Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Anton Mac Caba

An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, scoláire, údar agus sagart ilghnéitheach, ar shlí na fírinne

D’fhág an tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, a fuair bás i ndiaidh tinneas gairid, a lorg ar chuid mhór gnéithe den saol. Ba scoláire Gaeilge é. Bhí lámh aige i saol poiblí an Tuaiscirt, mar bhall de Choimisiún na bParáidí. D’imir sé páirt i stair an Tuaiscirt, trí iarracht le Stailc Ocrais 1981 a shocrú. Chomh maith leis sin, ba shagart i nDeoise Dhoire é a rinne freastal tuisceanach ar a phobal.

Tá an dá shaothar mór uaidh éagsúil go maith. Sa leabhar An Crith Beo, chuaigh an tAthair Ó Croiligh i ngleic le saol agus saothar an scríbhneora Seosamh Mac Grianna. Rinne sé anailís ar bhealach smaointeoireachta Mhic Grianna, agus na téamaí ba mhó sna leabhair aige.

Is oilithreacht phearsanta go príomha é Rún Ardchrosa Éireann. Ba í Cros Mhachaire Rátha, ina cheantar féin, a spreag. Léiríonn sé an-tuiscint ar stair eaglasta agus tuata na hÉireann idir an seachtú céad agus an dara céad déag. Léiríonn sé leis tuiscint ar na Scrioptúir, ar cheird na dealbhóireachta agus ar an spioradáltacht.

Rugadh an tAthair Ó Croiligh an 5 Iúil; 1940 i bParóiste Leamhaí i ndeisceart chontae Dhoire. Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Cholmcille i nDoire. Bhí fuinneamh sa choláiste ag an am. Bhí John Hume, na filí Seamus Heaney agus Seamus Deane, agus an t-iriseoir Eamonn McCann uilig ansin.

Chuaigh sé ar aghaidh go Coláiste Phádraig, Má Nuad, mar ábhar sagairt agus rinne sé céim sa Léann Ceilteach,

B’in ré mar a raibh an-bhorradh faoin Ghaeilge sa choláiste. Bhí dream nach beag ann go raibh ardmheas acu ar an traidisiún, gan bheith ina bpríosúnaigh aige. Rinne siad litríocht na Gaeilge a cheangal le litríocht na hEorpa.

Bhí tionchar nach beag ag Nouvelle Critique na Fraince orthu. Bhain siad feidhm as Irisleabhar Mhá Nuad le litríocht na Gaeilge a phlé ar bhealach nua.

Mar chuid den spiorad sin, bhí gaoth na hathbheochana ag séideadh tríd an Eaglais Chaitliceach le Vatacáin a Dó.

Chaith sé seal ina mhúinteoir in Ard-Scoil Phádraig i Machaire Rátha, lámh lena áit dúchais. Chaith sé ansin blianta i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina stiúrthóir ar Fhoilseacháin Veritas (comhlacht foilsitheoireachta na hEaglaise Caitlicí). Ansin, bhí sé ina stiúrthóir ar Institiúid na Cumarsáide Caitlicí.

D’fhill sé ar Dheoise Doire ag tús na 80idí go paróistí i gcontaetha Dhoire, Thír Eoghain agus Dhún na nGall.

Bhí sé, leis, ina bhall de Choimisiún um Cheart agus Síocháin na hEaglaise Caitlicí. Rinne sin iarracht Stailc Ocrais 1981 a shocrú. Bhí an Coimisiún den bharúil gur tháinig siad ar réiteach, ach go ndeachaigh Rialtas na Breataine siar air. Ba chol ceathracha leis beirt a fuair bás, Francis Hughes agus Tom McElwee. Sna 90idí bhí sé ar fhoireann idireaglasta a scríobh tuarascáil ar phríosúin an Tuaiscirt. Bhí sé ansin ar fhoireann a scríobh The Independent Review of Parade and Marches.

Maireann a dheartháireacha Tony agus an tAthair Pádraig.

Níos mó

Ceilt cáipéisí ina cnámh spairne ag Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí

Beidh ceilt cáipéisí ina cnámh spairne ag Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí. Ba léir sin an tseachtain ar an chéad lá den dara sruth éisteachtaí.

Tá difríocht shuntasach ó thaobh cur chuige de, idir Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann agus Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann (SRTÉ), ar thaobh amháin, agus foireann an Fhiosrúcháin ar an taobh eile.

Bhí Stephen Greaney, abhcóide an Fhiosrúcháin soiléir agus é ag cur tús leis an éisteacht. “Má tá doiciméid ar iarraidh, déanfar an scrúdú is grinne gur féidir,” ar seisean. “Is cuma más é an Stát nó comhlacht ar bith eile atá i gceist.”

Beidh ar dhaoine go bhfuil postanna sinsearacha acu sna fórsaí slándála agus sa státseirbhís freastal ar an Fhiosrúchán. “Déanfar ceistiú orthu,” ar seisean. “Má dhiúltaíonn siad freastal, bainfear brí as an gcinneadh sin. Tá an fhírinne ar eolas acu anois.”

Beidh dualgas ar eagraíochtaí Stáit freagraí ionraice a thabhairt, ar sé.

“Is croí-rannpháirtí é an Stát,” ar seisean. “Tá go leor ama aige le fiosrú a dhéanamh, agus le botúin agus teipeanna eile a aimsiú.”

Thug Greaney rabhadh go bhféadfaí pionós coirpeach a ghearradh ar dhuine nach ndéanfadh comhoibriú leis an Fhiosrúchán.

Labhair Philip Henry, abhcóide an PSNI, ina dhiaidh sin, agus rinne sé comhbhrón le teaghlaigh na marbh. Dúirt sé go raibh rún ag na péas comhoibriú a dhéanamh ach “go bhfuil cuid den ábhar a chuirfear ar fáil [don Fhiosrúchán] ag an PSNI agus údaráis Stáit eile nach féidir a nochtadh in éisteachtaí oscailte, de bharr dualgais faoin Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, nó ar bhonn na slándála náisiúnta, nó ar chúis éigean eile a bhaineann le leas an phobail.”

Tabharfar an fhaisnéis áirithe sin d’foireann an Fhiosrúcháin, a dúirt sé, ach ní bheidh sí ag gaolta na marbh nó ag na daoine a gortaíodh.

Gheall Fiona Fee, abhcóide Státrúnaí Thuaisceart Éireann, go mbeifí ag comhoibriú leis an bhfiosrúchán ach dúirt sí go raibh sé “dosheachanta” go mbeadh ábhar ann nach bhféadfaí “a nochtadh go hoscailte, ainneoin imeacht ama”.

Bhí gach rannpháirtí ar aon intinn go bhfuil obair an Fhiosrúcháin ag dul ar aghaidh go mall. Dúirt Henry go raibh ar an PSNI dul trí 26,000 cáipéis agus 2,000 foilseachán. Bhí taighdeoirí speisialta riachtanach, ar sé.

Dúirt Fee go raibh 5,215 comhad de chuid Oifig na Comh-Aireachta i gceist. Tá tuilleadh i gCartlann Náisiúnta na Breataine.

Maraíodh i mbuamáil na hÓmaí 29 duine agus cúpla sa bhroinn nuair a phléasc an Fíor-IRA buama ar an bhaile ar an 15 Lúnasa 1998. Táthar ag fiosrú an raibh réamheolas ag na fórsaí slándála, agus má bhí arbh leor sin le stop a chur leis an bhuama.

Tá éisteacht aon lae le bheith ann mí Mheán Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair. Pléifear ansin an dul chun cinn maidir le nochtadh cáipéisí. Tá na héisteachtaí faoi phríomhúdar an fhiosrúcháin le tosú mí an Mhárta seo chugainn.

Níos mó

Tionchar Kneecap á lua le méadú breis is 40% ar líon na mbuachaillí atá ag déanamh scrúdú Gaeilge

Tá méadú 43% le bliain ar an líon buachaillí atá ag déanamh scrúdú an AS-Leibhéal sa Gaeilge sa Tuaisceart, scrúdú a dhéanann daltaí ag deireadh na chéad bhliana den A-Leibhéal.

Rinne 139 buachaill an scrúdú sin anuraidh agus tá 199 dá dhéanamh i mbliana. Tá méadú freisin ar líon na gcailíní a rinne an scrúdú, ó 283 go dtí 359, ardú 27%. Fágann sin gur 558 dalta san iomlán a rinne an scrúdú i mbliana, ardú ó 422 anuraidh.

Tá méadú suntasach freisin le bliain ar líon na mbuachaillí a rinne an scrúdú A-Leibhéal, ó 79 go 106.

Tiontaíonn sin an titim leanúnach ar líon na mbuachaillí a bhí ag tabhairt faoin Ghaeilge.

De réir na bhfigiúirí nua tá an Ghaeilge anois ar an dara teanga is mó ag A-Leibhéal. 288 a thug faoin scrúdú A-Leibhéal Gaeilge, agus an Ghaeilge go maith chun tosaigh ar an Fhraincis, nár thug ach 228 fúithi. Is mar an gcéanna ag an AS-Leibhéal. 559 a thug faoin Ghaeilge agus 429 a thug faoin bhFraincis. Tá an Fhraincis chun tosaigh ar an Ghaeilge go fóill ag leibhéal an GCSE. 2,930 dalta a thug faoin Fhraincis agus 2,032 dalta a thug faoi scrúdú Gaeilge, idir GCSE Irish agus GCSE Gaeilge.

Níl ach an Spáinnis chun tosaigh ar an Ghaeilge ag an A-Leibhéal – 74 duine níos mó a thug faoin Spáinnis ná mar a thug faoin Ghaeilge.

Is cinnte go bhfuil baint ag Kneecap leis an bhorradh seo, a deir Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Polasaí Oideachais ag Gael Linn sa Tuaisceart.

Seamas Mac Eochaidh

“Is cinnte go gcuidíonn an t-ardán idirnáisiúnta atá ag an Ghaeilge leis an teanga mar ábhar scoile, an t-ardán atá cruthaithe ag Kneecap go mór mhór,” ar seisean.

“Cuidíonn feiceálacht na teanga ar leibhéal idirnáisiúnta le cúlra agus tuiscint níos leithne a thabhairt do dhaltaí óga, buachaillí óga ach go háirithe, agus líon na mbuachaillí ardaithe go suntasach i mbliana.

“Tchítear dona thuilleadh daltaí na laethanta seo, i bhfocail Móglaí Bap é féin, go raibh ‘an Ghaeilge cúláilte riamh anall’ mar gheall ar na forbairtí móra atá déanta fud fad na n-ealaíon comhaimseartha agus na meán sóisialta maidir leis an Ghaeilge.

“Tá sé le feiceáil go bhfuil an ráta aistrithe is airde ag an Ghaeilge i measc na dteangacha ó GCSE go hAS le blianta anuas. Tchítear é sin leis an líon daltaí don AS, atá ardaithe 32% i mbliana ó anuraidh.”

Tá an taithí chéanna ag Oisín Mac Salaigh, atá i lár na bhfichidí agus ina Oifigeach Forbartha le Pobal ar an Iúl ar an Ómaigh.

Ní raibh rang Gaeilge ann don A-Leibhéal agus é féin ar scoil. “Bhí orm dul taobh amuigh den scoil,” ar seisean. “Tá fhios agam go bhfuil an Ghaeilge anois láidir sa scoil, agus rang ann don A-Leibhéal.”

Micilín Ní Donnghaile

Tá Micilín Ní Donnghaile ina hoibrí óige i mBéal Feirste le fada agus tá daoine dá lucht aitheantais nár chuir suim sa Ghaeilge anois ag éisteacht le Kneecap.

Tá, áfach, taobh eile le scéal na n-uimhreacha. Tá 2,032 ag déanamh idir GCSE Irish agus GCSE Gaeilge i mbliana. Déanann daltaí scoileanna lán-Ghaeilge GCSE Gaeilge. Thiar in 2002 rinne 2,771 GCSE Irish nuair nárbh ann do GCSE Gaeilge. Mar sin, tá cúiteamh le déanamh go fóill.

Níos mó

‘Ná déan in ár n-ainmse é’ – bean ar Giúdach agus Gaeilgeoir í gafa ag léirsiú ar son mhuintir Gaza

Deir bean, ar Gaeilgeoir agus Giúdach í, a gabhadh ag léirsiú ar son Gaza i mBéal Feirste, gur cuid dá hoidhreacht Ghiúdach é tacú le muintir na Palaistíne.

Dé Sathairn seo caite gabhadh Sue Pentel agus Martine McCullough agus iad ag léirsiú taobh amuigh de bhrainse de Bhanc Barclays ag Plás an Chiasleáin i mBéal Feirste in éadan an chinedhíothaithe in Gaza.

Cuireadh i leith Sue Pentel, Gaeilgeoir agus gníomhaí aitheanta as Béal Feirste, go ndearna sí damáiste coiriúil trí ghreamáin a chur ar uathmheaisín bainc de chuid Barclays Bank.

Tá lucht agóide ar son na Palaistíne ag díriú ar bhrainsí Barclays agus iad ag iarraidh go n-éireodh an banc as a bheith ag déanamh infheistíochta i gcomhlachtaí áirithe.

Seanmháthair 72 bliain d’aois í Sue Pentel atá ina ball den ghrúpa Giúdaigh ar son na Palaistíne. Iarstiúrthóir í ar Ionad Uíbh Eachach, an t-ionad Gaeilge i mBéal Feirste.

Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelscoil na bhFál agus bhí baint aici freisin le bunú na chéad naíscoile Gaeilge ar Bhóthar na bhFál agus na chéad seirbhíse cúraim lae Gaeilge sa tuaisceart.

Bíonn Sue Pentel agus feachtasóirí eile ag léirsiú taobh amuigh de Bhanc Barclays achan Satharn agus iad ag iarraidh ar dhaoine baghcat a dhéanamh ar an mbanc. “Tá siad ag tabhairt tacaíochta airgeadais don chinedhíothú,” arsa Sue Pentel.

“Tá Barclays ar cheann de na bainc is mó a bhíonn ag láimhseáil bannaí cogaidh rialtas Iosrael…Tá rialtas Iosrael ag díol na mbannaí seo le hairgead a shaothrú le bheith ábalta na buamaí agus an ‘hardware’ a cheannach agus an cinedhíothú ag dul ar aghaidh.”

Bhí thart ar leathdhosaen ag léirsiú taobh amuigh den bhanc Dé Sathairn seo caite. “Bhí mé mall, níor tháinig mé go dtí deich i ndiaidh a haon déag agus faoi fiche a haon bomaite i ndiaidh a haon déag bhí mé sa jíp,” arsa Sue Pentel. “Tharla sé chomh gasta sin.”

Tugadh go beairic Sráid Musgrave í ansin. “Táimid ag séanadh go láidir na líomhaintí go ndearnadh damáiste coiriúil,” a deir sí.

“Tá sin iomlán as ord. Agus nuair a smaoiníonn tú ar na rudaí atá ag tarlú in Gaza agus sa Bhruach Thiar, agus an méad daoine a fuair bás de bharr buamaí Iosrael.”

Luaigh sí cás an dochtúra in Gaza, Alaa al-Najjar, ar maraíodh naonúr dá deichniúr páistí in aerionsaí de chuid Iosrael.

“Tá sé dochreidte ar fad go raibh am acu amharc orainn, seisear againn, ag seasamh ansin go ciúin, ag labhairt le daoine,” ar sise.

“Ní raibh muid ag déanamh damáiste, ní raibh muid ag déanamh rud ar bith as ord.”

Ocht n-uair an chloig a chaith sí i stáisiún an PSNI agus dar léi go bhfuil na péas ag cur “am amú”.

“Nuair a bhí daoine eile ag iarraidh na péas, ní raibh siad le fáil.”

Seachas sin ní raibh deacracht aici leis an dóigh ar caitheadh léi le linn di a bheith á coinneáil. Chuir sí ceist ar phóilín amháin cé a shocraigh í a ghabháil. “Not me,” a d’fhreagair sé.

Níor phléigh sí sonraí eile a cáis, ar chomhairle dlíodóra s’aici.

“An rud a thig liom a rá, gur tharla a leithéid roimhe,” ar sise. “Seo sé mhí atáimid ag déanamh seo gach Satharn, taobh amuigh de Barclays. Ní hé seo an chéad uair gur cuireadh greamán ar Barclays Bank, agus níor tharla rud ar bith roimhe seo.”

Nuair a rinne an banc gearán an uair seo, “tháinig na péas go han-gasta,” ar sise. Go bhfios dí, bhí an t-uathmheaisín ag obair an t-am ar fad.

Deir Sue Pentel gur cuid dá dúchas Giúdach é seasamh leis na Palaistínigh agus “tacú le daoine go bhfuil cuidiú de dhíth orthu”.

“Táimid glan in éadan mhí-úsáid stair na nGiúdach, d’fhulaingt na Giúdaigh, mar leithscéal don chinedhíothú. Tá daoine go raibh clann acu san uile-loisceadh ag rá go bhfeiceann siad an rud céanna ag tarlú. Táimid ag rá – ná déan in ár n-ainmse é.”

Tá comhad a bhaineann le damáiste coiriúil cuirtha faoi bhráid na Seirbhíse Ionchúisimh Phoiblí.

Tá cosaint déanta ag an PSNI ar an tslí a gabhadh an bheirt bhan ag an léirsiú Dé Sathairn seo caite.

Dúirt an Leas-Phríómh-Constábla Ryan Henderson gur féachadh ar an taifeadadh de ghabháil na mban agus go rabhthas sásta go raibh iompar na bpóilíní cuí agus de réir an dlí.

Níos mó

Muinín an phobail i bhfiosrúchán bhuama na hÓmaí ‘i mbaol’

Cáineadh cur chuige Rialtas na Breataine agus Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann go láidir agus tús á chur leis an dara cuid d’Fhiosrúchán Bhuama na hÓmaí Dé Céadaoin. Paul Greaney, dlíodóir an Fhiosrúcháin, a rinne an cáineadh. Dar leis go raibh an baol ann go mbainfeadh cur chuige an Rialtais den mhuinín a bheadh ag an phobal san fhiosrúchán.

Maraíodh 29 duine agus cúpla sa bhroinn nuair a phléasc an buama ar an 15 Lúnasa 1998. Tá an fiosrúchán ag fiosrú arbh fhéidir stop a bheith curtha leis an sléacht sin roimh ré.

Bhain an éisteacht is déanaí le nochtadh fianaise. Tá idir Rialtas na Breataine agus an SPTÉ ag iarraidh doiciméid a fholú. Ag tús na héisteachta, dúradh go raibh 80 cáipéis i gceist. Ag deireadh an tseisiúin Déardaoin, dúradh go raibh 700 acu ann, agus 8,000 leathanach iontu. Tá rialtas na Breataine ag éileamh go ndéanfaí folú ar ainmneacha státseirbhíseach sóisearach. Tá SPTÉ ag éileamh go ndéanfaí amhlaidh ar ainmneacha daoine a bhí faoi dhrochamhras ach nár cúisíodh nó nár ainmníodh go poiblí. Tá an Fiosrúchán féin, agus na croí-rannpháirtithe eile, in éadan folaithe.

Ag an phointe seo, ní fhoilseofar na doiciméid atá i gceist. Cuirfidh an Fiosrúchán iad ar fáil do na croí-rannpháirtithe. Gheall siad seo uilig nach ndéanfadh siad na doiciméid seo a roinnt le daoine ar bith eile.

Ag tús na héisteachta, dúirt Paul Greaney gur chuir Oifig Dlíodóirí na Corónach creat-argóint sa ríomhphost chun an fiosrúchán ag a 4.00pm, tráthnóna Dé Máirt, an 20 Bealtaine. Chuir seo “iontas agus frustrachas” ar fhoireann an fhiosrúcháin. Ba é seo “an lá sula raibh an éisteacht le bheith ann”. Ba cheart a bheith ag súil leis go mbeadh foireann an fhiosrúcháin, croí-rannpháirtithe agus a n-ionadaithe ag taisteal chun na héisteachta. Dar le foireann dlí an fhiosrúcháin go raibh seo ar fad “thar a bheith mí-ámharach”.

“Den chuid ba mhó, rinne an chreat-argóint forbairt ar argóintí a bhféadfaí iad a bheith pléite is forbartha cúig seachtaine ó shin, agus, dar linne, gur cúig seachtaine ó shin ba chóra iad a fhorbairt.

Go dtí seo níor tugadh míniú foirmeálta ar bith ar cad chuige nach ndearnadh sin.”

Níor thug seo an t-éileamh deireanach seo go leor ama do na páirtithe eile le freagra a thabhairt. Ina theannta sin maíodh gur chuir sé “ualach doghlactha” orthu. “Dar le foireann dlí an Fhiosrúcháin go bhfuil an baol ann le cur chuige [an Rialtais] go mbainfí den mhuinín atá ag an phobal i leith iompar [an Rialtais] maidir leis an Fhiosrúchán seo.”

Chuir an Tiarna Turnbull, cathaoirleach an fhiosrúcháin, a mhíshástacht in iúl sular labhair Fiona Fee, dlíodóir an rialtais. Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh achan chroí-rannpháirtí ábalta a bheith ag obair go réidh lena chéile. Dar leis go mbeadh sin deacair dá bhfeicfí “dearcadh drochmheasúil nó mí-eagraithe i leith obair an Fhiosrúcháin.”

Ghabh Fee a leithscéal i dtús a cuid cainte. “Níor beartaíodh aon drochmheas i leith an Fhiosrúcháin nó i leith na gcroí-rannpháirtithe eile,” ar sise.

Agus Greaney ag labhairt ag deireadh na héisteachta, dúirt sé gur minic nach mbíonn tábhacht doiciméid soiléir ag an tús.

Beidh an chéad éisteacht eile ann Dé Luain, an 23 Meitheamh, ar an Ómaigh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta