Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: David

Dea-nós na dialannaíochta

Katie Saoidhbh McGreal

Is nós simplí é an dialannaíocht a dhéanann an-mhaitheas dúinn, má ligeann muid dó. Más rud é go mbíonn deacrachtaí codlata agat nó go mbíonn imní ort go minic, d’fhéadfadh an dialannaíocht cabhrú leat go mór. Ní gá go mbeadh sé deacair ach an oiread – díreach scríobh do chuid smaointe síos. 

Faigh leabhar nóta agus peann agus scríobh síos cibé rud atá ag dul thart do chloigeann. Nuair a chuireann muid na smaointe sin ar pháipéar nó fiú ar doiciméad ar an ríomhaire, níl siad ag dul thart ar an gcloigeann a thuilleadh agus mothaíonn an comhrá inmheánach níos ciúine. 

Tá go leor bealaí éagsúla le dul i mbun na dialannaíochta. Is féidir leat díreach do chuid smaointe a scríobh síos gan aon srian nó aon struchtúr, nó dfhéadfá abairt nó frása a scríobh síos nó a léamh agus sin a phlé i do chuid scríbhneoireachta, sin nó ceist a scríobh síos agus é a fhreagairt. An t-aon bhealach le fios a bheith agat céard é an rud is mó a chabhraíonn leatsa ná triail a bhaint as. 

Cosúil le nós ar bith eile, más mian leat béas nua a thosú, is gá beagán oibre a chur isteach ag an tús go dtí gur nós rialta atá ann. Roghnaigh am sa lá nó san oíche a dhéanfaidh tú do chuid dialannaíochta. Ansin, smaoinigh ar rud eile a dhéanann tú cheana féin ag an am sin. Mar shampla, más maith leat é a dhéanamh san oíche, cuir am i leataobh don dialannaíocht díreach tar éis duit do chuid fiacla a ní. Nó má bhíonn cupán tae agat tar éis do dhinnéir gach oíche, déan cinneadh an dialannaíocht a dhéanamh ag an am céanna atá tú ag ól do chuid tae, nó díreach ina dhiaidh. 

Moladh eile atá agam d’éinne atá ag iarraidh é a dhéanamh san oíche, cuir an leabhar nóta ar do leaba agus mar sin, ní féidir leat dul a chodladh gan é a fheiceáil. 

Tosaigh go réidh – abair leat féin go scríobhfaidh tú le haghaidh 5 nóiméad agus ansin más mian leat níos mó a scríobh, is féidir leat ach ní gá duit mar ní raibh sé i gceist agat ach 5 nóiméad a dhéanamh. 

Má bhíonn gá agat le rud éigin chun do chuid smaointe a dhíriú len iad a scríobh síos, mholfainn duit dúshlán dialannachta a dhéanamh nó ‘journalling prompts’ a chuardach ar líne – scríobh síos 10 gcinn acu sin agus úsáid iad ceann i ndiaidh a chéile. 

Bíonn na mílte smaointe againn gach lá agus is athrá iad an chuid is mó acu. Muna aimsíonn muid bealach len iad a shocú agus a dhéanamh níos ciúine, is amhlaidh is fearr é. De ghnáth bíonn ár smaointe gránna níos glóraí ná ár smaointe deasa agus mar sin, teastaíonn cabhair uainn na drochsmaointe a chur ó dhoras. Sin an rud a dhéanann an dialannaíocht dúinn. 

Tá an dialannaíocht cosúil leis an aireachas domsa sa bhealach a oibríonn duitse – níl ceart námícheart ann. Triail bealaí éagsúla agus féach cad é an ceann is fearr duitse.

Is rud é an dialannaíocht atá mé a dhéanamh le fada agus a chabhraigh liom mo chuid smaointe a shocrú. Chabhraigh sé liom mintinn a shuaimhniú roimh sheisiún aireachais nó roimh dhul a luí, agus tá tuiscint i bhfad níos fearr agam anois ar na smaointe atá agam agus ar an nguth inmheánach mar go bhfuil na focail feicthe agam scríofa síos ar pháipéar os mo chomhair. Tuigim anois cathain is é mo ghlór féin é agus cathain is glór duine eile é; mo mháthair nó m’athair mar shampla. D’athraigh mo chleachtadh aireachais agus dianlannaíochta go mór thar na blianta:uaireanta déanaim é gach lá, uaireanta déanaim é cúpla lá sa mhí nó díreach nuair is gá dom beagán soiléirithe a aimsiú. Cibé rud atá ann agus cibé bealach a ndéanaim é, ní bhíonn aiféalaorm i ndiaidh dom beagán scríbhneoireachta a dhéanamh mar i gcónaí déanann sé maitheas dom. 

Má tá suim agat ann agus nach eol duit cén áit le tosú, bfhéidir gurbh fhéidir liom cabhrú leat nó cúpla moladh beag a thabhairt duit. Is féidir leat scéal a chur chugam ag [email protected]

Níos mó

Ainmnithe Ghradaim NÓS 2026: Cúán de Búrca

Is é Cúán de Búrca an chéad cheoltóir eile ar labhair muid leis sa tsraith seo faoi ainmnithe Ghradaim NÓS 2026. 

Rapálaí is ea Cúán a bhfuil a amhrán le HHH, ‘I Shot a Man in Carna’, ainmnithe sna rannóga Amhrán Dátheangach na Bliana agus Físeán na Bliana. Tá Cúán ainmnithe leis féin chomh maith do Ghradam Ronáin Mhic Aodha Bhuí a bhronnfar ar Nuatheachtaí na Bliana. 

D’inis Cúán do Meon Eile faoin spreagadh taobh thiar de ‘I Shot a Man in Carna’ agus faoin dóigh ar thosaigh sé ag déanamh ceoil le HHH. Labhair sé faoi chúpla buaicphointe a sheasann amach dó go dtí seo ó thosaigh sé mar cheoltóir, agus leag sé amach na pleananna atá aige ó thaobh ceol nua de.

Beidh Gradaim NÓS 2026 ar siúl ar an 16 Bealtaine sa Black Box, Béal Feirste. Beidh Cúán de Búrca agus HHH le cluinstin ar an oíche agus iad ag seinm os comhair an tslua.

Níos mó

Ócáid Tiomsaithe Airgid do Naíscoil an Chreagáin

Eagraíodh ócáid tiomsaithe airgid do Naíscoil an Chreagáin in Ard Mhacha Theas Dé Sathairn ag cúrsa gailf Chnoc na Seamar, nó Cloverhill, ar an Mhullach Bhán. 

Chuaigh breis agus 30 foireann amach ar an chúrsa gailf, atá suite faoi scáth Shliabh gCuillinn, chun tacú leis an chúis thábhachtach. Tá an Naíscoil ar an fhód le beagnach 30 bliain anuas agus ag cur go mór le forbairt agus fás na teanga sa cheantar ó shin. 

Faigheann an Naíscoil tacaíocht ón Roinn Oideachais ach bíonn sé doiligh go fóill naíscoil iomlán a reáchtáil ó lá go lá, bliain go bliain, leis an maoiniú sin amháin, go háirithe agus na ciorruithe ag dul i bhfeidhm ar scoileanna i rith an ama.

Mar sin de, bíonn coiste na Naíscoile ag brath go mór ar thacaíocht ón phobal agus ó dhaoine áitiúla ar an talamh. Is coiste deonach atá ag an Naíscoil, agus tuismitheoirí ina mbaill de, agus aithníonn siad an géarghá le tuilleadh áiseanna agus acmhainní a chur ar fáil do na páistí agus don fhoireann.  

B’iontach an láthair é don ócáid nó tá ráchairt ar chúrsaí gailf in Ard Mhacha Theas agus clú mór ar Cloverhill mar ionad den scoth agus cúrsa a bhfuil radharcanna áille uaidh.

Dfhreastail Meon Eile ar an lá ghalánta ghrianmhar, áit ar labhair muid le hOifigeach Forbartha Gaeilge de chuid Gaelphobal Ard Mhacha Theas, Ceara Ní Choinn, le tuismitheoir ón Naíscoil agus múinteoir ag Gaelscoil Phádraig Naofa i gCrois Mhic Lionnáin, Karla Pilkington, agus le peileadóir le Contae Ard Mhacha, Jarlath Óg Burns. 

Níos mó

Biongó Bríomhar ag Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha

Tháinig Coiste na Gaeilge ó Choláiste Chaitríona le chéile ar na mallaibh le ‘Biongó Bríomhar’ a eagrú do dhaltaí bhliain 10 sa tsruth Béarla. 

Cúis bhród a bhí ann ó thús deireadh do dhaltaí ón tsruth Gaeilge agus iad ag eagrú agus ag bainistiú a n-imeachta féin. Ba léir go raibh daltaí an tsrutha Béarla iontach spreagtha ón lá agus go raibh an deis acu cur lena stór focal. 

Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid leis an mhúinteoir Gaeilge, Kevin McConnell, agus le beirt dalta ó Choiste na Gaeilge sa tSruth Gaeilge, Shona agus Rudy. 

Is mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge a cuireadh an t-imeacht ar siúl.

Níos mó

Féile Peile na nGaelscoileanna 2026 seolta

Tá Féile Peile na nGaelscoileanna ar na buaicphointí is mó i bhféilire na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste. Seo an 16ú bliain den fhéile agus bhí baill den eagraíocht s an Phobail agus den chlub CLG Laochra Loch Lao ag an tseoladh ar na mallaibh in éineacht le cuid de na bunscoileanna a bheas ag glacadh páirt sa chomórtas.

Is é Brian Mac an tSionnaigh Oifigeach Forbartha Gaeilge Ionad Uíbh Eachach agus labhair sé linn faoin fhéile. Is é príomhchorn na féile ná Corn Uí Mhuirí, atá ainmnithe i ndiaidh peileadóir agus Gael óg, Liam Ó Muirí, a fuair bás 16 bliana ó shin. Dar le Brian go dtagann an fhéile peile leis na luachanna a bhí ag Liam: cur chun cinn na Gaeilge trí na cluichí Gaelacha.

Tá Bríd Nig Aoidh ag obair mar Oifigeach Forbartha Pobail ag Laochra Loch Lao agus labhair sí linn faoin tábhacht a bhaineann le muinín na bpáistí a thóil trí na cluichí Gaelacha, go háirithe agus an chuid is mó acu ag bogadh ar aghaidh chuig an mheánscoil go luath.

Is cinnte go bhfuil achan duine ag dúil go mór le Craobh Peile na nGaelscoileanna ar an 1 Bealtaine, go háirithe na daltaí a labhair linn faoi na rudaí is fearr leo faoin pheil Ghaelach agus an fhéile.

Níos mó

Agóidí breosla: an rabhadh níos doimhne iad do rialtas Micheál Martin?

Jack Mac Íomhair

Ar feadh tamaill ansin ní raibh le feiceáil ar na meáin ach íomhánna de tharracóirí agus de leoraithe ag dul go mall ar bhóithre na tíre, idir chúlbhóithre agus mhótarbhealaí.

Cuireadh na hagóidí ar bun thuaidh agus theas agus, i bhfírinne, ní raibh iontas ar éinne go raibh an méid sin feirge ar fud an oileáin mar gheall ar na harduithe atá tagtha ar bhreosla agus ola de bharr léiriú ego Trump san Iaráin.

Chaith mé féin súil ar na pumpaí díreach in aice le mo theach agus bhí na praghsanna ag dul in airde pingin in aghaidh an lae ar a laghad. Don té nach dtiomáineann go rómhinic ní deireadh an domhain é, ach dóibh siúd a bhíonn ag tiomáint chun na hoibre, chun na scoile, nó fiú ag tiomáint le haghaidh a slí beatha, bhí an tionchar i bhfad níos tubaistí. Go háirithe agus an ghéarchéim costais maireachtála ag iarraidh níos measa.

Ó thuaidh ní raibh na hagóidí chomh forleathan agus a bhí siad ó dheas: thug an tSeirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann roinnt fíneálacha amach agus meastar ag súil go mbeidh cúpla agóid ag titim amach sna seachtainí amach romhainn.

Bhí freagra na bpáirtithe sna sé chontae mar a bheifeá ag súil leis. Tá an chumhacht sna hallaí in Whitehall, mar a bhíonn, agus is cinnte nach mbeidh Hilary Benn nó Keir Starmer buartha faoi agóid a chuireann isteach ar Nasc an Iarthair i mBéal Feirste, nó i mBaile Uí Dhálaigh.

Ó dheas, áfach, tá scoilteanna ag teacht chun solais i bhfianaise lagfhreagra an rialtais ar an ghéarchéim. Tá cáineadh déanta ag an Taoiseach Micheál Martin ar na teaicticí a d’úsáid na hagóideoirí agus gur modh mícheart a bhí ann. Cad é an modh agóide atá sásúil don rialtas?

Is léir gur bhain fuinneamh na léirsithe preab as na ceannairí i mBaile Átha Cliath. Tá cáineadh déanta orthu mar gheall gur bhagair siad Óglaigh na hÉireann a imlonnú chun dul i ngleic leis na hagóidí. Ar a bharr sin, cáineadh Patrick O’Donovan, Aire Stáit, as a rá go bhfuil sé ag iarraidh ar Choimisiún na Meán athbhreithniú a dhéanamh ar chlúdach na meán ar na hagóidí. Cháin Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí ráiteas an Aire, á lua gur ábhar imní é agus gur focail urchóideacha a bhí iontu.

Ní hamháin sin, cé go bhfuil tromlach ag an rialtas, ní bheadh siad sásta go raibh orthu plé le vóta mímhuiníne bliain agus cúpla mí i ndiaidh thús na tréimhse Dála.

Agus, gníomh nach gcuirfidh iontas ar mhórán, tá Michael Healy-Rae tar éis éirí as an rialtas agus a ról mar Aire.

Má bhíonn tuilleadh agóidí ann, cá mhéad TD neamhspléach eile a bheas ag smaoineamh faoin rud céanna a dhéanamh?

Ar an 12 Aibreán, d’fhógair an rialtas beartas €505 mhilliúin chun dul i ngleic leis an ghéarchéim, beartas ina dtabharfaí íocaíochtaí díreacha d’iompróirí, oibritheoirí bus, feirmeoirí, conraitheoirí talmhaíochta agus dóibh siúd atá bainteach leis an iascach.

Ar a bharr sin, tá €0.10 bainte acu den mhál ar pheitreal agus díosal.

An leor é sin? Beidh le feiceáil.

Tá deireadh leis na gníomhaíochtaí móra a tharla seachtain ó shin ach is cosúil go bhfuil agóidí níos lú beartaithe go fóill, ó thuaidh san áireamh.

Agus an eite dheis ag léim ar an cheist fosta, beidh an rialtas ag súil go bhfuil go leor déanta acu le mianta daoine a shásamh. Muna bhfuil, d’fhéadfadh sé go mbeadh samhradh fada os a gcomhair.

Níos mó

Ainmnithe Ghradaim NÓS 2026: IMLÉ

Is ar IMLÉ a bhfuil muid ag díriú san eagrán seo dár sraith faoi ainmnithe Ghradaim NÓS 2026. Bhuail Meon Eile isteach ar a ngig in Whelan’s i mBaile Átha Cliath oíche Mháirt agus iad ag tacú le David Keenan.

Tá IMLÉ ar an fhód le blianta anuas mar bhailiúchán ar féidir le ceoltóirí éagsúla teacht isteach is amach as agus tá ainmniúcháin faighte acu i gceithre rannóg ag Gradaim NÓS i mbliana: Amhrán na Bliana as a n-amhrán ‘Sláinte’, Albam na Bliana (Nuacheol) as a n-albam ‘Taoille’, Físeán na Bliana as an fhíseán dá n-amhrán ‘Mise’, agus Banna na Bliana. 

Labhair Meon Eile le bunaitheoir IMLÉ, Cian Mac Cárthaigh, agus le James Shannon, atá ina bhall le trí bliana anuas, faoi aistear ceoil an ghrúpa, na rudaí a bhfuil siad bródúil astu, agus na pleananna atá acu amach anseo.

Beidh Gradaim NÓS 2026 ar siúl ar an 16 Bealtaine sa Black Box, Béal Feirste.

Níos mó

Ceardlann Filíochta le Ciara Ní É

Bhí Féile AerachAiteachGaelach ar siúl i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine mar chuid d’Fhéile Ealaíon na gCúig Lampaí. Ceann de na chéad imeachtaí a bhí ar an chlár ná ceardlann filíochta leis an fhile mór le rá, Ciara Ní É.

Tháinig daoine le chéile i gceantar na gCúig Lampaí agus bhí seans acu filíocht nua a dhéanamh agus aiseolas a fháil ar dhánta a bhí scríofa acu cheana féin.

Is é Eoin McEvoy Stiúrthóir an ghrúpa ealaíon AerachAiteachGaelach, agus bhí deis ag Meon Eile labhairt leis faoi na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl acu mar chuid den fhéile. 

Is scríbhneoir aitheanta é Eoin fosta agus labhair sé linn faoin cheardlann agus an dóigh ar thaitin sé leis. D’inis sé dúinn fosta faoin tábhacht a bhaineann le pobal a chruthú trí na healaíona, go háirithe le spás sábháilte a chruthú don phobal LADTA+.

Labhair Ciara Ní É linn fosta faoina haistear féin leis an fhilíocht agus faoin chaidreamh idir na Gaeil agus an litríocht mar shochaí.

Bíonn Ciara ag eagrú oíche filíochta darb ainm REIC fosta agus beidh sin ag titim amach arís mar chuid d’Fhéile na gCúig Lampaí  hAoine 17 Aibreán. Téigh anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Níos mó

Oíche chultúir le Gaeil Cholainn

Tús maith leath na hoibre a bhí ann, dar le Seán Mac an Fhailí ó CLG Gaeil Cholainn, nuair a bhailigh baill den fhoireann agus Cumann Ceoil na Fuiseoge le chéile sa teach tábhairne Beckett’s ar na mallaibh don chéad Tob-Ghaeltacht agus oíche chultúir a bhí ag an chlub riamh.

Réachtálaíodh an oíche seo idir Gaeil Cholainn agus Cumann Ceoil na Fuiseoige chun an cultúr Gaelach a spreagadh agus a fhorbairt i gceantar Cholainn atá lonnaithe ar imeall iarthar Bhéal Feirste.

Labhair Meon Eile le Seán Mac an Fhailí, ball d’Fho-choiste an chumainn, ar an oíche faoin dóigh ar eascair an smaoineamh seo, agus an sprioc atá acu chun an ceol traidisiúnta, an Ghaeilge agus na cluichí Gaelacha a tharraingt le chéile. 

Tar éis oíche rathúil, tá Seán ag dúil go mór le tuilleadh imeachtaí den chineál seo a eagrú as seo amach. Coinnigh súil ar mheáin shóisialta CLG Gael Cholainn chun níos mó eolais a fháil!

Níos mó

‘Almost Like Belonging’ – plé spreagúil ar scéal na n-imirceach agus an Chumann Lúthchleas Gael

Eagraíodh pléphainéal spreagúil in Áras Uí Chonghaile ar na mallaibh bunaithe ar leabhar ar a bhfuil Rus Bradburd ag obair faoi láthair dar teideal ‘Almost Like Belonging’. In éineacht le Rus, bhí Ahmed Soda agus a iarchóitseálaí ó Chumann Phádraig Sáirséil, Ciarán Ó Dochartaigh.

D’éalaigh Ahmed agus a theaghlach ón chogadh chathartha sa tSiria agus chuaigh siad chomh fada le Béal Feirste i mí na Nollag 2015. In Iarthar Bhéal Feirste, i mbaile Anderson, a d’fhán sé lena theaghlach, áit ar cuireadh fearadh na fáilte rompu. Thosaigh Ahmed ag imirt peile agus iománaíochta do Chumann Lúthchleas Gael Phádraig Sáirséil. Ba ansin a bhuail sé le cóitseálaí agus múinteoir, Ciarán Ó Dochartaigh. Ní raibh Béarla ag Ahmed nuair a bhog sé go hÉirinn ach d’athraigh sin go gasta, chomh maith lena mhuinín agus a fhorbairt pearsanta, mar aon lena scileanna spóirt.

D’imir an cumann lúthchleas gael, chomh maith leis an phobal thart air, tionchar ollmhór ar Ahmed agus a theaghlach ó shin i leith. Breis agus 10 mbliana ar aghaidh, tá Ahmed 20 bliain d’aois anois agus ag freastal ar ollscoil i Sasana.

D’fhreastail Meon Eile ar an imeacht, áit ar labhair muid le Ahmed, Rus agus Ciarán.

Tá cúig leabhar scríofa ag Bradburd go dtí seo. Thosaigh sé ag obair ar ‘Almost Like Belonging’ thiar in 2022 mar chuid de Fellowship Fulbright.

Níos mó

Dea-Chomhairle

Le Ciarán Ó Pronntaigh

Seans nár chuala mórán againn faoin Chomhairle Stáit go dtí seo. Is grúpa daoine iad a chuireann comhairle ar an Uachtarán agus í ag feidhmiú ina ról, go háirithe nuair a chíorann sí reachtaíocht nua lena chinntiú go bhfuil an reachtaíocht sin ag cloí leis an Bhunreacht. Tá cead ag an Uachtarán reachtaíocht a bhfuil amhras uirthi fúithi a chur chuig an Chúirt Uachtarach. Is gnách go mbíonn daoine mór le rá a bhfuil nó, a raibh, post ceannaireachta acu in institiúidí rialtais. Ach tá de rogha ag an Uachtarán seachtar eile a thabhairt isteach. Cé nach bhfuil ach feidhm shiombalach leis an Chomhairle Stáit, tugann na ceapacháin a rinne Catherine Connolly le déanaí léargas ar an leagan amach a bheas aici go ceann seacht mbliana.

Ón chéad lá, dúirt an tUachtarán go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre a hoifige, beart thar a bheith tábhachtach do stádas na teanga, mar is eol dúinn. Tugann an cinneadh seo eiseamláir oifigiúil gur féidir an teanga a shní isteach i rialú na tíre – cineál de chruthúnas coincheapa, más maith leat. (Cuir sin leis an ghealltanas a thug an Rialtas go ndéanfar socrú le linn preasócáidí go gcuirfear an Ghaeilge, mar theanga oifigiúil san Eoraip, chun tosaigh agus Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa ag Éirinn).

Beart forásach eile a bhí sna ceapacháin don Chomhairle Stáit. Trí chéile, chuir an tUachtarán béim ar chearta an duine agus gníomhaíochas pobail. Ba léir go raibh aird ar an teanga sa roghnú, chomh maith, nó tá cumas Gaeilge ag go leor de na comhairleoirí nuacheaptha. Le linn an fheachtais toghchánaíochta, dúirt Catherine Connolly gur chreid sí in athaontú na tíre agus níor chuir sé iontas ar mhórán daoine gur cheap sí beirt as an tuaisceart, mar atá Colin Harvey agus Linda Ervine. Ar a bharr sin, tá Fionnuala Ní hAoláin ag obair mar ollamh i gColáiste na Ríona i mBéal Feirste agus is gníomhaí láidir í ar son daoine atá ar an imeall agus tá sí ina ball den Choiste um Riar an Chirt.

Tá cáil ar Colin Harvey as a obair ar son chearta an duine chomh maith agus is ball deisbhéalach é den ghrúpa Ireland’s Future agus labhraíonn sé go húdarásach ar an cheist agus na buntáistí a bhaineann le hÉirinn Aontaithe. Léiríonn an ceapachán seo nach béal bán a bhí i gcaint Connolly sa toghchán ach go dtuigeann sí gur ceist phráinneach í nach féidir a fhágáil ar leataobh a thuilleadh.

Mar chainteoir Gaeilge, is ábhar dóchais dom gur ceapadh Linda Ervine, an gníomhaí Gaeilge a bhunaigh Scoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste agus is duine í a thagann ón traidisiún Aontachtach. Tuigeann sí go maith na deacrachtaí a chruthóidh a ceapachán dá cuid oibre ach is duine í a sheasann an fód ar na rudaí a gcreideann sí iontu. 

Tá luach leis na guthanna éagsúla. Dá mbeadh go leor comhairleoirí maithe ag Donald Trump, daoine a bheadh sásta an fhírinne a insint seachas bheith ag sodar ina dhiaidh, seans nach ndéanfadh sé na cinntí amaideacha a rinne sé go dtí seo, amhail an t-ionsaí a rinne sé ar an Iaráin ar na mallaibh. Mar an gcéanna le daoine mar Linda Ervine, is den tábhacht é go gcluinfidh an tUachtarán éagsúlacht guthanna.

Ní hé seo an chéad uair a ceapadh daoine ón tuaisceart ar eagrais ó dheas, ar ndóigh, agus tuigimid nach bhfuil an oiread sin cumhachta ag an Uachtarán ach is léir go bhfuil fís aici don tír agus nach bhfuil drogall uirthi an leas is mó a bhaint as a cuid cumhachtaí ar leas na tíre. Is é an dúshlán a bheas roimh an phobal fhorásach amach anseo ná an obair a dhéanamh go bhfíorófar an fhís sin.

Níos mó

Ainmnithe Ghradaim NÓS 2026: Múlú

Leanann ár sraith prófílí ar ainmnithe Ghradaim NÓS 2026 ar aghaidh leis an amhránaí agus fliúiteadóir Múlú.

Tá Múlú ainmnithe do Cheoltóir Aonair na Bliana agus Amhrán na Bliana as a hamhrán ‘Is Locht Ormsa É’ a chuir sí amach leis an bhanna Le Chéile. Labhair sí linn faoina haistear ceoil, faoi bheith ina ball de na grúpaí ceoil Huartan agus BIIRD, agus faoina pleananna mar cheoltóir aonair amach anseo. 

Beidh Gradaim NÓS 2026 ar siúl ar an 16 Bealtaine sa Black Box, Béal Feirste.

Níos mó

Feirm Phobail San Séamas

Bunaíodh Feirm Phobail San Séamas sa bhliain 2015 chun spás glas a chur ar fáil don phobail áitiúil i gceantar na bhFál.

Bíonn níos mó na 30 oibrí dheonacha ag cuidiú leis an fheirm faoi stiúir Damian ‘Limbo’ Lindsay, bainisteoir agus bunaitheoir na feirme. 

Thug Meon Eile cuairt ar an fheirm agus bhí seans againn labhairt le Limbo é féin faoin dóigh ar thosaigh an togra seo agus faoi thábhacht na hathchúrsála i bhfeidhmiú na feirme go laethúil.

Is í Anthea Nig Uidhir ceann de na hoibrithe deonacha ar an fheirm. Thosaigh sí ag obair go deonach leis an fheirm le cuidiú ón eagraíocht GaelChúrsaí agus í ar Choláiste Feirste. Labhair Anthea linn faoi na rudaí is fearr léi faoin fheirm.

Bíonn an fheirm ar oscailt don phobal agus saor in aisce idir an Mháirt agus an Satharn 10:00-15:00. 

Níos mó

Bliots Liathróid Láimhe eagraithe ag CLG Laochra Loch Lao

Cuireadh bliots liathróid láimhe ar siúl do Ghaelscoileanna timpeall Bhéal Feirste ar na mallaibh in Iarthar Bhéal Feirste, eagraithe ag CLG Laochra Loch Lao. 

Gaelscoileanna i mBéal Feirste a ghlac páirt sa lá spraíúil spleodrach i gcúirt Ard na Carraige i Spórtlann na hÉireann. Bhí daltaí Scoil na Fuiseoige, Gaelscoil na Móna, Scoil an Droichid, Gaelscoil na bhFál, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Gaelscoil an Lonnáin agus Bunscoil Phobal Feirste uilig i láthair le páirt a ghlacadh sa bhliots.

D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid, áit ar labhair muid le Bainisteoir Forbartha Cumainn agus Cluiche Laochra Loch Lao, Damian Mac Ailín, le múinteoir de chuid Bhunscoil Phobal Feirste, Gearóid Mac Seáin agus le beirt daltaí ó Ghaelscoil na bhFál a bhain an-sult as an lá, Fiachra agus Caragh.  

Eagraíodh an t-imeacht seo mar chuid de cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2026. 

Níos mó

Ionad Hind Rajab

Laura Heeney

Is í Iosrael an chúis is mó le bás páistí in Gaza ó 2023 i leith; mharaigh siad níos mó ná 21,000 paiste ó mhí Dheireadh Fómhair, 2023. 

Maraítear páiste amháin gach uair a chloig.

Tá níos mó paistí a bhfuil teasach orthu in Gaza ná mar atá in áit ar bith eile ar domhan.

Is fíricí mar seo a thiomáin Adam Doyle le tús a chur lena chuid oibre mar ealaíontóir polaitiúil ar son na Palaistíne faoin ainm Spicebag.

Ó 2024, tá scairfeanna glasa agus oráiste Spicebag agus An Phalaistín scríofa orthu le feiceáil achan áit.

Deartha ag Adam chun airgead a bhailiú ar son mhuintir na Palaistíne, anois, agus €10,000 bailithe, tá Doyle i ndiaidh tús a chur le togra úr.

I mí Eanáir na bliana seo, osclaíodh Ionad Hind Rajab i gceantar Al-Mawasi in Gaza, gar do Khan Younis ar bhonn oifigiúil.

Ó shin i leith, tá níos mó ná 80 páiste cláraithe agus iad ag freastal ar na seirbhísí iontacha atá á gcur ar fáil ag an ionad.

Ní hamháin go bhfreastalaíonn an t-ionad ar riachtanais bhunúsacha na bpáistí ar nós bia agus uisce ach anuas air sin, tá Ionad Hind Rajab tiomanta chun spás sábháilte, suaimhneach agus spreagúil a chruthú do pháistí trí sheirbhísí sláinte, ceardlanna ealaíne agus tacaíocht shíceashóisialta.

Tá an pobal ag obair ar an talamh in Gaza leis na páistí, ag reáchtáil na ranganna agus ag tacú leo.

In 2024, tharraing glór scanraithe Hind Rajab aird dhomhanda nuair a d’fhoghlaim daoine faoin uafás a tharla.

Agus í léi féin, a hathair, a máthair agus col ceathrar léi marbh sa charr ina raibh sí, d’éirigh leis an chailín sé bliana d’aois dul ar ghuthán póca agus labhairt leis na seirbhísí éigeandála, ag impí orthu í a tharrtháil i ndiaidh ionsaí a rinne Iosrael ar an 29 Eanáir 2024.

Sa deireadh, maraíodh Hind, in éineacht lena teaghlach agus na hoibrithe éigeandála a rinne iarracht ghaisciúil í a shábháil.

Chonacthas 335 poll piléar sa charr.

 

Bhí a scéal i mbéal an phobail ag an am agus chuaigh an scannán coscrach The Voice of Hind Rajab go mór i bhfeidhm ar dhaoine.

Is siombail anois í Hind bheag agus a glór de ghuth na bPalaistíneach ar fad agus iad ag iarraidh tarrthála ón uafás leanúnach ina bhfuil siad.

Is é tragóid scéal Hind tragóid na mílte daoine neamhurchóideacha eile sa Phalaistín.

Le bunú Ionad Hind Rajab, cuimhnítear uirthi, ar a hainm, ar a teaghlach agus ar na céadta mílte daoinetimpeall an domhain atá cosúil leo.

Is scéal é a spreag Adam Doyle, atá 29 bliain d’aois as Cill Mhantáin, agus i gcuideachta leis an Dignity forPalestinians Campaign, chinn sé ar ghníomhú ar son na cúise seo.

“Ó 1998 i leith, tá daoine in Éirinn beannaithe go bhfuil siad ina gcónaí i dtír atá síochánta,” ar sé.

“Táimidne ag Ionad Hind Rajab ag baint úsáid as an phribhléid sin chun cuidiú le páistí nach raibh lá amháin síochána acu ó Dheireadh Fómhair 2023.

“Tá na paistí in Gaza ag fulaingt i mbealach nár cheart go mbeadh duine ar bith fulaingt.

“Tá Ionad Hind Rajab ainmnithe ina honóir agus tá súil againn an spás a thabhairt do pháistí a bheith ag súgradh, ag foghlaim agus ag fás go sábháilte, deis nach raibh ag Hind, agus ag na deicheanna de mhílte eile.

“Tá sé mar aidhm againn an deis sin a thabhairt dóibh agus gach iarracht a dhéanamh tacú leo ina gcuid oideachais, cothú, forbairt phearsanta agus meabhairshláinte,” arsa Adam.

Anois, tá airgead á bhailiú chun an dara seomra ranga a thógáil leis an ionad a fhorbairt do na páistí atá i gcruachás. Tá geansaithe peile le patrún eangaigh agus keffiyeh ar díol agus scairf na Palaistíne ar shuíomh spicebagmerch.com.

Is togra tiomsaithe airgid iad na geansaithe agus scairfeanna seo agus téann an brabús ar fad díreach chun tacú le hIonad Hind Rajab.

Cuidíonn gach ceannach le hacmhainní riachtanacha agus cláir a mhaoiniú a dhéanann fíordhifríocht ar an talamh. Is féidir le daoine síntiúis a thabhairt go díreach tríd an tsuíomh fosta ar ionadhindrajab.org

Níos mó

Ceardlanna DJ le Cairbre Ó Cairealláin

Cuireadh tús le sraith ceardlann ar an dioscmharcaíocht, atá á héascú ag Cairbre Ó Cairealláin, in Áras Raidió Fáilte Dé Sathairn seo caite. 

Bhí ceardlann eile ar siúl Dé Domhnaigh agus beidh an dá cheardlann dheireanacha ag titim amach an deireadh seachtaine seo. Is é sprioc na gceardlann ná go mbeidh an ábaltacht agus an mhuinín ag na foghlaimeoirí a seiteanna féin a sheinm do shlua cairde le linn oíche cheiliúrtha ag deireadh an chúrsa.

Labhair Meon Eile le Cairbre, atá ina dhioscmharcach le roinnt blianta agus an t-ainm stáitse ‘Signor Bari’ air, faoin chúrsa agus faoin tairbhe a bhaineann sé féin as bheith ina DJ. Labhair Pól Ó Néill, Oifigeach Traenála Raidió Fáilte, faoin spreagadh taobh thiar den tsraith ceardlann seo, agus bhí aiseolas dearfach le roinnt ag April Ní Ír, atá cláraithe mar fhoghlaimeoir.

Níos mó

Craobh Abair 2026

Chruinnigh daltaí meánscoile le chéile in Aonach Mhacha, Ard Mhacha do chraobh an chomórtais caint phoiblí, Abair. Is é Gael Linn a eagraíonn Abair agus bhí scoth na gcainteoirí le feiceáil agus le cluinstin ar an lá.

Ba é Ruairí Ó Donnáin duine de na moltóirí ar an chraobh agus labhair sé linn faoin tsárchaighdeán i measc na scoláirí agus an réimse leathan ábhar a bhí ann. Bhí idir cúrsaí reatha, eacnamaíochta, agus polaitíochta á bplé ag na cainteoirí.

Labhair Meon Eile le Póilín Uí Cheannabháin, Feidhmeannach Oideachais le Gael Linn faoin dóigh ar athraigh Abair ó thosaigh sé 28 bliain ó shin. Ón ábhar a phléann na daltaí go dtí an méadú mór i líon na ndaoine agus scoileanna a ghlacann páirt ann, is léir go bhfuil Abair ag fás agus ag forbairt go tréan bliain i ndiaidh bliana.

Seo thíos buaiteoirí Chraobh Abair 2026: 

Roinn A

1 Áit: Dearbhaile Kerr – Coláiste an Déin Mhig Oirc

2 hÁit: Harry Ó Cléirigh – Coláiste Mhuire, Dún Dealgan

Roinn B

1 Áit:  Aiyanna Mildner – Pobalscoil Ghaoth Dobhair 

2 hÁit: Máire Áine Nic Giolla Bhríde – Acadamh Naomh Pádraig

Roinn C

1 Áit: Ethan Ó hAnrachtaigh – Acadamh Naomh Pádraig

2 hÁit: Luke Ó Catháin – Scoil na mBráithre Críostaí, An Ómaigh

Roinn D

1 Áit: Shola Ní Riáin – Pobalscoil Ghaoth Dobhair

2 hÁit: Annie Rís – Coláiste Chaitríona

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta