Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: David

‘Damhsa ar an Sean-Nós agus Éirí Amach na Gaeltachta’ le Becky Ní Éallaithe agus Donncha Ó hÉallaithe

Thug Buaiteoir Steip 2025 Becky Ní Éallaithe agus a hathair Donncha cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, le linn Belfast TradFest na bliana seo le caint a thabhairt faoin damhsa ar an tsean-nós agus an nasc atá aige le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. 

Tháinig idir óg agus aosta le freastal ar an chaint. Bhí roinnt mhaith acu ag freastal ar cheardlanna damhsa a bhí mar chuid de Belfast TradFest agus a bhí á dteagasc ag Becky í féin.

Mhínigh Donncha tús Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sna 1970idí agus nach raibh aitheantas ná ainm fiú ar an damhsa ar an tsean-nós ag an am. Phléigh sé an obair a rinneadh sna blianta ina dhiaidh sin le haitheantas a thabhairt dó agus le líon na ndamhsóirí a mhéadú. I ndiaidh do Dhonncha stair an damhsa a insint, thug Becky roinnt samplaí de stíleanna éagsúla damhsa. Labhair Becky agus Donncha le Meon Eile faoin scéal agus faoin saineolas a bhí á roinnt acu le linn an imeachta.

Cuireadh críoch leis an chaint le damhsa agus bhí fáilte roimh éinne a bhí i láthair cúpla steip a dhéanamh – deis a tapaíodh le fonn!

Níos mó

‘Ag Sábháil Ár Staire’: Painéal cainte faoi Sheomraí an Tionóil agus Sráid Uí Mhúraigh

Eagraíodh painéal cainte, ‘Ag Sábháil Ár Staire: Ó Sheomraí an Tionóil go Sráid Uí Mhúraigh’, in Áras Uí Chonghaile i mBéal Feirste ar na mallaibh mar chuid de chlár Fhéile an Phobail 2026. 

Bhí Deirdre Hargey CTR agus Mícheál Mac Donncha, Comhairleoir Cathrach as Baile Átha Cliath, i láthair le caomhnú agus athnuachan Sheomraí an Tionóil i mBéal Feirste agus Sráid Uí Mhúraigh i mBaile Átha Cliath a phlé. Tá an bheirt acu gníomhach i bhfeachtais caomhnaithe ina gcathracha faoi seach.

Labhair an Clr. Mac Donncha agus an Dr. Michael Pierse, a bhí mar chathaoirleach ar an lá, faoi ábhar an phainéil agus faoin tábhacht a bhaineann leis an dá shuíomh.

Níos mó

Rath arís eile ar Fhéile na hAbhann

Féile na hAbhann is ainm do cheiliúradh bliantúil a eagraíonn trí cheantar cois Lagáin i ndeisceart agus oirthear Bhéal Feirste mar atá an Trá Ghearr, na Margaí agus Bóthar Ormeau Íochtarach.

Bhí sé á reáchtáil den seachtú bliain ar na mallaibh agus thug Meon Eile cuairt ar an chéad lá den fhéile.

Is imeacht Baby Trad’ a bhí ar siúl i nGairdín Cúil an Droichead agus ba í an chéad ócáid a eagraíodh sa spás dúlra seo i ndiaidh a athchóirithe. Tá an láthair suite ar chúl an ionaid pobail ar Bhóthar Ormeau Íochtarach.

Labhair muid le Tara Gibney faoin spás nua agus faoin sprioc atá ag an eagraíocht spás sábháilte a chur ar fáil do pháistí an cheantair.

Mhol sí an obair chrua a rinneadh ar an togra seo agus is léir an t-athrú atá tagtha ar an an áit ó bhí Meon Eile ann i mí Dheireadh Fómhair 2025. Amharc anseo chun an spás a fheiceáil ag fíorthús na hoibre!

Is í Heather Floyd an tOifigeach um Chomhtháthú Pobail atá ag LORAG (Lower Ormeau Residents Action Group). Dinis sí dúinn faoi fhás agus forbairt na féile agus faoin aiseolas iontach a fhaigheann siad ón phobal bliain i ndiaidh bliana.

Níos mó

An Tearmann: fáilte speisialta le linn na Fleidhe

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann tagtha chun críche i ndiaidh seachtain den scoth ina raibh 1.6 milliún duine ar shráideanna Bhéal Feirste.

Le linn na Fleidhe, d’eagraigh an cheardchumann tionóntaí CATU i mBéal Feirste Tearmann ón Luan go dtí an Aoine san ionad Redeemer Central i gcroílár na cathrach.

An sprioc leis an áit shábháilte fháilteach seo a chruthú ná nascanna agus dlúthpháirtíocht a neartú idir cuairteoirí, turasóirí, muintir na háite agus na pobail nua. Bhí ceardlanna, ceol, cainteanna agus damhsa ar siúl, chomh maith le bia ón Kind Economy, agus cuireadh fáilte roimh chách teacht chun tairbhe a bhaint as an teacht le chéile.

Is iad CATU, PPR, Cairde Palestine, DAR Belfast, agus Anaka Women’s Collective a d’eagraigh.

D’fhreastail Meon Eile ar an ócáid Dé hAoine.

Níos mó

Ré nua ar na bacáin nó an seanscéal arís eile?

Jack Mac Íomhair 

Bhí dóchas ann go mbeadh ré úr i ndán do Rialtas na Breataine le ceapadh Andy Burnham ina Phríomh-Aire. Faoi Keir Starmer, bhí Páirtí an Lucht Oibre in ísle brí agus iad taobh thiar de Reform UK sna pobalbhreitheanna. Bhí orthu athrú suntasach a dhéanamh dá mbeadh fanacht i gcumhacht i ndiaidh an chéad toghcháin eile in 2029. 

I bhfianaise na bpobalbhreitheanna is déanaí, tá cuma ar an scéal go bhfuil an t-athrú sin ag obair dóibh. Ach cad é go díreach an difear idir Burnham agus Starmer? Agus cad é atá déanta aige sa chéad chúpla seachtain in oifig dó chun an t-athrú sin a bhaint amach?

Ní hé seo an chéad gheábh ag Burnham i gcumhacht óir bhí sé mar chuid de Rialtas Blair agus Brown i lár na 00idí. Bhí sé soiléir áfach go raibh air tosnú go láidir an uair seo chun aon dóchas a thabhairt do Pháirtí an Lucht Oibre. 

Tháinig Burnham isteach mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann, agus roinnt polasaithe fógartha aige go dtí seo cheana féin. Chuir sé srian ar phraghsanna busanna, dhíláraigh sé cumhacht ó Londain agus Uimhir a 10 ó thuaidh ag obair go crua, agus tá clár tosaithe chun deireadh a chur leis an easpa dídine.

Ar a bharr sin, tá roinnt polasaithe molta aige nach bhfuil curtha i bhfeidhm go fóill. Mar shampla, tá sé ag iarraidh an córas cúraim shóisialta a réiteach, infheistíocht a dhéanamh i bprintíseachtaí do dhaoine óga, agus dul i ngleic leis an mhíchothromaíocht réigiúnach.

Is cinnte go mbeidh súile na Ríochta Aontaithe, súile na hEorpa, agus bfhéidir súile an domhain ar an rialtas nuair a fhógrófar an buiséad san Fhómhar.

Ach má dhéantar mionchíoradh ar na polasaithe atá ag Burnham, fágtar muid leis an cheistcad é an difear idir é agus Starmer? 

Má shíleann tú nach bhfuil món difir eatarthu, tá gach seans ann go bhfuil an ceart agat. 

An difear is mó idir an bheirt acu ná an mhuinín atá ag Burnham maidir leis na cinntí a ghlacann sé. Amharctar air mar dhuine daonna atá ar son an phobail. Bíodh sin agus é sa teach tábhairne ag ól piontaí nó amuigh ag rith agus geansaí Everton á chaitheamh aige.

Ní hé sin le rá nach raibh Starmer ag obair ar son an phobail, ach mhothaigh daoine scoite uaidh. Bhí daoine dubh dóite de bheith ag éisteacht leis ag labhairt faoin dóigh a raibh a athair ina dhéantóir uirlisí agus a mháthair ina banaltra. 

Bhí cúlra lucht oibre ag Starmer ach i ndiaidh dó na blianta a chaitheamh ag barr a shlí bheatha mar dhlíodóir, chaill sé an bealach nádúrtha sin.

Le bheith cruinn faoi, mhothaigh daoine níos fearr faoi Starmer nuair a dfhógair sé go raibh sé ag éirí as. Bfhéidir gur imigh an brú a bhí air.

Tá daoine níos compordaí le Burnham mar gheall go seasann sé leis an mhéid atá ráite aige, agus níl aon athrú iomlán déanta aige ar a pholasaithe go dtí seo. Ach d’éinne atá ag súil le hathrú ó fhréamh, ní móide go dtiocfaidh sé ó Burnham.

Do mhuintir na sé chontae, tá an todhchaí níos éiginnte. Níl na sé chontae curtha san áireamh sna polasaithe atá Burnham a chur chun tosaigh. mar sin féin, dúirt Burnham go mbeidh airgead ag teacht ón Státchiste chun na polasaithe seo a chur i bhfeidhm sna sé chontae. Ach an mbeidh an Tionól in ann iad a chur i gcrích? Sin í an cheist.

Agus caint ann gur baol don Tionól titim arís, an é Burnham an Príomh-Aire a chuirfidhleasuithe i bhfeidhm ar institiúidí na sé chontae? Nó an seanscéal agus meirg air a bheas ann?

Tá fuinneamh úr ag Páirtí an Lucht Oibre gan amhras ach ní fios go fóill an mbeidh Burnham in ann leas a bhaint as.

Níos mó

Clann Mhic Cionnaith ag an Fhleadh

Bhí Clann Mhic Cionnaith le chéile ar stáitse inné san ionad Oh Yeah Music Centre i gCeathrú na hArdeaglaise i mBéal Feirste. 

Is mar chuid d’Fhleadh Cheoil na hÉireann a cuireadh an t-imeacht ar siúl agus bhí an áit plódaithe le muintir Bhéal Feirste agus cuairteoirí araon.

Is as Eochair i gContae Thír Eoghain an chlann chumasach cheolmhar seo – Eugene, Daniel, James, Sinéad, Peter, Ciarán agus Catríona. Tá an ceol traidisiúnta láidir sa teaghlach, agus an oidhreacht sin i ndiaidh leanúint ar feadh ceithre ghlúin. Tá clú orthu mar bhanna agus mar cheoltóirí aonaracha, agus neart acu i ndiaidh dul ar camchuairt timpeall an domhain, sa tSeapáin, sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus ar mhór-roinn na hEorpa.

Oíche dhraíochtúil a bhí ann aréir. Sheinn an chlann neart píosa éagsúla, go háirithe óna gcéad albam, The Boys of Carrickroe, a eisíodh i mí Aibreáin na bliana seo agus a taifeadadh in ómós dá seanuncailí, na fidléirí Pete agus Pat McKenna as an Charraig Rua i Muineachán. 

Níos mó

Seisiúin is spraoi ar shráideanna Bhéal Feirste

Bhí Meon Eile amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Máirt le blaiseadh a fháil den chraic agus den cheol atá le fáil le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026.

Is beag áit i lár na cathrach nach bhfeicfidh tú ceoltóir ina shuí an tseachtain seo, bíodh sé sin i bpuball, ar cholbha an chosáin, ar leac fuinneoige nó i dteach tábhairne. Bhí deis againn labhairt le roinnt ceoltóirí – Eamonn Ó hUiginn (Clann Uí hUiginn), Jeremy Keith agus Cliodhna Ní Mhianáin – faoina gcuid taithí féin ar an Fhleadh agus faoi na gnéithe di is fearr leo.

Dar ndóigh, níl uirlis ag achan duine ach tá súp agus sult fós le baint as an fhéile. Bhuail muid le Cassie Ní Chatháin a bhí istigh i dTigh Mhadáin lena cairde le scoth an cheoil a shú isteach, agus a thug roinnt moltaí don té atá ag teacht go Béal Feirste le linn na Fleidhe.

Níos mó

Fáilte chun na Fleidhe

Kathryn Ní Mhaoláin 

Nuair a tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go dtí na sé chontae den chéad uair riamh in 2013 – an chéad uair ó bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann 62 bhliain roimhe – d’éirigh liomsa, den chéad uair fosta, áit a fháil sa chomórtas náisiúnta amhránaíochta. Chuaigh mé fríd bhabhtaí Fhleadh Dhoire agus Fleadh Uladh agus bhí áit agam ar an ardán mór.

Agus bhí mé ar buile.

Ní mar gheall go raibh dlúthbhaint idir an Fhleadh i gcathair Dhoire agus an UK City of Culture, cé go raibh sin ina chonspóid ag an am.

Ní mar gheall ach oiread go raibh go leor daoine ag cur ainm eile ar an chathair, ainm a bhfuil sé litir sa bhreis aige.

Bhí mé ar buile mar go raibh an comórtas amhránaíochta, agus na ceolchoirmeacha, agus na seisiúin, agus an Fhleadh Cheoil stairiúil seo ina hiomlán, ag titim amach le linn cúrsa Gaeltachta.

Bhí orm Machaire Rabhartaigh álainn a fhágáil, an rang ceoil agus an céilí a chailleadh, agus mo chuid cairde nua a thréigbheáil, le dul i mbun amhránaíochta. Dúirt mo dhaid nach minic a thig na deiseanna seo aníos, agus gur ócáid stairiúil a bhí ann, agus go raibh an t-ádh dearg orm a bheith mar chuid de.

Bla, bla, bla.

Thóg mo thuismitheoirí bochta fadfhulangacha mé ón choláiste, agus smut orm an bealach ar fad chuig an chathair. Agus is fada an bóthar é fiú má tá deaspion ort!

Ach nuair a bhain muid ballaí na cathrach amach, d’imigh an smut. Bhí na sráideanna lán daoine agus lán ceoil. Bhí sé draíochtúil. Ceoltóirí d’achan aois, as achan chearn den tír – den domhan! – ag seinm le chéile amhail is go raibh cairdeas blianta eatarthu. Thuig mé ansin tábhacht na Fleidhe, agus tharis sin, tábhacht na Fleidhe a bheith againn ó thuaidh.

Tá obair na gcapall ar siúl ar fud na tíre lenár gceol traidisiúnta agus ár gcultúr a chur chun cinn, go háirithe le cúpla bliain anuas agus é ‘cool’ le bheith Gaelach. (An féidir le traidisiún ársa a mhair fríd na céadta bliain de bheith faoi chois gan a bheith cool? Cad is “cool” ann cibé? Ceisteanna fá choinne lá eile.)

Is mar gheall ar dhianobair dhíograiseach leithéidí CCÉ Ards, Scoil Cheoil Traidisiúnta Ghleann Ghormlaithe, Maddens, Belfast Tradfest, agus tuilleadh nach iad, atá an t-ádh orainn go bhfuil an Fhleadh ar leac an dorais againn i mbliana agus ar an bhliain seo chugainn.

Tá muid beannaithe i measc na gceoltóirí, na ndamhsóirí agus na scéalaithe is fearr sa tír an tseachtain seo. Sa bhrí litriúil – bronnfar teideal náisiúnta ar na céadta daoine sna comórtais éagsúla le linn na féile.

(Beidh tú sásta a chloisteáil, a léitheoir, i ndiaidh domhsa triail ar an Fhleadh i nDoire in 2013, gur bhain mé féin an comórtas náisiúnta amhránaíochta sean-nóis sa bhliain 2019 i nDroichead Átha.)

Ach ar ndóigh, ní comórtais amháin a bhíonn i gceist leis an Fhleadh. Cosúil le féile an Oireachtais, tá sé i ndiaidh fás go leibhéal iomlán eile. Féasta ceoil agus ceiliúradh pobail atá ann, seachtain ar leith ina dtógtar seilbh iomlán ar chathair.

Anois agus Fleadh Cheoil na hÉireann ó thuaidh den dara uair, i mBéal Feirste cultúrtha cois cuain, ní chaillfidh mé soicind de. Tá cónaí orm anseo anois, agus tá mé ag súil go mór le fáilte a chur roimh an mhilliún cuairteoirí a mheastar a bheith sa chathair le linn na seachtaine. Bhuel, ní fáilte phearsanta b’fhéidir. Ach tá mé millteanach bródúil gur sa chearn s’agamsa den domhan atá daoine ag triall i mbliana.

Fleadh Cheoil na hÉireann shona daoibh!

Agus d’aon duine atá ag cailleadh laethanta luachmhara sna coláistí Gaeltachta le páirt a ghlacadh sna comórtais – ádh mór oraibh!

Níos mó

Mol na Gaeilge sa MAC

Achan lá le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 beidh spás ann do chainteoirí Gaeilge teacht le chéile agus sult a bhaint as an tseachtain le chéile.

Tá an MAC, ionad ealaíon atá lonnaithe i gCeathrú na hArdeaglaise i lár Bhéal Feirste, oscailte achan lá idir 10am-5pm le éagsúlacht mhór imeachtaí ar siúl don chlann uilig idir sheomraí teaghlaigh, cheardlanna ealaíne agus chainteanna ar réimse leathan ábhar.

Bhí Meon Eile i láthair ag an chéad lá den ionad seo bheith ar oscailt do phobal na Gaeilge. Bhí deis againn blaiseadh den lá iomlán a fháil agus labhair muid le Réamonn Ó Ciaráin agus Marcas Ó Murchú i ndiaidh dóibh léacht a thabhairt ar scannánaíocht agus ceol Ghael Linn thar na blianta. Dinis siad beirt dúinn faoin tábhacht a bhaineann le saothar Ghael Linn agus muid ag ceiliúradh na Fleidhe an tseachtain seo.

Labhair muid fosta le Claire Kieran, atá i mbun Mhol na Gaeilge, faoin atmaisféar agus fuinneamh dearfach atá le mothú ann. 

Is cinnte nach mbeadh an rath céanna ar chúrsaí gan na hoibrithe deonacha a chuidíonn le hachan gné den Fhleadh. Tá Pól Ó Dochartaigh ag obair go deonach ann i mbliana agus dinis sé dúinn faoin fháth ar chinn sé bheith ag obair i measc na nGael an tseachtain seo.

Níos mó

Seachtain lán beochta agus brí roimh Bhéal Feirste agus Fleadh Cheoil na hÉireann tagtha chun na cathrach

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann tagtha go Béal Feirste den chéad uair riamh agus seachtain speisialta spraíúil geallta.  

Ó cheolchoirmeacha saor in aisce ag Halla na Cathrach, réimse leathan imeachtaí Gaeilge in ionad ealaíon an MAC, spásanna le haghaidh seisiúin cheoil timpeall na cathrach, imeachtaí Fleadh Fringe, comórtais na Fleidhe ag Ollscoil Uladh, an MAC agus an Waterfront, mar aon le neart eile, beidh imeacht fóirsteanach ann dachan uile dhuine.

I mbliana, tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag déanamh ceiliúradh ar chloch mhíle stairiúil. Tá an t-eagras, agus Fleadh Cheoil na hÉireann, 75 bliana ar an fhód agus ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é in 1951. Tá oidhreacht shaibhir cothaithe ag an eagraíocht agus ag an Fhleadh thar na blianta, a chuireann béim i gcónaí ar an chultúr, cuideachta agus ceol atá le fáil sa tír, agus ar an fháilte a bhaineann leis sin.     

Dfhreastail Meon Eile ar shearmanas oscailte na Fleidhe inné ag Halla na Cathrach. Chuir an ócáid seo tús leis an tsraith Gig Rig fosta agus bhí na sluaite bailithe le chéile timpeall na háite.

Bhí scoth na gcainteoirí agus ceoltóirí ar stáitse as gach cearn den tír agus an deis ag roinnt polaiteoirí agus ionadaithe eile óráid a thabhairt ar an lá stairiúil. Ina measc bhí Uachtáran na hÉireann Catherine Connolly, Ardmhéara Bhéal Feirste Róis-Máire Donnelly, an Chéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly. 

Bhí an Blackwater Céilí Band, Hothouse Flowers (a thug cuireadh don damhsóir Tura Arutura teacht ar ardán leo), Goitse, an Shaer, Moss agus Warnock Trio, agus Sharon Shannon uilig ar stáitse. 

Labhair Meon Eile le hOifigeach Caidrimh Phoiblí de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Pádraig Ó Flannagáin, le Fiachna Ó Braonáin ó na Hothouse Flowers, leis an Ardmhéara Róis-Máire Donnelly agus leis an cheoltóir Jack Warnock. 

Níos mó

Seachtain lán beochta agus brí roimh Bhéal Feirste agus Fleadh Cheoil na hÉireann tagtha chun na cathrach

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann tagtha go Béal Feirste den chéad uair riamh agus seachtain speisialta spraíúil geallta.  

Ó cheolchoirmeacha saor in aisce ag Halla na Cathrach, réimse leathan imeachtaí Gaeilge in ionad ealaíon an MAC, spásanna le haghaidh seisiúin cheoil timpeall na cathrach, imeachtaí Fleadh Fringe, comórtais na Fleidhe ag Ollscoil Uladh, an MAC agus an Waterfront, mar aon le neart eile, beidh imeacht fóirsteanach ann dachan uile dhuine.

I mbliana, tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag déanamh ceiliúradh ar chloch mhíle stairiúil. Tá an t-eagras, agus Fleadh Cheoil na hÉireann, 75 bliana ar an fhód agus ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é in 1951. Tá oidhreacht shaibhir cothaithe ag an eagraíocht agus ag an Fhleadh thar na blianta, a chuireann béim i gcónaí ar an chultúr, cuideachta agus ceol atá le fáil sa tír, agus ar an fháilte a bhaineann leis sin.     

Dfhreastail Meon Eile ar shearmanas oscailte na Fleidhe inné ag Halla na Cathrach. Chuir an ócáid seo tús leis an tsraith Gig Rig fosta agus bhí na sluaite bailithe le chéile timpeall na háite.

Bhí scoth na gcainteoirí agus ceoltóirí ar stáitse as gach cearn den tír agus an deis ag roinnt polaiteoirí agus ionadaithe eile óráid a thabhairt ar an lá stairiúil. Ina measc bhí Uachtáran na hÉireann Catherine Connolly, Ardmhéara Bhéal Feirste Róis-Máire Donnelly, an Chéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly. 

Bhí an Blackwater Céilí Band, Hothouse Flowers (a thug cuireadh don damhsóir Tura Arutura teacht ar ardán leo), Goitse, an Shaer, Moss agus Warnock Trio, agus Sharon Shannon uilig ar stáitse. 

Labhair Meon Eile le hOifigeach Caidrimh Phoiblí de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Pádraig Ó Flannagáin, le Fiachna Ó Braonáin ó na Hothouse Flowers, leis an Ardmhéara Róis-Máire Donnelly agus leis an cheoltóir Jack Warnock. 

Níos mó

Seachtain iontach ag Campa Mhacha 2026

Bhí Campa Mhacha faoi lán seoil an tseachtain seo in Aonach Mhacha, Cathair Ard Mhacha. 

Cuireadh imeachtaí agus gníomhaíochtaí iontacha ar bun ó Luan go hAoine do pháistí bunscoile, ó Rang 1 go Rang 7.

Bhí Meon Eile i láthair Dé Máirt nuair a bhí seó den scoth ar siúl ag Cleamairí Ard Mhacha do pháistí Rang 1 go Rang 3.

Cuireadh Campa Mhacha ar bun siar in 2007 agus níl amhras ar bith ann go bhfuil an campa, mar aon leis an phobal thart air, ag neartú bliain i ndiaidh bliana.  

Labhair muid le Michael Beagan, múinteoir de chuid an champa atá ag obair ann le breis agus 10 mbliana, agus le Orla Uí Cheallaigh, tuismitheoir agus múinteoir i Naíscoil na Caille sa Chathair.

Níos mó

Comharthaí tráchta dátheangacha curtha in airde ar Bhóthar na bhFál

Den chéad uair sa Tuaisceart, tá comharthaíocht tráchta dhátheangach le feiceáil ar bhóthar sa dlínse.

Is ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, a cuireadh na comharthaí in airde.

Is de bharr scéim idir Forbairt Feirste, Conradh na Gaeilge agus an Roinn Bonneagair a tharla an fhorbairt stairiúil.

Dar le Piaras Mac Alastair, Oifigeach Forbartha le Forbairt Feirste, is toradh iad na comharthaí seo ar níos mó ná 5 bliana oibre agus ba dhearfach an lá nuair a chuaigh na comharthaí in airde faoi dheireadh thiar thall. Bhí sé tábhachtach fosta go raibh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla den eolas páirceála agus tráchta ar an mhéid agus ar an chló céanna. Déantar idirdhealú eatarthu le dath difriúil. 

Mhol an tAire Bonneagair, Liz Kimmins, an dul chun cinn suntasach seo, ag rá: 

Léiríonn sé an tiomantas sagam cloí leis an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Léiríonn an Ghaeilge an fhéiniúlacht agus an cultúr atá i bpáirt againn fud fad an oileáin seo. Gabhaim buíochas le Forbairt Feirste agus le Conradh na Gaeilge as a gcuid feachtasaíochta ar son na comharthaíochta dátheangaí ar na bóithre leis an infheictheacht agus an tuigse ar an Ghaeilge a chur chun cinn.

Dinis Piaras dúinn gur eiseamláir é an scéim seo agus go bhfuil súil aige go ndéanfaidh aiteanna eile sa Tuaisceart aithris air. 

Níos mó

Ciorcal airneáil i mBaile Dhún na nGall

Bhuail Meon Eile isteach ar Chiorcal Airneáil Anna Bella Nic Seoin agus Séumais Mhic Mhánais i Leabharlann Bhaile Dhún na nGall Déardaoin seo caite le blaiseadh a fháil den chraic agus ceol a bhíonn ar siúl ag an ghrúpa.

Tagann an ciorcal airneáil le chéile achan Luan i dTeach Ósta na Mainistreach agus achan Déardaoin i Leabharlann Bhaile Dhún na nGall le litríocht agus filíocht a roinnt le chéile, poirt a sheinm, amhráin a chasadh agus comhráite a bheith acu i nGaeilge.

Bunaíodh an ciorcal airneáil sa bhliain 2000 agus ó shin go dtí gur thosaigh an dianghlasáil in 2020, bhailíodh an grúpa le chéile i dtithe na ndaoine a bhíodh páirteach. Nuair a atosaíodh an ciorcal i ndiaidh na dianghlasála, socraíodh go gcuirfí ar siúl é in áiteanna éagsúla i mBaile Dhún na nGall. Tá sé pleanáilte ag baill an ghrúpa, áfach, go mbeidh an ciorcal ag bogadh ar ais chun na dtithe san fhómhar le filleadh ar an nós traidisiúnta de bheith ag airneáil ó theach go teach. 

Labhair Seosamh Mac Suibhne linn faoin ghrúpa agus faoin tairbhe atá le baint as bheith ag airneáil, ní hamháin ó thaobh na teanga agus an chultúir de, ach ó thaobh folláine phearsanta chomh maith.

Níos mó

Ranganna Gaeilge sa Phróca Sú

Cuireadh tús le ranganna Gaeilge saor in aisce sa Phróca Sú, nó Juice Jar mar is fearr aithne air, i lár chathair Bhéal Feirste ar na mallaibh.

Tá na ranganna á gcur ar fáil mar chuid de chomhpháirtíocht idir an caifé aitheanta agus An Droichead, ionad pobail agus Gaeilge atá lonnaithe ar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.

onn April Ní Ír ag obair mar mhúinteoir leis An Droichead, agus bhí sí ar bís nuair a diarr an t-ionad uirthi bheith i mbun an togra nua seo. Is é an sprioc atá aici ná muinín a chothú sna daoine atá ag freastal ar na ranganna le go mbeidh siad in ann an teanga a úsáid achan lá, go háirithe agus Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Béal Feirste i gceann roinnt laethanta.

Dfhreastail Meon Eile ar an dara rang den chúrsa 6 seachtaine. Bhí níos mó ná 30 duine i láthair, rud a chuir gliondar croí ar Sheánín Keenan, atá ina hOifigeach Forbartha Gaeilge leis An Droichead. Dúirt sí gur deis iontach é seo an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobailmhóir agus mhol sí foireann an Phróca Sú as an Ghaeilge a chur chun cinn agus as an iarracht a dhéanann siad an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá.

Níos mó

Déan an mata

Ciarán Ó Pronntaigh

Ní gá mórán ama a chaitheamh ar scoil le bunphriosabail na huimhearthachta a thuigbheáil. Má tá sé úll agat agus má dhealaíonn tú úll amháin – cá mhéad úll atá fágtha? 5 cinn, ab ea? Shílfí go mbeadh meas ar an tuiscint sin sa Roinn Oideachais, as na ranna uilig. Ach is cosúil go bhfuil cadhnraí nua de dhíth ar áireamhán Paul Givan nó tháinig sé ar fhreagra eile.

Ceart go leor, ní bhíonn cúrsaí polaitíochta chomh simplí sin. Baineann an scéal seo le £6 mhilliún ar chuir an Roinn Airgeadais ar fáil don Roinn le go gcaithfí é ar obair chaipitil agus saoráidí do na Gaelscoileanna, is cosúil. Deirim, ‘is cosúil’ nó d’eisigh an tAire Oideachais ráiteas fada i ndiaidh gur tháinig sé amach nár chaith sé ach milliún punt ar chóiríocht Gaelscoileanna agus gur chuir sé an fuílleach i dtreo scoileanna eile (‘gnáthscoileanna’ mar is maith le lucht an Bhéarla a rá ó am go chéile!).

Níorbh í an Roinn Oideachais a d’iarr an t-airgead ‘an chéad lá’ sa bhabhta monatóireachta i mí na Nollag 2025, dar le ráiteas Givan, ach tá an chuma air go bhfuil sin ag teacht salach ar ráiteas eile ón Roinn Airgeadais a thug le fios gurb í a d’iarr. Cuirim béim ar na focail ‘an chéad lá’ (“My Department did not originally bid for funding for Iontaobhas na Gaelscolaíochta in the December monitoring round”) nó tá tábhacht leo.

Bhí an t-airgead le dul chuig Iontaobhas na Gaelscolaíochta, a cuireadh ar bun le geallúintí Gaeloideachais Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh, le caitheamh ar chóiríocht agus saoráidí. Ba é Pat Sheehan, ó Shinn Féin, a thóg an cheist faoin airgead a bhí ar lár. “Níl aon débhrí ann. Iarradh an maoiniú agus cuireadh ar fáil é do chuspóir sainiúil. Ach mar sin féin, chuir an tAire na £5 mhilliún ar mhalairt treo.”

Cuid den aighneas seo, baineann sé le cead a bheith ag an Aire an t-airgead a chur ar atreo dá mb’airgead caipitil a bhí ann. Mhaígh Givan nach raibh go leor de na tograí scoile ‘réidh don tsluaisteáil cré’ go fóill agus sin an fáth ar chuir sé £5 mhilliún chuig scéimeanna eile. Is gnách nach mbíonn cead ag aire airgead caipitil atá saincheaptha do thionscnamh faoi leith a chur ar fáil do thionscnamh eile agus tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta anois ag rá gur chóir an t-airgead iomlán a chur ar fáil don Ghaelscolaíocht.

Ag am a bhfuil scoileanna Béarla ag druidim cheal páistí, is í earnáil na Gaelscolaíochta an earnáil is mó fás le tamall maith de bhlianta, dar le figiúirí ó Chomhairle na Gaelscolaíochta, an t-eagras reachtúil a thacaíonn le Gaelscoileanna. Dar leo go leanfar den fhás san am atá le teacht.

Tá ceist na cóiríochta agus saoráidí iontach íogair i measc phobal na nGaelscoileanna. Le blianta fada, b’éigean do na Gaelscoileanna plé le córas nach raibh sásta infheistíocht a dhéanamh don todhchaí agus, mar gheall air sin, fágadh drochdhóigh ar a lán Gaelscoileanna nó bhí siad cuachta isteach i spás a bhí ró-bheag dá gcuid riachtanas.

Is iad na tuismitheoirí a chuireann Gaelscoileanna ar bun, den chuid is mó, agus cuidíonn Iontaobhas na Gaelscolaíochta leo. Labhair Givan faoin cheist amhail is nach raibh ganntanas ar bith ann ach is léir don dall go bhfuil infheistíocht mhór de dhíth leis an scéal a dhéanamh cothrom don Ghaelscolaíocht.

Bíonn drogall ar scoileanna an scéal seo a thógáil ró-ard go poiblí ar eagla go gcuirfí tuismitheoirí féideartha ó dhoras. Sin ráite, tá rudaí chomh holc ag cuid de na scoileanna, Bunscoil Cholm Cille i nDoire, mar shampla, gur ghá dóibh feachtas poiblí a thógáil. Thig leis an Aire a rá nach bhfuil go leor tograí réidh don tsluaisteáil cré ach tá leithcheal déanta ag a roinn ar an Ghaelscolaíocht gan na scoileanna sin a chur ar an chead chéim den phróiseas go fóill.

Ba iad gníomhartha frith-Ghaelacha Paul Givan a chuir Stormont ar fionraí an t-am deireanach. Seans go bhfuil sé rómhall anois, agus toghcháin Stormont ag teacht ar an 6 Bealtaine 2027, sin a dhéanamh arís ach ní dhéanfaidh an beart seo dochar ar bith dá chlú mar aontachtaí láidir agus toradh tubaisteach tuartha don DUP sna toghcháin sin.

Níos mó

John Spillane agus Lorraine Nash sa Duncairn

Bhí an ceoltóir clúiteach as Corcaigh, John Spillane, ar ais i dTuaisceart Bhéal Feirste Dé Sathairn agus é ag seinm in Ionad Ealaíon an Duncairn mar chuid den Fleadh Community Fringe. 

Ag tacú leis ar an oíche, bhí an ceoltóir tíre as Contae Chiarraí, Lorraine Nash.

Oíche ghalánta a bhí ann agus bhí deis ag Meon Eile labhairt leis an bheirt cheoltóirí. 

Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh an Duncairn anseo le heolas a fháil faoi na gigeanna go léir atá le teacht.

Beidh neart imeachtaí eile ar siúl timpeall Bhéal Feirste idir anois agus an 23 Lúnasa mar chuid de chlár imill Fhleadh Cheoil na hÉireann. Is féidir na himeachtaí ar fad a fheiceáil anseo

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta