Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: David

Fáilte curtha roimh an Choimisinéir Gaeilge i gCumann Chluain Árd

Eagraíodh óid fáiltithe don Choimisinéir Gaeilge, an Dr. Pól Deeds, i gCumann Chluain Árd in Iarthar Bhéal Feirste i mí na Nollag. Ba é seo an chéad imeacht a reáchtáladh ar son an Choimisinéara ó ceapadh é sa ról i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Bhailigh Gaeilgeoirí agus ionadaithe ó na heagraíochtaí Gaeilge sa chathair chun éisteacht leis na spriocanna agus na pleananna atá ag an Choimisinéir don bhliain atá amach romhainn.

Labhair daoine éagsúla ar an lá: an Dr. Séamas Ó Donnghaile, Máirtín Ó Muilleoir, Fionnuala Nic Thom agus Pól Deeds é féin. Pléadh roinnt ábhar amhail féidearthachtaí an róil, an tábhacht a bhaineann leis, agus na dúshláin i gcás na reachtaíochta.

Agus é ag caint le Meon Eile, dinis Pól dúinn faoi na spriocanna atá aige don tréimhse cúig bliana agus é ag iarraidh an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sna húdaráis.

Bhí bród nár bheag ar phobal na Gaeilge as an cheapachán, go háirithe ar an Dr. Séamas Ó Donnghaile as Cumann Chluain Árd a dinis dúinn faoi stair an Chumainn agus faoin dóchas atá ag pobal na teanga anois go bhfuil an Coimisinéir i mbun oibre.

Labhair Meon Eile fosta le Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha an Droichid, áit ar oibrigh Pól ina Phríomhfheidmeannach ar feadh tamall maith blianta. Tá Fionnuala ag dúil go mór le toradh obair an Choimisinéara a fheiceáil in earnáil na Gaeilge agus go forleathan sa tsochaí ó Thuaidh. 

Níos mó

An Foclóir Nua Gaeilge ar fáil ar líne

Ba chúis mhór cheiliúrtha é nuair a seoladh An Foclóir Nua Gaeilge in EPIC, Músaem Imirce na hÉireann, i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag. Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a sheol an togra ceannródaíoch seo i gcuideachta grúpaí agus ionadaithe ó phobal na Gaeilge as gach cearn den tír.

Is é Foras na Gaeilge a mhaoinigh an foclóir agus Pádraig Ó Mianáin an Príomheagarthóir Foclóireachta. Dinis Pádraig dúinn faoin obair dcheallach a rinne an fhoireann chun an chéad leath den fhoclóir a sheoladh. Beidh an chuid eile den tionscnamh ar fáil faoin bhliain 2027.

Is é Cormac Breathnach an Bainisteoir Tionscadail ar an fhoclóir, agus dúirt sé linn gur dearfach an tionchar a bheidh ag an áis nua. Tá Cormac den tuairim gur fearr i bhfad dul sa tóir ar mhíniú na bhfocal trí mheán na Gaeilge seachas a bheith ag iarraidh iad a aistriú go Béarla, agus muid ag obair i dtreo saol iomlán trí Ghaeilge chomh maith le bheith ag feabhsú an chaighdeán Gaeilge atá againn féin.

Tá Foras na Gaeilge iontach buíoch den Uachtarán Catherine Connolly atá hambasadóir láidir’ ar son na teanga. 

Ag trácht di ar an fhoclóir nua aonteangacha, dúirt an tUachtarán Connolly: Is uirlis riachtanach in aon teanga bheo é mórfhoclóir comhaimseartha sa teanga sin, ina bhfuil an teanga agus dúchas na teanga sin á sainmhíniú ina focail féin agus ag a pobal féin, seachas a bheith de shíor á sainmhíniú trí mheán teanga eile. Cuireann an foclóir nua seo an Ghaeilge agus a pobal ar comhchéim le teangacha agus le pobail teanga eile ár linne, agus tá acmhainní foclóireachta na Gaeilge anois ina n-eiseamláir dhea-chleachtais ag teangacha mionlaithe eile ar fud an domhain.

Thig leat An Foclóir Nua Gaeilge a úsáid anseo.

Níos mó

De réir a chéile a chuirtear leis an chaisleán – Gaelcholáiste Dhoire breis agus 10 mbliana ar an fhód

Osclaíodh doirse Ghaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin ar an 1 Meán Fómhair, 2015, agus 15 dhalta ar na rollaí. Níos mó ná deich mbliana ar aghaidh, tá an scoil ag dul ó neart go neart, le líon mór daltaí agus áiseanna den scoth.

Is cinnte gur cloch mhíle thar a bheith suntasach é seo don Ghaelcholáiste féin agus don Ghaelscolaíocht i gContae Dhoire agus san iarthuaisceart trí chéile. Tagann daltaí na scoile ó achan chearn de chontae Dhoire, ó áiteanna sa chathair, ó Mhachaire Fíolta agus ó Léim an Mhadaidh, chomh maith leis an tSrath Bán i gContae Thír Eoghain. Cuireann an meascán de dhaltaí ón chathair, ón tuath agus ó na bailte beaga leis an atmaisféar dearfach fáilteach atá le mothú timpeall na scoile.

Is i seanchaisleán Dhun Geimhin atá an Gaelcholáiste lonnaithe agus táthar ag cur leis an chaisleán ón chéad bhliain. Tógadh ‘Bloc na Sainseomraí’ le haghaidh seomraí Eolaíochta, Eacnamaíocht Bhaile, agus eile. Breis agus dhá bhliain ó shin, tógadh ‘Áras Chianachta’ le deich seomra ranga don Teicneolaíocht & Dearadh, Svuít Ealaíne agus Svuít Cheoil. I mí Mheán Fómhair 2025, fuair an scoil halla mór agus ionad nua spóirt le cúirt liathróide láimhe ann. Agus an halla mór tógtha, den chéad ariamh bhí deis ag an scoil iomlán, ó bhliain 8 go bliain 14, bailiú le chéile le haghaidh tionóil.

Rugadh agus tógadh Príomhoide na scoile, Diarmaid Ó Bruadair, ar Bhóthar Seoighe in Iarthar Bhéal Feirste, áit ar fhreastail sé ar an chéad bhunscoil Ghaeilge ó thuaidh. D’oibrigh sé ina mhúinteoir ag Coláiste Feirste ar feadh 14 bliana agus anois tá aistear agus éacht speisialta bainte amach aige i gContae Dhoire, rud a bhfuil sé thar a bheith bródúil as.

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaelcholáiste Dhoire ar na mallaibh. Labhair muid le Diarmaid, leis an Cheannaire Bliana, Catherine Mhic an Bhaird, le Ciarán agus Fae ó Bhliain 14 agus le Naoise ó Bhliain 8.

Níos mó

An t-aon mholadh atá agam duit do mhí Eanáir

Becky Nic Ainmhire

Ag an am galánta seo den bhliain is dócha go bhfuil na comhráite faoi rúin na hathbhliana faoi lán seol sa bhaile agus i d’áit oibre anois. Tá muid buailte leis an tráth a mbíonn teachtaireachtaí féinfheabhsaithe ag eitilt thart maidir le dul chuig an ionad aclaíochta agus toiseacht ar aistí bia sriantacha: amhail is go bhfuil céasadh coirp de chineál éigin a dhíth orainn mar gheall ar an droch-iompar’ ag an Nollaig. Ach an bhfuil duine ar bith eile den bharúil go bhfuil barraíocht féinmheasúnaithe ag dul ar aghaidh faoi láthair? 

Ní féidir liom mo ghuthán a oscailt gan a bheith buailte le heolas ar na cúig chomhartha grá agus cén dóigh le hiad a aimsiú ionat féin, sin nó físeán spreagthach a fheiceáil ar YouYube dar teideal ‘Lean na trí chéim seo chéad rud ar maidin agus athróidh tú do shaol go deo’ agus ceann acu taobh thiar de bhalla íocaíochta… Agus ná tosaigh mé ar chuid de na podchraoltaí atá amuigh ansin faoi láthair.

Tá seans ann anois go bhfuil mé ag nochtadh m’algartaim féin anseo mar is cinnte go mbím ar an aistear féinfheabhsaithe seo go minic. Níl a fhios agam cá mhéad uaireanta a chaith mé ag léamh faoi nósanna folláine, uisce te agus líomóid a ól achan mhaidin le tús ‘ceart’ a chur le do lá cuir i gcás, nó ag amharc ar fhíseáin faoi na cúig chéim ba chóir glacadh le forbairt a dhéanamh ar do fhéinmhuinín. 

Is cinnte gur féidir leat leideanna iontacha a fháil sna háiteanna seo, ach tá mise den bharúil go bhfuil go leor foghlamtha agam óna leithid anois! Má léim trí chéim eile atá de dhíth leis seo agus siúd a dhéanamh tá achan seans ann go bpléascfaidh mé!

Sílim gur chóir dúinn níos mó ama agus measa a thabhairt don amaidí agus don tseafóid, gan a bheith ag smaoineamh orainn féin an t-am ar fad. Chan mar bhealach éalaithe ón fhíorfhorbairt phearsanta a chuidíonn leat mar dhuine (go háirithe má tá stíl ceangail seachanta agat!), ach ar bhealach chun cur leis an saol.

Is cinnte gur rud dearfach fiúntach é a bheith ag amharc ar chlár atá amaideach nó éisteacht le podchraoladh nach bhfuil teachtaireacht ar bith faoi do shaol a shábháil ar an diabhal nó aiste bia de chineál éigin a mholadh duit. Ba chóir duit scéalta aigeanta nó leabhair éadrom a léamh ó am go ham nó fiú arís agus arís eile. 

Deir mo mhúinteoir ióga le linn an chleachtaithe nach mbíonn an seans againn casadh thart ar an talamh go minic agus gur chóir sult a bhaint as. Seo an bealach a bhfaighim féin greim ar an amaidí, rud a chuidíonn liom a bheith ceangailte leis na daoine thart orm agus leis na cúrsaí atá níos dáiríre sa saol.

Ní raibh mé ag magadh nuair a scríobh mé gur am galánta den bhliain atá ann anois. Thig le mí Eanáir a bheith iontach, má thugann tú aire duit féin le linn na tréimhse féinfheabhsaithe seo. Leoga, an t-aon rún atá mise ag dul a mholadh duit i mbliana ná tóg go bog é agus le níos lú a dhéanamh – tá sé tuillte agat!

Níos mó

Beannachtaí na Nollag 2025

Jane Nic Uilliam, Eilís Nic Lochlainn, Niamh Ní Ruadhagáin

Is cinnte go raibh bliain rathúil ag na Gaeil thuaidh agus theas i mbliana. Chonaic muid Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste den chéad uair ó bhí 1998 ann, an mórshiúl tábhachtach ‘CEARTA’ i mBaile Cliath, an Ghaeilge á cur chun cinn ag Uachtarán na hÉireann agus ceapachán an Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh, le cois éachtaí eile nach iad.

Mar sin, níl aon am níos fearr le machnamh a dhéanamh ar na rudaí a baineadh amach ná ag deireadh na bliana. Labhair Meon Eile le cuid mhaith de na daoine a chaith am linn i mbliana faoi bhuaicphointí sacu féin agus faoi thréimhse na Nollag.

Ba mhaith le foireann Meon Eile ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a chuidigh linn in 2025. Bíodh Nollag shona agus Bliain Úr mhaith agaibh uilig!

Níos mó

Bah Humbug agus Nollaig Shona

Tugann Dónall Mac Giolla Chóill léargas dúinn ar chuid d’imeachtaí agus de ghnásanna na Nollag, agus an dúil atá aige iontu…

Tá duine úr i mbun stiúir ar na hailt scríofa ar Meon Eile le tamall anuas, agus bhuail mé léi cúpla seachtain ó shoin ag Scoil Gheimhridh Ghearóid Uí Chairealláin.

Ar mhaithe leis an alt seo, tabharfaidh mé ‘Bean na Díthe Céille’ uirthi, mar a thuigfidh tú ar ball.

D’iarr sí orm rud inteacht a sholáthar don Nollaig.

Anois, tá soineantacht ann, agus is maith iad na daoine soineanta, ach tá leibhéal soineantachta ann, i measc daoine áirithe, leibhéal chomh sonraithe sin, gur chóir láithreach bonn iad a chur in aithne do na húdaráis, ar mhaithe leo féin.

Tá aithne againne uilig ar a leithéid, agus feictear go minic iad ar scannán uafáis, tá a fhios agat, nuair atá dúnmharfóir amuigh ansin le tua nó le sábh slabhrach, rachaidh siadsan ina gcuid soineantachta chun snámh oíche ghealaí sa loch taobh leis an bhothán sa choill, agus tá deireadh leo taobh istigh de chúig bhomaite ó thús an scannáin.

Ar a laghad ní chaithfear an táille iomlán a íoc leo mar aisteoirí, agus ní chaithfear amharc ar a ndíth chéile feadh i bhfad.

Ach mo dhuine, a d’iarr orm seo a scríobh, agus aiféaltas uirthi dá réir, agus an méid seo léite aici – is cinéal ceachta seo di – tá sí anois ag rá léi féin os íseal: ’choíche arís ní iarrfaidh mé alt ar an duine seo!’

Mar a scríobh mé thuas, d’iarr sí alt faoin Nollaig.

‘An bhfuil a fhios agat cé mé?’ arsa míse léi.

‘Tá a fhios agam, cad chuige, an bhfuil dearmad déanta agat?’

‘Alt faoin Nollaig atá uait?’

‘Is ea.’

‘Ní dhéanaim an Nollaig a cheiliúradh, thug mé ceachtanna do Ebenezer Scrooge agus é ina ghasúr, tá cóip de dhírbheathaisnéis Herod agam ar mo leabhragán agus nótaí scríofa agam sna himlínte.’ 

‘Ach tchím thú,’ arsa Bean na Díthe Céille, ‘gach aon bhliain ag dinnéar Nollag Raidió Fáilte, agus cuma sásta go leor ort.’

‘Cuireann Raidió Fáilte dinnéar den scoith ar fáil, agus fíon gan teorainn, uilig saor in aisce, agus a bhean údaí, chan sástacht atá ansin, ach súgacht. An mbíonn dinnéar na Nollag ag Meon Eile?’

‘Cha mbíonn!’ arsa sí go tobann, chomh tobann sin gur mhothaigh mé nach raibh an cheist fiú amuigh as mo bhéal gur fhreagair sí go borb, ‘cha mbíonn a leithéid againne, níl aon bhuiséad againne dona leithéid, cha raibh dinnéar na Nollag ariamh againn.’

Tá a fhios agam anois nach amháin gur Bean na Díthe Céille í, ach Bean na mBréag.

Tá mo chuid daoine agam, mo chuid foinsí, mo chuid finnéithe, ar an taobh istigh, agus tá na polaroids agam chomh maith.

Bíonn ‘ócáid bhliantúil oifige’ acu, agus tá mé buíoch beannachtach gan cuireadh a fháil.

De réir na dtuairiscí atá agam, ó dhaoine iontaofa, na foinsí seo agam, bíonn an rud suarach go leor.

Tá bac ar níos mó ná trí ghloine fíona a ól, agus gloiní beaga iad aige sin, i ndiaidh an tríú leathghloine, osclaítear an ‘cash bar’ – a Mhuire is a Rí idir sinn agus gach urchóid – agus le barr a chur leis an donas, is buifé a bhíonn acu, le smailceanna ceannaithe le cibé brabús atá fágtha ar Club Charta Tesco na hoifige.

Agus bíonn gach duine sa bhaile, ina gcuid pitseámaí agus slipéirí, lena mbuidéal te agus Bovril, roimh a deich a chlog an oíche sin.

Mar sin de agus cur síos cuimsitheach déanta agam ar Bacchanalia Meon Eile, tá mé anois chun tabhairt faoin alt a scríobh maidir leis an Nollaig – caithfidh mé leathdhosaen uibheacha circe na bliana úire a shaothrú áit inteacht – an Nollaig agus gach a bhaineann leis ó taobh cóisireachta agus siamsaíochta de.

Bhuel, mothaím go bhfuil sin déanta agam sa mhéid a scríobh mé thuas, ach tá gné amháin den Nollaig ar a laghad nach dtaitníonn liom, agus is é sin iad siúd a théann amach ag ól ag an Nollaig amháin.

 Ó cheann céanna na bliana, chan fheiceann tú iad in am ar bith agus ansin sna seachtainí roimh an Nollaig tá siad i ngach aon áit, ag tógáil spás daoine siosmaideacha ciallmhara cosúil liomsa – iad ina suí i mo chathaoirse – ag ceol i sean-ard a gcinn faoin The Boys Of The NYPD Choir. 

Anois tugtar le fios domh, ar bhunús iontaofa uathu siúd a bhfuil cur amach acu ar na cúrsaí seo gur ag dul cheoil le hamhráin na Nollaig a bhíonn na daoine seo, agus caithfidh mé glacadh leis go bhfuil sin amhlaidh, ach más ceol uathu é, ní amhrán chugam é.

Níl i bhfad le dul agus beidh na daoine seo uilig éalaithe ar ais chuig cibé pluais as a dtáinig siad, agus beidh siad ag caoineadh go Lá na Féile Bríde faoi gach pingin a chaith siad an oíche amháin sin dá raibh sé de dhánacht agus de mhisneach acu dhul thar thairseach tí tábhairne, agus gur thug fear féasógach as Tír Chonaill droch-amharc orthu, amhail is go raibh siad ina suí ina shuíochán sa bhéar.

M’anam le Dia, na daoine seo a theann amach oíche amháin thar thréimhse na Nollag, tá siad chóir a bheith chomh holc sin le muintir Bhun na Leaca agus Ghlaise Chú, nuair a ligtear amach lena chéile iad, ach ar a laghad nuair a tharlaíonn sin, bíonn fógra roimh ré tugtha, le deis a thabhairt duit do taser a bheith luchtaithe agat.

Agus anois an gnáthrud ag deireadh an ailt, ba mhaith liom Nollaig Shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise…. (líon an bhearna le cibé rud, tá mé réidh agus caithfidh mé péire stocaí a chuardach don chóisir).

Níos mó

Léirsiú tacaíochta i mBéal Feirste ar son stailceoirí ocrais Palestine Action

Niamh Ní Ruadhagáin & Molly Wallace

Eagraíodh léirsiú éigeandála i mBéal Feirste Dé Luain le tacaíocht a léiriú do stailc ocrais Palestine Action atá ar siúl ag príosúnaigh sa Ríocht Aontaithe. 

Le roinnt míonna, cuireadh daoine i bpríosún de bharr gníomhartha a bhaineann le Palestine Action. Tá cuid mhór acu ar athchur agus ní chuirfear faoi thriail iad go dtí 2027, cé nach raibh Palestine Action ar liosta na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nuair a cuireadh i bpríosún iad sa chéad dul síos.

Cuireadh tús leis an stailc ocrais ar an 2 Samhain 2025 (lá cuimhneacháin  Dhearbhú Balfour), nuair a dhiúltaigh beirt bia. Bhí ochtar ar an stailc go dtí an tseachtain seo ach baineadh cúpla duine acu den stailc de bharr cúrsaí sláinte.

Tá cúig éileamh bhunúsacha ag na príosúnaigh mar chuid den stailc: 1. Deireadh a chur le cinsireacht, 2. Iad a ligean amach faoi bhannaí láithreach, 3. An ceart chun triail chóir a fháil, 4. Palestine Action a bhaint ó liosta na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, 5. Elbit Systems a dhruidim.

Bhí slua mór i láthair ag an léirsiú dlúthpháirtíochta agus éagsúlacht leathan eagraíochtaí ann. Ina measc, bhí Cairde na Palaistíne Bhéal Feirste, ROSA NI, Anaka Women’s Collective, United Against Racism, An Páirtí Sóisialach, Pobal Seachas Brabús, An Páirtí Glas, Ireland Palestine Solidarity Campaign agus eile ag brú chun aird a tharraignt ar an scéal, agus na cúig éileamh atá ag na scailceoirí a chur chun cinn. 

Chualathas ó chainteoirí difriúla; Gerry Carroll ó Phobal Seachas Brabús, Evangelina Zacharopoulou, agus Jack Farrar ina measc, agus bhí ceol ann le Saoirse Wagner, gníomhaí ar son na Palaistíne ó Ollscoil na Banríona.

Bhí deis ag Meon Eile an léirsiú féin, an stailc ocrais, agus freagairt an rialtais a phlé le Eva Martin ó ROSA NI. Labhair muid fosta le Molly Wallace, cara leis an stailceoir ocrais Amu Gib a bhí ar lá 44 dá stailc ocrais ar an Luan. 

Níos mó

‘Cloch in Áit an Charnáin’ le Pádraig Ó Tiarnaigh

Chun críoch a chur lenár sraith ‘Liosta Léitheoireachta na Nollag’, bhuail Meon Eile le Pádraig Ó Tiarnaigh le tuilleadh a fháil amach faoina leabhar úrnua, ’Cloch in Áit an Charnáin’.

Is leabhar é atá foilsithe ag Éabhlóid agus a dhíríonn ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora béaloidis as Dún na nGall, Seán Ó hEochaidh.

Thaistil Ó hEochaidh timpeall Ghaeltacht Thír Chonaill, ag bailiú scéalta, amhrán agus béaloidis a bhí curtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin leis na céadta bliain. Tá dúspéis ag Pádraig san ábhar le fada agus bhí sé ag iarraidh saibhreas agus tábhacht na hoibre a roinnt leis an phobal mór.

Tugann sé léargas cruinn dúinn ar oidhreacht an bhailitheora agus fosta ar an saol a bhí ag an fhear féin agus an caidreamh a bhí aige lena fhostóir, Coimisiún Béaloideasa Éireann, agus lena cheannasaí, an stiúrthóir Séamus Ó Duilearga. 

Tá neart le foghlaim ón scéal suimiúil seo i gcomhthéacs na todhchaí, ionas go dtuigfidh Gaeil an lae inniu an tábhacht a bhaineann lenár n-oidhreacht agus lenár saibhreas cultúir a bhailiú agus a chaomhnú do na glúnta amach romhainn. Is cinnte gur leabhar luachmhar spreagúil é seo do scoláirí, amhránaithe, acadóirí agus do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu i scéal cumhachtach lán croí agus carachtar.

Is féidir Cloch in Áit an Charnáin a cheannach ó An Ceathrú Póilí anseo.

Níos mó

Riachtanais iontrála nua SAM ag dul as smacht

Michelle Nic Pháidín

 Tá sé dochreidte, míchothrom agus sáraitheach go dtiocfadh le  húdaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá sonraí a bhaineann le do chuntais meán sóisialta a lorg sula mbíonn cead agat cos a leagan ar ithir na tíre amach anseo.   

De réir pleananna úra atá ar na bacáin, faoi lucht riaracháin Donald Trump, d’fhéadfadh údaráis Mheiriceá sonraí faoi do mheáin shóisialta thar thréimhse cúig bliana a lorg agus tú ag iarraidh dul isteach sa tír.  

Dúradh go mbainfí na hiarratais seo le 42 thír a dtig lena saoránaigh dul isteach i SAM gan víosa go dtí seo – Éire, an Ríocht Aontaithe, agus an Fhrainc ina measc. I láthair na huaire is ar ESTA, córas uathoibríoch taistil, a fhaigheann saoránaigh na dtíortha seo isteach i Meiriceá.

Le cois sonraí ó na meáin shóisialta, d’fhéadfaí go mbeadh sé de dhualgas ort seoltaí ríomhphoist a bhí agat thar thréimhse deich mbliana a thabhairt do na húdaráis agus, anuas air sin, sonraí pearsanta a bhaineann le baill teaghlaigh a thabhairt dóibh. 

Ní nach ionadh, tá go leor daoine nach bhfuil sásta leis an mholadh seo. Dúirt Barry Andrews, Feisire i bParlaimint na hEorpa, gur moladh áiféiseach atá ann.

Dúirt saineolaí ar chúrsaí cinsireachta i Londain, Jemimah Steinfeld, go bhféadfadh an gníomh féinchinsireacht a chur sa tsiúl san áit a mbeadh imní ar dhaoine rud ar bith diúltach a ráit fá Trump agus fá na daoine a bhfuil baint acu leis ar eagla go dtabharfaí droim láimhe dóibh agus iad ag iarraidh dul chun tíre.

 Sílimse go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an mholadh seo. Níor cheart go mbeadh cead ag duine ar bith lámh a leagan ar do chuid sonraí pearsanta. Is sárú é sin ar chearta daonna ar leibhéal iontach bunúsach, dar liom. Agus is sárú atá ann ar shaoirse cainte lena chois.   

 Bíonn daoine ar na meáin shóisialta agus bíonn cuntais phríobháideacha acu, agus an ceart sin acu. Cad chuige a mbeadh cead ag údarás ó thír ar bith teacht ar an eolas sin mura bhfuil rud ar bith as casán déanta ag an saoránach sin? 

Caidé fá dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu agus a chuireann rudaí ar na meáin nach dtuigeann siad féin? An sin le rá go ndiúltófar cead isteach sa tír dóibh?

 Agus, níos mó ná sin, cá stadann seo? Táthar á rá go mbeidh siad ag iarraidh méarlorg agus scanadh imrisc amach anseo. Is cuimhin liom an uair dheireanach a raibh mise in Washington gur tógadh méarloirg uaim agus cé gur thuig mé go raibh orm iad a thabhairt bhí glór beag ar chúl m’intinne iontach go deo míshásta. 

Níl na sonraí sin ag mo stát féin ach tá siad anois ar chóras Mheiriceá? Dochreidte. 

 Dá mbeadh a fhios agam go mbeadh orm lorg mo mhéar a fhágáil acu ní rachainn isteach sa tír ar ór na cruinne mar is liom féin iad agus ní raibh rud ar bith déanta agamsa as an cheart. Dá mbeadh sé le déanamh agam arís ní rachainn ann agus ag an am ní raibh mé ach ag eitilt fríd. 

 Deir Trump gur ar mhaithe le cúrsaí slándála atá sé á dhéanamh. Má tá an oiread sin suime ag an fhear chéanna i gcúrsaí slándála cad chuige nach gcuireann sé stop le daoine a bheith ag ceannacht agus ag díol gunnaí? De réir sonraí ó Everytown for Gun Safety maraíodh 49 duine ar láithreacha scoile in 2025, agus níl ann sin ach bliain amháin.  

Dar ndóigh, tá sé cineál amhrasach nach ndearna sé féin nó a fhoireann súil a chaitheamh thar an reachtaíocht a bhaineann le húinéireacht gunnaí i Meiriceá i ndiaidh iarracht a bheith déanta é a scaoileadh.

 Is cinnte nach mise amháin a mbeadh fadhbanna acu leis an tseafóid seo agus níl dabht ar bith ann ach má leanann sé ar aghaidh leis go mbeadh go leor daoine nach rachaidh go SAM. 

Cé go mbeidh impleachtaí diúltacha ag a leithéid ar chúrsaí eacnamaíochta ar fud an domhain, is cinnte go mbeidh níos mó tionchair aige ar Mheiriceá féin, ar a mhuintir agus ar a gheilleagar.   

 Deir siad go minic má tá tú ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar dhuine, dírigh ar an rud is ansa leo, agus níl aon amhras ann ach gurb an t-airgead an rí ag Trump.

Níos mó

Luaithríona: Sárgheamaireacht atá ina léiriú ar shaibhreas an traidisiúin Nollag in Iarthar Bhéal Feirste

Niamh Ní Ruadhagáin

Dá siúlfá isteach sa Chultúrlann agus an gheamaireacht ‘Luaithríona’ ar siúl san Amharclann, seans go sílfeá go raibh púca sa tóir ar pháistí thuas staighre.

I bhfírinne, bhí níos mó ná 500 páiste istigh thar cheithre lá ag gáire, ag screadaíl, agus ag faíreach mar gheall ar an léiriú úr den scoth de ‘Luaithríona’, atá scríofa agus stiúrtha ag Conall Mac Corraidh. Bhí cuid den locht air féin as an challán nó bhí páirt aige mar ‘An Leasmháthair Uafásach’.

Dúirt Conall gur fhoghlaim sé ó Ghearóid Ó Cairealláin an dóigh chun ‘Gaelú’ a dhéanamh ar gheamaireacht, agus go bhfuil an dráma seo in ómós do shaol agus do shaothar s’aige.

Chomh maith leis sin, dúirt sé go bhfuil an dráma agus an scríbhneoireacht seo mar chuid den oidhreacht atá faighte Gaeil Bhéal Feirste ó bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, amhail Seán Mac Seáin.

Tá sé deacair a rá cén grúpa a bhain an sult ba mhó as an gheamaireacht, na haisteoirí nó na páistí, ach is cinnte go mbeidh muid uilig ag súil go mór leis an chéad dráma eile.

Níos mó

Cás an A5 faoi chaibidil san Ard-Chúirt

In 2007 fógraíodh go raibh sé beartaithe bóthar débhealaigh a thógáil idir Achadh na Cloiche i gContae Thír Eoghain agus Cathair Dhoire. Níl aon dul chun cinn déanta ó shin áfach agus tá frustrachas mór ar dhaoine, go háirithe ar mhuintir an cheantair a chaithfidh taisteal ar an bhóthar dainséarach atá ann faoi láthair achan lá.

Seoladh an feachtas ‘Stoptar an Bás ar an A5’ i mí Eanáir 2023 i ndiaidh do líon mór daoine bás a fháil ar an bhóthar. I mí Dheireadh Fómhair an bhliain chéanna, maraíodh fear óg, John Rafferty, a d’imir faoi aois leis an chontae agus lena chlub féin, Coill an Chlochair. Ag an phointe sin, dúirt ball an chumainn agus cathaoirleach an fheachtais, Niall McKenna, go raibh orthu rud éigin a dhéanamh chun stop a chur leis na básanna.

Tá 57 nduine i ndiaidh bás a fháil ar an bhóthar A5 ón bhliain 2007. Cailleadh cuid mhór daoine ar an bhóthar idir Dún Geanainn agus Baile Uí Dhálaigh thar na blianta agus rinneadh uasghrádú ar an bhóthar sin dá réir. Dar leis na staitisticí, tá laghdú 97% ar líon na mbásanna ar an bhóthar áirithe sin ó shin. Táthar anois ag iarraidh an dul chun cinn céanna a dhéanamh ar an A5. Ó rinne Meon Eile scéal faoin A5 siar i mí Iúil 2023, tá deichniúr eile i ndiaidh bás a fháil ar an bhóthar.

In ainneoin go bhfuil tacaíocht léirithe do phlean an débhealaigh ag an Roinn Bonneagair (DfI), an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA), an Rialtas ó thuaidh agus ó dheas, tá go fóill ceisteanna ar leith ann maidir leis an tionchar ar an timpeallacht. Tá grúpaí ar nós Friends of the Earth agus Alternative A5 Alliance imníoch faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bheadh ann ón mhéadú ar an trácht trasteorann. Tá buaireamh ar úinéirí talún, feirmeoirí agus muintir na háite chomh maith faoina gcuid tailte. 

I mí an Mheithimh rialaíodh gur cheart deireadh a chur leis an uasghrádú ar an A5 ach tá achomharc i gcoinne an rialaithe sin ar siúl san Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus táthar ag súil go ndéanfar cinneadh ina leith sa bhliain úr.

Bhí Meon Eile i láthair ag an Ard-Chúirt an tseachtain seo caite, áit ar labhair muid le gníomhaithe an fheachtais ‘Stoptar an Bás ar an A5’: Comhairleoir Shinn Féin do Dhoire agus An Srath Bán, Antaine Ó Fearghail, agus iarpheileadóir le Tír Eoghain, Mark Harte. Labhair muid fosta le Cathaoirleach an fheachtais, Niall McKenna.

Chuaigh Meon Eile i dteagmháil leis an Roinn Bonneagair le heolas a fháil ar cad é go díreach atá ar bun acu faoi láthair leis an phlean do dhébhealach an A5 a chur i bhfeidhm. Seo thíos an ráiteas a cuireadh ar fáil dúinn:

Dúirt urlabhraí ón Roinn Bonneagair:  “Tá an tAire go huile is go hiomlán tiomanta do chur chun cinn thionscadal suaitheanta an A5, Conair Iompair an Iarthair. Tá tábhacht straitéiseach ollmhór ag baint leis an A5 mar d’fhéadfadh sé dul i ngleic leis an éagothroime idir réigiúin, feabhas a chur ar an gheilleagar, agus pobail a nascadh lena chéile – ach thar rud ar bith eile, baineann sé le beatha daoine a shábháil. Is mór is trua leis na Aire agus an Roinn cás na dteaghlach a bhfuair daoine muinteartha leo bás. Déanfaidh muid gach ar féidir linn leis an A5 a chur chun cinn. Cionn is go bhfuil an éisteacht achomhairc ar siúl go fóill, ní thig linn aon ráiteas breise a thabhairt.”

Is féidir an feachtas ‘Stoptar an Bás ar an A5’ a leanúint ar Twitter nó ar Facebook.

Níos mó

Seoladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair: Blaiseadh beag den chraic a bheas ag titim amach idir an dá Nollaig

Niamh Ní Ruadhagain

Is i dTigh Mhadáin i mBéal Feirste a seoladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar na mallaibh. Bhí thuas staighre plódaithe agus clár RTÉ Raidió na Gaeltachta ‘Cóisir Cheoil’ ag craoladh beo ón láthair chlúiteach.

Bhí an áit plódaithe le ceoltóirí agus daoine a tháinig síos le tacú leis an fhéile. Bhí spion iontach ar achan duine, agus bhí Dónall Mac Ruairí, láithreoir an chláir, mar a bhíonn sé go minic – ag preabadh thart idir agallaimh agus ag damhsa leis an cheol mar a bheadh sé ag ceolchoirm!

Dúirt Cathal Ó Curráin, Stiúrthóir Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, go mbíonn seoltaí ann fud fad na tíre achan bhliain le cuidiú leis an fhéile agus go mbíonn muintir Bhéal Feirste, go háirithe le cúpla bliain anuas, thar a bheith tacúil. 

I measc na ndaoine a chuala muid ar an lá bhí Bláithín Mhic Canna, The Railway Boys, Naoise Mac Cathmhaoil, Edel Ní Churraoin, Cathal Ó Curráin féin, Erin Rose & Piaras Ó Maoláin, le cois ceoltóirí eile.

Tuilleadh eolais faoin fhéile: www.scoilgheimhridh.com

Níos mó

‘Cailín Sinséir Bhéal Feirste’

Sa tríú heagrán den tsraith ‘Liosta Léitheoireachta na Nollag’, thug Meon Eile cuairt ar sheoladh an leabhair ‘Cailín Sinséir Bhéal Feirste / The Belfast Gingerbread Girl’, scríofa ag Marianne McShane agus deartha ag Andrew Whitson, nó ‘Mr Ando’ mar is fearr aithne air.

Is é seo an chéad leabhar dátheangach atá foilsithe ag An tSnathaid Mhór, forbairt a bhfuil Caitríona Nic Sheáin thar a bheith bródúil as. Tá sí an-sásta go mbeidh páistí in ann an leabhar a léamh i nGaeilge agus i mBéarla, lena dtuismitheoirí, seanthuismitheoirí, agus gaolta eile. Is í Áine Ní Ghlinn a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge, comhoibriú ar bhain Áine agus a cairde sult agus tairbhe as.

Leanann an scéal speisialta Cailín Sinséir agus í ag éalú ón charachtar Máire Áine. Imíonn sí léi ar thuras trí chathair Bhéal Feirste, áit a mbuaileann sí le madadh, francach, faoileán, madadh rua, agus eile. Déantar tagairt d’áiteanna clúiteacha timpeall na cathrach chomh maith. Is cinnte go gcothóidh an scéal seo bród i bpáistí Bhéal Feirste go háirithe, go bhfuil cathair s’acu féin luaite mar phríomhláthair an scéil.

Is leabhar draíochtúil é seo a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag. Is féidir é a cheannach ó An Ceathrú Póilí anseo.

Níos mó

Dóchas i nDoire agus an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ar Champas Mhig Aoidh

Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na mac léinn atá ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge ar Champas Mhic Aoidh, Ollscoil Uladh i gCathair Dhoire.

Tá an-éileamh ar an chéim Onóracha Singile sa Ghaeilge, chomh maith leis na comhchéimeanna éagsúla – Dlí le Gaeilge, Gaeilge agus Ceol, Gaeilge agus Gnó, agus Gaeilge agus Oideachas.

Tá 135 mac léinn cláraithe ar na cúrsaí fochéime a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar iontu agus 20 duine ag freastal ar chúrsaí iarchéime. Tá méadú 300% tagtha ó 2021 ar líon na ndaltaí sa chéad bhliain.

Thug Meon Eile cuairt ar Champas Mhig Aoidh ar na mallaibh, áit ar labhair muid le roinnt mic léinn faoina n-eispéireas ar an Ollscoil go dtí seo. Labhair muid fosta leis an léachtóir le Gaeilge, An Dr Niall Comer.

Níos mó

Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin: scríobh é, déan é, agus cruthaigh é

Jane Nic Uilliam, Niamh Ní Ruadhagáin

Bhí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich dubh le daoine ag an deireadh seachtaine don chéad bhliain de Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin, féile a eagraíodh in ómós don laoch ar lár, Gearóid Ó Cairealláin. 

Is é Eoghan Ó Néill, iriseoir agus dlúthchara le Gearóid, príomheagraí na Scoile agus i measc na n-imeachtaí bhí pléphainéal ar an Ghaeilge agus ar mhionteangacha Ceilteacha sna meáin sa lá atá inniu ann, ceardlann iriseoireachta do pháistí, taispeántas grianghráfanna a bhain le saol Ghearóid, agus siúlóid threoraithe i gceantar na bhFál ar na háiteanna a bhfuil baint ag fiontair éagsúla Ghearóid leo.

 Tháinig daoine ó fud fad na tíre le páirt a ghlacadh sna himeachtaí: Gerry Adams, Alan Titley, CiaráÓ Feinneadha agus Milène Fegan ina measc. Dúirt Áine Ní Bhreisleáin, iriseoir agus craoltóir as Gaoth Dobhair, go raibh baint mhór ag Gearóid Ó Cairealláin leis an chaidreamh idir an Ghaeltacht agus Iarthar Bhéal Feirste a neartú.

 Labhair Ainle Ó Cairealláin, mac le Gearóid agus podchraoltóir, ar phainéal cainte agus dúirt sé go bhfuil an chéad ghlúin eile ag leanstan leis an obair a rinne a athair agus gur am deas é an geimhreadh chun machnamh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Ghearóid. 

Níos mó

Buiséad leamh go maith sa deireadh ach cad iad na himpleachtaí?

Jack Mac Íomhair

Lá aisteach a bhí ann nuair a d’fhógair Seansailéir an Státchiste na Ríochta Aontaithe Buiséad an Fhómhair. Bhí an buiséad fógartha ag an Oifig um Freagracht an Bhuiséid (OBR), trí thimpiste, beagnach uair an chloig sula raibh Rachel Reeves ina seasamh i bparlaimint.

Tá Cathaoirleach an OBR i ndiaidh éirí as mar gheall ar an eachtra. Roimhe seo rinne an OBR gearán le hOifig an Státchiste faoi roinnt eachtraí de sceitheadh eolais.

Taobh amuigh den dráma a tharla, cad é a bhí ann sa bhuiséad don ghnáthdhuine? An raibh Páirtí an Lucht Oibre ag seasamh don Lucht Oibre? Nó an raibh gnólachtaí móra ar intinn acu agus an buiséad seo á ullmhú?

Ceann de na rudaí is mó a fógraíodh mar chuid den bhuiséad seo ná an uasteorainn a bhaineann le sochar linbh. Gheofar réidh leis an uasteorainn ar dhá pháiste i mí Aibreáin.

Is gníomh suntasach é seo agus táthar ag súil gur féidir leis thart fá 50,000 páiste a bhaint ó bhochtaineacht sna sé chontae, ach an dtéann sé fada go leor?

Is cineál de mhicreacosma é an cinneadh seo fosta de rialtas Pháirtí an Lucht Oibre. Beagnach bliain go leith ó shin cuireadh seachtar ball parlaiminte ar fionraí ar feadh sé mhí mar gheall gur chaith siad vóta in aghaidh an rialtais maidir leis an pholasaí seo.

Is léir go bhfuil an rialtas ag iarraidh an pobal a fháil ar a dtaobh arís, i ndiaidh dóibh scéal chailleach an uafáis a dhéanamh den gheilleagar ó tháinig siad chun cumhachta.

Tá an Seansailéir ag reo cáin ioncaim agus árachas náisiúnta, ag cur go mór leis an phá maireachtála náisiúnta, ag gearradh cáin nua ar fheithiclí leictreacha agus ar chomhlachtaí cearrbhachais.

Tá an cháin ar chearrbhachas suntasach agus méadú 19% ag teacht ar na comhlachtaí sin. Beidh le feiceáil an tionchar a bheas aige seo agus an dioscúrsa faoi chearrbhachas ar líne go mór i mbéal an phobail.

Chuir an tAire Airgeadais ó thuaidh John O’Dowd fáilte roimh an mhaoiniú bhreise, ach dúirt sé nach leor é. Uaireanta is é rialtas na Breataine an t-aon dream atá in ann páirtithe sna sé chontae a tharraingt le chéile, agus Ball Parlaiminte de chuid an DUP, Sammy Wilson, ag aontú leis an Aire ag rá go bhfuil an buiséad míchothrom dóibh siúd atá ar an ioncam is ísle.

Tá an tAire O’Dowd ag cur in iúl go bhfuil géarghá leis an dílárú fioscach.

Mar a dúirt an Rúnaí Stáit Hilary Benn, agus tá sé á rá fós, caithfidh an Tionól anois amharc ar na dóigheanna ar féidir leo ioncam a bhailiú.

Cad é na roghanna atá acu, áfach, agus an mbeidh an Tionól, atá ag iarraidh níos scoilte de réir a chéile agus muid ag tarraingt ar thoghchán, in ann aon ghníomh a chomhaontú?

Tá cuma ar an scéal nach mbeidh, agus tá Benn go mór den bharúil go bhfuil athrú mór de dhíth chun seirbhísí poiblí a fheabhsú sna sé chontae.

Ag deireadh an lae, ní chuideoidh an buiséad seo leis na daoine is boichte sna sé chontae, na daoine sin a gcaithfidh muid aire a thabhairt dóibh. Tá thart fá thriúr as gach 20 duine fásta ag maireachtáil i mbochtaineacht. Ní hamháin sin, ach, tá páiste as gach ceathrar ag fás aníos sna sé chontae ag maireachtáil i mbochtaineacht agus ní chuideoidh na hathruithe ar shochar linbh ach leis an leathchuid acu.

Ní chuirfidh an buiséad seo airgead i bpócaí agus de réir cosúlachtaí beidh na sé chontae ar chúl go deo ó thaobh airgeadais de go dtí go mbeidh athrú suntasach ar an dóigh a bpléitear leis an pholaitíocht trí chéile anseo. 

Níos mó

Dordéan le Róise Ní Bhaoill

Sa dara heagrán den tsraith Liosta Léitheoireachta na Nollag, thug Meon Eile cuairt ar sheoladh an leabhair filíochta Dordéan’ leis an fhile agus scríbhneoir aitheanta as Tír Chonaill, Róise Ní Bhaoill.

Sa bhailiúcháin seo tugann Róise muid ar turas timpeall na cruinne trína léargas uathúil ‘ar áilleacht, ar fhulaingt agus ar leochaileacht an tsaoil.

Dinis Róise dúinn faoi na turais a thug spreagadh di agus í ag scríobh, agus labhair sí faoin bhrí atá le teideal an chnuasaigh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta