Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Ben O Faolain

Ar Chúl an Albaim le Olan Monk – ‘Songs For Nothing’

Ní minic a chífeá John Beag agus My Bloody Valentine ar an liosta céanna d’fhoinsí inspioráide ach b’shin mar a bhí ag an amhránaí is ceoltóir Olan Monk as Conamara agus iad ag cur síos dúinn ar na hocht rian is mó a bhí sa cheann acu agus a n-albam úr Songs For Nothing á chumadh agus á thaifeadadh acu.

Songs for Nothing by Olan Monk

Sarah Ghriallais – ‘Amhrán na hEascainne’ (Gradam Ceoil TG4, 2022)

D’éist mé le go leor leor sean-nóis agus mé ag smaoineamh faoi, ag scríobh agus ag taifeadadh an albaim seo. Chaith mé go leor ama sa charr ag tiomáint thart Conamara agus ag éisteacht le Sarah Ghriallais agus a mac Michael Frank Ó Confhaola freisin, beirt amhránaithe iontacha as Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara theas. Tá fonn an amhráin seo go hálainn agus tá na liricí tragóideach.

Hilary Woods – ‘Burial Rites’ (Sacred Bones, 2023)

Bhí tionchar mór ag an albam seo le Hilary Woods ar mo chumadóireacht féin go mór, go raibh mé ag iarraidh uirlisí éagsúla a mheascadh le ceol leictreonach. Is aoibhinn liom an dordveidhil ar an albam seo. Bhí an t-ádh orm a bheith ag obair le Risteárd Ó hAodha ar an dordveidhil agus le Peadar Tom Mercier ar an bhfidil ar m’albam féin, agus le ceoltóirí iontacha i gConamara a bhíonn ag obair le hAindriú de Buitléir, a chas an bodhrán ar an albam, mar an grúpa Gliogar.

Rory Gallagher – ‘A Million Miles Away’ (Polydor, 1974)

Rí an Stratocaster, agus é as Béal Átha Seanaidh i nDún na nGall, áit dhúchais mo sheanathar. Tá tionchar an riain seo le cloisteáil ar an dara leath den amhrán ‘Pomegranate’ agus ar ‘Oatmilk’… é féin agus Jimín Hendrix.

Sinéad O’Connor – ‘All Apologies’ (EMI, 1994)

D’éist mé le go leor de cheol Shinéad agus mé ag obair ar an albam seo thar na blianta. An chéad dá albam dá cuid agus an t-albam Sean Nós Nua den chuid is mó ach tá an leagan seo d’amhrán Nirvana an-ghar ar fad do mo chroí. Bíonn dhá insint ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Ealaín chlúdaigh Songs For Nothing le Olan Monk.

Julinho da Conçertina – ‘IMIGRANTE’ (2014)

D’éist me le go leor ceoil ó Phoblacht Cabo Verde freisin agus mé i mo chónaí sa Phortaingéil agus mé ag smaoineamh faoi albam nua a chur le chéile. D’fhill mé ar Éirinn ach d’fhan an Funaná i mo chloigeann. Drumaí leictreonacha, bosca ceoil agus amhrán á chanadh aige… beidh orainn é a fháil thíos i dTigh Mholly (in Indreabhán – má tá fhios ad, tá fhios ad). Éist le ‘Blank Page’, tá sé uilig ann.

Arthur Russell – ‘Soon-to-Be Innocent Fun / Let’s See’ (Rough Trade, 1987)

Tá sé deacair a rá an méid tionchair atá ag Arthur Russell ar mo chleachtas féin ach b’fhéidir gur leor a rá go raibh sé in ann amhrán a scríobh agus é gan a bheith ina amhrán ag an am céanna ach rud éigin aisteach, teibí agus dochreidte.

My Bloody Valentine – ‘Thorn’ (Creation, 1988)

Tá go leor MBV san albam seo, a gcuid demos luatha go mór mór agus an pointe sin nuair a thosaigh siad ag sampláil na ndrumaí agus ag lúbadh na ngiotár. An amhránaíocht go léir curtha i láthair mar dhísréad chomh maith, mar atá agam féin agus mé ag canadh le Maria Somerville ar ‘Down 3’ agus ar ‘Fate (Reprise)’, abair.

John Beag – ‘Pócaí Folamh is Cloigeann Tinn’ (Cló Iar-Chonnacht, 1993)

Sean nós agus giotár agus drumaí leictreonacha.. Ba é John Beag a rinne ar dtús é. Agus is breá liom puipéid, go háirithe na Muppets.


Beidh Olan Monk ar stáitse sa Bello Bar, Baile Átha Cliath ag 20:00 Dé Sathairn an 13 Nollaig 2025. Tá fáil ar thicéid anseo.

The post Ar Chúl an Albaim le Olan Monk – ‘Songs For Nothing’ appeared first on NÓS.

Níos mó

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Deireadh Fómhair 2025

Just Mustard – WE WERE JUST HERE (Partisan)

WE WERE JUST HERE by Just Mustard

Is léir ó éisteacht le halbam úr Just Mustard go bhfuil sé i gceist acu gurb iadsan a bheidh ar an gcéad ghrúpa Éireannach a shiúlfaidh sna sála ar Fontaines D.C. tríd an doras sin a bhfuil na focail THE INDIE BIGTIME scríofa os a chionn i soilse móra neoin.

Más rud é go bhfuil an dornán singlí a d’eisigh an grúpa le cúpla mí anuas cloiste agat (‘Polyanna’, ‘We Were Just Here’, ‘Endless Deathless’) tuigfidh tú go bhfuil téagar úr i bhfuaim Just Mustard, agus foinn a ghreamóidh i d’aigne acu le dul leis. 

Fuaimníonn gach rud níos toirtiúla agus níos saibhre — an ghile níos lonraí, an dorchadas níos doimhne. Spleodrach agus taibhsiúil san am céanna go minic. Katie Ball ag canadh, mar is dúil di, ar nós anam damanta (nó cailín a chaith Lá Nollag sáinnithe i bpoll portaigh ar a haonar!).

Tá giotáir loiscneacha shoegaze ‘Endless Deathless’ go diail ar fad, iad caite anuas ar dhord toirtiúil a bhfuil seabhrán leictreonach ag baint leis a chuireann ceol Curve i gcuimhne dom. 

An mise amháin a chloiseann rud beag de luascadh anonn is anall ‘Sexy Boy’ de chuid Air san amhrán ‘We Were Just Here’ (ach ceol don log maisála seachas don tolglann i gceist, abair)? Tá blas Aphex Twin i ré ‘Flim’ agus ‘Alberto Balsalm’ ar dhrumaí teanna éadroma ‘Dandelion’. 

Albam a ghluaiseann go deas, is nach bhfanann thar fhad a fháilte. Ná caill Just Mustard nuair a osclaíonn siad do The Cure i bPáirc Mharlaí BÁC agus ag Belsonic i mBéal Feirste i mí Meithimh na bliana seo chugainn.

Caitríona Frost – Spreag (Féineisithe)

Spreag by Caitríona Frost

Cnagcheoltóir as Corcaigh is ea Caitríona Frost. Cé gur le ceol clasaiceach agus ceol do scannáin is mó a bhíonn sí ag plé ina post lae mar shaorcheoltóir le dreamanna mar Cheolfhoireann Náisiúnta na hÉireann, ar Spreag cloisimid í ag cur cnaguirlisí mar an mhairimbe agus an vibreafón in oiriúint do cheol traidisiúnta na hÉireann.

Tá idir cheol nuachumtha agus phíosaí traidisiúnta le clos anseo, agus is léir sa dá chás go bhfuil go leor machnaimh déanta ag Frost ar na bealaí is éifeachtaí le hornáidaíocht shéiseach an cheoil thraidisiúnta a thabhairt leat mar chnagcheoltóir. Tá sí ag tarraingt anseo, mar a deir féin, ar a taithí féin ar cheol traidisiúnta a sheinm ar an veidhlín agus ar an bhfeadóg stáin, chomh maith le stíl seinnte Mhichíl Uí Shúilleabháin, nach maireann (cuimhnigh go n-áirítear an pianó i measc na gcnaguirlisí tiúnáilte).

Cé go bhfuil gluaiseacht ‘Trip To Paris 1-3’ agus ‘Síle na Gig’ i dteannta an phíobaire Muireann Ní Shé ina buaicphointe domsa, tá caighdeán an cheoil seo an-ard tríd is tríd. Cinntíonn rogha fhairsing aoicheoltóirí agus aoi-amhránaithe Frost (Nell Ní Chróinín, Steve Cooney, Mike McGoldrick agus Eabhar McMahon ina measc) go bhfuil gach port difriúil lena chéile.

Vanessa Wagner – Philip Glass: The Complete Piano Études (Infiné)

Philip Glass: The Complete Piano Etudes by Vanessa Wagner

Ba ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh ar éagsúlacht luasanna, uigeachtaí agus teicnící pianó, agus chun uirlis oideolaíoch trína bhfeabhsódh a sheinm phianó féin, a chum an cumadóir agus pianódóir Philip Glass a chéad leabhar étude (1-10). Deir sé gur eachtraí nua in armóin agus struchtúr a bhí i gceist le Leabhar 2 (étude-annaí 11-10). 

Tá iontais go leor don éisteoir cúramach ar an taifeadadh seo den scór étude sin déanta ag an bpianódóir Vanessa Wagner as Rennes na Briotáine. Intinn ghasta, méara éadroma.  Seachnaíonn stíl chaolchúiseach Wagner an blas meicniúil a bhíonn ar cheol Glass in amanna. Is ceol deas milis é seo, ach éist le hasarlaíocht ‘Etudes 3’ agus ‘Etude 14′ is tuigfidh tú go mbaineann Wagner an-sásamh as na dúshláin a chuireann na píosaí seo roimh an phianódóir.

(Albam Atheisithe na Míosa)

Marva Whitney – It’s My Thing (Vampisoul)

Eisithe ar dtús in 1969, tá fáil anois ar an albam début seo de chuid an amhránaí anamcheoil agus func Marva Whitney, nach maireann, ar cheirnín 180g a bhuí le ceirníní Vampisoul na Spáinne.

Ealaín chlúdaigh It’s My Thing le Marva Whitney.

Léirithe ag James Brown féin – fear a raibh baint aige freisin le scríobh formhór d’amhráin an albaim – agus taifeadta i dteannta buíon cheoil Brown, na JBs, tá It’s My Thing ag cur thar maoil le poirt theasaí dhiongbháilte func mar ‘Unwind Yourself’ (sampláilte ag 45 King ar ‘Let Me Clear My Throat’ le DJ Kool), ‘It’s My Thing’ (freagra Whitney ar ‘It’s Your Thing’ le The Isley Brothers), ‘Get Out Of My Life’ agus ‘I’m Tired, I’m Tired, I’m Tired (Things Better Change Before It’s Too Late)’.

Dinimít!

Joanna Duda Trio – Delighted (Byrd Out)

Delighted by Joanna Duda Trio

Seans go bhfuilim ciontach as barraíocht spáis a thabhairt d’fhuaim éalúchach an spiritual jazz ar na leathanaigh nuair ba cheart dom ardán a thabhairt níos minice do ghrúpaí snagcheoil a bhíonn ag soláthar stíleanna níos úire eachtrúla.

Seo chugat, mar sin, albam iontach de shnagcheol fuinniúil comhaimseartha a léiríonn cumas damanta cruthaitheach an phianódóra Phollanaigh Joanna Duda agus a compántas thar sé rian shamhlaíocha spleodracha. Tá obair iomasach Michał Bryndal ar na drumaí thar na bearta.

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Deireadh Fómhair 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Rianta na Míosa – Deireadh Fómhair 2025

Tá scoth an cheoil úir idir Éireannach agus eachtrannach le haimsiú i measc na rianta atá curtha le seinnliosta Spotify NÓS agam le mí anuas, gan trácht ar shlám seod atheisithe.

Bíodh do chluasa ar bior agat do leagan Huartan den amhrán traidisiúnta ‘Cad É Sin’, leagan Lankum de ‘Ghost Town’ The Specials, traiceanna ó albaim úra Olan Monk as Conamara agus Just Mustard Dhún Dealgan agus singil úr frith-fhaisisteach Lisa O’ Neill.

Tá an chéad singil atá eisithe ag Lone le stáir le clos chomh maith le hathmheascadh eipiciúil anamúil déanta ag Joe Claussell ar an bport house ‘Save Your Soul’ de chuid Arp Frique agus The Perpetual Singers. Má tá fonn rince fós ort tar éis sin a chlos, fan sa diallait do rianta úra ó leithéidí Medlar, Quartz, Jessy Lanza, Jason Code agus Nubiyan Twist.

Tá ceol dioscó Puinseábach againn athmheasctha ag Peaking Lights, singil croíúil dar teideal ‘When Palestine Is Free’ ó Momoko Gill, agus ceol úr ó Boroco agus Maher Green as Béiriút bainte ón gcnuasach Fake Lines a d’eisigh an lipéad Sono Levant le déanaí ar mhaithe le hairgead a chruinniú ar son mhuintir Gaza.

An méid sin ar fad agus ceol ó albaim atá eisithe le déanaí ag Aoife O’ Brien agus Cormac McCarthy, an tríréad snagcheoil spleodrach Joanna Duda Trio, Jennifer Walton agus an pianadóir Vanessa Wagner, singil reigé úr ó Elijah Minelli & Dennis Bovell agus fuaimeanna atheisithe ó Los Z 66 na Spáinne, ó Gasper Lawal na Nigéire, Moodymann as Detroit agus ó Ramon Morris.

Ná caill an banger seo ó Róis agus hhH (ceann nach n-aimseoidh tú ar Spotify)…

Did ye ever get The Ride at The Wake House? by RÓIS x hhH

…agus an ceann seo ó Rory Sweeney, Ushmush agus Roo Honeychild bainte ó albam úrnua Sweeney, Old Earth.

Old Earth by Rory Sweeney

The post Rianta na Míosa – Deireadh Fómhair 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Rianta na Míosa – Meán Fómhair 2025

Tá 30 traic idir nua agus atheisithe a mheall mo chluas le mí anuas curtha lenár seinnliosta Rianta na Míosa agam, ag tosú leis an singil is úire ón rapalaí Feirsteach Torby agus an t-amhránaí Palaistíneach Leen Maarouf. 

I measc na nÉireannach eile a bhfuil ceol úr dá gcuid curtha leis an liosta tá Huartan, Bantum, Cúán De Búrca & hHH, Olan Monk & Maria Somerville agus Just Mustard.

Bí ag éisteacht do rianta bainte ó albaim nua atá eisithe le mí anuas ag leithéidí Geckos, Nu Era (Mark Mac as 4Hero), Falle Nioke, Kieren Hebden (Four Tet) & William Tyler (Lambchop, Silver Jews), Hieroglyphic Being, Alien Trackers agus Kassa Overall.

Ina theannta sin ar fad tá ceol úr hip hap againn ó Joker Starr, indie ó Big Thief agus dordcheol nua ó Roaming Data, Bruk, Dusk & Blackdown agus L Own. Tá singlí úra idir phopcheol, house, leictreo agus dioscó le clos ó leithéidí MADMADMAD, Black Box, Daniel Monaco Band, Martha Pinel, pdqb agus Tom Trago – agus seoda atheisithe de chuid Polygon Window (Aphex Twin), Juan One Hundred, João do Pife agus K. Frimpong.

The post Rianta na Míosa – Meán Fómhair 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Lúnasa 2025

For Those I Love – Carving The Stone (September)

Is beag duine againn, déarfainn, a raibh iontas orainn gur léirigh ​​pobalbhreith a rinneadh le déanaí thar ceann Chomhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn go bhfuil triúr as gach cúigear faoi bhun 25 bliain d’aois ag smaoineamh ar dhul ar imirce chun saol níos fearr a lorg thar lear mar gheall ar an ngéarchéim leanúnach maidir le costas maireachtála. 

Díríonn an dara halbam seo de chuid For Those I love (David Balfe) ar an scrios atá déanta ag an gcaipitleachas ar phobail lucht oibre in Éirinn, agus i mBaile Átha Cliath go háirithe. 

“Bas cultúrtha” chathair Bhaile Átha Cliath, i bhfocail Balfe féin. Tachtadh cathrach agus tachtadh glúine – an bhuairt is an t-anó a bhaineann le bheith faoi chomaoin ag tiarnaí talún de shíor, ag sclábhaíocht ó dhubh go dubh ar phá suarach, bheith i bhfiacha i gcónaí fiú agus an dá jab agat.

Ní hé Carving The Stone an t-albam is fusa éisteacht leis ó thús go deireadh ach uaireanta nach í an ealaín is fearr is mó a chuireann ar ár míshuaimhneas sinn? 

Torby – Pork Stew (Ceapairí Teo)

An dara halbam, nó mixtape más fearr leat, ón Torby tallannach scannalach. 

Is giorra d’fhuaim ‘thraidisiúnta’ hip hap na 90idí atá stíl Torby, domsa, ná rapálaí ar bith eile atá ag clabaireacht inár dteanga dhúchais faoi láthair. An cor cliste sa scéal ná an tslí a n-iompaíonn persona aerach achrannach Torby na trópanna homofóbacha a bhain leis an gangster rap bunaidh bunoscionn.

Bronnann an rud go bhfuil nótaí an olldoird lárnach i roinnt mhaith de rianta Pork Stew leanúnachas ó thaobh fuaime nach raibh le sonrú ar a chéad albam Chicken Sambos (2023), ach ní sin le rá nach bhfuil éagsúlacht le clos ó thaobh luasanna, rithimí agus téamaí na n-amhrán de. 

Tugann ‘Dioscó’ faoi fhuaim G-funk Dr Dre, ar ‘Eachtrannach’ scaoileann Torby le rannta ar luas dúbailte thar phort crunk lán dorda, agus díríonn traiceanna mar ‘Schemin’, ‘Pork Stew’ agus ‘Capaillín Rása’ ar na cineál buillí socra daingne a shamhlaímid le ceol léiritheoirí leithéidí Large Professor, DJ Premier agus Ase One.

Chuirfeadh Muimhnigh mo leithéidse nach n-éiríonn linn breith ar bhrí gach gné de lingo sráide na nUltach fáilte roimh bhileog liricí (mar atá foilsithe ag Súil Amháin ar a leathanach Bandcamp, abair). 

Tá lucht éisteachta i bhfad níos mó tuillte ag an tarbh garbh seo de liriceoir ná mar atá aimsithe go fóill aige. 

Albam Atheisithe na Míosa

The Sabres of Paradise – Sabresonic (Warp)

Sabresonic (Remastered) by The Sabres Of Paradise

Ba iad Andrew Weatherall, Jagz Kooner agus Gary Burns na Sabres of Paradise agus seo leagan athmháistrithe dá gcéad fhadcheirnín Sabresonic, a eisíodh in 1993 an chéad uair.

Cumasc diamhair den teicneo agus den dubcheol atá romhat ar bangers mar ‘Smokebelch 1’, ‘Iner-Lergen-Tenko’. Domhain iontu féin is ea poirt fhada mhalla mar ‘Clock Factory’ agus ‘Ano Elactro (Andante)’ – fuaim mhór mhonacrómach dhrámata (agus rud beag scanrúil) nach scaoileann leat go dtí go bhfuil an macalla deireanach den bhuille deiridh cloiste.

Mar iarracht ar athmheascadh a dhéanamh ar an amhrán ‘Don’t Fight It Feel’ de chuid Primal Scream a saolaíodh céad phort an albaim, ‘Still Fighting’. Tugann ‘R.S.D. ómós do King Tubby (duine d’údair Iamácacha na stíle dub), agus cuireann an ‘Smokebelch II (Beatless Mix)’ aoibhinn binn clabhsúr le cúrsaí.

Aistear ceart d’albam.

Badknees – TRES (Féineisithe)

TRES by Badknees

N’fheadar mórán mar gheall ar an léiritheoir/dioscmharcach seo as Cathair Mheicsiceo ach táim meallta ag na rianta hip hap úirlise réchúiseacha atá le clos ar an albam seo a d’aimsigh mé ar Bandcamp de sheans. 

Más aoibhinn leat na rudaí simplí uaireanta, tá pléisiúr le haimsiú sa cheol bog seo tógtha le samplaí de cheol Meicsiceach – idir daoncheol agus snagcheol, mheasfá – agus buillí géagscaoilte buailte ar an MPC. Shamhlófá saghas ceo brothaill ag éirí as na callairí, nach mór, agus é ar an gcaschlár. 

Ceann a mholaim go háirithe má bhíonn tú ag éisteacht le ceol leithéidí Dr Who Dat?, LetheretteOnra.

Cnuasach na Míosa

Ceoltóirí Éagsúla – 10 Years of Sonic Explorations (Les Disques Bongo Joe)

2015-2025 : Les Disques Bongo Joe – 10 Years of Sonic Explorations by Various Artists

Cad é seo, go díreach? 

Bailiúchán d’fhunc-cheol na cruinne ina iliomad cruth curtha le chéile ag muintir Les Disques Bongo Joe na hEilvéise dúinn mar cheiliúradh ar an lipéad a bheith 10 mbliana ar an bhfód.

Tá cáil ar an lipéad as ceol eachtrúil idir shean agus nua a sholáthar ar bhonn rialta. Seo bailiúchán ollmhór rianta (23 rian ar fad) roghnaithe ón mbreis agus 110 ceirnín a eisíodh ar an lipéad go dtí seo.

Bí ag súil le fuaimeanna spéisiúla ó thíortha mar an Mhaláiv, an Spáinn, La Réunion, an Tuirc, an Ísiltír, São Tomé agus Príncipe, an Ailgéir, an Liobáin, Meicsiceo, an Indinéis, Maracó agus, ar ndóigh, an Eilvéis féin!  

An bhfuil aon mhaith ann? 

Moladh ann féin, is dócha, is ea an rud go bhfuil roinnt mhaith de na rianta seo roghnaithe agam do sheinnliosta ‘Rianta na Míosa’ NÓS síos tríd na blianta – func Turcach ‘Goca Dunya’ de chuid Altin Gün, abair, leictrea-cumbia scrofa ‘Puya Del Empreario’ le Meridian Brothers na Colóime, an ‘Nem Kaldi’ caointeach de chuid Derya Yildirim agus Grup Simsek agus léamh sícidéálach Nusantara Beat na hIndinéise ar cheol traidisiúnta a dtír dhúchais (‘Djangar’).

I measc na bhfuaimeanna eile a mheall mo chluas anseo tá ceol rai comhaimseartha Sami Galbi (‘Dakchi Hani’), dioscó Ailgéarach ón mbliain 1985 i bhfoirm ‘Zine Ezzinet’ de chuid Nordine Stalfi (nuair a chanann sé ‘huh-hó’ ag deireadh gach véarsa mheasfá gur fear as Corca Dhuibhne atá ann a bhfuil a mhac tar éis báire a scóráil i gcluiche caide!). 

Tá ‘Les Gens’ de chuid Cyril Cyril an-stíliúil, tá ‘Ivory’ leis an ngrúpa Afra-Dub Ísiltíreach blasta, agus meascann Chouk Bwa & The Angstromers ceol voodoo Háítí agus fuaimeanna grágacha teicneo le chéile ar ‘Amounay’.

Manglam ceoil is ea ‘Azmazate’ de chuid Yalla Miku na hÉilvéise ina bhfuil eilimintí den cheol Maracach, den cheol Eiritréach agus den cheol post-punk le clos ina gcóimhéid.

Laigí: Ní bhogann ‘Breath’ de chuid Orchestra Tout Puissan Marcel Duchamp puinn mé. Ní maith liom a bheith ag gearán ach b’fhéidir go bhfuil ‘Me Veo Volar’ de chuid Coco Maria rud beag éadrom agus leamh don chomhluadar seo.

An breithiúnas? An-obair go deo – go maire Les Disques Bongo Joe an céad!

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Lúnasa 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Rianta na Míosa – Lúnasa 2025

(For Those I Love. Grianghraf le Rich Gilligan)

Cuireann seoid atheisithe de chuid Sabres of Paradise fáilte romhat isteach go seinnliosta ‘Rianta na Míosa’ an babhta seo, agus 30 rian ar fad curtha agam leis. Tá aon duine dhéag de MCanna Éireannacha ar fad le clos air, agus idir Bhéarla agus Gaeilge á spalpadh acu. 

Tá Móglaí Bap agus Mo Chara KNEECAP le clos i mbun clabaireachta thar banger réabh curtha le chéile dóibh ag Paul Hartnoll as Orbital. Cuireann Jordan Kelly (Strange Boy) Luimnigh fáilte roimh Hazey Haze, Scruffy Munnelly, MCB, Dreddy, Size, aahronm agus God Knows rann nó dhó an duine a rá ar phort eipiciúil dar teideal ‘CC’ atá ar cheann de bhuaicphointí a albaim úir Diaspora Green. Tá port againn fosta ón mixtape úr Pork Stew atá díreach eisithe ag Torby teann téagartha teaspúil (an gcuirfeadh duine éigin crios geanmnaíochta ar mo dhuine láithreach?!).

I measc na nÉireannach eile a bhfuil ceol dá gcuid le clos an mhí seo tá Cormac Begley & Liam O’Connor, For Those I Love, agus Séamus Hyland & R.F. Chaney.

Ag bogadh linn thar lear tá ceol úr le clos ó The Good Ones as Ruanda, Eje Eje, agus Author & Punisher Mheiriceá i dteannta Kuntari as an Indinéis.

Tá dordcheol úr go leor le clos ó leithéidí K-Lone, Conrad Subs, VXRGO, agus Submerse & Fluid Haunts. Tá athmheascadh déanta ag OVERMONO ar sheoid de chuid High Contrast agus cuireann Arts of Tones buillí house faoi cheol Afra-Chairibeach an Djingo Typical Band.

Tá fuaimeanna úra house, dioscó, támhcheoil, teicneo agus leictreo le clos ó leithéidí Burial, Crystalline Reality & Glenn Astro, Zopelar, Twin Moon, Earthly Measures, Extrawelt, Roy of the Ravers, u-Ziq agus Annie & The Caldwells chomh maith le ceol ón albam úr de chuid an ghrúpa indie Water From Your Eyes, seoda reigé atheisithe de chuid Junior Murvin agus Gregory Isaacs agus píosa cumbia na seanré ó Ranil Y Su Conjunto Tropical.

The post Rianta na Míosa – Lúnasa 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Rianta na Míosa – Meitheamh 2025

Tá breis agus dhá scór rian a eisíodh le linn mhí an Mheithimh curtha lenár liosta Spotify agam ach ar dtús tá fonn orm port nach bhfuil fáil air ar an ardán úd a roinnt leat. Is iad Hhh (Rob Mulhern), Catriona Ní Ghribín (Huartan), Muckno agus Peadar McColl atá freagrach as. Bunaithe ar dhán de chuid Catriona, is athshamhlú croíúil ‘Amhrán Gan Scadán’ ar an amhrán traidisiúnta ‘Amhrán na Scadán’ i gcomhthéacs fírinní éiceolaíocha agus eacnamaíochta ár linne. 

Amhrán Gan Scadán(x Catriona Ní Ghribín, Muckno, Peadar Coll) by Hhh

Agus ag filleadh ar ár liosta Spotify, tá fuaimeanna úra le clos idir bhuillí Arabacha, hip hap, reigé, ska, cheol indie, dordcheol leictreonach, house, bossa nova agus snagcheol Aetópach.

Is í an píobaire Albanach Brighde Chaimbeul a chuireann tús le cúrsaí le dhá phort bainte óna halbam úr ‘Sunwise’. Díreach ina diaidh tá ceol nua le clos ó Cerys Hafana na Breataine Bige.

I measc na nÉireannach a d’eisigh ceol úr tá Just Mustard, For Those I Love, cable.percussion, Post Punk Podge & the Technohippies, Kneecap, luthorist, Jehnova & VISIONALI agus Space Dimension Controller.

Tá singlí úra le clos ó Fez The Kid, Zumska, Junior Del & The D-Lites, So Dope, Biome, Hollie Cook, not even noticed, No Joy, Pearl & The Oysters, Slikback, Secretsundaze, The Sorcerers, Lauer agus Acidulant. 

I measc siúd a bhfuil ceol roghnaithe agam ó albaim nua dá gcuid tá an giotáraí Iodálach Walter Zanetti, Azymuth na Brasaíle, Sami Galbi, FaltyDL, Harry The Nightgown, La Rat, Roberto Porzio, Mocky, Resavoir & Matt Gold, DeadSeanKennedy agus dreamcastmoe. An méid sin ar fad agus ceol atheisithe de chuid Tenor Saw, Venetian Snares agus Dub Narcotic Sound System, chomh maith le rianta bainte ó na tiomsúcháin is déanaí atá eisithe ag lipéid mar Soul Jazz, Mr Bongo, DJ-Kicks agus Jahtari. 

 

The post Rianta na Míosa – Meitheamh 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Ar Chúl an Albaim le FaltyDL – ‘Neurotica’

(Grianghraf: Jennifer Medina)

D’ainneoin go bhfuil cáil ar FaltyDL (Drew Lustman) as a chumas chun eilimintí dub, house, garage, snagcheoil agus teicneo a fhilleadh isteach ar a chéile deir sé nár bhraith sé aon cheangal le ceol rince ar feadh tamaill de bhlianta sular chuir sé tús lena albam nua Neurotica a thaifeadadh. 

Cad a thug air a intinn a athrú?

“Samhradh na bliana 2024 a bhí ann. Bhíomar sa Chatalóin,” a deir Lustman. “Mo chailín, ár n-iníon óg, na seandaoine. Laethanta in aice le linn snámha an tsráidbhaile, tráthnónta ar an rothar smúitraoin. San oíche, rinne mé sailéid. Rudaí simplí. Rudaí maithe. Tráthnóna amháin, agus mé i mo luí ar mo dhroim, mo ghuthán i mo lámh agam, chonaic mé cara de mo chuid ag postáil GRWM. Bheir an ceol a bhí sa chúlra greim orm. 

“An rian ab ea ‘Secret’ de chuid Mietze Conte, ceol damhsa europop tapa, cosúil le ceol gabber bog clúmhach le guth linbh ann. Chuaigh mé sa tóir ar an leagan iomlán. Sheinn mé arís é. Agus arís. Fiche uair thar na laethanta ina dhiaidh sin. Nochtaigh sé rud éigin. Déanann an ceol is fearr é sin. Cosúil leis an gcéad uair a chuala mé Burial.”

“Thosaigh mé ag taifeadadh,” a deir sé. ”Ag gabhailt d’fhuaimeanna gasta geala milse. 185BPM go 200 BPM. Scríobh mé iad go sciobtha – leath lae in aghaidh an riain. Idir an dá linn, mhoilligh mé rudaí. Thug mé spás don anáil.”

Neurotica by FaltyDL

Rinne Lustman tástáil ar na rianta.

“Sheinn mé iad do pháistí nach raibh ach díreach as a gclúidíní,” arsa Lustman, “agus do dhaoine fásta a bhogann fós ar nós gur naíonáin iad. D’oibrigh siad, is cuma cén aois a bhí an duine. Choimeádas deas simplí é. Dhá riail: gan stop a chur leis an sruth cumadóireachta agus gan féachaint ar mo ghuthán.”

D’iarr Ar Chúl an Albaim ar Lustman cur síos a dhéanamh dúinn ar an seacht bpíosa ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chruth agus ar fhuaim mhilis spraoiúil Neurotica (an port úd de chuid Mietze Conte ina measc!).

1. Theo Parrish – ‘Nefarious Stranger’ (Sound Signature, 2000)

Ní bhíonn an port seo riamh rófhada ó mo chuid smaointí. Cé go bhfuil sé casta, bhí tionchar ag an amhrán seo ar mo rian ‘Lay Your Heart Down’.

Ba é an t-atmaisféar draíochtúil, ar nós gur ag taibhreamh atáir, agus dath an EQ tríd is tríd a spreag breakdown mo rian féin. Tá glór na dtéad agamsa agus fuaim a chuid sintéiseoirí saghas luaineach ach nádúrtha san am céanna.

2. Mietze Conte – ‘Secret’ (Féineisithe, 2024)

Níl ceol Mietze chomh casta le mo chéad rogha thuas ach tá níos mó saoirse ag baint leis. Bhí tionchar ollmhór ag ceol Mietze ar m’albam úr. Tá súil agam go bhfuil sé ceart go leor leis sin háhá!

Níor chum mé ceol ag luas níos airde ná 170BPM cheana ach bhraith mé gur thug an t-amhrán seo cead dom dul níos tapúla ná sin. Baineann an ceol is fearr an glas de rud éigin ionat, athraíonn sé d’inchinn ar shlí. 

Déanta na fírinne níor bhraith mé aon cheangal leis an gceol rince le sé bliana nó mar sin anuas. Tháinig an t-amhrán seo i dtarrtháil orm. Bhí mé ar bís chun tabhairt faoin gceol rince arís tar éis dom é a chlos. Braithim fós go bhfuilim seasta lasmuigh den réabh agus mo chluas brúite in aghaidh na gloine agam, go fóill ar aon nós.

3. Peder Mannerfelt – ‘Squarewave To Heaven’ (Voam, 2021)

Is aoibhinn liom Peder, is aoibhinn liom Voam. Bhí leagan den albam úr déanta agam a raibh luas de idir 180BPM agus 210BPM i gceist le gach rian air, ach mheas an lipéad go mbeadh gluaiseacht níos fearr leis dá mbeadh roinnt rianta atá níos moille san áireamh. Tá dhá rian agam atá thart ar 150BPM ach ag éisteacht leo mheasfá go bhfuilid níos tapúla ná na cinn ar luas 190BPM. Tá creidiúint tuillte ag Peder as mo dhúil sa cheol teicneo a mhúscailt ionam in athuair lena EP ar cheirníní Voam. Tá rud éigin an-mhaith ar fad faoina chuid ciombail troitheáin. 

4. Steve Reich – ‘Different Trains’ (Elektra Nonesuch, 1989)

Thug Steve Reich cuairt ar mo rang cumadóireachta nuair a bhí mé san ardscoil is labhair sé linn mar gheall ar théipthaifeadáin. Díreach a bheith sa seomra céanna le sárchumadóir a raibh an oiread sin bainte amach aige, domsa bhí sé ar nós go raibh duine éigin tar éis eochracha mo chéad mhótar a thabhairt dom. An bhliain chéanna chonaic mé an tsraith cheoil seo curtha i láthair ag Kronos Quartet agus iad ag seinm i gclós le titim na hoíche. Ceol fíorbhrónach atá i gceist. D’iompair mé liom ar feadh na mblianta é agus ghlac mé chugham féin ar fad é is mé ag taisteal ar thraein as Beirlín go Hamburg blianta níos déanaí. 

Theastaigh uaim ceol a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar dhaoine chomh mór le ‘Different Trains’, ach ceol a bheadh go hiomlán dóchasach agus ríméadach seachas brónach. Is é ‘We Have Everything We Need’ mo leagan de sin.

5. Phthalocyanine – ‘Ethiopian Runner’ (Planet Mu, 2004)

Bíonn ceol saghas craiceáilte á chumadh ag Dimitri. Ceol a mheallann tú chun dul ag puthaíl leat in éindí leis. Tá atmaisféar ar leith i gceist leis, é fíorchumhachtach. 

Chuala mé an ceann seo thart ar 20 bliain ó shin nuair a eisíodh ar dtús é. Rinne sé a bhealach isteach i m’inchinn píosa, measaim.

6. Daft Punk – ‘Robot Rock’ (Astralwerks, 2005)

Thugas faoin gceol gutha ar m’albam ar an tslí chéanna, samhlaím, is a thugann Daft Punk faoi cheol gutha – ag tógaint véarsaí le crúcaí as samplaí nár ghá go mbeadh ciall leo ó thaobh bhrí na bhfocal de. Mar léiritheoir bím i gcónaí ag éisteacht le blas tonúil agus bunatmaisféar an amhráin sula ndírím ar na liricí féin a thuiscint. Sin díreach cad atá i gceist le mo phort ‘By Your Side’. Tá fiú blas an vóchódóra a shamhlófá leis na Punks ar an gcrúca.

7. Venetian Snares – ‘Öngyilkos Vasárnap’ (Planet Mu, 2005)

Bhí an dlúthdhiosca seo i mo mhótar agam ar feadh na mblianta is bhíodh mo chairde á gcéasadh agam leis.  Bhí dhá fho-dordaire (woofer) suiteáilte sa bhúit agam agus chasfainn an t-albam seo chun léiriú do dhaoine chomh láidir is a bhí siad. Dá suífeá sa suíochán cúil bheifeá ar snámh i ndord. Bhímis i mbun comhrá thuas chun tosaigh agus nuair a shínimis an dúidín chuig an té a bhí suite sa suíochán cúil bheadh an chuma air nó uirthi go rabhadar amú ar fad ina ndomhan féin – gan iad ach dhá throigh uait ach eispéireas eile ar fad i gceist dóibhsean. Saghas comhartha aitheantais do stíl Venetian Snares atá i gceist leis an rian ‘I Can Hear It All The Time’ ar an albam úr.

Neurotic le FaltyDL le fáil anois ar cheirníní Planet Mu.

The post Ar Chúl an Albaim le FaltyDL – ‘Neurotica’ appeared first on NÓS.

Níos mó

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Bealtaine 2025

Kila & Brass – Raise The Road (Kila)

Raise The Road – Kíla & Brass (2025) by Kíla

Kila i mbun comhoibrithe le hochtréad práis faoi stiúr an trombónaí Paul Frost atá le clos ar Raise The Road, iad ag géilleadh do spiorad an mhambó agus snagcheol bríomhar New Orleans gan cúl a thabhairt dá gcúlra Gaelach (tá glór na bpíob in uachtar ar phoirt mar ‘Buadán’ agus ‘Waggeldy’ go háirithe). 

Cé go ndéanaim féin talamh slán den rud go mbíonn talamh úr á bhriseadh ag Kila ar bhonn leanúnach – tá práis curtha lena gcuid ceoil cheana acu – tháinig scála na samhlaíochta anseo, agus dóchas gabhálach Raise The Road, aniar aduaidh orm. 

Beidh an seó beo go diail ar fad, déarfainn.

Grianghraf: Kila.

Dysania – An Lá Ba (Féineisithe)

An Lá Ba by Dysania

Tá a gcéad albam eisithe ag na racadóirí portaigh Dysania as Muineachán/Conamara agus nach mór 10 mbliana caite ón uair a sheoladar a nEP début An Treo Eile chugainn ag NÓS in 2015. 

Tús maith a bhí san EP úd ach ag an am sin mheasas féin nach dtagadh feabhas ar chaighdeán an amhráin Gaeilge nuachumtha gan ruainne beag féinscrúdaithe acu siúd, idir pholaiteoirí, iriseoirí agus chraoltóirí, a bhí i dteideal cúrsaí cultúrtha a chothú, a spreagadh agus a scagadh. Tá an-chuid tar éis titim amach ó shin, idir mhaith agus olc (braithimid uainn go mór thú a Rónáin Mhic Aodha Bhuí), agus má tá feabhas éigin tagtha ar chúrsaí maidir leis an gceol Gaeilge nuachumtha le deich mbliana anuas is fánach fós an tacaíocht atá ann dó ar bhonn praiticiúil lasmuigh de chúpla eagraíocht agus imeacht laistigh de shaol na Gaeilge féin. 

Díríonn amhráin An Lá Ba ar chúrsaí an tsaoil seachas cúrsaí ceoil, agus tugtar le fios go neamhbhalbh gur in olcas atá rudaí imithe d’aosaigh óga na hÉireann le linn na tréimhse. 

Amhráin iad seo a thugann go paiseanta agus go paiteanta faoi théamaí a bhaineann leis an ngéarchéim tithíochta — ‘Títhe folmha ar fud na tíre agus pócaí an stáit lán’ (‘Spéirling’) — biogóideacht, meabhairshláinte agus an costas maireachtála thar rac-cheol Gaelach eachtrúil a thiontaíonn ó thaobh amháin go taobh eile an bhóthair gan titim isteach sa chlaí. 

Is leis na focail ‘Tá mé miserable/Tá mé uaigneach/Tá mé tuirseach’ a chuireann Josh Mc Phillips tús le céadamhrán an albaim, ‘Titim I bhFuath’. Níl íoróin ná áibhéil i gceist – seo amhrán cumhachtach fé smaointe féinmharaithe a bhfuil tuile chumhachtach agus tráth cumhach ann. 

Ar an lámh eile tugann an ‘Macalla’ funcaí fíneáilte aitheantas do thábhacht slánaitheach an sesh i dteannta do chairde nuair atá an saol i do choinne ‘One big trip of fucking magic shit/The gaff was lit with fucking savage riffs’. 

Ceol cliste sultmhar é seo ó ghrúpa atá ag saothrú ina ngort féin ( ‘Seo é an rogha, ní bhfaighimid an barra gan an talamh a threabhadh’, mar a chanann Aindriú de Buitléir ar ‘Seilbh’). Dorn san aer.

Froid Dub – Tears Maker Chant (Ransom Note)

Tears Maker Chant by Froid Dub

I measc na n-oícheanta rince a reáchtaigh an dioscmharcach clúiteach Andrew Weatherall (nach maireann) le linn a shaoil bhí oíche darb ainm A Love From Outer Space. Dhíríodh Weatherall is a chomrádaithe ar rogha rianta dioscó cosmach (blas an dubcheoil orthu go minic ar shlí amháin nó ar shlí eile), agus dhéanaidís iarracht gan aon cheirnín a sháródh luas 120BPM a chasadh d’aon ghnó. 

Bhaist Weatherall “drug-chug” ar an stíl úd, is shamhlófá go mbeadh an ceirnín nua seo de chuid an díséid Fhrancaigh Froid Dub (Stéphane Marche and François Bodin) in mhála ceirníní aige dá mbeadh se fós ar an bhfód.

Amhráin dhub-dioscó ligthe fhuarchúiseacha a bhíonn ag putháil ar luas 80-100BPM atá le clos anseo. Ceol é atá faoi chomaoin san am céanna ag fuaim dhigiteach an luathcheoil reigé dancehall (tá ‘On The Nose’ bunaithe ar ‘Sleng Teng’ de chuid Wayne Smith), ag an saghas ceoil indie chorrchnámhaigh á bhíodh á eisiúint ag ceirníní Factory go luath sna 80idí agus ag eachtraíocht shonach leithéidí Muslimgauze agus Shackleton.

Mionalbam le fuaim mhór.

Chuck D – Chuck D Presents Enemy Radio: Radio Armageddon (Def Jam)

Ceann feadhna an ghrúpa hip hap reibiliúnach Public Enemy is ea Chuck D, agus an fear leis an gcur i láthair is údarásaí sa seánra (taobh le KRS-One, b’fhéidir).

Feileann Chuck is a chomhghleacaí Flavor Flav go hiontach dá chéile toisc a dhifriúla is atá siad. Bíodh is nach bhfuil Flav i láthair ar Chuck D Presents Enemy Radio: Radio Armageddon ní albam aonair é, i ndáiríre. Rollchóstóir de chnuastéip atá i gceist, é lán de bhuillí funcaíáilte hip hap na seanré agus caimeonna ó aoirapálaithe idir shean (Schooly D, Daddy O as Stetsasonic, Donald D) agus nua (Miranda Writes, The Impossebulls).

Féimheacht mhorálta ár linne atá faoi chabaidil, ní nach ionadh. Fimíneacht agus mí-úsáid chumhachta mar a dtuigtear don duine gorm iad i SAM 2025, go háirithe. 

Raic fhuncaíáilte fhíréanta.

Cnuasach na Míosa

Ceoltóirí Éagsúla – Astral Projections (Alien Communications)

Astral Projections by Alien Communications

Cad é seo, go díreach?

Sárbhailiúchán de cheol leictreo curtha le chéile ag Alien Communications, dream a bhíonn ag reáchtáil cóisirí leictreo i nDún Éideann agus i Londain. 

Bí ag súil le func leictreonach neamhaí ó laochra leictreo na linne seo leithéidí E.R.P., Radioactive Man, Carl Finlow agus Reptant. 

An bhfuil aon mhaith ann?

Más réasúnta simplí atá plean dearaidh an cheoil leictreo (rithimí sioncóipithe meicniúla tógtha ar an Roland TR-808, airpeitsí sintéiseora, dordlínte seicheamhacha) ar nós an Peugeot 205 féin is deacair é a shárú. 

Tá binneas lonrach ag baint le rianta E.R.P., Transparent Sound agus Dominic Cappello anseo. 

Saghas poll draoibe lán d’fhoinn nathracha 303 atá i gceist le ‘A Glimpse Inside The Vortex’ de chuid Reptant. Ar an taobh eile den scéal tá blas milis an italo-dioscó ar ‘Underneath’ le Fasme. 

Cloínn poirt Moy, Carl Finlow, Plant 43 agus DMX Krew freisin leis na hardchaighdeáin a shonraítear sa Choinbhinsiún um Fhunc Idir-réaltrach.

Laigí: Más anseo don leictreo atáir, níl.

An breithiúnas? Is fearr le 87% de robait daonnóideacha Astral Projections ná haon chnuasach ceoil eile!

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Bealtaine 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Rianta na Míosa – Bealtaine 2025

Tráth flúirse i ngairdín an cheoil a bhí i mí na Bealtaine. 

Tá os cionn dhá scór rian a eisíodh le linn na míosa curtha agam lenár seinnliosta Spotify ‘Rianta na Míosa’. Ceol úr agus atheisithe atá le clos idir hip hap, reigé, cheol indie, hip house, dordcheol leictreonach, cheol Gaelach, cheol leictreo, cheol nuachlasaiceach agus snagcheol.

Bí ag súil le port ó albam úr Kila chomh maith le rian ón bhfadsaothar is déanaí de chuid Dysania Mhuineacháin. Tá Durt Burd linn as Béal Feirste, Laurie Shaw as Ciarraí agus Adore as Gaillimh. I measc na nÉireannach eile ar an liosta an turas seo tá M(h)aol, For Those I Love, Neil Ó Briain & John Tracey, The Accidental Rapper, agus ceol úr ó Poor Creature, togra ceoil nua de chuid na gceoltóirí Cormac MacDiarmada (Lankum), Ruth Clinton (Landless) agus John Dermody (The Jimmy Cake/Lankum).

Ag bogadh linn thar sáile tá ceol úr hip hap againn ón Afraic Theas (Yugen Blakrok), snagcheol anamúil as an Nua-Shéalainn (The Circling Sun) agus as an tSualainn (Cosmic Ear), dordcheol as an bhFrainc (Froid Dub) agus as Londain (The Bug), leictreo as Texas (E.R.P.) agus an Bhrasaíl (Zopelar) agus ceol indie as Briostó (Getdown Services) agus Manchain (Maruja).

Tá singlí úra le clos ó Stereolab, Papa Nugs, Tracey, Miso Extra, Marco Shuttle, Seba & Paradox agus Coyote chomh maith le ceol úr ó Ron Trent, Jkriv, Duval Timothy, Wilson Tanner, Wrecked Lightship agus The Flying Hats. Tá athmheascáin bhreátha le clos déanta ag Calibre, Alex Kassian agus Chancha Via Circuito agus Edna Martinez chomh maith le seoda atheisithe de chuid Orbital, Arvo Pärt, Agustin Pereyra Lucena, East Of Underground, Los Wemblers de Iquitos agus Hugh Mundell.

The post Rianta na Míosa – Bealtaine 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Rianta na Míosa – Aibreán 2025

Tá 30 rian ar fad den cheol úr agus atheisithe is fearr a chuala mé le linn mhí Aibreáin curtha le seinnliosta Spotify NÓS agam. Tá idir cheol indie, reigé, hip hap, dioscó, dordcheol agus cheol leictreafhuaime le clos.

I measc na nÉireannach a d’eisigh ceol úr tá The Vendetta Suite as Béal Feirste, Elaine Howley as Tiobraid Árann, Search Results agus Fontaines D.C. (port ón eagrán deluxe den albam Romance).

Tá bleaist hip hap úr le clos ó leithéidí Wu Tang Clan, Chuck D (Public Enemy), Infinity Knives & Brian Ennals agus New Regency Orchestra i dteannta J Scienide agus The Process (Herbaliser). 

Tá The Cure le clos athmheasctha ag Four Tet, tá ‘Small Town Boy’ de chuid Jimmy Somerville athchóirithe le snas mar phort reigé ag Kingston Sound System agus cuireann Aleighcia Scott le líon na n-amhrán reigé Breatnaise. 

Bí ag súil le dordcheol úr ó Tracey & Riko Dan, DjRUM, Kwake, Bae Bae agus Nubiyan, le fuaimeanna house ó Ilija Rudman, Medlar, lovetempo athmheasctha ag Crackazat agus Les Crocodiles athmheasctha ag Field of Dreams. Tá singil breá sa stíl punc-func le clos ó Housepainters, rianta úra ó Moin, Silas Short, The Kyoto Connection, Quantic, Balaphonic, Dennis Galvin agus Space-Light Modulator chomh maith le seoid atheisithe de chuid Julie Doiron.

Grianghraf: Aleighcia Scott.

The post Rianta na Míosa – Aibreán 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Aibreán 2025

Infinity Knives & Brian Ennals – A City Drowned in God’s Black Tears (Phantom Limb)

A City Drowned in God’s Black Tears by Infinity Knives & Brian Ennals

Ba é albam deireanach Infinity Knives & Brian Ennals King Cobra albam hip hap na bliana 2022 agamsa, agus ba rogha Kneecap an dísreach hip hap seo as Baltimore, S.A.M agus grúpa tacaíochta á lorg acu le haghaidh camchuairte i Meiriceá ag deireadh na bliana 2024 (tugann Ennals shout out do Kneecap ar ‘Two Headed Buffalo’ anseo).

Deirim dísreach hip hap ach tá meascán ait d’idir bhuillí crunk, cumbia, fuaimeanna giotáir a shamhlófá le ceol miotal trom, p-funk spleodrach agus ceol tíre binn brónach le clos is A City Drowned in God’s Black Tears ag léim ó rian go rian. Téann tú i dtaithí air!

Cogar i do chluas, a léitheoir, maidir le hábhar an albaim nua. 

Tá tábhacht le focail agus tá an fhírinne chomh tábhachtach céanna. Ní hionann an chúis go ndearna dream rud a aithint agus do leithscéal a thabhairt dóibh as an rud a rinne siad. Cinedhíothú is ea cinedhíothú is cuma an sceimhlitheoirí nó fórsaí stáit atá ina bhun, agus níl cinedhíothú inghlactha. Is ait dom gur gá a leithéid a rá, ach is anseo atáimid in 2025.

Ón gcéad líne tumann A City Drowned in God’s Black Tears isteach i dtragóidí urghránna an lae inniu. 

For 4 generations/Your boot is on their neck/October 7 happened/The fuck did you expect,” a rapálann Ennals ar ‘The Iron Wall (feat. FRANKII3)’. 

Mar a admhaíonn sé féin, is MC é Ennals a bhíonn ag iarraidh rudaí a rá a bhainfidh stangadh as daoine. Ar mhaithe le fírinne níos leithne a thabhairt chun solais a bhíonn sé á dhéanamh.

Zionists are the new Nazis/Netanyahu is the new Hitler/Bodies keep piling up/America and Israel just get richer/New Jim Crow, same old shit/Everybody getting fucked by the same old dicks.”

Níl aon débhrí ag baint leis na línte sin, pé scéal. 

Tugadh an black CNN ar an ngrúpa hip hap Public Enemy le linn na 90idí. Agus ciorrú ar shaoirse cainte ag méadú lá i ndiaidh lae ní mór dúinn tacú anois le ceoltóirí, iriseoirí agus ealaíontóirí a bhfuil sé de mhisneach acu an fhírinne a rá amach go neamhbhalbh. Ó thaobh hip hap de is breá lem chroí geamaireacht gheiteo leithéidí Wu Tang Clan (dream eile a bhfuil albam úr díreach eisithe acu), ach ní mór breathnú ar an saol tríd lionsa níos leithne scaití.

Molta go hard.

[Léigh an t-alt ‘Ar Chúl an Albaim le Infinity Knives & Brian Ennals – ‘A City Drowned in God’s Black Tears’ le Ben Ó Faoláin ar NÓS.]

Grianghraf: Infinity Knives & Brian Ennals. (Creidmheas: Micah E Wood)

Jinx Lennon – The Hate Agents Leer At The Last Isle Of Hope (Septic Tiger)

The Hate Agents Leer At The Last Isle Of Hope by Jinx Lennon

Tá tuairim agus dosaen albam eisithe ag an tallann eisceachtúil seo d’amhránaí as Dún Dealgan ó thús an chéid. Ar nós eagráin éagsúla de Liveline le Joe Duffy tá gach ceann acu cosúil agus neamhchosúil le chéile. Cuireann gach eagrán nua focail ar an olc agus ar an anó a mhothaíonn an-chuid de ghnáthmhuintir na hÉireann ag am ar leith i saol na tíre.

Tá 26 rian ar fad le clos ar The Hate Agents. Tá cuid acu níos fearr ná a chéile, le fírinne, ach tá plúr na n-amhrán seo ar comhchaighdeán le bangers cruthanta Lennon (‘Forgive The Cnts’, ‘Guitar=Magic Wand’, abair). 

Tá idir mhagadh agus dáiríre anseo – go minic istigh san amhrán céanna. An file nó fuirseoir é Jinx Lennon? Fealsúnaí nó gríosóir? Gach ceann acu, agus ceann ar bith.

Déanann ‘Bouncy Castle Catholics’ iniúchadh ar an gcur i gcéill a bhaineann le teaghlaigh nach dtéann ar an aifreann go minic a bheith ag caitheamh airgid go rábach ar lá na Chéad Chomaoineach. Ag breathnú síos an mhicreascóip ar shotal na dtiománaithe BMW atáimid ar ‘BMWs Don’t Like Bikes’.  

Insíonn ‘Belfast 71’ scéal na gCaitliceach a lorg tearmann i bPoblacht Jack Lynch agus conas a caitheadh leo. Ag cur na fírinne a bhainfeadh le hÉirinn Aontaithe ionchuimsitheach abhaile orainn atá Lennon ar ‘United Island’ – é dár gceistiú fé chomh toilteanach is a bheimis dáiríre ár gclaontachtaí pearsanta a bhrú fúinn ar mhaithe le comhréiteach. 

Jinx Lennon nó Joe Duffy don uachtaránacht? Bheadh mo vótasa ag dul go Contae Lú.

Balaphonic – Resolution Revolutions (NuNorthern Soul)

resolution revolutions by Balaphonic

Albam gleoite d’oícheanta séimhe an tsamhraidh ón drumadóir Danny Ward as cathair Mhanchain. 

Más de bharr a eisiúintí house agus dioscó faoi ainmneacha stiúideo mar Moodymanc agus Dubble D is mó atá clú ar Ward, i gcás ceol Balaphonic is ag díriú ar rithimí agus ar phailéad sonach Afra-Chúbach agus Afra-Bhrasaíleach a bhíonn sé. 

Tá blas na meala ar gach a bhfuil romhat ar Resolution Revolutions ó aoibhneas malltrialach Bailéarach ‘Sunflowers In Dub (Deep Summer Mix)’ go fuaim ghéagscaoilte anamúil ‘Oxum’. Shamhlófá ‘Brown Paper Bag’ de chuid Reprazent athmheasctha ag Ultramarine (agus iad ar saoire sa Bhrasaíl, b’fhéidir) leis an samba samhrúil ‘Disorganics (All Strings Mix)’. 

Saothar a chúitíonn athéisteacht.

Henrik Lindstrand – Space Between (Lime Tree Beach)

Space Between by Henrik Lindstrand

Bíonn suaimhneas intinne ar leith le haimsiú i gceol nuachlasaiceach an chumadóra Shualannaigh Henrik Lindstrand. Is minic a éistim lena albam Natrassan (2019), atá ar cheann de thríológ albam de cheol pianó dá chuid a eisíodh le linn na tréimhse 2017-2020.

Tá nótaí méarchláir fós ag croílár stíl Lindstrand ar Space Between ach tá foinsí idir orgáin, phianó agus sintéiseoirí i gceist leo. 

Tagairt atá i gceist le teideal an albaim, mheasfá, don rud go bhfuil an spás idir na nótaí chomh tábhachtach leis na nótaí féin i gcás an cheoil mhall mhachnamhaigh seo. 

Má tá gean agat ar na foinn mhóra mhalla chiorclacha sin ar gné lárnach de cheol Sigur Rós iad, déan cinnte cluas a thabhairt do chéadrian an albaim, ‘The World Is Big’. Sibhse a bhaineann sásamh as na neomataí is faoileanda de cheol Brian Eno molaim an rian ‘Neon Carousel’ daoibh.

Cnuasach na Míosa:
Ceoltóirí Éagsúla – Road Fever: New Generation Carnival Riddims From St. Lucia & Dominica (Soundway)

Road Fever: New Generation Carnival Riddims from St. Lucia and Dominica by Various Artists

Cad é seo, go díreach?
Ardán tugtha ag ceirníní Soundway Londain do ghlúin úr léiritheoirí a bhíonn ag cumadh ceoil do lucht rince na gcarnabhal ar na hoileáin St Lucia, Dominice agus Guadalúip sa Mhuir Chairib.

Tá 26 rian ar fad le clos measctha thar achar 55.5 neomat ar meascadh de chuid DJ Intl Prostyle (sin obair thapaidh!) a bhfuil fáil air i bhfoirm chaiséid. Tá na rianta féin le fáil mar íoslódáil agus mar cheirnín. 

An bhfuil aon mhaith ann?
Seo ceol soca digiteach don nglúin Fruityloops, é gearrtha siar go creatlach amh na stíle, seinnte ar luas 150BPM le heilimintí de cheolta drill, trap, kuduro Angóla agus batida na Portaingéile curtha leis. 

Fuaim fhuinniúil ar mire – rud beag hiopnóiseach, go háirithe agus é seinnte ar chóras fuaime láidir.

Laigí:
Tá na rianta rud beag gearr ach is chuige sin an cnaipe loop is dócha.

An breithiúnas?
Beidh dea-aimsir uait don chéapar seo (tá cleití agus bicíní neoin roghnach).

The post Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Aibreán 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

Ar Chúl an Albaim le Infinity Knives & Brian Ennals – ‘A City Drowned in God’s Black Tears’

Camfheothan d’fhuinneamh diúltach a bhfuil idir ghreann agus ghráin ag baint leis atá i gceist le ceol an MC Brian Ennals as Baltimore agus a leathbhádóir éirimiúil, an léiritheoir Infinity Knives. 

Bhí an t-albam deireanach dá gcuid, King Cobra, mar albam hip hap na bliana 2022 agamsa, agus roghnaigh Kneecap an bheirt mar ghrúpa tacaíochta s’acu le haghaidh camchuairte i Meiriceá ag deireadh na bliana anuraidh. 

Agus a n-albam úr A City Drowned in God’s Black Tears eisithe le déanaí ar an lipéad Phantom Limb, labhair an bheirt le Ben Ó Faoláin faoi roinnt rianta ceoil a d’imir tionchar orthu agus forbairt ag teacht ar a stíl cheoil thar na blianta, agus roinnt eile a raibh tionchar díreach aige ar threo an albaim úir.

A City Drowned in God’s Black Tears by Infinity Knives & Brian Ennals

Infinity Knives (Léiritheoir Ceoil):

‘Heron Blue’ – Sun Kil Moon

Tá teideal A City Drowned in God’s Black Tears bainte ón amhrán seo. Is dócha go raibh a bhrí féin ag Mark Kozelek leis ach, domsa, is faoi chathracha amhail Baltimore agus Detroit atá sé – áiteanna ina raibh borradh faoin ngeilleagar áitiúil tráth den saol ach ar bhain an caipitleachas an croí astu agus b’éigean dóibh soláthar dóibh féin. Cathracha den saghas ina dtugtar ‘athnuachan uirbeach’ ar leagadh tithíocht shóisialta agus ag tógáil árasán nach bhfuil sé d’acmhainn ag muintir na háite iad a cheannach.

Aisteach go leor, nuair a bhí mé féin agus Brian ar chamchuairt leis an ngrúpa Éireannach Kneecap luaigh mé an grúpa Sun Kil Moon agus muid ar stáitse in Ohio. Mheas mé go mbeadh cur amach ag cúpla duine sa slua ar an ngrúpa. Ní raibh a fhios ag fiú duine amháin cad a bhí i gceist agam. Bhí sé seo in Ohio. Is as Ohio do Mark Kozelek. Tá a ionú féin ag gach rud, is dócha.

‘Sixteen Straws’ – The Drones

Dhírigh Gareth Liddiard ar sheanamhrán pobail agus rinne sé rud iontach corraitheach de, amhrán a mhothaíonn cosúil le scéal taibhsí inste ag an taibhse féin. Ní thaitníonn filíocht liom go hiondúil ach buaileann liricí Liddiard ar bhealach éagsúil mé. Tá an cumas neamhchoitianta sin aige focail a chur le chéile ar bhealach a fhágann go mothaíonn an t-éisteoir go bhfuil sé nó sí i láthair sa stair – ar nós go bhfuil greim breithe ar chúl do mhuiníl aige is é tar éis do tharraingt siar sna blianta agus iallach curtha aige ort bheith i láthair don iomaí rud gránna a thit amach. Ní raibh spéis rómhór i stair na hAstráile agamsa go dtí gur chuala mé an t-amhrán seo. Tá The Drones ar cheann de na grúpaí is gaire do mo chroí.

‘Take This Job and Shove It’ – Johnny Paycheck

Ní raibh tionchar díreach ag an amhrán seo ar ár n-albam is déanaí ach ba théama i mo shaol é ag an am. Bhí mé ag obair do na boic Shíónacha ghránna seo ag comhlacht a raibh daoine gorma ina mórchuid den lucht saothair ann. Ag hacáil guthán póca a measaim a bhí goidte a bhí mé. Chaith na comhghleacaithe geala linn, Iúdaigh óga nach raibh cleachtadh acu ar an saol mór, ar nós nach raibh ionainn ach píosaí den troscán. Ar nós go raibh a fhios acu go raibh ann do dhaoine dár leithéid agus nach rabhadar sásta an fhíric sin a aithint.

Shiúladh an saoiste thart le gunna ar a bhásta. Bhí an chuma ar a ghiolla gualainne go raibh sé tar éis na héadaí céanna a chaitheamh ón lá a rugadh é. Ansin bhí an leaid iar-IDF seo nach ndéarfaadh fiú ‘heileo’ leat. Bhí súile marbhánta aige, ar nós go raibh sé tar éis bogadh cheana féin go dtí an áit a dtéann sochapataigh nuair nach bhfuil aon ní fágtha acu le marú. Nuair a d’inis sé jóc mar gheall ar bheith ag buamáil ospidéil ba bheag nár chail mé smacht orm féin agus nár bhuail mé clabhta sna liopaí beaga tanaí air. Bhí an t-amhrán ar siúl i mo cheann nuair a d’éirigh mé as an bpost, mé ag smaoineamh an measfadh mo dhaoine muinteartha gur cheart dom cur suas leis. Tá mé ag cuartú poist ó shin.

‘Metamorphosis: One’ – Philip Glass

Tá rud éigin speisialta ag baint le Philip Glass. Mheasfá is tú ag éisteacht leis go bhfuil an t-am ag filleadh siar air féin. 

‘Montana’ – Yma Sumac

Bhíodh sé de nós agam línte ramhra cócaoin a smúradh agus dul ag éisteacht leis an albam Legend of the Sun Virgin de chuid Yma Sumac. Cuireann an t-amhrán seo iontas an domhain orm i gcónaí. Is geall le suantraí é. Is uastach (maximalist) mé, measaim, ó thaobh cúrsaí ealaíne de, agus tá cumadóireacht Sumac go diail ar fad.

‘Margaritas at the Mall’ – Purple Mountains

Sampla atá san amhrán den chúis go bhfuil Purple Mountains ar cheann de na halbaim is diachraí dár chuala mé riamh. Bhí an tslí a scríobh David Berman faoi thrioblóidí an tsaoil brúidiúil, greannmhar agus brónach ag an am céanna. Ag éisteacht leis na liricí tá sé ar nós go bhfuil fonn air scéal grinn a roinnt leat, ach leath bealaigh tríd tuigeann tú gur ceap magaidh sibh beirt agus nach bhfuil an scéal greannmhar i ndáiríre. Ach amháin gur fuath liom an phian agus go bhfuil eagla orm roimh an bhás bheinn tar éis éalú ón saol seo i bhfad ó shin.

‘Runnin’ Away’ – Sly and the Family Stone

Ní amháin go ndearna Sly and the Family Stone ceol, rinne siad athshreangú ar an tslí a ndéantar ceol. Fuaimníonn ‘There’s a Riot Goin’ On’ múchta, ar nós go bhfuil sé cuachta suas in uige. Ar shlí fuaimníonn sé níos teo dá bharr. Mothaíonn an t-albam ar fad ar nós réabhlóide atá ag tarlú ar leathluas. Chuireadar buillí seinnte ar mheaisín drumadóireachta agus rithimí buailte beo ar na drumaí os cionn a chéile. Bhíodar freagrach as spéis choiteann a spreagadh sa dord boiseoige (slap bass). Ní amháin sin ach bhí rudaí ar bun acu sna 70idí a bhfuil blas na todhchaí fós orthu.

Death Certificate – Ice Cube

Albam feargach ach albam atá feargach ar bhealach straitéiseach. Ní raibh Ice Cube díreach ag scaoileadh lena chuid feirge; seo ceann de na halbaim rapcheoil pholaitiúla is fearr a rinneadh riamh agus ba cheart go mbeimís ar fad míshuaimheach go bhfuil ábharthacht fós ag baint le cuid mhaith dá raibh le rá ag Ice Cube in 1991. Ach is cinnte nach mbeimid míshuaimhneach.

Brian Ennals (Rapálaí):

‘The Dynasty Intro’ – Jay-Z

Is maith is cuimhin liom dul ar mire nuair a chuala mé buillí an riain seo den chéad uair ar oíche Shamhna na bliana 2000. Ach cé go bhfuil obair léirithe Just Blaze thar na bearta is é an véarsa atá tar éis fanacht liom go dtí an lá inniu. Sruth smaointeachais ata i gceist, Jay-Z ag dul ó bheith ag déanamh gaiscíochta go bheith ag insint scéal a bheatha, ó smaointí doimhne go raiméis.

Níor sháraigh Jay-Z an ceann seo riamh. Is taispeántas é a mbím i gcónaí ag iarraidh aithris a dhéanamh air. Sárshampla é de ráiteas misin, téis/beathaisnéis in 20 barra, abair. Tá na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le Jay Z ar fad le cloisteáil anseo agus má iarrann duine orm iad a chur in aithne don MC is fearr dá raibh riamh ann, is é seo a sheinnim dóibh ar dtús. Ag iarraidh breith ar an bhfuinneamh seo a bhí mé ar an pbort ‘Live At The Chinese Buffet’. N’fheadar ar éirigh liom, ach seo an rian a chuir an lasair sa bharrach domsa.

‘If I Had’ – Eminem

Is breá le m0 chroí a bheith ag éisteacht le ceol Eminem nuair atáim ólta, cé go mbraithim ciontach faoi. Le bheith soiléir – braithim ciontach faoi bheith ar deargmheisce agus faoi bheith ag éisteacht le Eminem. Tá mé réasúnta siúráilte gur ag éisteacht leis seo a bhí mé nuair a chum mé an bunleagan de ‘Sometimes, Papi Chulo’. Thóg mé an loinneog athfhillteach díreach ó Eminem. Níl an truamhéala díreach chomh lom le Eminem ach tá sé ann mar sin féin.

Agus Eminem i mbarr a mhaitheasa bhí sé ar leibhéal teicniúil eile ar fad ná mar atá mise, ach bímse i gcónaí ag iarraidh rudaí a rá a bhainfidh stangadh as daoine. Bím á dhéanamh sin ar mhaithe le fírinne níos leithne nach léir don éisteoir díreach ón méid a bheadh ráite agam a thabhairt chun solais. Nuair a bhí Eminem i mbarr a mhaitheasa ní raibh duine ar bith eile chomh maith leis chun an rud sin a dhéanamh.

‘Hail Mary’ – Makaveli

Pac agus é chomh draíochta agus a bhí riamh. Seo é, rí hip hap an chósta thiar, agus é i mbun a leagan féin a chruthú de stíl Mobb Deep as an chósta thoir, é ag scaoileadh rannta uamacha uaidh (“penitentiaries is packed with promise makers”), agus a bheith gáirsiúil (“revenge is like the sweetest joy next to getting pussy”). É ar dhá thaobh na teorann idir a bheith tochtmhar agus a bheith stuacach, a bheith domhain agus a bheith nimhneach. Bímse ag iarraidh é sin a dhéanamh agus mé i mbun pinn ach táim réasúnta siúráilte go mbím níos faide ar thaobh amháin ná ar an taobh eile go minic. 

‘Heaven or Hell’ – Raekwon and Ghostface

Is é Cuban Linx an t-albam hip hap is fearr riamh. Níos fearr ná Illmatic, Chronic, Ready To Die agus gach rud eile. Bím i gcónaí ag éisteacht leis agus bíonn tionchar éigin aige ar gach rud a dhéanaim. Tá 30 bliain ann ó eisíodh é ach tugaim rud éigin nua faoi deara gach uair a chloisim é. Tá sé cosúil le míreanna mearaí ina bhfuil na píosaí ag athrú de shíor nó an tromluí a bhíonn ort nuair a bhíonn fiabhras ort ach sa chás seo ní féidir leat teacht as go deo. Muna bhfuil Cuban Linx cloiste agat cuir stop le pé diabhal rud atá ar siúl agat agus cuir sin ina cheart!

‘Keep It Thoro’ – Prodigy

Ar an gceirnín seo rinne Prodigy a stíl a athrú ó bhonn. Tá idir bhagairtí casta atá lán de mhionsonraí agus bhagairtí atá chomh simplí agus brúidiúil le buille de chasúr. Nuair a chuala mé an buille dár rian féin ‘BAGGY’, spreag chomh lom (agus greanmhar) is atá an t-amhrán seo mé. Níl aon chaint ornáideach i gceist. Seo Prodigy ag baint feidhm as buneilimintí a stíle agus faic eile, agus is é an port aonair is fearr dá chuid é dá bharr. Is cuimhin liom an singil a cheannach ar cheirnín agus mé ar an ardscoil. D’éistinn leis an acapella agus leis an leagan uirlise níos mó ná an t-amhrán féin. Seans nach sárófar ‘I throw a TV at you’ riamh.

The post Ar Chúl an Albaim le Infinity Knives & Brian Ennals – ‘A City Drowned in God’s Black Tears’ appeared first on NÓS.

Níos mó

Rianta na Míosa – Márta 2025

Tá 25 rian ar mo rogha Rianta na Míosa is déanaí, ag tosú le ceol úr ó IMLÉ. I measc na nÉireannach eile a d’eisigh ceol úr le déanaí tá Huartan, Jinx Lennon, lullahush, Tamen (i dteannta Pugilist) agus Muireann Bradley.

Ag gluaiseacht linn thar lear, tá ceol le clos ó albaim úra leithéidí Pan American & Michael Grigoni, Kyle M, Frenk Dublin, Florence Adooni, Marina Zispina agus Charif Megarbane.

Bí ag súil chomh maith leis an gcéad bhlaiseadh d’albam úr Stereolab (a gcéad albam le 15 bliain anuas!), snagcheol úr ó Phi-Psonics, ceol leictreonach ó Black Deer agus Djrum, hip hop ó Madlib is Droogie Otis, agus réabhcheol Francach ó Myd.

An méid sin ar fad agus seoda reigé atheisithe de chuid Wayne Smith agus Dub Syndicate, athmheascáin déanta ag léiritheoirí mar dBridge, Pangaea, Peanut Butter Wolf agus Nicky Siano agus ceol ón gcnuasach is déanaí atá curtha amach ag ceirníní Strut, Mizik Maladi: Disques Debs International Vol.3.

The post Rianta na Míosa – Márta 2025 appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta