Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: David

Ceardlann ‘Ceol na hAfraice’ le Wilson Magwere

Bhí Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste lán de bhrí an cheoil oíche Dé hAoine agus ceardlann ‘Ceol na hAfraice’ á héascú ag Wilson Magwere. 

D’eagraigh Ceathrú Cheoil na bhFál an t-imeacht mar chuid dá Fleadh Fringe, sraith imeachtaí ceolmhara a cuireadh le chéile le sceitimíní a mhéadú i measc an phobail agus Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Béal Feirste ag tús mhí Lúnasa. 

Cuireadh fáilte roimh chách, idir óg agus aosta, le páirt a ghlacadh sa cheardlann. Ní hamháin go bhfuair a raibh i láthair blaiseadh de roinnt uirlisí ar nós an djembe agus an mbira, ach mhúin Wilson – arb as an tSiombáib ó dhúchas dó – píosa dóibh faoi chultúr agus stair a thíre. Ba í an phríomhtheachtaireacht a bhí á scaipeadh ag Wilson le linn na ceardlainne ná gur daoine uilig muid, cibé dath craicinn atá orainn.

Labhair Brian Mac An tSionnaigh ó Ionad Uíbh Eachach linn faoin cheardlann agus faoi na cúiseanna ar cuireadh ar siúl í. Chuala muid ó bheirt, Nina agus Cian, a bhí páirteach sa cheardlann fosta.

Níos mó

Camino Mhacha ar siúl don cheathrú bliain as a chéile

Beidh Camino Mhacha, lá mór tiomsaithe airgid ar son an ionaid Gaeilge agus cultúir, Aonach Mhacha, ar siúl don cheathrú bliain as a chéile, Dé Domhnaigh, an 23 Lúnasa. Tosnóidh an tsiúlóid 25 míle ag Tí Chulainn ar an Mhullach Bán in Ard Mhacha Theas, agus críochnóidh sé ag Aonach Mhacha i lár na Cathrach.

Beidh an tsiúlóid áirithe seo, ‘Turas na Tána, i gcuimhne ar fhear áitiúil, Mattie Lennon, a fuair bás mí Eanáir na bliana seo. Rith sé Camino Mhacha faoi dhó agus bhí sé ina chóitseálaí ar neart foirne iománaíochta agus peile.

Tá fáilte is fiche roimh dhuine ar bith freastal ar an ócáid agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge i gCathair Ard Mhacha. Ba cheart go mbeadh an ghrian ag soilsiú fosta!

Is féidir clárú do Chamino Mhacha 2026 agus tuilleadh eolais a fháil faoin lá speisialta spreagúil anseo.

Níos mó

Margadh Bróid leis an Queer Celtic Collective

Bhailigh gnólachtaí le chéile i Spórtlann na hÉireann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, ar na mallaibh chun Margadh Bróid a chur ar siúl i gcomhar leis an chlub CLG Aeracha Uladh. An sprioc a bhí leis an mhargadh ná maoiniú a bhailiú don chlub.

Is é Aeracha Uladh an chéad agus an t-aon chlub CLG LADTA+ i gCúige Uladh go dtí seo. Shocraigh siad, in éineacht leis an Queer Celtic Collective, margadh a bhur ar bun do Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta. 

D’éirigh chomh maith sin leis an chéad eagrán den mhargadh go raibh siad ag iarraidh ceann eile a dhéanamh agus muid ag teacht i dtreo Bród Bhéal Feirste, a bheas ag titim amach ar an 25 Iúil.

Labhair Meon Eile le chuid de na gnólachtaí a bhí i láthair ar an lá. Bhí Aisling Ní Loideáin ann ón Cheathrú Póilí, siopa leabhar Gaeilge atá lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Mhol sí an obair a rinne Aeracha Uladh ar an lá le spás sábháilte oscailte a chruthú don phobal LADTA+ i mBéal Feirste.

Bhí Aoife Nic an tSaoir ó Kitsch Sisters ann, grúpa a chuireann ceardlanna ceardaíochta ar siúl agus a chruthaíonn seodra agus ealaín. Dúirt sí go bhfuil tábhacht le himeachtaí ar nós an mhargaidh seo le go dtig le daoine agus gnólachtaí Feirsteacha theacht le chéile agus aithne a chur ar a chéile.

Labhair Anton McCarthy linn, fear atá ag imirt le hAeracha Uladh le bliain anois, faoin atmaisféar dearfach a bhíonn ann sa chumann agus an pobal atá á chruthú acu.

Is í Nuala Finch eagraí Queer Celtic Collective agus Cathaoirleach ar Bhord Aeracha Uladh. Bhí sí thar a bheith sásta leis an rath a bhí ar an lá agus d’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhaineann le dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal LADTA+, agus cúis na Palaistíne, mar a bhí Palestine Drinks agus Máithreacha in éadan an Chinedhíothaithe i láthair ag an mhargadh chomh maith. 

Níos mó

Éire v Iosrael: An seasfaidh an FAI lena chinneadh?

Laura Ní Aoidhne

Lá i ndiaidh lae, tá an brú ar an FAI ag méadú. Tá feachtas ag iarraidh cluichí na hÉireann in aghaidh Iosrael a chur ar ceal ach ba mhian leis an eagraíocht pionóis idirnáisiúnta a sheachaint.

Tá cinneadh amháin déanta acu cheana féin ach b’fhéidir go mbeidh orthu ceann eile a dhéanamh i bhfianaise an fheachtais atá ag bailiú nirt.

Cé go bhfuil dualgais agus rialacha idirnáisiúnta le cur san áireamh ag an FAI, tá argóint ann atá ag éirí níos láidre gur cheart don eagraíocht éisteacht leis an dearcadh atá ag teacht chun cinn i measc a cuid ball agus sa phobal níos leithne.

Bhí foireann sacair na hÉireann sceidealaithe chun aghaidh a thabhairt ar Iosrael i Staid Aviva, trí bliana i ndiaidh ionsaithe Hamas i mí Dheireadh Fómhair 2023. Mar thoradh ar an bhrú poiblí agus polaitiúil ar an FAI gan an cluiche a imirt agus gan fáilte a chur roimh fhoireann Iosrael in Éirinn, imreofar an cluiche san Ungair anois, ionad neodrach. Tá cluiche eile idir an dá fhoireann le himirt i mí Mheán Fómhair ag ionad neodrach chomh maith.

Faoi rialacha UEFA agus FIFA, d’fhéadfadh pionóis spóirt nó airgeadais teacht as diúltú cluiche a imirt. Faoi láthair tá an FAI ag iarraidh gníomh smachtaithe ná dícháiliú a sheachaint agus iad ag cur in aghaidh na hachainí agus na bhfeachtas atá ar bun chun an cluiche a chur ar ceal nó é a bhaghcatáil. Níl siad sásta aon bhaol a chruthú do rannpháirtíocht na hÉireann in Euro 2028. Ar deireadh shocraigh an FAI ar chomhréiteach de chineál agus an cluiche a bhogadh amach as Éirinn. Mar sin féin tá tacaíocht fhorleathan taobh thiar den fheachtas #StopTheGame, le polaiteoirí, an pobal i gcoitinne agus daoine mór le rá i saol an tsacair – iarbhainisteoir Phoblacht na hÉireann Brian Kerr, cuir i gcás – ag labhairt amach ar a shon. Léirigh suirbhé a rinne PFA Ireland go raibh formhór na n-imreoirí i Sraith na hEireann den tuairim nár cheart an cluiche a reáchtáil, ar bhonn morálta.

Tá daoine eile den bharúil gur cheart don FAI a chuid dualgas idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus nár chóir don pholaitíocht a bheith ag cur isteach ar imeachtaí spóirt.

Tá cluichí in aghaidh Iosrael sceidealaithe ag an Chosaiv agus ag an Ostair fosta. Go dtí seo, áfach, níl an leibhéal céanna agóide le sonrú sna tíortha sin agus atá in Éirinn. Tuigtear nach mbeidh aon Aire atá freagrach as cúrsaí spóirt in Éirinn ag freastal ar na cluichí iad féin ach tá sé ráite ag an Aire Stáit Charlie McConalogue – agus é ag míniú go dtacaíonn an rialtas le cinneadh an FAI – go bhfuil Éire ag iarraidh ceannaireacht idirnáisiúnta a léiriú maidir leis an cheist. Tá cuid de lucht an fheachtais ag maíomh go gciallódh an cheannaireacht sin go n-imreofaí na cluichí.

Chuir Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta rún os comhair na Dála ag impí ar an rialtas – Fianna Fáil, Fine Gael agus an seisear polaiteoirí neamhspleácha a sheasann leo – tacú le baghcat ar na cluichí. Diúltaíodh do rún, áfach, agus tá an rialtas ag cloí leis an teachtaireacht gur le Bord an FAI an cinneadh.

De réir mar a mhéadaíonn an brú polaitiúil agus poiblí, tá gach seans ann go mbeidh ar an eagraíocht a léiriú cad é an rud is tábhachtaí di.

Tá lucht an fheachtais ag rá nach leor na cluichí a bhogadh agus, go simplí, tá daoine ag iarraidh go gcuirfear na cluichí ar ceal. An gcloífidh an FAI go docht le rialacha an spóirt idirnáisiúnta nó an bhfreagróidh sí na glaonna i leith luachanna morálta atá ag teacht óna cuid ball agus ón phobal trí chéile?

Níos mó

Cúig Bliana de ‘Campa Banna’ i nDoire

Cuireadh clabhsúr iontach leis an chúigiú bliain de Campa Banna’ i gCultúrlann Uí Chanáin, Cathair Dhoire, ar na mallaibh. I ndiaidh ceithre lá ag foghlaim agus ag cumadh amhrán, chuir daltaí an champa – a bhí idir 11-18 mbliana daois ceolchoirm phroifisiúnta i láthair an lucht féachana.

Le linn an champa bhí ranganna agus ceardlanna ag na daltaí agus deis acu scileanna éagsúla a fhoghlaim amhail an amhránaíocht, an scríbhneoireacht, agus an dóigh chun iad féin a chur i láthair lucht féachana beo.

Is é Ryan Harling an Comordaitheoir Ealaíne sa Chultúrlann agus labhair sé linn faoin sprioc a bhí ag an eagraíocht ceoltóirí óga a spreagadh. Mothaíonn sé thar a bheith bródúil fosta as an mhéid fáis agus forbartha a chonaic sé sna daltaí idir a scileanna ceoil agus an mhuinín sacu.

Labhair Meon Eile le cuid de na ceoltóirí óga seo faoin sult a bhain siad as an champa, agus na cuimhní cinn agus cairde a rinne siad lena linn.

Níos mó

Féile Shamhraidh Chlub Chonradh na Gaeilge

Bhailigh scaifte Gael le chéile i Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite le freastal ar Fhéile Shamhraidh Chlub Chonradh na Gaeilge.

Chuirtí an fhéile seo ar siúl go bliantúil sa Chlub ag 6 Sráid Fhearchair ach anois go bhfuil an foirgneamh druidte go sealadach agus athchóiriú á dhéanamh air, reáchtáiltear imeachtaí an Chlub in áiteanna éagsúla timpeall na cathrach. Ar lá breá brothallach mar a bhí ann Dé Sathairn, ní raibh áit ní b’fhearr ná páirc amuigh faoin ghrian le himeacht mar seo a chur ar siúl.

Ghlac a raibh i láthair páirt i gceardlann amhránaíochta le hAoife Ní Dhiarmada agus Aideen McQueen, agus bhí ceol traidisiúnta le cluinstin ina dhiaidh sin. Thapaigh roinnt daoine an deis pictiúr a chruthú mar chuid de sheisiún Péint agus Prosecco, agus bhí roinnt eile sásta suí siar agus solas na gréine a shú isteach.

D’inis Cara Jane Nic Giolla Chomhaill, Oifigeach Caidrimh Phoiblí Chlub Chonradh na Gaeilge, dúinn faoin fhéile agus faoin tábhacht a bhaineann leis an Chlub a choinneáil ar an fhód agus an foirgneamh druidte.

Níos mó

Scéim Samhraidh Bhoirche Íochtar

D’fhreastail breis agus 120 páiste ar Scéim Samhraidh Bhoirche Íochtar an tseachtain seo caite agus an ghrian ag soilsiú ó Luan go hAoine. Cuireadh scoth na n-imeachtaí ar siúl do pháistí naíscoile agus bunscoile as gach cearn de Chontae an Dúin, iad siúd a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Béarla araon.

Cuireadh an scéim ar bun den chéad uair in 1981 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tugtar deis do gach uile pháiste timpeall na contae freastal ar an tseachtain spreagúil sultmhar. Go stairiúil, ba é an scéim samhraidh an t-imeacht ba mhó a bhí ar fhéilire Chonradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar agus tá an teachtaireacht thábhachtach chéanna ag na heagraithe go fóill: gur phobal iad atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus ag tabhairt deiseanna do gach páiste, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa.

Le linn na seachtaine, tugadh neart deiseanna do na páistí an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, trí spórt, ceol, ealaíon, drámaíocht, damhsa agus cluichí. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl gach maidin, áit a mbíonn an seans ag na múinteoirí an teanga a spreagadh ar bhealaí sultmhara.

Tá éileamh ann don teanga i gContae an Dúinn, agus bhí i gcónaí. Léiríonn éachtaí mar seo, mar aon leis na clubanna óige, imeachtaí teaghlaigh agus seirbhísí eile a chuireann Boirche Íochtar ar fáil don mhórphobal, gur fiú deiseanna éagsúla a thabhairt don aos óg, teaghlaigh agus daoine óga, blaiseadh a fháil den chultúr, den teanga agus den phobal Ghaelach.

Is i nGaelscoil na mBeann, Cill Chaoil, a bhíonn an scéim lonnaithe agus is scoil í a bhfuil fás agus forbairt nach beag tagtha uirthi le tamall de bhlianta. Agus nuair a chuirtear san áireamh an rath ar scéim Ghael Linn, Scoil Spreagtha, sna bunscoileanna áitiúla Béarla fosta, is léir go bhfuil tábhacht ar leith leis an obair leanúnach atá Conradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar a dhéanamh le haos óg an cheantair

Níos mó

An ‘Dó’ Lá Déag: cá huair a chuirfear an dlí i bhfeidhm?

Jack Mac Íomhair

Básanna. Tithe dóite. Samhlacha fuatha curtha ar thinte cnámh. Dóibh siúd a bhfuil taithí acu ar an dóú lá déag ó thuaidh, ní iontas iad na rudaí thuasluaite.

Gach bliain, daoine atá ina gcónaí sna sé chontae nach nglacann páirt sa cheiliúradh, bíonn siad cleachtaithe le fanacht sa teach nó, mar a dhéanann cuid mhór daoine, imíonn siad ar shiúl ar saoire.

Thosaigh ceiliúradh an dóú lá déag siar sa 18ú haois agus tháinig fás mór air ó shin i leith. Ar dtús ba chomóradh ar Chath Eachroma a bhí ann, ach níos déanaí san 18ú haois tháinig Cath na Bóinne chun cinn mar bhuaicphointe na féile.

Bíonn mórshiúlta i gcroílár na n-imeachtaí agus baineann go leor conspóide leo féin fosta. Ní gá ach amharc ar Dhroim Crí agus ar an Ormeau Íochtair chun léiriú a fháil ar an dóigh a raibh cúrsaí tráth. Tá feabhas tagtha ar an ghné seo den lá áfach, go háirithe ó tháinig Coimisiún na Mórshiúlta i bhfeidhm.

Agus cé go mbíonn roinnt iompraíochta frithshóisialta ag na mórshiúlta go fóill, tá obair ar bun chun dul i ngleic leis.

Sa lá atá inniu ann mar sin is é an rud is conspóidí faoin dóú lá déag ná na tinte cnámh a dhóitear an oíche roimhe (nó mar a bhí i mbliana in áiteanna, an oíche roimhe sin arís fiú).

Arís eile, tá obair ar bun chun dul i ngleic leis na breochairn scáfara seo agus rabhcháin bheaga a lasadh ina n-áit, rud atá níos sábháilte.

Ach in ainneoin na hoibre sin, tchítear fós na tinte cnámh ollmhóra lasta gach bliain. I mbliana fuair fear a bhí sna 40idí bás i ndiaidh dó titim de thine chnámh in Oirthear Bhéal Feirste. Tá dualgas ar cheannairí aontachtacha seasamh a ghlacadh chun daoine a choinneáil sábháilte ag na tinte cnámh.

Chonaic muid i mbliana fosta dhá theach iomlána scriosta ag tine in Inis Glas, in aice le Carraig Fhearghais, agus fear aosta agus a bhean chéile fágtha gan teach agus a gcuimhní scriosta de bharr na tine. Dúirt an fear, Davy Haighton, go raibh siad ina gcónaí ansin le 56 bliana.

Chomh maith leis sin, i nDoire, ag Tulach Aille, cuireadh dhá charr trí thine agus tá fiosrúchán ar bun ag na póilíní maidir lenar tharla.

Mar fhreagra ar na heachtraí seo, dúirt Jon Burrows, Ceannaire an UUP, nár chóir “quango” a chruthú chun na tinte cnámh a dhéanamh níos sábháilte ach go bhfuil bealaí ann cheana féin agus caithfear plé leo ar dhóigh níos fearr. Dúirt sé go bhfuil rannpháirtíocht luath de dhíth idir na póilíní agus na seirbhísí dóiteáin agus tógálaithe na dtinte cnámh, agus gur gá an dlí a chur i bhfeidhm má bhíonn fadhb ann le tine chnámh mar gheall ar an mhéid atá crochta air agus ar an áit a bhfuil sé.

Ach an oibreoidh aon chuid de na moltaí seo? Agus cad faoi na samhlacha fuatha a fheictear orthu gach bliain?

Tharla sé anuraidh gur lasadh tine chnámh ar shuíomh a raibh aispeist ann i nDeisceart Bhéal Feirste, agus bhí fós píosaí d’aispeist ar an suíomh i mbliana. Bhí anonn is anall ann maidir leis an tine chnámh áirithe seo agus níor cuireadh an dlí i bhfeidhm ar deireadh. Mar sin, cén dóigh is féidir forfheidhmiú a dhéanamh maidir leis na tinte cnámha trí chéile?

Agus an cheist nár fhreagair Burrows ná cad é mar a rachfaí i ngleic leis na tinte cnámh a mbíonn teachtaireachtaí fuatha orthu.

Lasadh an tine chnámh i Maigh gCaisil, Contae Thír Eoghain, go luath agus mosc ar a bharr. Chomh maith leis sin, chonacthas roinnt teachtaireachtaí frithimirceach agus frith-Ioslamach ar fud Bhéal Feirste, mar aon le samhlacha den bhanna Kneecap ar Phas Dhún na nGall sa chathair.

Agus an costas mór a bhaineann le hoícheanta an aonú lá déag agus an dóú lá déag, níl sé sin curtha san áireamh sa mhéid sin fiú. Fuair an tseirbhís dóiteáin sna sé chontae 303 glaoch éigeandála thar oíche ar an aonú lá déag. Bíonn costas £1,401,765 bainteach leis na hoibríochtaí póilíneachta ar an dóú lá déag, agus dúirt an Feidhmeannas Tithíochta sna sé chontae gur chaith siad níos mó ná £1.4m le ceithre bliana anuas ar an ghlanadh suas i ndiaidh na hoíche.

Is ann don cheist i gcónaí mar sin: mura gcuirfear an dlí i bhfeidhm mar is ceart, cá rachaidh muid as seo?

Níos mó

An tábhacht le spásanna sábháilte lenár mothúcháin a mhothú

Katie Saoidhbh McGreal

Blianta ó shin, dúirt mo mháthair liom gur mhothaigh mé rudaí ar bhealach an-domhain. Tá an ceart aici. Mothaím gach rud go domhain agus bím ag caoineadh go minic. Is minic a shíltear gur drochrud é sin agus bhí mo mháthair ag iarraidh orm stop a chur leis agus an cnaipe sin a chasadh as. Níl cnaipe ann, áfach, cé go ndeachaigh mé sa tóir air ar feadh na mblianta.  

Thóg mé an tuairim sin ar bord ar dtús. “Is drochrud iad mo chuid mothúchán” a dúirt mé liom féin go minic agus chreid mé é ar feadh i bhfad. Ach níor stop na deora, ní raibh ann ach gur scaoil mé leo nuair a bhí mé liom féin nó in áit éigin nach raibh aithne agam ar dhaoine: caiféanna, siopaí, McDonald’s sa tSín fiú. Gach uair a chaoin mé, bhí náire orm. Chreid mé gur drochrud a bhí ann.

Dé Luain seo caite, chaoin mé le duine a bhfuil aithne agam orthu le níos lú ná bliain agus thug siad barróg dom. Níor léirigh siad déistin ná gráin, díreach gur thug siad barróg dom agus lig siad dom labhairt. D’éist siad. Níor athraigh siad aon rud ach mhothaigh mé níos fearr ina dhiaidh.

Anois, tá mé ag smaoineamh nach iad na mothúcháin dhoimhne a bhí agam an fhadhb ach go raibh mé á mothú sna háiteanna míchearta.

Ní daoine iad mo thuismitheoirí a léiríonn mórán mhothúchán. Is cuimhin liom m’athair agus mo mháthair ag pógadh uair amháin. Níor dhúirt ceachtar acu liom riamh go raibh grá acu dom. B’fhéidir go bhfuair mé cúig bharróg uathu i rith mo shaoil.

Thuig mé ó bhí mé an-óg nach áit shábháilte é an baile le bheith ag caoineadh nó le bheith ag léiriú mothúchán. B’fhearr liom caoineadh ar an tsráid ag siúl áit éigin nó i gcaifé agus strainséirí thart orm.

Ach le míonna beaga anuas, bím ag freastal ar ionad ióga anseo in A Coruña agus is ann a d’fhoghlaim mé go bhfuil cead agam mo mhothúcháin a mhothú. Ní drochrudaí iad agus níl aon rud cearr liom nó leo, díreach roimhe seo go raibh mé ag iarraidh cabhair ar dhaoine nach raibh ábalta a bheith liom agus mé á mothú.

An rud atá i gceist le mothúcháin ná fuinneamh sa cholainn, fuinneamh atá ag iarraidh rud éigin a insint dúinn. Mar shampla, má tá brón ort tá an brón sin ag rá leat gur tharla rud éigin agus nach bhfuil tú sásta leis. Nó má bhíonn fearg ort, léiríonn sin duit gur tharla rud éigin nach bhfuil cothrom. Má ligeann muid dúinn féin na mothúcháin sin a mhothú, imíonn siad uainn, i ndiaidh dóibh ceacht éigin a mhúineadh dúinn nó rud éigin a thaispeáint dúinn.

Mar shampla, Dé Luain seo caite, bhí mé ag caoineadh mar go raibh brón orm. Níl caidreamh agam le mo mháthair agus b’in ba chúis leis an mbrón. Nuair a d’fhiafraigh duine orm céard a bhí ag cur as dom agus céard a bhí mé ag mothú, dúirt mé leis gur airigh mé mo mháthair uaim agus thosaigh mé ag caoineadh. Thug sé barróg dom agus lig sé dom a bheith brónach. Ní drochrud é ar ndóigh, díreach an mothúchán a bhí agam ag an am sin.

Muna mbraitheann muid ár mothúcháin, fanann siad ionann. Bíonn siad ann i gcónaí. Feiceann muid é go minic nuair a phléascann duine éigin agus neart feirge orthu. An rud atá tar éis tarlú go minic ná go raibh fearg orthu faoi rud eile agus níor phróiseáil siad é, agus mar sin de nuair a tharla eachtra eile a chuir fearg orthu, bhí mothúchán breise ann ar a bharr.

Mar sin, má bhíonn tú ag iarraidh do chuid mothúchán a mhothú nó a scaoileadh uait mar is ceart, mholfainn duit smaoineamh ar áit a mothaíonn tú compordach. B’fhéidir gur leat féin a bheidh tú nó b’fhéidir go bhfuil daoine i do shaol ar féidir leat a bheith oscailte leo. Bí airdeallach ar na háiteanna sin nó ar na daoine sin i do shaol agus ansin, an chéad uair eile a chaithfidh tú caoineadh, beidh a fhios agat cén áit ar féidir leat dul.

Níos mó

Oíche ar son na Liobáine

Cuireadh imeacht tiomsaithe airgid ar siúl ar son na Liobáine Dé Domhnaigh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.

Bhí idir cheol agus chultúr na hAraibise agus na hÉireann le cloisteáil beo ar an oíche, chomh maith le filíocht, óráidí agus damhsa Dabke. Cuireadh crannchur ar bun fosta agus i measc na nduaiseanna bhí ‘PalDrinks’, saothair ealaíne, milseáin Arabacha agus dearbhán don bhialann Umi Falafel.

Sheinn fear ón Phalaistín, Abdelalaziz AbuShark, ar an qanun, uirlis thraidisiúnta ar a bhfuil 78 dtéad. Chas roinnt daoine ceol Gaelach agus chuir Mustafa Alsaida as an Phalaistín damhsa Dabke i láthair, rud a chuir go mór leis an oíche. 

Is ar son an Red Cross sa Liobáin, agus roinnt grúpaí paraimhíochaineoirí atá ar an talamh i rith an ama, a bailíodh an t-airgead ar an oíche. Go dtí seo, bailíodh beagnach £2000 ón oíche.

Níos mó

Éigse Loch Lao 2026

Bhailigh scaifte le chéile ar champas Bhéal Feirste de chuid Ollscoil Uladh Déardaoin seo caite le freastal ar Éigse Loch Lao 2026, a reáchtálann an ollscoil agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain go bliantúil. 

Ba é an téama a roghnaíodh i mbliana ná ‘Príomhshruthú na Gaeilge sa Chóras Oideachais’. Chuala a raibh i láthair ó roinnt cainteoirí éagsúla faoi na dúshláin agus na deiseanna atá ag baint leis an Ghaelscolaíocht agus le múineadh agus foghlaim na Gaeilge i scoileanna Béarla i láthair na huaire. 

Labhair Meon Eile leis an Dr Gearóid Ó Domagáin, Stiúrthóir Éigse Loch Lao, faoi sprioc na hÉigse agus téama na bliana, agus rinne Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Oideachais Ghael Linn, agus Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, cur síos ar na cainteanna a thug siad le linn an lae.

Níos mó

Súil nua ar Thír Chonaill

Tugann Dubhán Ó Longán léargas dúinn ar an leabhar nua ‘Cuimhní Céid: Meaigí Eoghanaí Nic Pháidín’.

Tá clú agus cáil (agus mí-chlú agus droch-cháil) ar bheathaisnéisí na Gaeilge agus ar an phlé a dhéantar ar shaol na Gaeltachta iontu. Ó cheann ceann na tíre, scríobhadh fir agus mná na Gaeltachta tuairiscí faoin tsaol a chaitheadh siad ina mbaile féin agus ar shiúl sna cathracha móra, ar an Lagán (mar a cuireadh ar an cheantar ó oirthear Dhún na nGall isteach go lár agus oirthear Uladh), in Albain nó Meiriceá fiú, agus iad ag cuartú an airgid agus a saibhris (rud a léirigh siad go maith nach raibh ina gceantar féin). Tháinig go leor de na leabharthaí seo amach ag pointí éagsúla i rith na haoise seo caite.

I gCiarraí, bhí Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers, agus Muiris Ó Suilleabháin ann. Phléigh siad saol ar an Bhlascaod Mhór go príomha, saol a bhí an-éagsúil le saol mhuintir na cathrach. Is minic a dhéantar tagairtí do bhochtaineacht, saol simplí soineanta, agus go leor eile mar sin. Is minic sa lá atá inniu ann, ámh, daoine ag maíomh nach raibh siad chomh soineanta is a chuireadh siad in iúl. Agus ceap milleáin í Peig bhocht cuid mhaith den am agus daoine ag cur na lochta uirthi ar an ábhar nach bhfuil Gaeilge acu féin.

I dTír Chonaill, is é Rotha Mór an tSaoil an leabhar is clúití agus Micí Mac Gabhann ag plé a shaoil ó Dhoire Conaire go dtí an Lagán, go hAlbain, agus go Meiriceá sular phill sé ar a cheantar dúchais. Sampla eile ó na Conallaigh ná Scéal Hiúdaí Sheáinín agus go leor de na téamaí céanna ann.

Chomh cosúil lena chéile cuid de na leabharthaí seo gur chum Brian Ó Nualláin an t-aoirleabhar An Béal Bocht, é ag maíomh nach bhfuil sna leabharthaí seo ach an scéal céanna arís agus arís eile. Ach tuigeadh domh ar na mallaibh go bhfuil go leor le foghlaim ón memoirgo fóill.

Foilsíodh Cuimhní Céid: Meaigí Eoghanaí Nic Pháidín ar na mallaibh mar chuid den cheiliúradh agus céad bliain daois slánaithe aici. Tras-scríbhinn dagallamh a chuir Eoghan Mac Giolla Bhríde (ar leis Éabhlóid) agus Éamonn Mac Fhionnghaile uirthi atá sa leabhar seo.

Rugadh Meaigí Eoghanaí sa bhliain 1926 ar Inis Bó Finne, dhá mhíle ar shiúl ó chósta Dhún na nGall. Tá Meaigí píosa maith níos óige ná na faisnéiseoirí eile thuas. Ní hionann sin agus é a rá nár tháinig athruithe móra ar an tsaol ó shin nó nár chóir dúinn suim a chur sa scéal. Rud a rith liom agus an leabhar seo i mo lámha ná go bhfuil rud le foghlaim i gcónaí fán tsaol mar a bhí. Mar atá leis na húdair thuas, pléann sí turas chuig an Lagán agus í ar fostó, chomh maith le saol ginearálta ar an oileán. Bánaíodh Inis Bó Finne sna hochtóidí agus shocraigh sí síos ar an tír mór. Neamhchosúil leis na leabharthaí eile, fágann óige Mheaigí Eoghanaí (i gcomparáid leis na faisnéiseoirí eile) go bhfuil pictiúirí go leor idir an dá chlúdach anseo, rud a chuireann go mór le cur síos Mheaigí ar an tsaol. 

Pléann Meaigí Eoghanaí lena hóige, le caithimh aimsire, agus le cluichí ar an oileán. Agus muid ag gearán faoi dhaoine óga sa lá atá inniu ann, is fiú súil a chaitheamh ar chuid den diabhlaíocht a bhí ag na daoine ar an oileán seo fadó, iad ag goid agus ag bruith chearca an cheantair. Scot’ an t-ainm a chuireann sí ar an chluiche seo de ghoideadh na gcearc, cluiche nár chuala mé iomrá air go dtí seo. 

Ritheann sé liom, agus Meaigí Eoghanaí céad bliain daois anois, go bhfuil sí fada go leor (ó thaobh ama de) ón láthair go bhfuil ionraiceas ann, bfhéidir, nach mbeadh ann sna 1930idíagus na bailitheoirí béaloidis ag gabháil thart – tá cúpla uair sa leabhar seo ina n-insítear scéal greannmhar ach Meaigí rud inteacht cosúil le seans nár chóir domh an scéal seo a insint’ a rá ar dtús. Nach méanair dúinn gur mhothaigh sí suaimhneach go leor le fir na gceisteanna go bhfuil na scéalta sin againn?

Mar bhéaloideasóir, chuir mé féin an-suim sa phlé a dhéantar ar na nósanna nuair a fuair duine bás agus an plé ar Lá Fhéile Bhríde. Is iontach scéalta nua a fháil ón tréimhse sin a chuireann leis an méid atá ar https://www.duchas.ie/ga ar fáil i leabharthaí a foilsíodh roimhe. 

Leabhar inmholta é seo a thugann spléachadh chéad phearsa ar chuid den tír mar a bhí agus is fiú é a bheith ar an tseilf agat. Go maire tú an céad’ a deirtear go minic ag breithlá duine. Tá an t-éacht sin curtha de Mheaigí Eoghanaí Nic Pháidín ach go maire a scéal beo tríd an leabhar seo agus go maire ár ndúil sa tseanchas agus san oidhreacht.

Níos mó

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain go bláthú ó bhiain ó bliain

Seoladh an 26ú heagrán de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar na mallaibh, féile Ghaeilge, ealaíon, cheoil agus shiamsaíochta a bhíonn ar siúl in Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste.

D’fhreastail Meon Eile ar an seoladh Dé Céadaoin áit ar labhair muid le Dáithí Mac Uait, Oifigeach Ealaíon Gaeilge Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, atá an-bhródúil as fás agus forbairt na féile bliain i ndiaidh bliana.

Labhair muid fosta leis an cheoltóir aitheanta agus ball de Chleamairí Feirste, Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, agus le Proinsias Mac Giolla Guna atá ag freastal ar Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain le fada leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus le dul i mbun damhsa.

Cuireadh bia agus sólaistí ar fáil a bhuí le Caifé Ceoil, mar aon le siamsa ó Chleamairí Feirste. Labhair Dáithí agus a chomhghleacaí Ferdia Carson, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag an tseoladh.

Tosóidh an fhéile ar an 19 Iúil agus beidh idir cheardlanna ceoil agus amhránaíochta, cheolchoirmeacha, chainteanna agus siúlóidí ar siúl lena linn. Is féidir breathnú ar an chlár ina iomláine anseo.

Níos mó

15 bliana d’Fhéile Ghaeltacht Thír Eoghain

Tháinig Gaeilgeoirí de gach cumas le chéile i gCabhán an Chaorthainn, sráidbhaile i gContae Thír Eoghain, leis an 15ú bliain d’Féile Ghaeltacht Thír Eoghain a cheiliúradh.

Cúrsa Gaeilge trí lá atá san Fhéile a bhíonn lonnaithe achan bhliain in Institiúid Ceannasaíochta na hÉireann. Tugann sé deis d’fhoghlaimeoirí an teanga a chleachtadh agus nasc a dhéanamh le cainteoirí eile.

Thug Meon Eile cuairt ar an lá deiridh den chúrsa nuair a bhí bronnadh na dteastas ar siúl. Is tábhachtach an t-aitheantas é seo do na foghlaimeoirí agus iad i ndiaidh a muinín sa teanga a fhorbairt agus iarracht ollmhór a chur isteach le linn an chúrsa, mar a dúirt Caoimhe Nic Nia, a bhí ag teagasc an mheánranga.

Tá Comhairle Ceantair Lár Uladh ar na príomh-mhaoinitheoirí atá ag an Fhéile. Labhair muid le Cathaoirleach na Comhairle Deirdre Varsani a dúirt go bhfuil an fhéile seo thar a bheith fiúntach, go háirithe don phobal áitiúil i dTír Eoghain agus go bhfuil sí féin tiomanta úsáid na Gaeilge a spreagadh sa Chomhairle.

Níos mó

Coláiste Samhraidh Charn Tóchair

Bhí tús curtha le bliain eile de Choláiste Samhraidh Charn Tóchair an seachtain seo i Mhachaire Rátha, Contae DhoireBa mhór an spraoi a bhí ann idir Rang 1-3 agus iad ag ceol amhrán, ag imirt spóirt agus i mbun ealaíne

Is é an cumann pobail An Carn a réachtálann an Coláiste tríd an obair óige a dhéanann siadBíonn cuid mhaith Ceannairí Óga ag obair sa scéim agus iad ar an Chlár CeannasaíochtaLabhair muid le triúr acu agus d’inis siad dúinn faoin phaisean atá acu don obair óige agus faoin chaidreamh atá acu leis An Carn. 

Dúirt Ben Ó BaoilOifigeach Óige, gur deis iontach atá sa scéim do na déagóirí ar an chlár s’acu agus iad ag forbairt muiníne agus ag foghlaim níos  faoin obair óige

D’inis  dúinn fosta faoin tábhacht a bhaineann leis an scéim do na páistí agus iad anois ar saoire ón scoil. Is iomaí páiste atá ag freastal air nach bhfuil Gaeilge acu sa bhaile agus dar le Ben go dtugann an Coláiste Samhraidh deis dóibh an teanga a chleachtadh taobh amuigh den scoil. Tá Ben den tuairim go bhfuil níos mó deiseanna de dhíth ar pháistí óga a bheith ag bualadh lena chéile taobh amuigh den teach, gan aon teicneolaíocht.

Níos mó

Comhdháil mionteangacha d’údarais phoiblí in Ollscoil Uladh

Agus Oifig an Choimisinéara Gaeilge ag cur tús le dreachtú na gcaighdeán dea-chleachtais d’údarais phoiblí, Déardaoin seo caite reáchtáil an Oifig agus Roinn Daonnachtaí Ollscoil Uladh comhdháil inar pléadh dea-chleachtais ó thaobh na mionteangacha de.

Bhailigh ionadaithe ó údarais phoiblí éagsúla le héisteacht le Pól Deeds, an Coimisinéir Gaeilge, Lee Reynolds, Coimisinéir do Thraidisiún na nAlbanach Ultach agus na mBriotanach Ultach, agus Efa Gruffudd Jones, Coimisinéir na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, agus iad ar phainéal le chéile chun tús a chur leis an lá. Ba dheis í seo dóibh siúd a bhí i láthair foghlaim ó shampla na Breatnaise ó thaobh dea-chleachtas de, comparáid a dhéanamh idir cás na Gaeilge, Albainise Uladh agus na Breatnaise, agus ceisteanna a chur ar na coimisinéirí faoin mhéid ar chóir do dhaoine a bheith ag súil leis nuair a fhoilseofar na caighdeáin anseo ó thuaidh.

Labhair Pól Deeds le Meon Eile i ndiaidh an phainéil faoin chomhdháil féin agus faoi na spriocanna a bhí ag an Oifig agus iad á heagrú.

Chomh maith leis sin, chualathas ó roinnt cainteoirí faoi chásanna na mionteangacha agus na gcaighdeán dea-chleachtais i dtíortha agus réigiúin eile. Ina measc bhí an Dr. Niall Comer ó Ollscoil Uladh, a phléigh an taighde atá idir lámha aige.

Níos mó

Keir Thuathail ceart

Somhairle Mag Uidhir

Thosaigh a ré le tromlach stairiúil. Rinneadh léirscrios ar na Coimeádaigh agus tháinig sé i dtír ar an ollphrácás a rinne siad de shochaí na Breataine. Faraor, ba ghairid an bóthar ó Starmer an slánaitheoir go dtí Keir thuathail ceart.

Céad slán leat, a iar-dhlíodóir cearta daonna uasail. Thug tú lántacaíocht ábhartha d’Iosrael fad is a bhí siad i mbun an chinedhíothaithe sa Phalaistín.

Gach rath ort, a cheannródaí umhail a mhaígh go mbeadh an cothromas i gcroílár do cheannaireachta. Throid tú go fíochmhar in éadan deireadh a chur leis an teorainn dhá leanbh ar an liúntas sochair, agus rinne tú gach iarracht ciorruithe a chur i bhfeidhm ar íocaíochtaí breosla geimhridh agus ar íocaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas.

Cronófar thú, a státaire chomhbhách. Reachtaigh tú roinnt de na dlíthe ba fhorlámhaí dá bhfuil feicthe sa Bhreatain le fada an lá, chúisigh tú daoine óga as ucht iarraidh stop a chur le cinedhíothú, agus d’eagraigh tú blitz breá samhraidh de ruathair fhoréigneacha dírithe ar inimircigh agus tú ag iarraidh feisteas Farage a chaitheamh tú féin.

Go n-éirí leat, a Starmer na siosmaide, an t-aon duine fásta amháin i ndomhan polaitiúil lán bómán. Beag beann ar achan rabhadh, sheas tú le Mandelson, agus ní gá níos mó ná sin a rá.

“Only the cliché flourishes.” – Hilary Mantel ag scríobh di ina húrscéal faoi réabhlóid na Fraince, í ag cur síos ar thréimhse ina raibh Páras trí chéile. Is líne é a ritheann liom go minic agus bata is bóthar de shórt éigin tugtha do pholaiteoir mór le rá, bíonn sórt moladh marbh ar leith ann dóibh.

I gcás Sir Keir, tá aidiachtaí plámásacha go síoraí in úsáid ó d’fhógair sé a imeacht: “macánta”, “díograiseach”, “ionracas”, srl.

Ach níor chuir Starmer fiacail ann nuair a d’aontaigh sé go raibh sé de cheart ag Iosrael uisce agus aibhléis mhuintir Gaza a “mhúchadh”. Ní mór dúinne a bheith chomh neamhbhalbh céanna. Ba Phríomh-aire de chuid na heite deise fríd is fríd é; seal beag cruálach faoi mhaise ag cultacha agus óráidí liatha.

Gheall sé athrú, ach lean sé de phatrún na dTóraithe, ag tarraingt na gcreatlaí sóisialta as a chéile.

Ach bhí freagra ullmhaithe ag Keir ar an líomhain sin óna chéad aitheasc in Uimhir a 10: “Tá srian ar an méid is féidir linn a dhéanamh.” Buntáiste amháin le Soiscéal Starmer: bhí sé furast a thuigbheáil.

Ba léir go mbeadh an toradh seo ar chúrsaí. Tá cosmhuintir na Breataine i ndiaidh a bheith ag fulaingt faoi bhlianta fada déine, tá an costas maireachtála ag dul in olcas i gcónaí agus tá ciolar chiot déanta de na seirbhísí poiblí. Nuair a dhiúltaíonn ceannaire tíre aon rud suntasach a dhéanamh faoina mhacasamhail, cén t-iontas go mbeadh siad féin agus a rialtas i bponc?

Fear chomh cumasach, de réir dealraimh, cad chuige nár sheachain sé an chríoch seo? Nach gan chiall a bhí sé na beartais a gheall sé sular toghadh é a shéanadh ar bhonn chomh hoscailte, chomh ceanndána sin? Ach mar a dúirt an fealsamh Gearmánach Adorno tráth, “ní tréith nádúrtha í an bhómántacht, ach tréith atá ginte agus treisithe go sóisialta.”

Is é sin le rá, cruthaíonn géarchéimeanna gníomhartha agus straitéisí amaideacha. Ach níl an locht ar éinne eile seachas Starmer agus a fhoireann.

Bhí dhá bhealach amach ag Páirtí an Lucht Oibre ón chéad lá: oll-infheistíocht i seirbhísí a mhaoiniú trí iasachtaí ó na margaí, nó níos inbhuanaithe ná sin, rátaí cánach níos airde a ghearradh ar lucht an rachmais. Dhiúltaigh siad don bheirt acu.

Dar le Oxfam, d’fhás maoin bhilliúnaithe na Breataine ag meánráta de £30.3m sa lá in 2025. Tá an Ríocht Aontaithe ar thír de na tíortha is saibhre ar domhan, agus beagnach achan fhadhb a raibh ar Starmer plé leis le linn a ama, bhí sé gafa ag an bhunchinneadh a rinne sé: gan baint de scaipeadh éagothrom na maoine sin.

Chothaigh Keir Starmer folús frustrachais, feirge agus gruaime i measc an phobail a thogh é. Bhí sé ar an chéile comhraic ab fhoirfe amach don ghriogaire slítheánta sin Nigel Farage. A leithéid d’oidhreacht!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta