Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Ciaran Dunbar

Rún na hAthbhliana: Triail a bhaint as teagasc na Gaeilge

In amanna, bíonn comhrá againn le duine agus téann an comhluadar céanna i bhfeidhm orm go mór.

Ar uairibh, seans nár thuig an té a rinne an ráiteas go raibh tionchar ag an trácht seo ar chor ar bith.

Agus go minic, níor mhaith linn a leithéid a admháil dúinn féin, ní féidir leis an ego leochaileach a ghlacadh leis nach raibh muid ceart faoi rud éigin.

Ar ndóigh, ní hionann athrú intinne agus admháil go raibh muid mícheart áfach, is admháil é go díreach ná go dtagann athrú orainne agus ar gach rud eile i rith an ama.

Bhí cur chuige éigin fóirsteanach an t-am amháin ar chúis amháin ach ní mór dúinn a bheith toilteanach athrú.

Ach cibé ar bith, cén comhrá a bhfuil mé ag trácht air? Creid nó ná creid – teagasc na Gaeilge!

Duine mise a bhíodh ag teagasc Gaeilge go minic, ‘thíos ag an chlub’, san ionad pobail agus mar sin de.

Ní thiocfadh liom a mhaíomh go raibh na ranganna seo chomh heagraithe seo ná gur fhorbair cainteoir líofa ar bith astu, ach bhínn á reáchtáil, rud tuirsiúil go leor agus mé ag teacht abhaile ón obair i mBéal Feirste.

Anois, ní bhfuair mé pingin rua as seo go léir, agus níor íoc na foghlaimeoirí as ar chor ar bith. Chreid mise go raibh sé de dhualgas orm rud éigin a dhéanamh ar son na teanga go deonach ar an ábhar nach mbaineann mo phost leis an Ghaeilge ar chor ar bith.

Chomh maith leis sin, ní raibh dúil dá laghad agam a bheith ag líonadh isteach foirmeacha ar mhaithe le hairgead a fháil. Ní raibh mé ag iarraidh fanacht leis an deontas, ní raibh cead de dhíth orm ó dhuine ar bith chun Gaeilge a theagasc go háitiúil.

“Tá go maith,” arsa mo chara, ar chloisteáil dó mo scéal, “cé chomh minic is a bhíonn tú ag teagasc anois?”

“Cha bhím á teagasc ar chor ar bith!” a d’fhreagair mé, “cá bhfaighinn am chun a leithéid a dhéanamh i saol na linne seo?”

Bím sa leaba, éirím, bím ag tiomáint, bím ag obair, bím ag tiomáint, bím ag ithe in éineacht le mo theaghlach, bím ag déanamh obair sa bhreis, téim a luí, éirím….

“Agus sin é nach é?” arsa mo chara. “Níl an t-am agat óir ní mór duit an t-am atá agat a úsáid chun airgead a shaothrú agus sin sin.”

Níor ghá dó níos mó a rá. Ghlac mé seasamh prionsabálta ach ardnósach agus ba é an toradh a bhí air ná nár bhac mé leis an teanga a theagasc ar chor ar bith.

Anois, ní múinteoir mé ar ndóigh, cad faoi sin mar chosaint?

“Ní hionann páistí a theagasc agus a bheith ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta,” a dúradh liom.

“Ach tá Gaeilge lochtach agam ar gach bealach,” a dúirt mé.

Anois, níor easaontaigh mo chara liom ar an ábhar sin ach is é a dúirt sé ná: “Ach tá Gaeilge níos fearr agat ná go leor daoine atá á teagasc.”

Caithfidh mé a admháil gur féidir gur fíor sin. Anois, seachas dochtúireacht, tá gach cáilíocht agam gur féidir a bhaint amach sa teanga agam ach is dócha gur bhain na cáilíochtaí seo muinín asam seachas misneach a thabhairt dom.

“Ach tuigeann tú na lochtanna atá agat,” arsa mo chara. “Rud mór é sin”.

Is fíor gan amhras, agus mo thuras teanga acadúil curtha i gcrích agam, nár éirigh liom an caighdeán Gaeilge riachtanach chun post acadúil, iriseoireachta nó aistriúcháin a bhaint amach riamh. Tá go breá, bhí an dúil agam, bhí an spéis agam ach ní raibh an bua sin agam.

Ar bhealach, tá mé sásta go ndearna mé mo dhualgas is go ndearna mé oiread staidéir ar an Ghaeilge agus ab fhéidir liom. Ar an lámh eile, tá an-aiféala orm nach bhfuil cáilíochtaí eile agam, cáilíochtaí a chabhródh liom i mo shaol oibre, áit nach ábhartha an teanga.

Mar sin féin, tá eolas go leor agam ar an teanga agus ní fiú an t-eolas sin a chur sa chónra liom, mar sin de, rún na hathbhliana seo, iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a theagasc gach bealach is féidir liom. Agus má tá duine éigin sásta airgead a thabhairt dom as mo chuid ama, tá go breá.

Gné eile is dócha, a mhaolaigh an fonn a bhíodh orm an teanga a mhúineadh ná Gardaí na Gaeilge.

Is minic a bhím féin i dtrioblóid leo, ní féidir iad a sheachaint i gcónaí. Ghlac mé riamh nár chuir siad isteach orm, ach seans go raibh tionchar acu seo ar leibhéal fo-chomhfhiosach.

Ach mar a deirimse i rith an ama, dá mbeadh go leor iriseoirí a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu, dhiúltóinn rud ar bith a scríobh inti ná dul ar an raidió ach oiread.

Dá mbeadh go leor cainteoirí Gaeltachta ann leis an teanga a theagasc, níor chóir go mbeadh foghlaimeoir ar bith á teagasc, ach níl go leor acu ann.

Agus rud amháin eile, a shaoithe, an té atá saor caitheadh sé an chéad chloch, seans go bhfuil rud nó dhó ar eolas agam nach fios duit féin.

The post Rún na hAthbhliana: Triail a bhaint as teagasc na Gaeilge appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta