‘Clásal Éalaithe an Choimisinéara’ á úsáid ag Ollscoil na Banríona i leith comharthaí dátheangacha
Ar an 6 Samhain, dheimhnigh Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste don Chumann Ghaelach nach ndearnadh agus nach ndéanfar aon dul chun cinn maidir le sainordú Aontas na Mac Léinn in 2018 i leith comharthaíocht dhátheangach ar an champas. Leagadh amach sa tsainordú i mí an Mhárta 2018 gur aithin an tAontas gur tógadh comharthaí dátheangacha in Ollscoil na Banríona in 1987 agus gur baineadh iad in 1997. D’aithin an tAontas an tAcht Gaeilge a cuimsíodh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2007 agus ar vótáil an tAontas ar a shon in 2017.
Sa tsainordú chéanna, d’aithin an tAontas go bhfuil comharthaíocht dhátheangach ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta a leagtar amach sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Cairt a dhaingnigh Rialtas na Ríochta Aontaithe in 2001. Cuireann an Chairt in iúl go méadaíonn comharthaíocht dhátheangach feasacht ar theangacha mionlaithe agus go ndéanann feiceálacht mhéadaithe teangacha mionlaithe a normalú sa phobal.

Dúirt ardbhainistíocht na hOllscoile nach mór fanacht le creat reachtúil ón Choimisinéir Gaeilge nua-cheaptha sna sé chontae, Pól Deeds, sula ndéanann aon ghníomh i leith na comharthaíochta. Ní thosóidh Pól Deeds i ról úr an Choimisinéara go dtí an 13 Samhain. Ina ról mar Leas-Phríomhfheidhmeannach le Foras na Gaeilge, d’oibrigh sé le forais stáit thuaidh theas. Tá ráite ag Foras na Gaeilge faoi chás na comharthaíochta datheangaí ag Ollscoil na Banríona:
“Tá go leor den chleachtas is fearr luaite sa Chairt Eorpach agus níor chóir le fírinne go raibh institiúid phoiblí ar bith ag fanacht le treoir ón Choimisinéir Gaeilge — sin an chomhairle chéanna a thug muid don Roinn Bonneagair maidir leis an mhórstáisiún.”
Labhair NÓS le hOifigeach Feachtasaíochta an Chumainn Ghaelaigh, Eoghan Ó Conghaile, faoin chruinniú a bhí acu leis an Ollscoil.
“Tá bainistíocht na hOllscoile den bharúil nach bhfuil aon údarás poiblí chun tosaigh orthu i dtaca le ceist na teanga. Bhí atmaisféar diúltach sa chruinniú agus níor aithin siad ár ngearán go fíreannach, ag deimhniú nach ndéanfaidh siad aon rud go dtí go bhfuil orthu.
“Thug siad na samplaí ar fad seo faoin dóigh a soláthraíonn siad stuif don Ghaeilge, ach i mo bharúil ba mhian leo an teanga a choinneáil mar ghné chultúrtha, scannáin agus imeachtaí, an Ghaeilge a threorú sna seomraí ranga ’s sna céilithe, seachas plé léi mar theanga bheo bhríomhar a úsáideann formhór ár mballraíocht agus daoine eile gach lá mar phríomhtheanga.”
Ní seo a chéad uair ó 1997 a dhiúltaigh Ollscoil na Banríona comharthaí dátheangacha a chur in airde ar an champas. Is feachtas fadbhunaithe é seo ó baineadh na comharthaí in 1997 ach is in 2017 a tháinig borradh suntasach faoin fheachtas agus An Dream Dearg agus cumainn eile ar an champas ag tacú leis. Tá agóid ar son comharthaíocht dhátheangach feicthe lasmuigh de gheataí na hOllscoile beagnach gach bliain le hocht mbliana anuas.
Dúirt Eoghan Ó Conghaile go ndéanfar beart láithreach chun troid i gcoinne an chinnidh is déanaí seo:
“Tá sé ar intinn againn CCB a reáchtáil láithreach chun uasdátú a thabhairt do bhallraíocht an Chumainn Ghaelaigh agus do phobal na Gaeilge go forleathan. Trí phlé oscailte roghnóidh muid na chéad chéimeanna eile is oiriúnaí chun leanstan ar aghaidh. Is cinnte nach ngéillfidh muid in aghaidh an tseanmheoin seo ag an Ollscoil agus go leanfaidh an feachtas ar aghaidh go dtí go bhfuil siad sásta a ndualgaisí a chomhlíonadh.”
Fágann seo go bhfuil ceist mhór roimh bhainistíocht na hOllscoile maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar an champas taobh amuigh de na seomraí foghlama amháin. Is léir go bhfuil bainistíocht Ollscoil na Banríona ag iarraidh freagracht ar bith a sheachaint agus éalú óna dualgais teangacha agus cultúr a chur chun cinn mar institiúid phoiblí acadúil.
The post ‘Clásal Éalaithe an Choimisinéara’ á úsáid ag Ollscoil na Banríona i leith comharthaí dátheangacha appeared first on NÓS.





