dtí gach teanga oifigiúil de chuid na hEorpa seachas an Ghaeilge.

In ainneoin gur maíodh ag an am go raibh an ráiteas á fhoilsiú i dteangacha oifigiúla an AE go léir, dheimhnigh Ambasáid na Fraince in Éirinn gur fágadh an Ghaeilge ar lár.

Nuair a foilsíodh an ráiteas i 28 nuachtán i dtús na míosa seo, mhaígh urlabhraí de chuid Macron gurbh í sin an chéad uair gur “labhair ceannaire stáit le muintir uile na hEorpa ina dteangacha féin”.

Ach nuair a d’fhiosraigh iar-státseirbhíseach an scéal le hAmbasáid na Fraince, fuair sé amach nárbh amhlaidh an scéal agus nár cuireadh ráiteas Macron ar fáil ach i 22 teanga den 23 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

“Unfortunately President Macron’s tribune has not been translated into Gaelic. You will however find an English version on our website,” a dúradh sa bhfreagra a thug Ambasáid na Fraince ar Sheán Mag Leannáin, iar-státseirbhíseach agus Gaeilgeoir a labhraíonn  amach faoi chás na teanga sa státchóras.

Dúirt Mag Leannáin gur músclaíodh a shuim nuair a léigh sé na tuairiscí faoi ráiteas Macron a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an AE.

“Mar iar-státseirbhíseach, a raibh suim aige riamh i gcur chun cinn na Gaeilge i gcúrsaí Stáit agus riaracháin, thug mé faoi deara gur dúradh sna meáin go raibh an ráiteas tábhachtach seo ón Uachtarán Macron ar a fhís don Aontas Eorpach foilsithe i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. ‘Bhuel!’, arsa mise liom féin, ‘féar plé do na Francaigh – chuir siad de stró orthu féin an ráiteas seo a aistriú go Gaeilge’.  Ach cá bhfuil an leagan Gaeilge le fáil?”

Ní fada gur cuireadh ó dhóchas Mag Leannáin, áfach. Nuair nach raibh aon leagan Gaeilge den ráiteas ar fáil sna meáin, lean sé air ag cuardach agus tháinig sé ar chóip den óráid i 22 teanga oifigiúil eile an Aontais ar shuíomh Rialtas na Fraince Gouvernement.fr.

Is ansin a shocraigh sé ríomhphost [i mBéarla] faoin gceist a sheoladh chuig Ambasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé an scéala nach raibh an ráiteas ar fáil i nGaeilge.

“Léigh mé an leagan Béarla. Taobh istigh den reitric phostúil ann ba léir gurb é an Breatimeacht agus a impleachtaí don Aontas Eorpach mar chumhacht mhór sa domhan ba mhó a bhí ag dó na geirbe ag an Uachtarán.

“Bheadh sé suimiúil an leagan Gaeilge a chuirfí ar smaointe ardnósacha an Uachtaráin ardnósaigh seo a léamh ach faraor géar níl sé sin le fáil. Ní thógfadh aon duine orthu é nár bhac na Francaigh le leagan Gaeilge a chur air nuair nach mbacann an Rialtas s’againne le leaganacha Gaeilge de mhór-óráidí ár gceannairí féin a chur ar fáil.”   

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

liomhainti-faoi-chinsireacht-ar-thuairimi-faoi-pholasai-teanga-seanta-ag-tg4-agus-nuacht-tg4

Líomhaintí faoi chinsireacht ar thuairimí faoi pholasaí teanga séanta ag TG4 agus Nuacht TG4

Tá ráite ag TG4 agus Nuacht RTÉ/TG4 nach raibh aon chinsireacht i gceist le cinneadh gan dul ar aghaidh le craoladh agallamh nuachta ina ndearna an gníomhaí teanga aitheanta Ciarán Ó Feinneadha cáineadh géar ar chur chuige TG4.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ciarán Ó Feinneadha go raibh “fearg agus díomá” air nuair a cuireadh in iúl dó tráthnóna an 8 Márta nach mbeadh an t-agallamh a rinne sé an lá sin faoin tsraith Laochra Gael á chraoladh.

Dúradh leis mar mhíniú ar an scéal go raibh cinneadh déanta gan dul ar aghaidh leis an tuairisc a bhí beartaithe.

I 1974 a rinne mise mo chéad agallamh raidió riamh agus tá idir 30-40 agallamh déanta agam gach bliain ó shin i leith, idir agallaimh theilifíse agus raidió. Craoladh na hagallaimh sin go léir. Mar sin glacaim leis nach mar gheall ar chaighdeán an agallaimh ach mar gheall ar mo chuid tuairimí a socraíodh gan an t-agallamh áirithe seo a chraoladh.


‘Briseann sé mo chroí – ní chuige seo a bunaíodh TG4’ – Ó Feinneadha


“Dúradh liom ag leathuair tar éis a trí tráthnóna go raibh an tuairisc á tarraingt siar agus ghabh an t-iriseoir a d’iarr orm an t-agallamh a dhéanamh leithscéal liom agus dúradh go raibh sé i gceist an t-ábhar a phlé arís amach anseo ar chlár éigin eile.

“Ní bhfuair mé aon chuireadh dul ar aon chlár eile go dtí maidin inniu, trí seachtaine ina dhiaidh sin, tar éis dom labhairt amach faoin ábhar ar Tuairisc.ie. Toisc nach bhfuil aon mhíniú eile faighte agam ar an scéal, níl agam a cheapadh ach go ndearnadh cinsireacht ar an tuairisc agus ar mo chuid tuairimí. Cuireann sé fearg agus díomá orm,” arsa Ciarán Ó Feinneadha.

Foilsíodh ar maidin ar Tuairisc.ie agallamh le Ó Feinneadha, duine de na daoine is mó a luaitear le bunú an stáisiúin Ghaeilge, inar mhaígh sé gur gá “athmhachnamh ó bhonn” a dhéanamh ar chur chuige TG4 i bhfianaise an méid Béarla a bhí sa tsraith is déanaí den chlár Laochra Gael.

Shéan TG4 agus Nuacht RTÉ/TG4 araon go raibh cinsireacht i gceist leis an gcinneadh gan tuairisc nuachta a dhéanamh faoin gconspóid maidir leis an méid Béarla a bhí ar Laochra Gael agus faoi Ghaeilgeoirí a bheith ag Béarlóireacht sa tsraith chéanna.

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 aréir go raibh “neamhspleáchas eagarthóireachta” ag Nuacht TG4 agus gur cheist don seomra nuachta a bhí in áiteamh Uí Fheinneadha go ndearnadh cinsireacht ar a chuid tuairimí.

Mar sin féin, dúirt urlabhraí TG4 go raibh “cead ag gach duine tuairim a bheith acu, ach ní gá go bhfuil siad ceart”. Thug urlabhraí TG4 le fios chomh maith go raibh “muinín” ag lucht an stáisiúin gur roghnaíodh an lá sin scéalta a bhí níos tábhachtaí don lucht féachana.


Laochra Gael? Níor bunaíodh TG4 le deich nóiméad Gaeilge san uair a thabhairt dúinn…


“Glactar cinntí eagarthóireachta nuachta gach lá chun míreanna a ghearradh ag brath ar shruth nuachta an lae agus tá muinín againn as foireann Nuacht TG4 go mbíonn siad i gcónaí ag roghnú na scéalta is mó tábhacht do lucht féachana TG4, ins na cláir nuachta a bhíonn á gcraoladh acu,” arsa urlabhraí TG4.

Dúirt urlabhraí ó Nuacht TG4, a chuireann RTÉ ar fáil do TG4, nach nós leis an tseirbhís nuachta “aon ráiteas” a dhéanamh faoi “chinntí eagarthóireachta ar leith”.  Dúirt an t-urlabhraí gur mór ag Nuacht TG4 “an t-am a chaitheann daoine chun páirt a ghlacadh inár gcuid clár”.

“Beidh Nuacht TG4 ag leanúint leis an gclúdach ar an ábhar áirithe seo, agus mar atá fógartha go poiblí againn cheana féin, beidh sé mar chuid de chlár 7Lá san oíche amárach,” arsa urlabhraí Nuacht TG4 aréir.

Tuigtear go bhfuil roinnt mhaith míshuaimhnis i measc fhoireann an tseomra nuachta faoin gcinneadh gan dul ar aghaidh leis an scéal.

Maidin inniu a iarradh ar Chiarán Ó Feinneadha páirt a ghlacadh i 7Lá anocht, mar a mbeidh agallamh chomh maith le hArdstiúrthóir TG4 Alan Esslemont faoin gconspóid a spreag léirmheastóir teilifíse Tuairisce.ie faoi chur chuige teanga an stáisiúin.

Dúirt Ciarán Ó Feinneadha nach raibh aon mhíniú sásúil faighte fós aige ar chinneadh Nuacht TG4 gan an t-agallamh a rinne sé leo ar an 8 Márta a chraoladh.


‘Osclaíonn muid doirse, ní dhúnann muid iad’ – séanta ag TG4 go bhfuil ‘carte blanche’ acu don Bhéarla


“Rinne mise agallamh leo i lár an lae. Socraíodh tráthnóna, roinnt bheag uaireanta an chloig roimh chraoladh Nuacht TG4, an tuairisc a ghearradh. Go bhfios domsa níor bhris aon scéal mór náisiúnta nó idirnáisiúnta an lá céanna go gcaithfí fáil réidh le scéal eile dó cúpla uair an chloig sula raibh sé le craoladh.

“Tharla sé cheana dom nár craoladh agallamh liom go ceann lá nó dhó mar gur tharla scéalta móra tábhachtacha gan choinne,” arsa Ciarán Ó Feinneadha.

I measc na scéalta nuachta a craoladh ar Nuacht TG4 ar an 8 Márta, bhí scéal faoin mBreatimeacht, scéalta a bhain le Lá Idirnáisiúnta na mBan agus scéal do Sheachtain na Gaeilge faoi eachtrannaigh a bhfuil spéis acu ní hamháin sa Ghaeilge ach sa tSean-Ghaeilge chomh maith.

Tá go leor cainte ar líne tarraingthe ag an agallamh le Ciarán Ó Feinneadha a foilsíodh ar Tuairisc.ie ar maidin. I measc na ndaoine a thacaigh lena chuid tuairimí faoi chur chuige TG4, bhí beirt eile de na daoine is mó a raibh baint acu leis an bhfeachtas ar son bhunú stáisiún teilifíse Gaeilge, Donncha Ó hÉallaithe agus Feargal Mac Amhlaoibh.

Tá idir mhíshástacht agus amhras léirithe ag daoine faoi chláir ina bhfuil na hagallaimh go léir, nó a bhformhór, i mBéarla a bheith á gcoimisiúnú agus á gcraoladh ar TG4.

Tá séanta ag TG4 go mbíonn “carte blanche” i réim maidir leis an méid Béarla a cheadaítear ar chláir a choimisiúnaíonn an stáisiún agus deir siad gurb é an polasaí atá acu ná ‘doirse a oscailt seachas a dhúnadh’ ar an lucht féachana.

Beidh an scéal á phlé tráthnóna ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar 7Lá.

Chuir Tuairisc.ie ceisteanna breise cheana ar TG4 mar gheall ar an bpolasaí teanga atá acu i leith a gclár ach níor freagraíodh na ceisteanna sin go fóill.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

Taispeántas ‘Death of Intent’ bunaithe ar ‘Cré na Cille’

Osclaíodh taispeántas leis an ealaíontóir áitiúil agus buaiteoir Ghradam Dillon, Jack Dorian, sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Tá an taispeántas seo bunaithe ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain ‘Cré na Cille’ agus amharcann sé ar an dóigh a ndéanann ealaín aithris ar an saol agus ar an dóigh ar minic a dhéanann an saol aithris ar na healaíona.

Tá an t-úrscéal beagnach go hiomlán scríofa mar chomhrá i measc na marbh i reilig i gConamara. Tá an chaint lán de chúlchaint, ráflaí, faltanas, agus spallaíocht.

Mheall an t-úrscéal clú mór i saol na Gaeilge ach níor foilsíodh aistriúchán Béarla de go dtí an bhliain 2016.

Ba iad na haistriúcháin sin a las suim Jack Dorian sa leabhar agus é ag staidéar thar lear agus a spreag é le taispeántas a chur le chéile.

Deir an t-ealaíontóir go léiríonn na dealbha cré atá cruthaithe aige an easpa tuigbhéala idir na príomhcharachtair san úrscéal.

Creimfidh na dealbha cré seo síos de réir a chéile, agus básfaidh na bláthanna agus plandaí atá le sonrú fite fuaite fríd na coirp, rud atá ina mheafar ar an lobhadh cumarsáide sa leabhar, chomh maith leis an choincheap a bhaineann le ‘deireadh nó bás ceart’ a bheith ag na carachtair, a mhothaigh Dorian a bheith tuilte acu.

Tá tuilleadh eolais faoi ‘Death of Intent’ le fáil anseo: https://www.culturlann.ie/ga/imeachtaí-agus-eile/2019/márta/taispeántas-death-of-intent

Níos mó

briseann-se-mo-chroi-ni-chuige-seo-a-bunaiodh-tg4-o-feinneadha

‘Briseann sé mo chroí – ní chuige seo a bunaíodh TG4’ – Ó Feinneadha

Ba chóir do TG4 “athmhachnamh ó bhonn” a dhéanamh ar a chur chuige i bhfianaise an méad Béarla a bhí sa tsraith is déanaí den chlár Laochra Gael, dar le Ciarán Ó Feinneadha, duine de na daoine is mó a luaitear le bunú an stáisiúin Ghaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, deir Ó Feinneadha, ar cuireadh príosún air nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a íoc mar chuid den fheachtas ar son bhunú theilifís na Gaeilge, go raibh sé croíbhriste mar gheall “ar an athrú polasaí scannalach” sa stáisiún.

Deir sé go raibh “fearg, imní agus díomá” air go háirithe air faoin gclár faoi Rena Buckley, an peileadóir agus iománaí iomráiteach as Corcaigh. Bhí conspóid mhór ann faoin gclár sin ina raibh na hagallaimh le Buckley féin agus lena hiarbhainisteoir Éamonn Ryan i mBéarla in ainneoin Gaeilge a bheith acu beirt.

Is é seo an chéad uair riamh ag Ciarán Ó Feinneadha, a bhí ina bhall de chéad chomhairle an stáisiúin, labhairt amach go poiblí i gcoinne TG4.

“Níl aon cháineadh déanta agamsa go poiblí ar TG4 riamh roimhe seo. Bhí mé lárnach san fheachtas roimh bhunú an stáisiúin agus bhí mé ar an gcéad chomhairle ag an stáisiún ina dhiaidh sin agus shocraigh mé nach ndéarfainn aon rud diúltach go poiblí agus nach mbeinn i mo chrá croí ag na daoine a bhí ag obair ann, ach ní fhéadfainn ligin do rud chomh scannalach leis seo tarlú gan mo thuairim a nochtadh faoi.

“Bhí sé chomh náireach sin nach bhféadfainn fanacht i mo thost. Tá sé dochreidte go mbeadh beirt le Gaeilge mhaith curtha ag caint as Béarla ar TG4. Ní chuige sin a bunaíodh an stáisiún agus ní chuige sin atá airgead poiblí á chur ar fáil dó. Má leanann TG4 ar aghaidh leis an gcineál seo polasaí, is é an toradh a bheidh air ná go dtosóidh daoine ag cur na ceiste, cén fáth go bhfuil sé ann ar chor ar bith?”

Dúirt Ó Feinneadha gur ghlac sé féin leis i gcónaí go mbeadh méid áirithe clár Béarla ar TG4 agus nach raibh aon fhadhb riamh aige, mar shampla, le scannáin Western nó eile a bheith á gcraoladh ar TG4 “ar mhaithe leis na bearnaí a líonadh”.

Ach deir sé gur “scéal eile ar fad é airgead an stáit a bheith á chaitheamh ar chlár Gaeilge ina bhfuil an clár go léir i mBéarla taobh amuigh den reacaireacht”.

Dar le Ó Feinneadha gur TG4 féin a bheidh thíos leis má leantar leis an gcur chuige a bhí i réim ar Laochra Gael agus go bhfuil dualgas ar phobal na Gaeilge labhairt amach faoin gcur chuige a dtugann an stáisiún an ‘straitéis twin pole’ air.

“Caithfidh muidne, pobal na Gaeilge, é seo a rá anois agus labhairt amach faoi seo mar is é an toradh a bheidh air faoi dheireadh ná go dtosóidh daoine atá i gcoinne na Gaeilge ag cur na gceisteanna seo.

“Dá mbeadh feachtas amárach ann chun deireadh a chur le TG4 agus dá seasfadh duine de lucht an fheachtais sin ar an ardán ag rá gur cur amú airgid a bhí i gcláracha mar seo, bheadh sé an-deacair an caiteachas a chosaint agus easaontú leis.”

Tá Ó Feinneadha diongbháilte de nach luíonn an polasaí lucht féachana atá anois ag TG4 leis na cúiseanna ar bunaíodh é i 1996 agus nach n-oirfidh an polasaí sin do stáisiún Gaeilge go deo.

“Briseann sé mo chroí mar ní chuige seo a bunaíodh TG4. An fáth gur bunaíodh TG4 ná chun seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Deis a bhí ann freisin a léiriú don phobal gurb ann dúinn agus don Ghaeilge. Anois tá agallaimh i mBéarla le Gaeilgeoirí á gcraoladh. Má tá aon ‘líne dhearg’ ann ó thaobh TG4, sin é. Ní cheart go dtarlódh sé. Tá sé scannalach.

“Nílim ag cur locht ar an mbeirt [Rena Buckley agus Éamonn Ryan], sin murar dhiúltaigh siad glan agallamh a dhéanamh i nGaeilge. Ní dóigh liom go ndéanfaidís sin. Tá an locht ar TG4. Cuireann sé iontas agus díomá orm, ach tá an Béarla ag sleamhnú isteach le tamall i gcláracha a dtugtar cláracha Gaeilge orthu. An bunphointe, ní clár Gaeilge dáiríre clár ina mbíonn na hagallaimh go léir, nó beagnach na hagallaimh go léir i mBéarla.

“Tá sé seo go hiomlán i gcoinne an éitis a bhí taobh thiar de TG4 nuair a bunaíodh é. Agus tá a fhios agam sin mar bhí mé mar bhall den chéad chomhairle agus cinnte dearfa tá sé seo glan i gcoinne gach rud a chreideamar ag an am.”

Agus cosaint á déanamh ag TG4 ar an méad Béarla a bhí le cloisteáil ar Laochra Gael, dúirt lucht bainistíochta an stáisiúin gur ar mhaithe le ‘doirse a oscailt’ seachas ‘doirse a dhúnadh’ a bhí an stáisiún. Dar le Ó Feinneadha gur “masla” do phobal na Gaeilge a bhí sa chaint sin.

“Tá 99 cainéal eile agam le doras an Bhéarla a oscailt dom. Bunaíodh TG4 le doras a oscailt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, doras a bhí dúnta orthu. Masla is ea é domsa agus go leor eile de phobal na Gaeilge a bhfuil go leor dár saol caite againn ag iarraidh daoine a mhealladh go dtí an Ghaeilge a rá go bhfuilimid ag iarraidh doirse a dhúnadh ar Bhéarlóirí má táimid i gcoinne polasaí mar seo.

“Ní osclaíonn tú doirse don Ghaeilge trí phobal na Gaeilge a mhaslú agus masla do phobal na Gaeilge atá i gcláracha mar seo.”

Deir Ó Feinneadha gurb é ceann de na rudaí ba láidre a chreid sé féin agus lucht eile an fheachtais ar son bhunú Theilifís na Gaeilge ná gur ghá a chruthú don ghlúin óg go raibh laochra ann a labhair an Ghaeilge. Ghoill sé go mór air, a deir sé, gur “a mhalairt de theachtaireacht” a bhí á tabhairt anois.

“Ceann de na rudaí ba mhó a bhí i gceist againne leis an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse ná go rabhamar ag iarraidh go bhfeicfí laochra ar an scáileán ag labhairt as Gaeilge, laochra ceoil agus spóirt agus eile. Sin rud tábhachtach, go háirithe don dream óg. Ach in ionad sin cuireadh Gaeilgeoirí líofa ag Béarlóireacht. Cén saghas teachtaireacht í sin do dhaoine óga na tíre?

“Ní thuigim ach oiread cén fáth nár iarradh ar níos mó iriseoirí nó iarimreoirí le Gaeilge labhairt ar na cláracha. Níl aon easnamh ann. Tá sé dochreidte mar chur chuige ar stáisiún Gaeilge go gceapfaí go gcaithfí dul i muinín an Bhéarla arís agus arís eile ar chláracha mar seo.”

Le linn na conspóide faoi Laochra Gael ag tús na míosa seo, mhaígh TG4 go rabhthas ag freastal “níos doimhne ná riamh” ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge “ag gach aois” le cláir ar nós Bailte agus Bádóirí agus leis na “cainéil nua” ar líne ‘Molscéal’ agus ‘BLOC’ agus le líon na gclár a choimisiúnaítear do pháistí.  

“Ag croí straitéis ‘twin-pole’ TG4, tá treisiú ar an bhfreastal ar na pobail a labhraíonn Gaeilge,  ach freisin, cruthaíonn muid bealach isteach chuig an nGaeilge don náisiún ar fad.  Osclaíonn muid doirse, ní dhúnann muid iad,” a dúradh i ráiteas TG4 ag an am.

Dar le Ciarán Ó Feinneadha, áfach, go bhfuil sé in am féachaint athuair ar an straitéis faoina ndéanann an stáisiún dhá chineál clár a choimisiúnú don dá chineál lucht féachana, pobal na teanga agus an pobal ‘náisiúnta’.

“Is polasaí nua é seo agus caithfear athmhachnamh ó bhonn a dhéanamh air agus filleadh ar an dtuiscint a bhíodh ann ar cad is clár Gaeilge ann. Tá cláracha Gaeilge maithe á ndéanamh fós ag TG4. Féach Bailte, mar shampla, clár Gaeilge den scoth. Ach an rud seo gur do phobal na Gaeilge Bailte agus don phobal ar fad Laochra Gael, níl aon chiall leis. Is léir gur polasaí Béarla de chineál éigin atá i gceist ach má tá na cláir seo nó an chuid is mó acu i mBéarla, cén leas atá sé a dhéanamh don Ghaeilge?

“Tá sé deacair a chreidiúint tar éis níos mó ná 20 bliain gurb í an teachtaireacht ná ‘tá Gaeilge againn ach nílimid sásta í a úsáid’.”

Deir Ó Feinneadha gur gá do TG4 éisteacht leis an mionlach teanga ar bunaíodh an stáisiún le freastal orthu toisc go raibh “éagóir” á déanamh ag RTÉ orthu. Deir sé nach cuimhin leis aon ábhar eile a spreag “oiread céanna feirge” i measc lucht a aitheantais a bhíonn ag féachaint ar TG4, idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí, agus a spreag conspóid Laochra Gael.

“Aon duine a cheapann gur mionlach atá ag déanamh imní faoin scéal seo tá an ceart acu, ach is sinne an mionlach ar bunaíodh Teilifís na Gaeilge dóibh. Ní rabhamar ag iarraidh riamh go mbeadh sí teoranta mar sheirbhís ná d’aon dream amháin ach bunaíodh í le freastal ar mhianta agus ar riachtanais mionlach teanga agus níl cláracha mar seo ag freastal ar mhianta ná riachtanais an phobail sin ar bunaíodh TG4 dóibh.

“Tuigim go bhfuil dúshlán mór roimh stáisiún teilifíse Gaeilge ó thaobh lucht féachana. Thuigfinn an fáth go mbeadh bainisteoirí an stáisiúin ag iarraidh níos mó de phobal an Bhéarla a mhealladh, ach ní hé seo an bealach lena dhéanamh.”

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

bainisteoir-nua-ceaptha-ar-thionscadal-focloireachta-fhoras-na-gaeilge

Bainisteoir nua ceaptha ar thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge

Tá Bainisteoir nua ceaptha ar thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge agus Cormac Breathnach ag teacht i gcomharbacht ar Chathal Convery a bhí ina bhainisteoir ar an saothar foclóireachta as ar tháinig an foclóir Béarla-Gaeilge nua, foclóir.ie.

Tá Cormac Breathnach ag obair ar thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge le breis is cúig bliana anuas, tréimhse ina raibh sé ag plé le hobair eagarthóireachta, le cúrsaí margaíochta agus le cúrsaí bainistíochta agus riaracháin.

Is é a bheidh freagrach feasta, i gcomhar leis bPríomh-Eagarthóir Pádraig Ó Mianáin, as stiúradh cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Cormac Breathnach, arb as contae Cheatharlach dó ó dhúchas, go raibh sé ag súil leis “an deis bheith ag bainistiú an tionscadail don dá bhliain amach romhainn”.

Tréimhse chinniúnach a bheidh ansin don tionscadal mar go bhfuil beartaithe leagan clóite den fhoclóir Béarla-Gaeilge a fhoilsiú.

Chomh maith leis sin, leanfar leis an obair ar an bhfoclóir Gaeilge-Béarla nua atá beartaithe ag Foras na Gaeilge.

Déantar uasdátú go leanúnach freisin ar foclóir.ie.

Bhí Cathal Convery ina Bhainisteoir Tionscadail ar an obair fhoclóireachta le breis is deich mbliana agus baint mhór aige le teacht ar an saol foclóir.ie agus lena fhorbairt ó shin.

Tuigtear go bhfuil aghaidh á tabhairt anois aige ar earnáil an ghnó.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

amhrain-agus-fili-na-tra-baine-le-ple-san-acadamh-ar-an-gceathru-rua

Amhráin agus filí na Trá Báine le plé san Acadamh ar an gCeathrú Rua

Is fada trácht ar Amhrán na Trá Báine nó Amhrán an Bhá agus an tubaiste faoinar cumadh é ach ní taobh leis an amhrán cáiliúil sin atá baile beag géimiúil na Trá Báine i nGarmna i gConamara.

Beidh deis  ann anocht ar an gCeathrú Rua tuilleadh eolais a fháil ó bhean a rugadh agus a tógadh agus a chónaíonn ar an mbaile faoi amhráin agus faoi fhilí a baile dúchais.

Tá staidéar agus taighde iarchéime déanta ag Sinéad Ní Ráinne ar chumadóireacht agus ar chumadóirí an bhaile agus beidh sí ag roinnt cuid den eolas sin sa bpíosa cainte a dhéanfaidh sí ag teacht le chéile Chumann Béaloidis Chonamara in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san oíche anocht.

Seo an ócáid dheireanach a bheidh ag an gcumann béaloidis go gcaitear an samhradh.

Mar bhainisteoir an chomhlachta aistriúcháin Europus is fearr atá aithne ar Shinéad Ní Ráinne ach fonnadóir ábalta í féin chomh maith.

Seo cuid den chur síos ar an Trá Bháin a scríobh Máire Ní Dhonnchadha as amhrán Tarpey i mBailiúchán na Scol sna 1930idí:

Sé an t-amharc breá álainn atá ann ó gach taobh

Ó shléibhte Iar-Chonnacht go hÁrainn na Naomh

Idir srutháin is gleannta is locha glan glé

Níl aon áit níos deise fá fhlaithis Dé. 

Cuirfear tús leis an gcaint ‘An Baile Beag Géimiúil: Amhrán agus Filí na Trá Báine’ ag a 8.00 pm san Acadamh anocht.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

cruinniu-ag-coimisineir-na-ngardai-leis-an-gcoimisineir-teanga-faoi-dhualgas-gaeltachta

Cruinniú ag Coimisinéir na nGardaí leis an gCoimisinéir Teanga faoi dhualgas Gaeltachta

D’aontaigh Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána, inniu go gcaithfí dlús a chur le feidhm a thabhairt do mholtaí ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh Gaeilge líofa ag baill uilig an fhórsa a chuirtear ar dualgas sa Ghaeltacht.

Bhí cruinniú ag Harris sa Ghaillimh inniu leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag ar pléadh an dualgas atá ar Choimisinéir na nGardaí ó thaobh soláthar Gardaí le Gaeilge don Ghaeltacht.

Scríobh an Coimisinéir Teanga chuig Harris nuair a ceapadh é chun comhghairdeachas a dhéanamh leis agus chun a dhualgais i leith na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha, scéim teanga na nGardaí agus Acht an Gharda Síochána a mheabhrú dó.

Is mar thoradh ar an gcomhfhreagras sin a bhí an cruinniú ag an mbeirt Choimisinéirí tráthnóna.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léirigh Harris ag an gcruinniú gur thuig sé an dualgas atá ann dóthain Gardaí a bhfuil Gaeilge acu a earcú le freastal ar an nGaeltacht.

De réir socrú a rinne an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin leis an nGarda Síochána in 2011, caithfidh 10% de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.

Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm nuair a tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ag ochtar den naonúr Gardaí a bhí lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Sárú a bhí sa mhéid sin ar Acht an Gharda Síochána 2005. Éilítear san Acht sin go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Gardaí a mbeadh plé acu le daoine sa Ghaeltacht.

Tá cur i bhfeidhm an tsocraithe á phlé ó shin ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an nGarda Síochána ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil sé á chur i bhfeidhm mar is cóir.

Bhí Coimisnéirí na nGardaí i nGaillimh do chruinniú de chuid Chomhchoiste Póilíneachta Chathair na Gaillimhe.

Dúirt sé ag cruinniú an choiste sin nach raibh “obair dá laghad” déanta ó thaobh ullmhúcháin slándála do theorainn chrua.

Ní raibh a leithéid ar chlár oibre an Gharda Síochána faoi láthair, a dúirt sé.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

An bhfuil sé in am dúinn an ‘cúpla focal’ a thabhairt ar ais?

Ciarán Dunbar

“An bhfuil Gaeilge agat?” “Cúpla focal.”

Protestors march for the cupla focail.”

“Ar mhaith an cúpla focal a úsáid? Tar chuig…”

“Ceann Comhairle, this is important so I’ll say it in English…”

“Uaktarawnna Herron, Uaktarawn Kuman Looklass Gayle, I would like to…”

Tá a fhios againn uile go léir cad atá i gceist leis an téarma an ‘cúpla focal’.

An cúpla focal siombalach sin a chloistear ó pholaiteoirí nach bhfuil ar intinn acu cur lena gcuid Gaeilge, cuir i gcás.

Ní dócha go bhfuil mórán measa ag go leor Gaeilgeoirí ar an nós. 

Tá mé ag déanamh go bhfuil smál an bhéalghrá, na hiriseoireachta claonta agus an cur i gcéill glan air.

Baintear úsáid as an téarma ‘cúpla focal’ in amanna mar ghearrscríobh maslach chun a bheag a dhéanamh den Ghaeilge agus aon rud a bhaineann léi.

Ach, ag am céanna, bíonn Gaeilgeoirí an-mhíshásta nuair nach mbacann na polaiteoirí céanna leis an chúpla focal céanna. 

Is doiligh daoine a shásamh. 

Tá ceist úinéireachta ann freisin.

Ní mhothaíonn Gaeilgeoirí gur Gaeilge atá i gceist i ndáiríre. 

Arbh chruinne a rá gur cuid de Bhéarla na hÉireann an cúpla focal?

Ach cad faoin chainteoir dúchais nó líofa? 

Bíonn leisce ar neart Gaeilgeoirí corrfhocal Gaeilge a chaitheamh isteach i ráiteas, i gcomhrá nó i ngnáthimeachtaí an tsaoil, ag scipéad siopa cuir i gcas.

Tá instinn láidir againn ina choinne. Níor mhaith linn triail a bhaint as. 

Fiú go leor de na Gaeil is Gaelaí, mothaíonn siad náire éigin a chuireann bac orthu agus deis acu ‘go raibh maith agat’ a rá agus an ‘scinní látae’ á fháil acu. 

cringe factor ann. 

Ach an drochrud ann féin é? 

Nach bhfuil an instinn chéanna ag cuid mhaith againn Gaeilge ar bith a labhairt go poiblí – fiú agus duine i mbun comhrá le Gaeilgeoir líofa eile?

Tá a fhios agat cad a bhfuil mé ag caint faoi – níl sé ‘normálta’ Gaeilge a labhairt in Éirinn a thuilleadh, agus mar sin tá gá le ‘normálú’ dá bharr. 

Ach nach bhfuil sé dearfach go mothaíonn peileadóirí is polaiteoirí gur cheart dóibh an ‘cúpla focal’ a rá go fóill?

Is cuimhin liom cluinstin fá thaighde maidir le Béarla na hÉireann ag comhdháil acadúil blianta ó shin – an rud is suntasaí, agus is iontaí, dar leis na taighdeoirí ná an méid Gaeilge atá breactha fríd.

An drochrud é go bhfuil Béarla na hÉireann breac le Gaeilge, ‘go raibh maith agat’, ‘fáilte romhat’ agus ‘póg mo thóin’?

Is féidir dul thar fóir maidir le tábhacht an chúpla focal seo ó thaobh thodhchaí na teanga de – agus cluinim teangeolaithe ag déanamh a bheag de i mo chloigeann agus mé ag bualadh na gcnaipí seo.  

Ach nach ndéanfadh sé an-mhaitheas don teanga dá n-úsáidfeadh an 150,000 cainteoir líofa atá againn í níos minice go poiblí, le strainséirí, le lucht siopa?

Anois, nárbh ionann sin agus Gaeilge a bhrú ar dhaoine? A deir tú féin.

Is ea, ar bhealach. Agus?

I dtithe s’againne féin, i gcaintín TG4, i gCill Áirne (muise leoga i gCill Áirne), istigh i dToraigh, ar shráideanna Bhagdad, i nGleannta na Breataine Bige, brúitear Béarla ar dhaoine agus cuirtear suas leis in ainm na cothromaíochta.

Stop agus smaoinigh – is iad é an Béarla teanga na cumhachta, ní hamháin i gCill Rónáin ach ar chlár na cruinne uilig. 

Ar chóir a bheith imníoch faoi dhaoine atá buartha faoin Ghaeilge a chloisteáil in Éirinn?

An bhfuil a leithéid de cheart ann agus an ceart gan teanga a chloisteáil, teanga a dtuigeann an t-éisteoir roinnt mhaith di cibé ar bith?

Tuigeann beagnach gach duine ‘go raibh maith agat’ agus ‘le do thoil’.

Cén dochar a dhéanfadh na focail ‘le do thoil’, ‘slán’ agus ‘ádh mór’?

Ná bímis soineanta, dá dtosódh gach Gaeilgeoir ag rá ‘go raibh maith agat’, ní athródh sé sin an saol ó ghallda go Gaelach.

An sábhálfadh sé an Ghaeltacht? Ní shábhálfadh.

Ach in áiteanna ar leith, i bpubanna áirithe, ar shráideanna áirithe, i gceathrúin éigin, d’athródh sé ‘fuaimíocht cheannasach na háite’ – agus is cúinse teangeolaíochta tábhachtach é sin. 

Gníomh beag simplí, gan choiste, gan deontas, gan dochar.

Níos mó

‘Polcaphonc’ – Leabhar úr lán le hamhráin bhríomhara nuachumtha do pháistí seolta

Seoladh an leabhar páistí ‘Polcaphonc’ – leabhar ina bhfuil amhráin bhríomhara nuachumtha i nGaeilge – le Doimnic Mac Giolla Bhríde an tseachtain seo caite.

Ba í an craoltóir aitheanta, Bláthnaid Ní Chofaigh, a sheol an leabhar go hoifigiúil sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

Sa leabhair seo tá 20 amhrán nuachumtha Gaeilge ar achan rud a bhfuil dúil ag páistí ann; damháin alla atá santach, taibhsí cairdiúla, páistí ag sábháil an domhain agus eachtráin ón spás a bhfuil suim fhiánta acu in éadach… go háirithe éadach le cúpla polcaphonc!

Tá naoi mbliana ann ó foilsíodh an leabhar ‘Ící Pící’ agus tá Doimnic ag súil go mbainfidh idir óg agus aosta an sult céanna as a leabhar úr.

Níos mó

Taighde nua Chonradh na Gaeilge seolta……

Tá creat nua monatóireachta curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus ag Coiste um Riar an Chirt (CAJ) le measúnú a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil ag éirí le comhairlí áitiúla ó thuaidh a gcuid dualgas maidir leis an Ghaeilge a chomhlíonadh.

Sheol Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, an tuairisc ar na mallaibh agus mhol sí do chách ar spéis leo cearta teanga an tuairisc a léamh ionas go mbeadh cur amach acu ar na dualgais ag ar ár bpolaiteoirí áitiúla. 

De réir an taighde atá déanta tá ag éirí go measartha maith le cuid de na comhairlí ach go bhfuil cinn eile ann nach bhfuil ag comhlíonadh a ndualgas ar chor ar bith agus nach bhfuil siad ag freastal ar bhunchearta daonna maidir leis an Ghaeilge.

Bhí Ollscoil Uladh páirteach sa taighde agus dúirt an Dr Neil Comer ón choláiste go dtugann an tuairisc na huirlisí do dhaoine óga dul i ngleic leis na comhairlí áitiúla agus iad ag impí ar a n-údaráis áitiúla freastal ar phobal na Gaeilge ina gceantair féin.

Níos mó

Foirgneamh úr Raidió Fáilte oscailte go hoifigiúil

Osclaíodh foirgneamh úr Raidió Fáilte go hoifigiúil Dé hAoine seo caite.

Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Deirdre Hargey, a bhí mar aoí speisialta ag an oscailt agus bhailigh os cionn 100 duine san fhoirgneamh nua le ceiliúradh a dhéanamh ar na háiseanna úra raidió.

Foirgneamh ar luach timpeall £1.7 milliún atá ann agus is ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, Ciste Infheistíochta na Gaeilge, an Roinn Pobail agus Foras na Gaeilge is mó a tháinig an maoiniú.

Ba ar bhonn neamhdhleathach a bhí Raidió Fáilte ag craoladh go dtí an bhliain 2006, nuair a bronnadh ceadúnas ar an stáisiún pobail Gaeilge a bunaíodh a chéaduair sna 1990í.

Tá cúis mhór bhróid anois ag craoltóirí Raidió Fáilte agus áiseanna iontacha acu do phobal Gaeilge Bhéal Feirste agus ar fud na cruinne.

Is féidir éisteacht le Raidió Fáilte ar 107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste nó ar líne anseo.

Níos mó

Roghanna táirgí don mhíostrú

Katie McGreal

Tá táirgí atá dírithe ar mhná sna siopaí níos costasaí ná na táirgí céanna atá ann d’fhir. Bíodh sin foltfholcadh, rasúir, éadaí, bróga agus eile.

Chomh maith leis sin, uair sa mhí bíonn ar mhná táirgí a cheannach don mhíostrú, airgead nach gá d’fhir a chaitheamh.

Bíonn ort rudaí áirithe a fháil don am sin – pillíní nó súitín sláintíoch don fhuil, drugaí le cabhrú leis an bpian agus seacláid díreach toisc go gcabhraíonn seacláid le gach rud!

Faoi láthair, tá an-chuid cainte ann faoi bhruscar. Táthar ag rá go gcaithfimid gearradh siar ar an méid bruscair a chuireann muid sna boscaí bruscair. 

Le blianta beaga anuas atá roghanna in-athúsáidte ann don mhíostrú.

Seo roinnt de na táirgí sin:

Le blianta beaga anuas tá cupán míostraithe á úsáid agam. Is cupán beag é seo a dhéantar as sileacan. Mhol cara dom é a thriail agus tá mé á úsáid ó shin. Tá sé bog le mothú agus bogann sé le do chorp. Cuireann tú isteach é ag tús an lae nó ag tús na hoíche agus ní bhíonn ort é a athrú ar feadh suas go 12 uair an chloig. Nuair a ghlacann tú amach é caitheann tú an fhuil síos an leithreas, glanann tú é le huisce agus cuireann tú isteach arís é. Deir cairde liom go laghdaíonn sé pianta míostraithe dóibh freisin. Níor thug mé sin faoi dheara mé féin ach ó gur thosaigh mé á úsáid, tá níos mó aithne agam ar mo chorp féin, rud atá iontach maith!

An dara táirge atá agam ná pillín sláintíoch in-athúsáidte. Chuala mé trácht orthu tamall ó shin agus díreach le cúpla mí anuas bheartaigh mé triail a bhaint astu. Is breá liom iad! Cheannaigh mé cúpla ceann ó chomhlacht ar líne agus tá siad an-éasca le húsáid. An t-aon difear leo ná go gcaithfidh tú iad a ní ach tá sin an-éasca. Fágann tú in uisce iad ar feadh uaire nó mar sin agus ansin cuireann tú isteach sa mheaisín níocháin iad le do ghnáthéadaí. Molfainn iad go hard na spéire!

Táirge in-athúsáide eile atá ná an spúinse farraige. Úsáidtear seo sa bhealach céanna go n-úsáideann tú súitín. Cuireann tú in uisce é ar feadh nóiméid le go mbeidh sé bog go leor duit agus ansin cuireann tú isteach é. Baineann tú amach é i ndiaidh roinnt uaireanta agus níonn tú é.

Tá fo-bhríste ar fáil anois freisin is féidir leat a chaitheamh agus an míostrú agat agus coinníonn siad an fhuil ar fad istigh. Oibríonn siad sa bhealach céanna is go n-oibríonn na pillín in-athúsáidte – cuireann tú san inneall níocháin iad nuair atá siad salach.

Cé go mbíonn na táirgí seo costasach nuair a cheanann tú iad a chéaduair, san fhadtéarma tá siad níos saoire ná táirgí nua a cheannach gach mí. Buntaiste eile atá ag baint leo ná go bhfuil siad níos sláintiúla do do chorp féin.

Úsáidann an-chuid comhlachtaí tuarthóir agus go leor ceimiceán sna táirgí aon-úsáide. Tá ceimiceáin go holc duit go ginearálta ach tá craiceann iontach bog againn ar ár bhfaighin agus níor cheart rudaí mar sin a bheith cóngarach di!

Níos mó

Tech Féile – Ag spreagadh glúin nua

Bhí TechFéile ar siúl inné sa Dubhlann i gCathair na Gaillimhe don dara bliain as a chéile.

Is é Tech Féile an cruinniú teicneolaíochta is mó do chruthaitheoirí agus cumadóirí óga in Éirinn a thugann ardán dóibh lena gcruthaitheacht dhigiteach a thaispeáint trí mheán na Gaeilge.

D’fhreastal breis agus 250 dalta scoile ó níos mó ná 40 scoil ar an ócaid i mbliana.

I measc na n-aoichainteoirí bhí Aoife Uí Cheide, Bláthnaid Ní Chofaigh agus a deirfiúr, Siobhán Ní Chofaigh.

Micheál Ó Ciaraidh, láithreoir teilifíse le TG4, a bhí mar fhear an tí ar an ócaid.

Thug na daltaí faoi cheardlanna éagsúla sa chéad chuid den lá agus cuireadh críoch leis le bronnadh Ghradaim TechFéile 2019.

Is gréasán de scoileanna agus eagraíochtaí óige é Clár TechSpace a sholáthraíonn spásanna do dhaoine óga chun iad féin a chur in iúl ag úsáid teicneolaíocht trí mheán na Gaeilge. 

Tá scileanna ar nós gearrscannáin a dhéanamh, dearadh graifaice, róbait a chur le chéile, sádráil agus códú cluichí ríomhaireachta mar chuid den chlár a bhíonn á chur ar fáil i scoileanna trí mheán na Gaeilge.

Tá an fiontar sóisialta Camara Education ag comhoibriú le TG4, Conradh na Gaeilge, Foróige agus Muintearas, mar phairt de Sheachtain na Gaeilge le Energia, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun TechFéile a cruthú.

Níos mó

Agóid ar son na Palaistíne taobh amuigh de cheannáras RTÉ

Bhí agóid ar son na Palaistíne taobh amuigh de cheannáras RTÉ an tseachtain seo caite agus lucht an léirsithe ag impí ar RTÉ gan páirt a ghlacadh i gcomórtas Eurovision na bliana seo, as siocair go bhfuil sé le bheith ar siúl in Iarúsailéim.

Tá Iarúsailéim ar cheann de na cathracha is ársa agus is mó a bhfuil aighneas ina taobh ar domhan, agus dar le cuid mhór daoine ar fud na cruinne go bhfuil sí suite i gcríocha gafa.

Is in iarthar Iarúsailéim atá foirgnimh rialtas Iosrael suite ach de réir na bPalaistíneach is in oirthear na cathrach a bheadh príomhchathair an stáit nua atá á lorg acu féin.

Tá seasamh soiléir ag Éirinn agus ag an Aontas Eorpach maidir le lonnaíochtaí Iosrael sa Phalaistín: is críocha iad an Bruach Thiar, lena n-áirítear an Iarúsailéim Thoir, Gaza, agus Arda Golan atá faoi fhorghabháil Iosrael ó 1967. 

Tá lonnaíochtaí Iosraelacha mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta, agus ciallaíonn sin go bhfuil siad ina mbac mór ar an tsíocháin sa dúiche.

Le blianta beaga anuas tá cúrsaí ag dul in olcas do mhuintir na Palaistíne.

Labhair Meon leofa siúd a bhí i láthair ag an agóid.



Tá sé socraithe cheana féin gurb í Sarah McTernan a bheidh ag déanamh ionadaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Eurovision na bliana seo.

Dúirt Michael Kealy atá ag obair ar an Eurovision thar ceann RTÉ:

“RTÉ respects anyone’s right to protest, but  RTÉ is a public service broadcaster and doesn’t take a political stance…

…All of RTÉ’s colleagues throughout the European Broadcasting Union, such as the BBC and French TV, are participating in Eurovision this year…

…The contest is about music and is not political.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta