Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Dara O Cinneide

leabhar-a-fuaireas-i-skip-a-thug-ar-thuras-me-on-daingean-go-dti-oklahoma

Leabhar a fuaireas i skip a thug ar thuras mé ón Daingean go dtí Oklahoma

Pé tréith í sin a bhaineann linne i gCorca Dhuibhne, is deacair dúinn éalú ónár ndúchas agus ónár n-oidhreacht agus, i ndáiríre, ní mian le scata againn a leithéid a dhéanamh ar aon nós. Pé máchail atá orainn, is breá linn a bheith ag insint scéalta fúinn féin dúinn féin agus don ndomhan mór.

Tá breis is an ceathrú céid tugtha agam ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus taibhsíodh dom gur beag a bhí le foghlaim agam faoi mo phobal féin ag an bpointe seo. Táim siúlach le breis is cúig bliana fichead ar Ghaeltacht na Mumhan idir Ciarraí, Corcaigh is Port Láirge agus is mó scéal atá inste agus cloiste agam fé ghníomhartha gaile is gaisce atá déanta ag daoine, b’fhéidir, ná beadh puinn aithne orthu lasmuigh dá bpaiste féin sa Ghaeltacht.

Mar fhear caide, bhíos meallta isteach as m’óige ag an ainm Paddy Foley. Bhí Paddy Foley nó PF, ar dhuine de na húdair chaide ab fhearr agus ba cháiliúla lena linn agus dob é, leis, a scrígh Kerry’s Football Story i 1945. Tá cóip den leabhar céanna aige baile agam agus ba gheall le bíobla tamall é ag an té a thug dom é.

Ach cérbh é an Patrick M. Foley seo go raibh a ainm chun tosaigh ar leabhar eile a d’aimsíos agus mé ag póirseáil trí bhailiúchán i seana-thigh tréigthe in 2022? History of the County Kerry – Corkaguiny ainm an leabhair agus é scríte i 1907- tamall roimis ré PF leis an Kerryman.

Ag léamh an leabhair ar saoire dom go gairid tar éis dom é a aimsiú agus a shábháil ón skip, tuigeadh go paiteanta dom gur Patrick Foley eile ar fad a bhí i gceist anseo, go raibh stíl aoibhinn scríbhneoireachta aige agus níos tábhachtaí fós, go raibh grinnchuntas á thabhairt aige sa leabhar ar mo cheantar dúchais féin i gCorca Dhuibhne.

Bhí ana-éachtaint le fáil sa leabhar ar Chnoc Bréanainn agus na bailte fearainn ar a shleasa thuaidh, thoir, thiar agus theas agus bhí éachtaintí, leis, ar stairsheanchas agus seandálaíocht na leithinse trí chéile. Bhí cur síos ar achrann creidimh, ar shuaitheadh polaitiúil agus ar an síorchruatan a bhí i ndán don nGael fé réimeas an tSasanaigh. Níos mó ná babhta amháin, mhothófá go raibh tuairimí polaitiúla agus dearcadh ar leith i leith na heaglaise agus na n-údarás á nochtadh ag an údar.

Le breis póirseála agus breis paidhceála tuigeadh dom gur fear ar leith é an Patrick M. Foley seo, pearsa thábhachtach roimh, le linn agus tar éis achrainn mhóra pholaitiúla na linne. Achrann é seo a d’fhág go mbeadh slán á fhágaint aige leis an bhfód dúchais agus é ag tabhairt fé Mheiriceá siar dhá bhliain tar éis an leabhar ar Chorca Dhuibhne a scríobh.

Bhí an áirithe sin ar eolas agam agus mé ag tabhairt faoin scannánaíocht do Rian na Fola agus leis an gcur chuige a bhí ag an bhfoireann léirithe, bhí iontaisí eile á gceilt orm d’fhonn is go mbeadh glacadh nádúrtha agam leis an bhfianaise a bhí á cur ar fáil beagán ar bheagán. Tuigeadh dom luath go maith go gcuireadh deireadh anabaí agus brúidiúil le saol Patrick M. Foley agus gur tháinig droch-chríoch air i mbaile beag tuaithe ar thaobh cnoic i gceartlár Náisiún Cherokee in Oklahoma i 1930. Bhí fonn orm iniúchadh a dhéanamh ar fh ios fátha a bháis agus ar scéal a bheatha d’fhonn rianú agus iomlánú a dhéanamh ar a scéal agus chun go bhféadfaí an t-aitheantas ba dhual agus ba dhlite a thabhairt don saol a bhí caite ag an nDuibhneach seo ar deoraíocht.

Bhí de sheans linn go gcuireamar aithne ar ghariníon Patrick Foley, Mary McGillick agus sinn ag leanúint a chosáin. Iníon í Mary le hiníon Foley, Mary eile, bean nár chuir aon aithne cheart riamh ar a hathair agus é dulta go Meiriceá in aois aon bhliain amháin di féin. Bhí cáipéisí agus bailiúchán leabhar agus leabhrán de chuid Foley i seilbh Mhary ina tigh i Loch Garman agus táid siúd le tabhairt ar láimh an tseachtain seo don Leabharlann Náisiúnta.

Toradh fónta eile ar shaothar chriú Rian na Fola. Bhí luach ar leith ag baint leis na cáipéisí is na dialanna céanna dúinne agus iad ag tagairt do thurasanna agus sciuirdeanna a bhí tugtha ag Foley fuaid faid, Mheiriceá Thuaidh – áiteanna ar nós Stát na Mormannach, laistiar de na Rockies, California, Niagara, Boston, Fort Worth Texas, Cúba agus Meicsiceo féin mar a gcaith sé Lá le Pádraig 1913.

Dá mhéid a fuaireas amach ar m’aistear i Meiriceá, bhí níos mó agus níos mó ceisteanna ag eascairt as cosán an tsaoil chorraithigh shuaite a lean Foley. Ní fhéadfainn a rá go diongbháilte go bhfuil freagraí aimsithe againn ar chuid de na ceisteanna céanna agus bhí gnéithe áirithe den bhfianaise a bhí ag teacht chun solais ná féadfainn ciall ná meabhair a bhaint astu.

Tuigeadh dom luath go maith, áfach, gurb é an rud ba thábhachtaí ná an solas san a chaitheamh orthu agus fiú mura mbeadh réiteach ná fuascailt ná foilsiú daingean le fáil, bheadh ar a laghad soilsiú déanta ar phóirsí dorcha ina mbíodh púcaí siúlach tráth.

Beidh Rian na Fola á chraoladh ar RTÉ 1 ar a 6.30pm tráthnóna Dé Luain, an 4 Bealtaine.

Níos mó

n’fheadar-aon-duine-ach-na-hiontais-ata-romhainn-i-gcraobh-2026-–-scaoil-chugainn-iad!

N’fheadar aon duine ach na hiontais atá romhainn i gcraobh 2026 – scaoil chugainn iad!

Seachtain ón lá inniu, ar an Satharn an 18ú Aibreán, scaoilfear chughainn ar shuíomh Chartlann Náisiúnta na hÉireann, na taifid go léir a deineadh mar chuid de Dhaonáireamh na bliana 1926.

Bhí an stát nua, ina bhunóic céad bliain ó shin agus sa bheagán le cois fiche bliain idir 1924 agus 1945, tháinig dúbailt ar líon na bhfo-chumann a bhí cláraithe le Cumann Lúthchleas Gael ó tuairim is míle go tuairim is dhá mhíle.

Bunaíodh na Sraitheanna Náisiúnta Peile agus Iomána céad bliain ó shin chomh maith- Laois ag buachtaint sraith na peile agus Corcaigh Sraith na hiomána i 1926.

Sa chraobh féin, d’éirigh le Corcaigh corn Liam Mhic Cárthaigh a bhuachtaint don gcéad uair ach ní bheadh sé i ndán do Laois aon ní cóir a dhéanamh sa chraobh peile agus go deimhin fhéin, bheadh fiche bliain sara mbuafaidís craobh Laighean agus trí fichid bliain eile ann sara mbuafadh Laois an tSraith Náisiúnta peile an athuair.

Bhíos ag cuimhneamh ar bhua sraithe sin Laoise in 1986 an tseachtain seo. Bhíos im gharsún óg aon bhliain déag d’aois ag an am agus b’fhuraist dom leithéid a bheith tógtha leis an nuaíocht a bhain leis na fir lár tíre. Bhí seana thaithí again ar ár gcleas féin, Ciarraí, a bheith i bPáirc a’ Chrócaigh ach b’sheo chughainn dream nua ar fad, iad lán de cheol is de theaspach agus iad ag buachtaint ar Mhuineachán a bhí tar éis oiread de phreab a bhaint as Chiarraí sa chraobh an bhliain roimis sin.

Thaibhseofaí dhuit an uair úd ag tús na craoibhe, iad ina gcuradh sraithe go raibh Laois ar thairseach nó ar thairmtheacht de shórt éigin. Ní raibh le déanamh acu ach buachtaint ar Chill Mhantáin i mbabhta ceathrú ceannais na craoibhe i gCúige Laighean agus bheidís ar a sodar arís sa chraobh. Ní mar a shíltear a bítear idir shraith agus craobh, áfach. Treascraíodh in Eachroim tamaillín ina dhiaidh sin plúr agus scoth na n-imreoirí a bhí riamh ag Laois agus níor thángadar as. An difríocht idir sraith is craobh.

Beidh ocht gcontae dhéag ag cur tús leis an gcraobh an deireadh seachtaine seo, Laois agus Cill Mhantáin ina measc, ach ní dóigh liom gur baol d’aon cheann de na piardaí móra gurb é dán Laoise a dh’imeoidh orthu an deireadh seachtaine. Tá an gaol idir sraith agus craobh níos dlúithe ná mar a bhíodh agus is annamh anois a beirtear amuigh ar an té atá ag teacht amach as an tsraith mar a bhí Laois daichead bliain ó shin.

Is é an réamhbhabhta idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain i bPáirc na Lúthchleasaíochta cluiche mór an deireadh seachtaine gan aon agó. Ar fhianaise na sraithe agus ar na haon slat tomhais eile a bheadh againn ar an dá fhoireann ó thús na bliana, níor cheart go mbuafaí ar Ard Mhacha.

B’fhéidir gurbh ait le daoine é go mbeadh Ciarraíoch ag cur Tír Eoghain as an áireamh chomh pras sin, ach caithfear a bheith dílis don bhfianaise a bhí i gcaitheamh an earraigh againn. Níor bhuaigh Tír Eoghain ach dhá chluiche sraithe agus ba chóngaraí iad do bhun na sraithe i Roinn 2 ná don mbarra.

Bhí éachtaintí ina gcluiche i mbabhta a sé na sraithe in aghaidh na Mí i bPáirc a’ Chrócaigh ná fuil Tír Eoghain i bhfad ón marc, ach fiú sa chluiche céanna agus toradh na himeartha idir dhá cheann na meá, dhein imreoirí Thír Eoghain dhá bhotún ná luafá tamall ó shin leo. Ghéill an seanfhondúir Frank Burns cic saor gan dealramh agus ón gcic amach a lean, agus seilbh na caide buaite acu, ghéill Tír Eoghain cic saor dhá phointe tar éis sárú neafaiseach ar riail an triúir chun tosaigh. Ní dual ná ní béas do Thír Eoghain a leithéid a dhéanamh agus, anuas ar na himreoirí a bhí ag teacht is ag imeacht ón bpainéal le tamall, b’fhéidir gur léiriú eile é ar aicíd níos righne gur gá a leigheas. Chífimid.

An t-aon aicíd nó galar a bhí ag déanamh tinnis d’Ard Mhacha i gcaitheamh a bhfeachtais i Roinn 1 na sraithe san earrach ná an galar cam a bhí i mbéal an bháide orthu. Murach iad a bheith chomh leachta le hiarrachtaí ar chúil ins na seacht gcluiche a bhí acu, tá gach seans gurb iad Ard Mhacha seachas Ciarraí a bheadh le Dún na nGall i gcluiche ceannais na sraithe coicíos ó shin. Níor aimsigh Ard Mhacha ach ceithre bháide ar fad sa bhfeachtas sraithe agus bhí laethanta ann gur tháinig an támáilteacht san os comhair an chúil idir iad agus an bua.

Dhá chluiche a cailleadh le pointe amháin, ceann le trí phointe agus ceann eile le ceithre phointe. Tá an obair bhaile atá le déanamh ag Tír Eoghain de dhroim ceachtanna na sraithe i bhfad níos duaisiúla ná mar atá ag Ard Mhacha agus dá réir, is deacair dul tharais fir Kieran McGeeney amárach.

Nuair a bheidh deireadh déanta in Ard Mhacha amárach, beidh ocht gcontae leagtha amach as a gcraobhacha cúige ach ní bheidh deireadh déanta go fóill mar na mílte míle thar bóchna, beidh a bhfleadh bhliantúil ag CLG Nua-Eabhrac agus iad ag cur fáilte roimis Ros Comáin i bPáirc na nGael. Ní bheidh ach aon toradh amháin ar an gcluiche sin, ach ní fhágann san ná beidh cuimhní geala ag Gaeil Nua-Eabhrac a chothóidh bliain eile iad agus iad ag cur na gcluichí chun cinn.

B’fhearr de sheans a bheadh ag Nua-Eabhrac ar chraobh na hÉireann a bhuachtaint aimsir an Daonáirimh céad bliain ó shin agus scata imreoirí breátha ar a dteitheadh ón Saorstát nua. Is ag teitheadh an treo eile atáid inniu ach ní fhágann san nach bhfaigheann siad blaiseadh de dhraíocht na craoibhe tar éis bheith ceal cluichí sraithe i gcaitheamh an earraigh ar fad.

Cúig seachtaine déag as seo go deireadh na craoibhe. N’fheadar aoinne ach na hiontaisí atá romhainn. Scaoil chughainn iad!

Níos mó

mas-ag-cruinniu-cinn-bhliana-duit-an-deireadh-seachtaine-seo,-cuir-in-airde-do-laimh

Más ag cruinniú cinn bhliana duit an deireadh seachtaine seo, cuir in airde do láimh

Tá biaiste na gcruinnithe cinn bhliana buailte linn arís. Roinnt seachtainí ó shin, d’iarr Bord CLG an Chontae anseo i gCiarraí ar gach cumann a gcruinnithe cinn bhliana a thionól roimis na Nollag agus gan a bheith á gcur siar go dtí tús na bliana seo chughainn. Bhí tamall ann go bhféadfá do chruinniú cinn bhliana a bheith agat siar amach i mí Feabhra ach tá an lá san imithe, is cosúil.

Tá cuid mhaith cumann i gCiarraí tar éis a gcruinniú cinn bhliana a bheith acu cheana féin ach toisc sinne a bheith sáite i gcluichí lasmuigh den gcontae, ní bheidh aga againn ár gcruinniú a bheith againn go dtí an Domhnach beag seo ag meán lae.

Ní hamhlaidh go mbeidh aon ní míorúilteach ag titim amach Dé Domhnaigh ainneoin a bhfuil bainte amach ar pháirc na himeartha i rith na bliana. Don gcéad uair le cuimhne na ndaoine, tá craobh Chiarraí Thiar buaite ag imreoirí an chumainn i ngach grád ó fé 14 aníos chomh maith le craobhacha idirmheánach an chontae agus na Mumhan.

Ach is é an rud is suntasaí a bheidh fé chruinniú an Domhnaigh ná cé chomh tapaidh a rithfear trí chlár an chruinnithe agus cé chomh domhain is a bheidh an tost a leanfaidh uathu siúd a chuirfidh de dhua orthu féin freastal ar an gcruinniú in aon chor.

Rith sé liom agus mé ag freastal ar chruinniú cinn bhliana Bhord CLG Chiarraí i dtús na míosa nach binne béal ina thost uaireanta agus go mbíonn gá le háiteamh is le hallagar más slat tomhais cruinn é sin ar chumann nó ar bhord contae atá folláin agus ar fónamh.

Ní raibh áiteamh, allagar ná aighneas ag an gcruinniú toisc go raibh cuid mhaith des na baill a bhí i láthair sásta tar éis obair na bliana. Róshásta, b’fhéidir. Bhí Corn Sam Mhig Uidhir ar an mbord, ní raibh oifigigh le toghadh agus ní raibh aon rúin le plé. Tugadh cuntas ar chúrsaí airgeadais agus b’in a raibh air. Bhailigh na baill is na toscairí leo abhaile chomh ciúin, támáilte is a thángadar isteach.

Ag cruinnithe cinn bhliana fuaid faid na tíre le seachtainí beaga anuas, bhí daoine ag fanacht i bpostanna agus i rólanna toisc go mbraitheadar go raibh dualgas orthu a leithéid a dhéanamh nó toisc ná féadfaí daoine eile a aimsiú chun an ról a chomhlíonadh.

Ní chun a dteanntaithe a thug na daoine seo faoin ról an chéad lá agus níor cheart go dtiocfaidh sé go dtí an pointe go mbraitear dualgas in earnáil dheonach, ach sin é mar atá anois agus níl na figiúirí ag teacht le chéile chomh socair réidh is a bhíodh tráth.

Riamh is choíche bhí an obair dheonach seo ina cúis mhaíte agus bóisceála ag Cumann Lúthchleas Gael agus thar aon spórt nó caitheamh aimsire eile, b’fhoinse agus ba thobar ana-dhomhain spride is fuinnimh é. Is é dísciú an tobair anois, áfach, an dúshlán is mó atá ag an eagraíocht. Táim ag freastal ar chruinnithe cinn bhliana ag mo chumann féin ón mbliain 1989 agus tá an t-ídiú agus an meath atá tagtha ar thinreamh feicthe agam bliain i ndiaidh bliana. Tá an t-ídiú seo ag tarlúint comhthreomhar leis an dtitim atá tagtha, mar shampla, ar líon na ndaoine a bheadh ag freastal ar Aifreann sa tréimhse chéanna.

Ní dóigh liom gurb ionann an dá rud agus níor cheart, b’fhéidir, comhréir a dhéanamh eatarthu, ach dála na searmanais Domhnaigh tamall den saol, bhíodh cruinnithe cinn bhliana ina dtionóil ghlóracha, ghuagacha, lán de ghreann is de theaspach agus breac le coimhlintí beaga agus iomaíocht mhór do gach ról a bhí le líonadh.

I mbeagán focal, ba gheall le pobalbhreith an cruinniú cinn bhliana i measc na ndaoine gur cás leo rath a gcumann beag féin, nó a mhalairt.

Tá an fuadar san bainte as na cruinnithe cinn bhliana anois de bharr patuaire agus de bharr neamhláithreachas agus de bharr meon ar nós cuma liom. Fíor-annamh go mbíonn aon vótáil d’fhonn ról a líonadh agus caithfidh aoinne ag an mbord go bhfuil fonn air nó uirthi seasamh ar leataobh nó go bhfuil a dtéarma istigh, comharba a fháil sara scaoilfear leo chun siúil ag an gcruinniú cinn bhliana.

Tá, ag croílár na ceiste seo, an tseanchothromóid sin ná freagraíonn í féin ón dá thaobh – an caidreamh sin idir seirbhís agus buíochas. Dá fhaid a fhanann tú in aon ról, sea is lú buíochais a bheidh ort. Deintear talamh slán de go mbeidh tú i láthair i gcónaí. Ná bí ag rith i ndiaidh an chapaill ná fanfaidh leat.

Tá sé le tabhairt fé ndeara i scata cumann le tamall de bhlianta anuas go bhfuiltear ag dul sa tóir ar dhaoine atá ar tí éirí amach as a ngairmeacha beatha nó ar dhaoine atá díreach dulta ar scor ó phost múinteoireachta nó a leithéid agus a thuigfeadh an focal seirbhís agus a ngabhann leis.

Bhí an comhrá seo agam le gairid le ball de chumann eile agus sinn ag plé na ndaoine seo atá díreach dulta ar scor. Le linn an chomhrá, tháinig an tuiscint chugham go nglactar leis go mbeidh breis ama feasta ag na daoine seo atá ar scor agus glactar leis, mar aguisín leis sin, gur luachmhaire ar chuma éigin, na huaireanta ‘chloig breise atá ag an té atá broidiúil agus atá fós ag obair go lánaimsearach ná an té atá ar scor agus díomhaoin, mar dhea.

An rud ná déarfaí go deo, áfach, ná go bhfuil an luach céanna ag baint le gach uair a’ chloig ag an uile dhuine beag beann ar a chúinsí oibre agus an rud is min do dhuine amháin is nimh do dhuine eile.

B’fhéidir gurb é an rud ba spéisiúla a dúradh ag cruinniú cinn bhliana Bhord an Chontae anseo i gCiarraí ná go bhféadfadh na clubanna seo atá ag tréigint na hoibre deonaí agus iad dulta i muinín na ndaoine seo atá ag glacadh le rólanna ar chúiteamh airgid a bheith ag tarraingt airde na gCoimisinéirí Cánach feasta.

Gura fada uainn an lá go mbeadh a leithéid i gceist d’aon chumann atá ag iarraidh iad féin a riaradh go macánta agus go hidéalach i ndomhan atá ag athrú níos tapúla ná mar a bhí ag aon phointe ó bhunú CLG.

Ach cén fhaid eile gur féidir linn brath ar an ngníomh deonach? Conas is féidir amhailt chraosach an airgid is an chúitimh airgid a choimeád ó dhoras?

Más ag cruinniú cinn bhliana duit an deireadh seachtaine seo, cuir in airde do láimh, cur ceisteanna agus glac le ról éigin má táthar á thathant ort. Is rómhinic a bhíonn ciúin ciontach.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta