Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Cathal Mac Coille

cireibeacha-bheal-feirste-agus-mifhreagracht-nimhiuil-na-mean-soisialta

Círéibeacha Bhéal Feirste agus mífhreagracht nimhiúil na meán sóisialta

Uair éigin amach anseo, beidh iontas ar dhaoine nár chuir rialtas ar bith smacht, srian ná dianphionóis, ar a laghad, ar X, TikTok, Telegram, Facebook agus a leithéid ainneoin an leas contúirteach a baineadh astu.

Dé Máirt seo caite, agus ionsaithe ar inimircigh á bpleanáil ag antoiscigh i mBéal Feirste, mhol úinéir X, Elon Musk ‘troid’ le linn comhrá ar líne leis an antoisceach Breataineach Stephen Yaxley-Lennon.

Bhí foréigean ag teannadh leo, a dúirt Musk le Yaxley-Lennon agus a lucht leanúna, rud a d’fhág nach raibh acu ach aon rogha amháin: “you either fight back or you die”.

D’athsheol Musk, a bhfuil 240 milliún leantóir aige ar X, teachtaireacht an lá céanna go raibh “déistin, faitíos agus fearg” nádúrtha mar fhreagra ar an ionsaí i mBéal Feirste oíche Dé Luain inar gortaíodh Stephen Ogilvie go dona. Cúisíodh fear ón tSúdáin i dtaobh an ionsaithe an lá dár gcionn.

Dúradh sa phostáil chéanna ar X gurb ionann síocháin a mholadh agus a mholadh go ndéanfaí beag is fiú den uafás. Fógraíodh i bpostáil eile a d’athsheol Musk go reáchtálfaí seachtó agóid ar a laghad ar fud na Ríochta Aontaithe oíche Dé Máirt.

Níl san ábhar thuas ach samplaí den chaint ar líne a thuilleann aird ar leith toisc gur Musk a bhí á rá nó á scaipeadh. Níl ann ach céatadán beag den chumarsáid iomlán, idir ábhar poiblí agus ábhar a scaipeadh ar ghréasáin phríobháideacha. Is féidir a bheith cinnte go raibh cuid de i bhfad níos láidre agus níos dainséaraí.

Is féidir a bheith ionann agus cinnte freisin go raibh cuid mhór den chaint ar líne ar aon dul leis an gcaint a spreag círéibeacha i mBaile Átha Cliath in 2023, i mBéal Feirste in 2024, sa Bhaile Meánach i gContae Aontroma in 2025 agus taobh amuigh de lóistín iarrthóirí tearmainn Citywest i gcontae Bhaile Átha Cliath an bhliain chéanna.

Bhí díoltas, foréigean agus ionsaithe ar inimircigh á moladh go forleathan tar éis na n-eachtraí sin go léir. Rinne antoiscigh neamhaird ar ghabháil daoine ón iasacht ar cuireadh ionsaithe ina leith.

Go deimhin, ba léir i mBaile Átha Cliath in 2023 gur chuir na ciréibeacha sráide a spreagadh ar líne isteach ar fhiosrú na nGardaí ar eachtra a chuir déistin ar chách.

Is léir trí chosúlacht thábhachtach eile idir na babhtaí foréigin eagraithe seo go léir.

I ngach cás, bhí dlúthbhaint ag na meáin shóisialta le gríosú daoine chun inimircigh agus Gardaí nó póilíní a ionsaí. Ní raibh ach cuid den ghríosú sin lán-oscailte cé gur deacair ciall ar bith eile a bhaint as an ‘troid’ a mhol Musk Dé Máirt.

Fiú mura raibh gríosú díreach doshéanta á scaipeadh, bhí dochar á dhéanamh ar bhealaí eile. Le bréagnuacht, nó le háibhéil (mar shampla, maíomh go raibh ‘díothú’ an chine ghil ar bun), nó le ciníochas mínáireach.

B’ionann an tionchar i ngach cás: gríosú chun achrainn agus ionsaithe.

Níl cíoradh déanta ar an gcumarsáid ar líne faoi scéal Bhéal Feirste agus an colún seo á scríobh. Tá sé ionann agus cinnte áfach go raibh scata mór nár leag súil riamh ar Bhéal Feirste ag postáil faoin ionsaí ar Stephen Ogilvie.

Bhreathnaigh a bhformhór, mar a bhreathnaíonn antoiscigh i gcoitinne ar ionsaithe a raibh (nó ar síleadh go raibh) inimircigh freagrach astu, mar eachtraí a neartaíonn an cás gur chóir inimirce a chosc agus/nó inimircigh a dhíbirt.

Tugann Musk agus tionchairí aitheanta eile tacaíocht d’antoiscigh abhus agus gríosú díreach nó indíreach chun foréigin á scaipeadh acu. Leithéid na postála ar X anuraidh mar shampla inar mhol duine gan ainm go ndíreofaí lámh láidir gan trócaire ar na “bastaird mhídhleathacha” i Citywest.

Nó leithéid a dteachtaireachtaí bréagacha eile a postáladh le linn na gcíréibeacha ag Citywest inar maíodh gur tugadh lóistín in óstáin cúig réalt d’iarrthóirí tearmainn, go bhfuair siad gluaisteáin ó na húdaráis agus (creid nó ná creid) gur tugadh gléasanna cluichíochta dóibh. Bréagnuacht i ngach cás nó, lena rá le focal níos simplí, bréaga.

Baineann cúis náire ar leith leis an gcosúlacht eile idir na mórchíréibeacha abhus agus sa Bhreatain le gairid. I ngach cás, rinne antoiscigh mór is fiú d’ionsaí amháin ar dhuine áitiúil ar dhóigh nach ndearna siad riamh tar éis ionsaithe eile a rinne daoine ón gcine geal.

Thagair ceannaire an SDLP, Claire Hanna d’fhearg roghnaitheach na bhfear a dhíbir inimircigh agus a chuir tithe agus feithiclí trí thine i mBéal Feirste. Ní raibh siad i mbun agóide an tseachtain seo caite, a dúirt sí, tar éis ciontú fir i ndúnmharú Natalie McNally agus páiste an dúnmharfóra a bhí á iompar aici.

D’fhéadfaí an breithiúnas céanna a thabhairt ar antoiscigh ar an dá thaobh den teorainn. Oireann sé dóibh go léir ionsaí ar dhuine ón gcine geal a úsáid mar thaca lena dtuairimí. I gcás na n-antoisceach is dainséaraí, is leor ionsaí amháin ar dhuine áitiúil mar leithscéal chun comhphionós coiriúil a bhagairt ar inimircigh.

Ba léir feabhas amháin ar chumas na nGardaí faisnéis ar líne a bhailiú le linn an achrainn ag Citywest i mí Dheireadh Fómhair. Faraor níor tugadh chun cúirte ach dornán beag a bhain drochúsáid as na meáin chun foréigean agus fuath a scaipeadh.

Is féidir an dlí a neartú chun déileáil le hÉireannaigh. Is mó an chúis imní áfach a bhaineann le neamhthoil an rialtais (agus formhór na rialtas ar domhan) aghaidh a thabhairt ar an dochar a shaibhríonn úinéirí na meán sóisialta.

Dá bhfoilseodh Tuairisc.ie gríosú chun foréigin nó fuatha mar a fheictear gach lá ar na meáin shóisialta, bheadh an t-eagarthóir os comhair cúirte agus bheadh breith na cúirte ionann agus cinnte.

Dá ndéarfadh an t-eagarthóir leis an gcúirt gur ghlan ‘modhnóirí’ Tuairisc.ie bagairt bháis ón suíomh tar éis cúpla lá, ní ghlacfaí lena ráiteas mar chosaint ná mar leithscéal. Tar éis an bhreithiúnais go deimhin, bheifí ag fonóid faoi Thuairisc agus a ‘modhnóirí’.

Níl dlí a chuirfeadh dualgas foilsitheora den chineál céanna ar úinéirí cumhachtacha na meán sóisialta beartaithe i dtír ar bith fós. Mhol Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta dlí dá leithéid Dé Céadaoin: tá a múnla gnó bunaithe, a dúirt sí, ar algartaim a chothaíonn deighilt.

Dúradh arís ar an dá thaobh de Mhuir Éireann i rith na seachtaine gur ar neamhthoil pholaiteoirí cúrsaí inimirce a phlé i gceart a bhí cuid den mhilleán go raibh daoine i mbun achrainn i mBéal Feirste. Is pointe réasúnta é ach is follas an leas mínáireach a bhaintear as mar leithscéal.

Bhí trácht ar mheáin na Breataine ar an gComh-Limistéar Taistil idir an Bhreatain agus Éirinn agus ar an deis a thug sé don fhear a cúisíodh san ionsaí ar Stephen Ogilvie an Ríocht Aontaithe a bhaint amach ó Bhaile Átha Cliath. Níl aon chosúlacht ar an scéal áfach go n-athrófar socrú a oireann do shaoránaigh ón dá thír agus atá i bhfeidhm le breis agus céad bliain.

Phléigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Helen McEntee agus Státrúnaí an Tuaiscirt, Hilary Benn comhordú idir an dá rialtas maidir le cúrsaí inimirce ach níl aon mhór-athrú beartaithe fós.

Maidir le Musk agus fathaigh eile na meán sóisialta, is follas i gcónaí tuairim an dá rialtas nach féidir nó nach mian leo an dochar a éascaíonn siad a chosc nó a shrianadh go héifeachtach. Mar a léiríodh arís go hindíreach sa Dáil Dé Céadaoin.

D’iarr Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús ar an Taoiseach Elon Musk, Conor McGregor agus daoine eile a spreagann foréigean agus a chothaíonn easaontas, dar leis, a cháineadh.

Dúirt Micheál Martin leis gur cháin sé ar tharla i mBéal Feirste chomh maith, an ciníochas a spreag é agus meáin áirithe a chothaigh teannas sa chathair.

Níor thagair an Taoiseach d’Elon Musk ná do na daoine eile a luaigh Paul Murphy. Ná don ‘troid’ a mhol an trilliúnaí ar X go gairid sular díbríodh teaghlaigh ó thithe i mBéal Feirste.

Níos mó

ba-choir-deis-a-thabhairt-do-votalaithe-stop-a-chur-le-siormheadu-dhail-eireann

Ba chóir deis a thabhairt do vótálaithe stop a chur le síormhéadú Dháil Éireann

Ná habair go bhfuil tú chun tuilleadh a scríobh faoi chúrsaí toghcháin. Nach bhfuil dóthain ráite faoin am seo? 

Tá go deimhin. Ach ní ar iarmhairt na bhfothoghchán i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath atá an colún seo á dhíriú ach ar mhachnamh ar thoghadh Teachtaí Dála i gcoitinne. Go háirithe ar an gceist seo: an ndéanfaí leas an phobail agus leas na Dála dá gcuirfí stop lena síormhéadú? 

Tá 174 Teachta sa Dáil faoi láthair. Deimhníonn méadú leanúnach ar dhaonra an stáit gur dócha go mbeidh 182 Teachta ar a laghad sa chéad Dáil eile.  

 Ní foláir cur le líon na suíochán sa Dáil i gcomhréir le méadú an daonra mar gheall ar fhoráil sa Bhunreacht a deir nach gceadaítear líon na dTeachtaí Dála a bheith “faoi bhun comhalta in aghaidh gach 30,000 den daonra”. 

Má shroicheann fás an daonra an réamh-mheastachán oifigiúil is airde don bhliain 2042 beidh thart ar 220 Teachta i nDáil Éireann mura leasaítear airteagal 16.2.2 den Bhunreacht idir an dá linn.  

Tá ardú dosheachanta ar ionadaíocht pharlaiminteach na hÉireann romhainn mar sin – ardú a chuirfidh ráta ionadaíochta na Dála chun cinn arís ar mhórán tíortha eile.  

 Mar shampla dá mbeadh feisirí parlaiminte á dtoghadh sa Ríocht Aontaithe de réir ráta ionadaíochta na hÉireann, ní 650 feisire a bheadh i Westminster ach 2,300. Is fiú mar sin dhá cheist a chur agus a chíoradh. 

Ar chóir stop a chur le síormhéadú Dháil Éireann? Cé mhéad Teachta Dála a theastaíonn dáiríre chun feidhmiú éifeachtach an chórais pholaitiúil a dheimhniú? 

Tá ceisteanna mar seo á gcíoradh ag an gCoimisiún Toghcháin. Baineann siad go dlúth le hábhair phraiticiúla chomh maith le tuairimí níos leithne faoi riaradh an stáit.  

Tarraingeoidh daonáireamh 2026 agus an léiriú a thabharfaidh na torthaí ar fhás leanúnach an daonra aird ar cheisteanna polaitiúla nach bpléitear ach go hannamh. Seo cúig cinn:  

  1. Costas?

Nuair a thoghfar 45 Teachta Dála breise beidh 45 tuarastal breise (€118,224 faoi láthair) á n-íoc leo. Anuas air sin, i dtéarmaí an chostais reatha, beidh beagán le cois dhá mhilliún euro an duine le caitheamh ar chostas foirne, ar liúntais taistil agus ar liúntais eile, agus ar phinsin. 

Costas iomlán: thart ar €100 milliún, arís i dtéarmaí an chostais reatha. Beidh an fíorfhigiúr níos airde. 

Ní costas seasta é seo ach costas a rachaidh i méid gach uair a chaithfear an Dáil a mhéadú arís chun foráil an Bhunreachta a chomhlíonadh ionas nach rachadh an coibhneas idir Teachtaí Dála agus saoránaigh os cionn 1/30,000. 

  1. Spás?

Meastar nach bhfuil slí i seomra na Dála ach le haghaidh thart ar 15 Teachta Dála breise. Bheadh athchóiriú mór de dhíth chun suíocháin a chur ar fáil do 45 Teachta breise, gan trácht ar níos mó.  

 Is é sin mura ndéanfaí cinneadh go gcaithfí seomra nua níos mó a thógáil ar an suíomh reatha nó in áit éigin eile chun freastal ar fhás fadtéarmach.Tá suíomh na seanpharlaimininte i mBanc na hÉireann i bhFaiche an Choláiste molta ó am go ham mar ionad oiriúnach.  

Ní dhearnadh meastachán ar chostas na hoibre i gceachtar cás. Is léir áfach go mbeadh rogha le déanamh idir costas measartha athchóirithe (thart ar €50m b’fhéidir má chuirtear caiteachas ar oifigí breise san áireamh) nó na céadta milliún euro ar thogra níos mó.  

  1. Riachtanas?

Tá bóithre, gluaisteáin agus gach modh taistil feabhsaithe go mór ó ritheadh an Bunreacht i 1937. Níl aon chosúlacht ach oiread idir cumarsáid na linne sin a bhí ag brath ar an gcóras poist agus ar chóras anásta teileafóin agus córais na linne seo. 

Is féidir fón póca, ríomhphost, na meáin nuachta agus shóisialta, WhatsApp, Zoom, Skype srl a úsáid chun teagmháil le duine amháin nó le slua in áit ar bith ar domhan in imeacht soicind ar dhóigh a bhí do-shamhalta i 1937. 

Ní léir ó thaobh taistil agus cumarsáide de go bhfuil gá leis an ráta ionadaíochta in 2026 a bhí oiriúnach sna 1930idí. 

  1. Síorphlénó cinneadh? 

Glacann na saineolaithe daonra go léir leis go mbeidh gá le méadú eile ar bhallraíocht na Dála tar éis an chéad olltoghchán eile i bhfianaise thorthaí an daonáirimh a dhéanfar an bhliain seo chugainn. Tarraingeoidh an cinneadh dosheachanta sin aird arís ar shíormhéadú na Dála. 

Má ghlactar leis gur chóir stop a chur le síormhéadú na Dála – má nach beag – bí cinnte go ndéarfaidh go leor daoine nár chóir an cinneadh a fhágáil faoi Theachtaí Dála. 

Fiú má mholann an Coimisiún Toghcháin uasteorainn áirithe, b’fhiú iarraidh ar thionól saoránach an t-ábhar a bhreithniú in dhiaidh sin. 

  1. Anfigiúris oiriúnaí? 

Ba chóir go spreagfadh an chéad mhéadú eile ar bhallraíocht na Dála díospóireacht ar cheist níos bunúsaí ná an costas: cé mhéad Teachta Dála a theastaíonn chun rialú éifeachtach na tíre chomh maith le freasúra éifeachtach a dheimhniú?  

Is féidir an cheist a chur ar bhealach eile: cén feabhas a thiocfadh ar rialú na tíre dá mbeadh scór Teachtaí Dála breise i dTeach Laighean? Nó dhá scór, nó níos mó amach anseo? 

Ritheadh rún sa Seanad i mí an Mhárta a mhol leasú ar airteagal sa Bhunreacht a deir nach gceadaítear coibhneas níos mó ná 1/30,000 idir Teachtaí Dála agus an daonra. Níor chuir an rialtas ina choinne. 

Níor iarradh sa rún go gcuirfí uasteorainn áirithe i bhfeidhm. Dúirt an seanadóir Michael McDowell, a mhol an rún, gur chóir foráil ionadaíochta an Bhunreachta a athbhreithniú. 

Bhí daonra an stáit ag dul i laghad agus an Bunreacht á dhréachtú sna 1930idí, a dúirt sé, ach is tapúla ráta fáis an daonra faoi láthair ná i mballstát ar bith eile san AE. 

Ar ndóigh ní bheidh fonn ar Theachtaí na Dála reatha bac a chur ar thoghadh a thuilleadh Teachtaí ná i mbealach a n-atofa féin.  

Is fiú cuimhneamh áfach ar an gcinneadh a chuir comhrialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre i gcrích idir olltoghcháin 2011 agus 2016 líon na suíochán Dála a laghdú ó 166 agus 158.  

Ganntanas airgid a thug orthu an cinneadh sin a dhéanamh gan dabht. Cá bhfios mar sin féin nach gcuirfidh athrú eile ar an aeráid pholaitiúil nó eacnamaíochta brú ar rialtas eile filleadh ar an ábhar.

Go háirithe má shíltear go mb’fhearr €100 milliún nó níos mó a chaitheamh ar sheirbhísí riachtanacha seachas ar Theachtaí Dála breise. 

Buille faoi thuairim: dá n-iarrfaí ar an bpobal vótáil ar leasú ar an mBunreacht faoina gceadófaí méadú ar líon na suíocháin Dála sa chéad olltoghchán eile ach a chuirfeadh uasteorainn i bhfeidhm as sin amach, nach mbeadh toradh na vótála ionann agus cinnte? 

Níos mó

ni-feidir-le-gach-dream-a-bhfuil-cabhair-phrainneach-on-rialtas-tuillte-acu-na-boithre-a-bhlocail

Ní féidir le gach dream a bhfuil cabhair phráinneach ón rialtas tuillte acu na bóithre a bhlocáil

 Ba léir do Theachtaí Dála an fhreasúra agus an rialtais an cheist nár freagraíodh agus Micheál Martin agus Simon Harris á gceistiú sa Dáil i rith na seachtaine.

Cén uair a fhógróidh an rialtais a thuilleadh beartas a mhaolóidh an brú a chuirfidh ardú eile ar chostais fuinnimh agus ar an gcostas maireachtála i gcoitinne?

Dúirt an Taoiseach go raibh “faoiseamh fadtéarmach” á bhreithniú, go háirithe maidir le hola théite. Dhiúltaigh an Tánaiste do mholtaí Shinn Féin agus Pháirtí an Lucht Oibre go dtabharfaí isteach mionbhuiséad mar fhaoiseamh éigeandála.

Is léir an brú a chuirfidh ardú praghsanna ar an rialtas idir seo agus an buiséad, go háirithe agus farasbarr €9 mbilliún euro faoi dheireadh na bliana á thuar ag an Roinn Airgeadais. An mbeadh rialtas ar bith ábalta a rá leis an bpobal a bheith foighdeach agus ardú ar bhillí leictreachais agus gáis á bhfógairt an mhí seo chugainn?

I bhfad uainn atá lá an bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair. Fiú mura dtosaíonn an tréimhse idirlinne go mbeidh an vótáil thart sna fothoghcháin i mBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an 22 Bealtaine (féach Iarfhocal, thíos).

Tairngreacht: tá sé ionann agus cinnte mar sin nach mbeidh aon dul as ag an rialtas ach pacáiste faoisimh de chineál éigin a ghealladh agus a chur i bhfeidhm roimh lá na cáinaisnéise. Ní tearc na grúpaí a bheidh á iarraidh.

Is léir an dóchúlacht go múinfidh blocáil na mbóithre coicís ó shin ceacht do dhreamanna eile: is éifeachtaí bagairt díobhála ná caint bhéasach chun rialtas a ghríosú chun gnímh.

Ach ní féidir le gach saoránach ná grúpa saoránach a thuilleann cabhair rialtais a gcás a chur chun cinn le blocáil bóithre agus le dúnadh ionad ola. Mar a chuir achainí a rinne tuismitheoirí aosta a thugann aire do pháistí fásta i gcuimhne do scata beag Teachtaí Dála i dTeach Laighean Dé Céadaoin.

Thug an Comhchoiste um Nithe a Bhaineann le Míchumas (an teideal oifigiúil) cuireadh dóibh cur síos a dhéanamh ar a n-údair imní. Ba léanmhar a scéal.

Léirigh suirbhé a rinneadar nach raibh plean ar bith maidir le saol a bpáistí amach anseo, ná leis an athrú dosheachanta a bheidh riachtanach roimhe sin, leagtha amach i gcás 98 faoin gcéad den mhíle tuismitheoir a d’fhreagair ceisteanna an tsuirbhé.

Dúirt Tony Murray ón ngrúpa ‘Before We Die’ leis an gcoiste go raibh dhá mhíle duine fásta le míchumas intleachta ina gcónaí le tuismitheoirí atá seachtó bliain nó níos aosta, agus go bhfuil tuismitheoirí atá ochtó nó níos sine at tabhairt aire do 500 duine le míchumas.

Tá an scéal chomh holc, a dúirt sé, go bhfuil súil ag go leor tuismitheoirí go bhfaighidh a bpáistí bás rompu. Chuir tuismitheoir eile, Nora Roban ón ngrúpa ‘Remember Us’, síos ar thuismitheoirí a bhíonn ina ndúiseacht ar feadh na hoíche agus iad ag machnamh ar a bhfuil i ndán dá bpáistí nuair a bheidh siad féin ar shlí na fírinne.

D’fhiafraigh an Seanadóir Tom Clonan, a bhfuil mac 23 bliain le míchumas corpartha aige féin, de Tony Murray ar shíl sé go raibh gá le feachtas radacach a chuirfeadh as do shaol na tíre, mar a rinne lucht blocála na mbóithre, chun aird a tharraingt ar a gcás.

Dúirt Tony Murray leis nach mbeadh sé féin ná tuismitheoirí eile ábalta Sráid Uí Chonaill a bhlocáil lena roth-chathaoireacha.

“Táimid ag fulaingt go ciúin,” a dúirt sé, “agus níl duine ar bith ag éisteacht dáiríre linn.”

Teastaíonn athrú ar an dlí agus aonad rialtais nua ó na tuismitheoirí a chuirfeadh brú ar an roinn tithíochta, ar údaráis áitiúla agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tabhairt faoin soláthar a theastaíonn.

D’eisigh an rialtas ráiteas níos deireanaí inar dúradh go raibh an freastal ar dhaoine le míchumas á mhéadú ach inar admhaíodh gur mó an t-éileamh ná an soláthar do dhaoine le míchumas.

“Tá súil agam go mbeidh toradh éigin ar an gcaint seo,” a dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fáil) ag deireadh an chruinnithe.

“Is rud an-mhínádúrtha do thuismitheoirí é a rá go bhfuil súil acu go rachaidh a bpáistí in éag rompu.”

Iarfhocal

Má tá cónaí ort i nGaillimh Thiar nó i mBaile Átha Cliath Láir agus más saoránach Éireannach tú is féidir leat clárú mar vótálaí ag

https://www.checktheregister.ie/ga-IE/ (leagan Gaeilge) idir seo agus Dé Máirt, 5 Bealtaine.

Is féidir seiceáil an bhfuil tú cláraithe mar vótálaí ar an suíomh céanna.

Níos mó

fianaise-a-leirionn-nach-bhfuil-coras-polaitiochta-na-heireann-slan-o-dhainsear 

Fianaise a léiríonn nach bhfuil córas polaitíochta na hÉireann slán ó dhainséar 

Níor chuir réamhaisnéis na saineolaithe tithíochta iontas ar chomhaltaí an choiste tithíochta a d’éist leo tráthnóna Dé Máirt.

Ba léir, arís, agus an léargas tógála á phlé nach mbeifear fiú i bhfoisceacht leigheas ar an nganntanas tithíochta mura dtógfar 50,000 teach ar a laghad gach bliain idir seo agus 2030.

Ní raibh focal sna freagraí a thug na saineolaithe ón mBanc Ceannais agus ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) ar cheisteanna an choiste a thabharfadh le fios go dtógfar an méid tithe a theastóidh sna blianta atá romhainn.

Ní shíleann siad go deimhin go mbeidh fiú 40,000 teach sa bhliain á dtógáil go dtí an bhliain seo chugainn ar a luaithe, gan trácht ar 50,000.

Is fiú aird a thabhairt ar a dtuartha, nach gcuirfidh iontas ar dhuine eolach ar bith, ar chúis amháin thar aon chúis eile. Ní féidir folláine an chórais pholaitiúil a phlé gan éagumas an chórais aidhmeanna tithíochta inchreidte a chur os comhair an phobail.

Is dúshlán é seo do gach páirtí ach is treise an brú atá ar an rialtas – go háirithe má chuimhnítear ar thairngreacht gan bhunús Darragh O’Brien agus airí eile roimh an olltoghchán go mbeadh 40,000 teach tógtha faoi dheireadh 2024. Léirigh an cuntas oifigiúil nár tógadh ach 30,300 teach anuraidh.

Tá polasaí nua tithíochta geallta ag an rialtas ach ní beag an easpa muiníne a d’fhág an áibhéil mhínáireach réamhthoghcháin ina diaidh.

Dúisíonn pobalbhreith a d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin ceisteanna agus cúiseanna imní níos leithne maidir le folláine an chórais pholaitiúil – folláine a bhaineann le muinín agus le meas araon.

Bhain an chuid is mó den tuairisciú ar thorthaí an tsuirbhé (tá na sonraí thíos) leis na freagraí a tugadh ar cheisteanna a bhain leis an gcóras toghcháin agus a léirigh ardmhuinín as riar agus cothromaíocht an chórais. Ach tá ábhar machnaimh agus imní araon sna freagraí eile. Mar shampla:

* Nuair a fiafraíodh de dhaoine cén úsáid a bhaineadar as foinsí eolais éagsúla le linn an fheachtais, thagair 72% do RTÉ, thagair 57% do na nuachtáin agus a seirbhísí nuachta ar líne, agus thagair 35% do na meáin shóisialta. Ní léir ón suirbhé gur cuireadh ceist ar bith a bhain le TG4, le Raidió na Gaeltachta, le Tuairisc, le Virgin Media ná le TheJournal.ie.

* Léirigh ceist faoi mhuinín na ndaoine a ceistíodh as foinsí éagsúla go raibh muinín ag 84% as RTÉ, ag 83% as na nuachtáin, agus nach raibh muinín ach ag 39% as na meáin shóisialta agus lagmhuinín ag 52%.

* Tá tuairimí ag mionlach nach beag a bhunaítear ar raiméis nach scaiptear ach ar na meáin shóisialta amháin. Mar shampla, dúirt 19% gur mian le polaiteoirí ‘inimircigh ghéilliúla’ a vótálfadh ina bhfabhar a thabhairt go hÉirinn.

* Léirigh ceisteanna eile contrárthacht idir na freagraí ar cheisteanna éagsúla. Léiríodh fíorthuairim nár nochtadh ach sa bhfreagra ar cheist eile. Níor thagair ach 8% díobh siúd a ceistíodh d’inimirce mar ábhar a raibh tionchar aige ar a vóta san olltoghchán (tithíocht agus sláinte a bhí chun cinn, mar is gnáth).

Tá tuairimí láidre ag an móramh áfach faoi na cúrsaí céanna. Dúirt 73% gur aontaigh siad leis an tuairim gur chóir dian-teorainn a chur ar líon na n-imirceach a thagann go hÉirinn.

* Fiafraíodh de dhaoine ar aontaigh siad le hagóidíocht taobh amuigh de thithe ina bhfuil cónaí ar pholaiteoirí. Dúirt 82% go mbeidís i gcoinne agóidíocht dá leithéid, agus dúirt 14% go mbeidís i bhfabhar.

Léirigh an mionáireamh ar thuairimí lucht leanúna na bpáirtithe áfach go n-aontaíonn duine as gach cúigear (20%) de vótálaithe Shinn Féin le hagóidíocht taobh amuigh de thithe pholaiteoirí.

Rinneadh cur síos sa cholún seo roimhe seo ar agóidíocht dá leithéid agus a tionchar ar an saol polaitiúil. Tugann agóidí a reáchtáiltear ag teach cónaithe polaiteoirí le fios nach gceadófar saol príobháideach don té atá ina chónaí ann.

Scanraíonn fiú picéad ciúin daoine eile sa teach, páistí ina measc, gan trácht ar bhéicíl agus ar bhagairt oscailte. Fógraítear do pholaiteoirí eile nach mbeidh siad slán ó bhuairt ach oiread. Spreagann sé athmhachnamh ar a laghad i measc daoine eile atá ag smaoineamh ar sheasamh i dtoghchán.

Is baolach go gcuirfidh polaiteoirí olc ar mhórán daoine sara mbeidh deireadh le ré na Dála seo, mar a léirigh an cíoradh is deireanaí ar ghanntanas tithe atá faoi chaibidil thuas.

Ní leigheasfaidh imeaglú ar pholaiteoirí, ná ar dhuine ar bith atá ina chónaí in éineacht leo, fadhb ar bith. Ní haon leigheas í bulaíocht ach a mhalairt.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta