Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Author: Anna Nic Gafraidh

Tá Oireachtas na Sceallóg Nollag buailte linn

Is dócha go bhfuil an meascán meallacach Feirsteach sin – an ‘Christmas Chip’ – feicthe agaibh ar TikTok ar na mallaibh, agus is dócha go bhfuil tú ag smaoineamh gur chóir duit blas a fháil de na sceallóga Nollag sin. Tá mise anseo le rá leat, a léitheoir, nach gá duit. Smaoinigh ar bhúiste tirim, sceallóga bruite agus easpa súlaigh.

Mar is eol do chách, is é seo seachtain an Oireachtais i mBéal Feirste agus, dá réir sin, chuir mé liosta le chéile a áiríonn bialanna, tithe tábhairne agus imeachtaí fud fad na cathrach a shocróidh an fonn mallaithe Gaelach sin.

Greim Bídh

Grianghraf le Bia Loch Lao i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.
  1. Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál — Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh Gaeilge a chloisteáil agus a úsáid, beidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich foirfe duit. Bia traidisiúnta amhail stobhach, gambún milis rósta, sceallóga agus uibheacha agus, chomh maith leis an bhia, tá roinnt imeachtaí le titim amach sa Chultúrlann le linn na féile.
  2. Hatch, Bóthar na bhFál — Is cinnte go bhfuil mé claonta ach má tá sceallóg Nollag uait,is í seo an áit is fearr in iarthar na cathrach di dar liomsa. Má tá póit an Diabhail ort, áfach, tá caife, bricfeasta, agus rudaí níos láidre acu. Plean Sathairn socraithe!
  3. Caifé Ceoil, Bóthar Aontroma — Áit Ghaelach eile ina bhfuil ceol le cloisteáil agus ina bhfuil lón deas agus caife le fáil. Beidh imeacht nó dhó ar siúl in Áras Mhic Reachtain i rith an Oireachtais fosta, áit a bhfuil an caifé lonnaithe.
  4. Spaghetti Arms, Sráid an Aontais — Cur síos ceart é seo ar ‘bhia sráide salach ó haiste sa dorchadas’. Trí a chlog ar maidin, i ndiaidh Chlub na Féile, stiúgtha ólta. Cá háit a rachaidh muid fá choinne greim bídh? Sceallóga salacha, stiallacha sicín, curaí, sillí milis, súlach, cáis, amhail is dá n-osclódh geataí na bhflaitheas romhat faoin tráth sin.

Togha na Dí

Tí Mhadáin i lár Bhéal Feirste.

Gan a thuilleadh moille… an t-ól. Tá praghsanna an Europa scannalach i bhfírinne, mar sin de, seo na tithe tábhairne is fearr le haghaidh na réamhdheochanna i lár na cathrach agus in Iarthar Bhéal Feirste… dar ndóighe.

  1. Tí Mhadáin, Sráid Berry — Más rud é go bhfuil tú ag lorg an phionta is fearr i mBéal Feirste, seo í an áit. Ag cur thar maoil le Gaeil, le cultúr agus le ceol, beidh sé plódaithe le linn na féile, agus tá Gaeilge ag an chuid is mó de na baill foirne anseo. 
  2. Hawthorn/An Teach Beag, Sráid na Sceiche — Más iad vaidhbeanna Gaelacha na 70idí atá uait le linn an Oireachtais, tapaigh an deis! Teach tábhairne beag áitiúil atá lonnaithe ar Shráid na Sceiche lán le craic, seo an áit ar féidir múrphictiúir KNEECAP a fheiceáil chomh maith. Níl Cumann Chluain Árd ach cúpla coiscéim ar shiúl ar a bharr sin.
  3. Second Fiddle, Sráid Waring — Teach tábhairne ‘Gaelach’ i lár na cathrach le ceol beo agus fuadar le mothú. Ar oscailt go dtí a 03:00 ar an Aoine agus ar an tSatharn, mar eolas…

…agus Scoth na nImeachtaí

Póstaer MGL: Maith Go Leor, ceolchoirm le DJ Próvaí, Móglaí Bap agus Le Boom.

Bhí mé ar Oireachtas na Samhna in 2023 agus anuraidh i gCill Airne arís. Caithfidh mé a admháil go raibh mé i mo shaoithín amach is amach ag an am sin. Bhí mé ar léacht foclóireachta, ar sheoladh leabhair, agus ar phainéal cainte ag 9:00 maidin Aoine. I mbliana, áfach, tá nós cineál… difriúil agam. Idir an Chultúrlann, an Europa, agus Halla Cois Cuain, beidh a lán imeachtaí ‘idirghníomhacha’ nach mbeidh tú i do shuí acu.

  1. MGL: Maith Go Leor An Choirceog — Tiocfaidh DJ Próvaí, Móglaí Bap, Le Boom agus eile le chéile chun seó dochreidte a sholáthar dúinn oíche Déardaoin. Áit speisialta í seo (Ní Caff’s, brionglóid fiabhrais an focal a thabharfainn air sin) atá neadaithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta.
  2. Piontaí Gaeilge & Tráth na gCeist, Tí Mhadáin — Mura raibh tú in ann ticéad a fháil don cheolchoirm, eagraíonn cumann sóisialta ‘Piontaí Gaeilge’, tráth na gceist trí mheán na Gaeilge thuas staighre i dTí Mhadáin. Ná dearmad go dtig Gaeilge a labhairt leis an fhoireann!
  3. GaelGÁIRÍ, Europa — Oisín Mistéil, Louisa Ní Éideáin, Cúán de Búrca, Aideen McQueen, Hugh Carr, Bláithín de Burca, Eoin P. Ó Murchú, Síomha Hennessy, agus Justin Cassidy. Ar chuir na hainmneacha sin cathú ort? Oíche choiméide Ghaeilge atá i gceist, agus anuraidh ní raibh aon áit le suí ann…
  4. Club na Féile, Dé Aoine — Pólca4 i Halla Uladh. Níl focal ar bith de dhíth ar Pólca4. Tá blianta caite acu ag an Oireachtas agus níl dabht ar bith i mo cheannsa go mbeidh sí seo ar na hoícheanta is fearr i rith an Oireachtais agus plúr na gceoltóirí ann.
  5. Club na Féile, Dé Sathairn — Seán Mac Corraidh agus the Hot Whiskeys san Óstán Europa. Arís, b’fhéidir go bhfuil mé claonta toisc gur iníon léinn de chuid Naomh Muire mé agus go bhfuil duine díobh ina léachtóir agam, ach chonaic mé Clann Mhic Corraidh ag Féile na Gealaí agus ba léir go mbíonn draíocht ar na téadaí a phiocann siad.

Anseo i mBéal Feirste, ní bhaineann ionchas na nGael leis an Oireachtas ag teacht anseo amháin, ach le tús áite gan leithscéal a thabhairt don Ghaeilge i gcathair ina bhfuil an teanga greanta sna doirneoga agus sna bricí féin.

De réir mar a líontar amharclanna, hallaí, agus seisiúin dhéanacha oíche le hamhráin, filíocht agus comhrá le linn an Oireachtais, líontar na sráideanna le féidearthachtaí freisin. Bhí an Ghaeilge riamh anseo. Cuireann an deireadh seachtaine seo i gcuimhne dúinn cé chomh geal agus is féidir leis an todhchaí a bheith nuair a thagann pobal le chéile.

The post Tá Oireachtas na Sceallóg Nollag buailte linn appeared first on NÓS.

Níos mó

Cagar…tha Gàidhlig seagsaidh

Bhuail mé le Christy O’Hanlon den chéad uair agus mé ag obair i dteach tábhairne i lár na cathrach i mBéal Feirste. Bhí sí istigh le cara di, agus thug mé faoi deara go raibh aithne agam ar an chailín a bhí thuas staighre. Chaith mé 20 bomaite ag smaoineamh – agus ansin rith TikTok liom. Dúirt sí liom (agus muid mór lena chéile anois) go raibh náire an domhain uirthi an oíche sin mar chuir mé ceist uirthi: “An tionchaire thú? Leanaim thú ar TikTok!’

Cúpla seachtain roimhe sin bhí Kneecap ag seinm ceolchoirme a bhí díolta amach i nGlaschú agus nuair a bhí mé ag dul fríd TikTok, chonaic mé cailín ag cur na nGael taobh amuigh faoi agallamh. Chuaigh mé fríd a cuntas. Diosmharcach, léiritheoir ar BBC Alba, agus Gàidhlig aici. An rud ba shuimiúla domsa – agus mé ag foghlaim Ghaeilge na hAlban ar ollscoil ag an am – ná cé chomh bríomhar is a bhí sí maidir leis an teanga. Is léir go raibh an teanga bheo (agus ‘seagsaidh’ mar a thugann na hAlbanaigh uirthi).

Ní raibh ach cúpla mí fágtha go raibh ceann de na féilte is mó i gcultúr na nGael ag druidim linn — Féile na Gealaí. Fuair mé téacs uaithi:

“Hey Anna, dè do chor? I’m Christy and I work with BBC ALBA. Just sliding a-steach dha na dms agad as we’ve heard you’ll be at Féile na Gealaí this weekend, and were wondering if you’d be keen to be involved in some socials content for us in co-production with TG4? Taing mhòr! x”

Más rud é go bhfuil aithne agat orm, beidh a fhios agat:

  1. Nach bhfuil focal de Ghaeilge na hAlban agamsa (fiú go ndearna mé staidéar uirthi ar feadh bliana agus;
  2. Tá mé go huafásach os comhair an cheamara. (Nóta ón Eagarthóir: Is bréag é an ceann seo — agus tá aithne agam uirthi!)

Ach is dóiche, ar an lámh eile, gur breá liom a bheith i lár an aonaigh. Dúirt mé, “Cinnte, ba bhreá liomsa a bheith páirteach” agus tá a fhios ag an tsaol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin! (Tá na físeáin ar fáil ar cuntas Instagram BBC ALBA.) 

Ansin, cúpla mí o shin nuair a bhí sí i mBéal Feirste, bhuail muid le chéile fá choinne deochanna (chuir mé West Coast Cooler in aithne di). Agus i ndiaidh cúpla deoch bhí mé réidh chun eitilt a chur in áirithe le dul thar lear chun blas a fháil d’achan rud atá ag na Gaeil i nGlaschú. Haischlib Sabhal Mòr Ostaig 2026 duine ar bith?

Bhí an t-ádh dearg orm go raibh sí sásta tabhairt faoi agallamh liom — agus agallamh dátheangach é lena chois!

Anna Nic Gafraidh: Go raibh míle maith agat as suí liom a Christy. Chun tús a chur, ar tógadh thú féin leis an teanga?

Christy O’Hanlon: Dh’ionnsaich mise Gàidhlig tro foghlam tro mheadhan na Gàidhlig (FtMG) bun-sgoil, àrd-sgoil, agus chùm mi orm gus ceum a dhèanamh sa Ghàidhlig aig an oilthigh.  Ged a ‘s ann as à Ghàidhealtachd a tha mo mhàthair, cha robh an cànan againn san taigh leatha a’ fàs suas ach bha cultar is ceòl mòra.  

ANG: Cén sórt tacaíochta a bhí ann agus tú ag fás aníos? An raibh deiseanna ann ar scoil nó ar ollscoil? 

[Dar le staitisticí tá 46 naíonra, 62 bhunscoil, agus 29 meánscoil ag soláthar oideachas Gàidhlig – Foghlam tro Mheadhan na Gàidhlig – in Albain faoi láthair. In 2023 bhí líon na ndaltaí ar Shabhal Mòr Ostaig ar an mhéid ab airde go dtí sin le 1600 mac léinn ann.)

COH: Chanainns’ gu bheil an ìre mhath de taic ann do chlann òga, is an t-uabhas de leasachadh son clann na b’òige ach chan eil cail againn airson deugairean agus inbhich òga, sin far a bheil na bearnan agus b’ e siud na bha mis’ a’ faireachdainn nuair a bha mise an aois ud.

ANG: Bíonn tú achan áit sna meáin Ghàidhlig amhail FilmAlba, agus tá tú ag obair le BBC Alba faoi láthair, cén dóigh ar thosaigh tú d’aistear ansin agus cé chomh tábhachtach is atá obair sa teanga duit?

COH: Bha ùidh agam sna meadhanan on a bha mi òg. Tha cuimhne agam ge-tà nach robh mi riamh a’ faireachdainn mar phàirt den t-saoghal a sin. Leis gur ann a Ghlaschu a bha mi, agus cha robh Gàidhlig agam o thùs bha mi faireachdainn mar gun robh an saoghal siud cho fad air falbh bhuams’. Thòisich mi fhèin agus mo charaid Katie pod-chraodhladh (‘Big Gaels Don’t Cry’) leis gun robh an dithis againn a’ faireachdainn mar gun robh dìth-riochdachadh anns nam meadhanan Gàidhlig do ghàidheal òga. 

Cha robh cail ann dhuinne, no sinn a’ faireachdainn nach robh duine sam bith sna meadhanan a bha coltach rinne.  Bha sin mar spionnadh mòra dhomh, agus e fhathast am prìomh rud a tha mi ag amas air le m’ obair sna meadhanan – ‘s e a bhith a’ lìonadh cuid den bheàrn a th’ againn eadar a chànan agus Gàidheal òga. Tha e cho cudromach dhomh gu bheil riochdachadh againn sna meadhanan a tha fìor dhan cruth-tìre de ghàidheal a th’ againn ann an Alba san latha an-diugh.

ANG: Is diosmharcach thú, cén dóigh gur thosaigh tú amach agus cad é na háiteanna ina mbíonn tú ag fáil fuaimeanna agus inspioráide?

COH: Tha ceòl dannsa MÒR ann an Glaschu. Tha mi air a bhith ag èisteachd gu ceòl dannsa on a bha mi nam dheugaire. Cheannaich mi decks nuair a bha mi aig an oilthigh (rinsed that overdraft) agus bhithinns’ a’ cluich aig flat parties agus afters sam bith a bh’ againn – ‘s e an rud as fheàrr leam a bhith a’ faicinn mo charaidean a dannsa còmhla ri chèile. Fhuair mi a’ chiad gig agam ann an Glaschu mu 2 bhliadhna air ais agus tha mi air a bhith a’ dèanamh gigs o ‘n uairsin. Highlights dhomhsa defos a’ dùnadh airson Denis Sulta ann an Glaschu aig deireadh am bliadhna an-uiridh. Tha an ceòl aig Denis Sulta mar brosnachadh MÒR dhomhsa – icon a th’ ann. 

Channains’ cuideachd gu bheil mi moiteil as an obair agam air a phrògram ciùil Rapal air BBC Radio nan Gáidheal. Tha an ùidh a th’ agam ann an ceòl dannsa air brosnachadh mòra a thoirt dhomh san obair a sin, is mi moiteil gur e thionnd ùr a th’ ann gu prògram air Radio nan Gàidheal.

ANG: Chaith tú seal sa Phalaistín (chuaigh grúpa chuig campa dídeanaithe in Gaza ar feadh coicíse ag obair leis an champa Aida, ag obair le daoine óga tríd na healaíona, spóirt, ceol agus níos mó). Cad é mar a bhí an turas, agus cén fáth go raibh an turas seo chomh tábhachtach duit, mar Ghael, agus mar dhuine? Anuas air sin, tá tú ag teagasc Gàidhlig agus ag saothrú airgid ar son na Palaistíne, cén sórt aiseolais a fuair sibh ó achan duine atá ag glacadh páirt?

COH: Bha mi anns a’ Phalastain o chionn ghoirid son cola-deug san sàmhradh còmhla ris an Lajee Centre ann am Bethlehem.  Abair àite.  Gus an fhìrinn innse fhuair mi a mhòr chuid den spionnadh agam son dol air turas den seòrsa bho na h-Èireannaich.  Tha cuimhne am bha mi ann am Beal feirste aig toiseach na bliadhna le mo bhràthairean air turas.  Agus bha e cho follaiseach an ceangal a th’ aig Èirinn leis am Palastain co-dhiù, ach ‘s e na bha cho brosnachail dhomh b’ e an ceangal agus an dlùth-phairteachas a chunnaic mi eadar coimheasnachd nan gàidheal ann an Èirinn (Beal feirste gu h-àraid).  Tha na strì a th’ againn mar ghàidheal, mar daoine dùthchail uile co-cheangailte ri strì am Palastain. Is sinn a’ strì an aghaidh siostaman bho cumhachdan colonial.

Chan robh mis’ a’ faireachdainn gun robh Gàidheal na h-Alba cho làidir, agus fuaimail san dlùth-phairteachais ris a Phalastain sa tha Gàidheil a dh’Èirinn ‘s mar sin rinn mi an taghadh dol ann, gus ceanglaichean a’ neartachadh eadar a choimhearsnachd againn an seo agus an Lajee centre.  

Rinn e ciall nuair a thill mi rudeigin a dhèanamh a bha mar cheangal eadar an cànan agus an lajee centre, agus sin far an d’thàinig am beachd son na clasaichean a chur air dòigh.  ‘S e dìreach toiseach toiseachaidh a th’ ann eadar ceangal Gàidheal na h-Alba ris an lajee centre agus a chùis aig Palastain, watch this space mar a chanas iad, is mi am beachd tòrr a bharrachd obair a dhèanamh gus neartachadh an ceangal a sin.


Tá Christy ar Instagram @babyguinnessxx agus ar TikTok @babyguinnessx.
Tá sí le feiceáil in Saor No Daor & Cànan nan Gaol ar chuntas YouTube BBC ALBA.
Tá sí le cloisteáil ar BBC Radio nan Gàidheal lena clár Rapal (7-9). 

The post Cagar…tha Gàidhlig seagsaidh appeared first on NÓS.

Níos mó

Gaeilge Rúnda: Pilates sa Chathair le Leila O’Neill

B’fhéidir gur léigh tú m’alt deireanach faoi Pilates, ‘An fáth gurb é Pilates an fhoirm ghluaiseachta is fearr leis na cailíní faisin’, agus go bhfuil a fhios agat na cineáleacha alt a bhím ag scríobh de ghnáth: cúlchaint. Ach is agallamh an t-alt seo agus tá iriseoireacht chruinn déanta agam an iarraidh seo. 

Ar na mallaibh, caithfidh tú aon Ghaeilge a chloiseann tú a thabhairt faoi deara. Daoine ag ordú sa phub, ag toiseacht ar rangannaí Gaeilge, ag tacú le gluaiseachtaí atá ag tarlú i mBéal Feirste. Is léir go bhfuil an athnuachan faoi bhláth. Anois, níl a fhios agam fúibhse ach am ar bith a chloisim Gaeilge san fhiántas, mar a deirtear, cuireann sí gliondar ar mo chroí. Daoine ag obair i gcaifé, comhráite sa pháirc, nó fiú cúpla focal ó na múinteoirí Pilates s’agam. Agus uaidh sin, beidh Gaeilge rúnda san fhiántas á clúdach agam as seo amach.

Sa chéad eagrán den imscrúdú seo, labhraimis faoi Leila O’Neill, banríon Pilates, agus tá sí ar ais i mBéal Feirste ina dhiaidh seal beag, laethanta saoire a dúirt sí liom, ag dreapadh ar Shliabh Everest… 

Níl mé ag rá go bhfuil an Ghaeilge i bhfolach i saol Leila ar chor ar bith, ach b’fheidir nach bhfuil an spás cruthaithe (go fóill) ina bhfuil an Gaeilge ag feidhmiú mar phríomhtheanga na háite oibre. Sa chás seo, an pobal Pilates i mBéal Feirste.

Bhuail mé le Leila den chéad uair thart fá thrí nó ceithre bliana ó shin i stiúideo beag bídeach thuas staighre in Juice Jar i lár na cathrach. Chuala mé faoi Pilates ag an am ach thit na ranganna uilig amach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach agus mhothaigh mé nach raibh siad ar fáil do dhaoine cosúil liomsa. Is dóiche go bhfuil an nós ann go mbíonn na máithreacha BT9 ag déanamh Pilates. Thig liom mo mháthair féin a fheiceáil ag gáire fúm go raibh nós nua agam. Ní raibh suim dá laghad agam sa spórt i ndiaidh an tríú breithlá déag, agus b’fhuath liom an pheil Ghaelach agus an chamógaíocht. 

Ar an Luan a chuir mé Leila faoi agallamh, bhí sí díreach críochnaithe le rang a éascú agus dúirt sí liom gur chláraigh cuid mhór daoine nua le haghaidh an ranga. Agus mé ag siúl suas staighre, chuala mé cailíní ag caint faoi cé chomh bríomhar agus taitneamhach agus a bhí an rang. Is léir go bhfuil na múinteoirí agus na ‘mic léinn’ Pilates ar aon intinn maidir le rang Leila: más míshásta atá tú ag dul isteach, is le meangadh ar d’aghaidh a thiocfaidh tú amach.

Bíonn réamhbharúil ag daoine faoi Pilates agus is gá dom a admháil go raibh mise ina measc. Bhí Leila í féin den tuairim chéanna agus í agus toiseacht ar a turas féin leis an chleachtas. Bhog sí chun na hAstráile agus í 18 mbliana d’aois, díreach amach as an scoil, agus chonaic sí go raibh ranganna Pilates ar fáil in aice léi. Rinne sí an cinneadh blaiseadh a fháil den chleachtas.

“Go dtí sin bhí mé ag déanamh Pilates ar mhata i mo sheomra leapa ó bhí mé 12 bhliain d’aois b’fhéidir. Ag an am chéanna, bhí mé neirbhíseach dul isteach sa rang. Sílim go mbíonn an nós sin ag achan duine. Tá sé scanrúil rudaí nua a thriail ach thit mé i ngrá leis an chleachtas agus na buntáistí a bhí bainteach leis.”

Bhog sí ar ais go hÉirinn agus d’aimsigh áit ar Bhóthar Lios na gCearrbhach ina raibh ranganna ar fáil ar feadh na mblianta. Ní raibh Pilates chomh coitianta is atá sé anois áfach. Bhí Leila ag gáire agus í ag cuimhneamh ar na chéad ranganna. 

“Ní raibh ach mise agus na yummy mummies ó Bhóthar Malone. Ní raibh an blas céanna ag duine ar bith cosúil liomsa.”

D’fhiafraigh mé di an é sin ceann de na fáthanna go bhfuil sí chomh paiseanta sin faoi áiteanna in Iarthar Bhéal Feirste agus ag iarraidh Gaeilge a úsáid. Dúirt sí go raibh tréimhse ina saol nach raibh sí ag úsáid Gaeilge ar bith. 

“Déarfadh mo mhamaí an t-am ar fad gur thug an Ghaeilge deiseanna dom agus tá sé in am dom rudaí a thabhairt ar ais.” 

Tá sí ag obair ar ábhar a chruthú trí mheán na Gaeilge ar na meáin shóisialta ach tá sé greannmhar, a dúirt sí, cé chomh doiligh is atá sé Gaeilge a chur ar na gluaiseachtaí. Aontaím léi le gáire, streachailt a bhí i gceist leis na téarmaí i m’alt deireanach.

Ach tá spás speisalta ag an Ghaeilge i gcroí Leila. Chuaigh sí ar an Ghaeloideachais; naíscoil, bunscoil, agus ansin, Coláiste Feirste. Tá sé suimiúil dom fáil amach an raibh Gaeilge ina teaghlach. 

“Ní raibh, agus ba mise an chéad pháiste i mo theaghlach a chuaigh tríd an chóras sin, mar a tharlaíonn sé. Bhí sé soiléir do mo theaghlach go raibh mé iontach sásta ag an scoil, agus mar gheall ar sin tá mo chol ceathracha beaga ag dul fríd an Ghaeloideachais chomh maith.” 

Dar ndóigh más rud é go bhfuil tú ag smaoineamh ar Choláiste Feirste agus conair ghairme, déarfainn ‘múinteoir Pilates’ an chéad rud a ritheann leat. Bhí Leila tógtha le haclaíocht ó aois óg, áfach. Fiú agus í ag dul do na scrúduithe, fuair sí post ar an tSliabh Dhubh leis an National Trust. 

“An rud a tharla ná, bhí mé ag rith achan mhaidin roimh am scoile ar an tsliabh agus thug siad post dom. Bhí mé, go bunúsach, ag rith, ach bhí bothán agam, agus bhí mé ag fáil airgid. Rinne mé sin agus mé ar scoil.” 

Bhí turas aclaíochta i gcónaí ar na bacáin aici.  “Tig suaimhneas orm agus mé ag déanamh aclaíochta. Ag rith, nó ag siúl, nó aon rud eile.” 

Tá sé soiléir… agus saoire tógtha aici le Everest a dhreapadh.

An síleann sí gur post fiúntach é. Saorobair atá i gceist den chuid is mó. Bhí sí lonnaithe sa Juice Jar i lár na cathrach ag tús a turais ach d’athraigh sí a sceideal.

“Tá níos mó saoirse agam anois. Tá mé ábalta dul timpeall na cathrach. Lá amháin, thiocfadh liom seacht rang a theagasc, ceithre cinn i gCeathrú na hArdeaglaise ag déanamh Pilates ar an mhata, trí cheann ar bhóthar Lios na gCearrbhach ag déanamh stuif ar an fhráma charráisteach. Is aoibhinn liom a bheith ábalta ranganna difriúla a theagasc agus ag bualadh le daoine difriúla achan uile lá.”

Labhair muid faoi na deiseanna ar fad a fuair Leila trína post anois. 

“Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil mé in ann post mar seo a dhéanamh achan lá. Sílim go bhfuil sé sin chomh tábhachtach a lua. Gan chomhlachtaí, ní bheinn in ann rudaí chomh deas leis sin a dhéanamh achan uile lá. D’oibrigh mé ag WellFest, agus bhí mé i measc daoine cosúil le Joanne McNally agus Joe Wicks, bhí meas ag na daoine orm. Ag an tús bhí sé sin cineál aisteach, mar i mo cheannsa is celebs iad.” 

Thosaigh mé ag gáire, is celeb anois í Leila i ciorcail Pilates.

“Tá sé iontach aisteach go fóill go bhfuil aithne ag daoine ormsa ach cuireann sé gliondar ar mo chroí go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh triail a bhaint as Pilates. Más rud é go raibh tionchar agamsa air sin, fiú ról beag bídeach, is onóir é.”

D’oibrigh sí ag Picnic Leitreach le dhá bhliain anuas.

“Bhí mise agus mo chairde ann, fuair muid pasanna saor in aisce. Tá sé sin dochreidte go fóill.” Buaicphointe? “Kylie Minogue a fheiceáil le mo chairde uilig cinnte. Bhí an t-atmaisféar iontach ar fad, bhí mé ag smaoineamh an t-am ar fad agus mé ann, cén dóigh a bhfuil mé ábalta slí beatha a chur ar mo phost?”

D’inis mé di go bhfuil clú agus cáil uirthi i gciorcal na nGael in Iarthar Bhéal Feirste cibé. Theagasc sí rang Gaeilge linn in Ollscoil na Ríona le linn Sheachtain na Gaeilge anuraidh. Tá muid ag obair go crua le chéile (le giota cuidithe ó Choiste na bhFocal Nua…) chun téarmaí Gaeilge a thabhairt ar ghluaiseachtaí Pilates. 

Tá ióga faoi bhláth trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath le ióga le Naoise, agus fiú in Iarthar Bhéal Feirste tá Hot Yoga West againn. Niamh Taylor atá i mbun, Gael eile ó Iarthar Bhéal Feirste a bhí ar an Ghaeloideachas. Thosaigh sí a comhlacht féin lena máthair agus déanann siad ióga te den chuid. Bíonn na ranganna díolta amach an t-am ar fad agus le déanaí chuir siad ióga te trí mheán na Gaeilge amháin ar fáil. 

Is é ióga te an nós is fearr atá ag Leila mar a tharlaíonn sé. Bíonn iontas orm go bhfuil sí ábalta na ranganna uilig a theagasc agus go fóill in ann a cuid aclaíochta féin a dhéanamh. Ach gan aclaíocht léi féin, bheadh sí as a meabhair. Sin a dúirt sí liom. 

“Síleann daoine toisc go bhfuil mé ag teagasc sé nó seacht rang in aghaidh an lae nach mbeadh suim agam rang ióga nó traenáil nirt a ghlacadh, ach níl sé sin fíor ar chor ar bith.” 

Bhuel cén dóigh a bhfuil sí ábalta a sláinte fhisiciúil agus a sláinte mheabhrach a choinneáil… sláintiúil? 

“Déanaim cinnte go dtéim ar shiúlóid amháin nó ar rith amháin ar a laghad achan lá. Caithfidh mé spás a fháil agus a bheith ábalta a bheith liom féin. Ach chomh maith leis sin, tá na buntáistí atá bainteach le hióga te ar fheabhas.” (Bíonn an teas ar 30 céim i rith an ranga mar eolas) “Tá an néarchóras ag obair ar lánluas. Go bunúsach tá do chorp i modh ‘troid nó teitheadh.’” 

Tá a fhios agam cad atá sibh ag smaoineamh, dealraíonn sin go huafásach, ach mar gheall ar an rialú sin, tá do chorp (agus do mheabhair) ábalta fadhbanna a réiteach go furasta le níos lú struis. Dar le Leila, “Bhí amanna ann nach raibh mé ábalta mo mhothúcháin a rialú mar is ceart, agus bhí an-strus orm an t-am ar fad ach ina dhiaidh cleachtas a thosú le hióga te, tá mé ar mo sháimhín só.”

Thug Leila samplaí de theicnící anála agus de ghluaiseachtaí sínte:

Cat agus bó (le cos agus lámh san aer):

Don ghluaiseacht seo, caithfidh tú a bheith ag smaoineamh faoin dóigh a bhfuil tú ag análú. Tosaigh le cnámh droma díreach. Sin áit neodrach. Cuir do lámh agus an chos chontrátha amach (tá sé cineál cosúil leis an hóicí cóicí nach bhfuil?). Ag tarraingt anála, ísligh do chnámh droma, ag fáscadh do bhoilg, ag ísliú. Ar an easanáil, tóg lámh agus glúin isteach agus ceangail iad le chéile. 

Céim shínte scoilte statach ardaithe (Static raised split lunge)

Téigh síos i gcéim shínte, déan cinnte go bhfuil tú ar na barraicíní. Suas agus síos, ag úsáid mhatáin na gcolpaí.

Dála an scéil, bhí mé féin neirbhíseach ag dul chuig mo chéad rang agus déarfainn go mbeadh an imní chéanna ar dhaoine an t-alt roimhe seo. Mar sin, chuir mé ceist ar Leila, cén fáth gur chóir do dhaoine teacht agus triail a bhaint as rang Pilates amháin ina saol.

“Tá sé deacair ag gach duine rud nua a thosú agus tá sé scanrúil triail a bhaint as foirm aclaíochta nua. Sin ráite, tá Pilates fóirsteanach do dhuine ar bith. Tá achan chineál coirp againn i mo rang, ag an tús. Más rud é go bhfuil daoine ag déanamh Pilates den chéad uair bíonn náire orthu agus tosaíonn siad ag gáire, ach deich mbomaite istigh sa rang agus éiríonn siad cleachtaithe leis an vaidhb.”

Agus muid ag cur deireadh lenár gcomhrá, baineann Leila searradh as a géaga, gluaiseacht a mhothaíonn spraíúil agus láidir — cosúil le ranganna s’aici. 

“Ní faoin staidiúir is foirfe atá sé,” deir sí liom le meangadh. “Is faoin phobal atá Pilates, a bheith i láthair, craic a bheith ann.” 

I nGaeilge chroíúil s’aici, tá cumhacht agus láíocht ag a cuid focal. Ó bhuillí na 80idí agus a Gaeilge cheolmhar, is léir go bhfuil Leila ag cruthú tuiscint nua ar an fholláine atá bunaithe ar chultúr agus ioncuimsitheacht. I stiúideo neadaithe i lár na cathrach i mBéal Feirste, is mó ná gluaiseacht é Pilates, is teanga é. Agus i saol Leila, tá fáilte roimh chách í a labhairt. 

The post Gaeilge Rúnda: Pilates sa Chathair le Leila O’Neill appeared first on NÓS.

Níos mó

An fáth gurb é Pilates an fhoirm ghluaiseachta is fearr leis na cailíní faisin

Chonaic tú na frámaí carráisteacha dubha snasta ar Instagram. Chuala tú cogar —“Déanann sí Pilates, ar ndóigh”— agus duine ag sleamhnú trí sheomra le staidiúir thar a bheith maith agus an cineál muiníne a thugann le fios go bhfuil sí gan spéis, hiodráitithe, agus go bhfuil rud éigin aici nach bhfuil an chuid eile againn in ann tuiscint. Agus is dócha gur fhiafraigh tú díot féin, cad go díreach é Pilates — agus cén fáth a bhfuil gach duine á dhéanamh?

Lig dom tú a thabhairt taobh thiar de scáthán an stiúideo agus isteach i saol Pilates. Áit a mbíonn gluaiseacht ghalánta, neart, misneach, agus allas éadrom — go hiomlán claochlaitheach.

An Bunús: Ó Athshlánú Cogaidh go dtí Folláine ar an Ardán Taispeána

Níor cumadh Pilates i stiúideo grianhmar in LA, ach i gcampa géibhinn le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Thosaigh Joseph Pilates, traenálaí fisiciúil Gearmánach a raibh cúlra aige sa dornálaíocht, sa ghleacaíocht agus sna healaíona comhraic, ag forbairt córas gluaiseachtaí rialaithe chun cabhrú le saighdiúirí gortaithe iad féin a athshlánú. Ag baint úsáid as trealamh sealadach (smaoinigh ar spriongaí leapa agus téada), chruthaigh sé cleachtaí bunaithe ar fhriotaíocht a bheadh mar bhunús dá mhodh “Controlology”: gluaiseachtaí lánchoirp fréamhaithe i neart croí, san análú agus san ailíniú.

Thug sé a chleachtas go Nua-Eabhrac sna 1920idí, d’oscail stiúideo a mheall damhsóirí, taibheoirí agus lúthchleasaithe go gasta a raibh athneartú ar an toirt uathu. Rud a thosaigh mar theicníc imeallach do ghluaiseoirí mionlaigh, atá anois ina ghluaiseacht folláine dhomhanda ó shin – cothromaíocht ealaíonta idir neart agus grástúlacht.

Cad is Pilates ann?

I gcroílár an chleachtais (maith dom an t-imeartas focal), is modh aclaíochta neamhstrusmhar é Pilates a thógann neart, soghluaiseacht agus seasmhacht, go háirithe i matáin chumhachtacha an choirp: na matáin dhoimhne sa bholg, an droim íochtarach, na cromáin agus urlár an pheilbhis.

Ní bhaineann sé le hathrá ná le neart brúidiúil. Baineann sé le rialú, ailíniú, agus cruinneas matánach. Déantar gach gluaiseacht d’aon ghnó. Tá tábhacht le gach anáil. An sprioc? Corp atá chomh feidhmiúil agus atá sé álainn: fada, caol, aclaí, agus lárnach.

Tá dhá phríomhstíl ann:

  • Mata Pilates: Déantar an stíl seo ar an urlár le beagán trealaimh, ag díriú ar fhriotaíocht an mheáchain coirp agus ar shreabhadh clasaiceach.
  • Pilates le Fráma Carráisteach: Úsáidtear meaisín iompair luchtaithe le spriongaí chun friotaíocht a chur leis agus dúshlán a thabhairt do do chobhsaíocht. Tá sé galánta, teicniúil agus deacair ach tá sé fiúntach.

An tEispéireas Ranga: Buaileann Chic Íostach le Dó Feasach

Samhlaigh é seo: stiúideo suaimhneach, lán solais, scátháin ar achan bhalla, seinnliostaí séimhe, agus frámaí carráisteacha i líne cosúil le meaisíní réidh don ardán taispeána. Tá boladh na heocalaipe san aer. Is damhsóir bailé agus ginias bithmheicniúil í do theagascóir. Labhraíonn sí go bog ach buaileann a leideanna go trom.

Bíonn na ranganna beag agus is minic a bhíonn siad teorainn 6–10 duine ann le haghaidh aire phearsanta. Bí ag súil le matáin nach raibh a fhios agat a bheith ann a chur ag obair — go mall, go cliste, agus le fócas domhain inmheánach. Murab ionann agus cleachtaí ard-déine, ní fhágann Pilates ídithe thú. Ina áit sin, fágann tú i do sheasamh níos airde, ag bogadh go comhfhiosach, agus ag mothú níos láidre ón taobh istigh amach.

Ní hamháin go bhfuil tú ag déanamh aclaíochta. Tá tú ag feabhsú. Tá tú ag athmhúineadh do choirp. Tá tú ag léiriú galántachta.

Mo Mholtaí: Áiteanna agus Teagascóirí

Studio52 neadaithe i gcroílár na cathrach i mBéal Feirste, an stiúideo is saoire sa chathair agus an stiúideo is fearr liomsa. Bhain mé triail as ióga, ióga fliuch, pilates, pilates te (go fóill ag iarraidh m’eagarthóir a ghlacadh chun rang amháin a dhéanamh agus blaiseadh beag a fháil, is dóiche go bhfaigheann foighne fortacht.)

Tá foireann den scoth lonnaithe sa stiúideo. Roghnaigh mé na teagascóirí is fearr liom; ar dtús, bean as Iarthar Bhéal Feirste, Leila O’Neill, Gael agus bródúil as an fhíric sin. Tá na ranganna s’aici lán de chraic, ceol na 80idí, agus vaidhbeanna den scoth.

Hannah Gordon. Trí fhocal agam daoibhse fúithi: ‘cumhacht na mban’. Sa rang seo ‘is bitseach thú’ ach is rud dearfach thú, tá tú cróga, ag éisteacht le hamhráin fheimineacha. Bí réidh a bheith ag bárcadh allais i rang Hannah.

Agus stiúideo eile a bhfuil gealladh faoi — Hot Yoga West, atá lonnaithe i Muileann an Mhaide Dhuibh. Tá a fhios ag duine ar bith as Iarthar Bhéal Feirste go bhfuil muid an-tógtha le gnólachtaí áitiúla, agus tá mé ag súil go mór le triail a bhaint as an stiúideo sin. Tá Gael eile i mbun, Niamh Taylor, agus bíonn sí ag cur ióga trí mheán na Gaeilge ar fáil (díolta amach achan seisiún mar eolas).

Pilates an Gléasadh Cumhachta Nua

Is mó ná aclaíocht atá i gceist le Pilates. Is bealach iomlán maireachtála é. I ré na cloíteachta, múineann sé dúinn moilliú, bogadh go comhfhiosach, agus éisteacht leis an taobh istigh. Dealbhaíonn sé an corp agus géaraíonn sé an intinn. Is cumhacht chiúin é. Is glamúr inmheánach é. Is é só na féinfheasachta é.

Mar sin de, an chéad uair eile a fhiafraíonn duine éigin díom — “Cad é an aclaíocht is fearr leat?”— ní gá dom fiú freagra a thabhairt. Seas suas níos dírí, siúil beagán níos airde, agus lig do do ghluaiseacht labhairt ar a son féin.

Mar más í folláine an tsiombail stádais nua, is é Pilates a síniú is síoraí.

The post An fáth gurb é Pilates an fhoirm ghluaiseachta is fearr leis na cailíní faisin appeared first on NÓS.

Níos mó

Féile na Gealaí 2025: Láib, Círéib, agus Mionghúnaí – An Eachtra Deiridh sa Ghaeltacht

Má cheap tú go raibh sé dodhéanta puball ollmhór, dhá chás lán d’éadaí, agus dhá chás eile lán de dheochanna a bhrú isteach in Fiat 500 beag bídeach, smaoinigh arís. Chuaigh mise agus mo chomhghleacaí iontaofa Alannah (a céad uair ag an fhéile, tábhachtach a lua) ar thuras bóthair “Cad a d’fhéadfadh dul amú?” ó Iúr Cinn Trá go Ráth Chairn d’Fhéile na Gealaí 2025. Milleadh scéil: gach rud agus rud ar bith ag an am chéanna.

Dé hAoine: Scéalta na bPuball & Buanna TikTok

Bhain muid Ráth Chairn amach go faiseanta mall ag 18:00, áit ar iarr muid ar Mike, athair Kailen, láithreach ár bpuball a chur suas. Is téarma scaoilte é “cabhair” anseo. Bhí mé níos cosúla le “Banphrionsa i gCeannas” ná mar “dhíograiseoir pubaill a thógáil.” Ní dhéanfainn argóint ar bith faoin líomhain, i ndáiríre. Cad é mar a bheadh a fhios agam an dóigh chun puball a thógáil, ba é seo mo chéad uair ag campáil.

Bhí deochanna ag sileadh, an iomarca b’fhéidir, nuair a thuig mé gur fhág mé mo smideadh go léir i ndearmad. Bhí mé ag titim as a chéile ach níl aon rud a thaitníonn le “glam féile” níos mó ná gan aon smideadh a bheith ort agus gúna beag bán a bhí cosúil le maighnéad láibe. Le manglam ‘Grá ar an Trá’ i lámh amháin agus ceamara digiteach i lámh eile, bhí mé réidh don oíche… tar éis roinnt ábhar ríthábhachtach a chruthú ar TikTok.

Scaip Gaeilge Kailen, a bhfuil blas Béarla uirthi, go rábach agus níos tapúla ná mar a déará “céilí” (ní thóg sé ach fiche nóiméad orainn an áit fhoirfe a aimsiú don TikTok), agus choinnigh páistí áitiúla ag béicíl go raibh cuma Sabrina Carpenter orm, rud a chuir go mór leis an deireadh seachtaine mar gheall ar an chinneadh mearbhlach a rinne mé an tseachtain roimhe sin dath donn a chur ar mo chuid gruaige (céim an donnaithe, ní arís choíche). Buíochas le banríon na Gaeltacht, Máire Ní Churraoin, a dúirt, nuair a bhuail muid le chéile den chéad uair ag an bhféile, go leanann sí mé. Aithníonn banríon banríon eile mar a deirtear.

Bhí oíche Aoine ina pléasc lonrach a bhuí le Sexy Tadhg, a raibh a gcuid ceoil Bowie-esque (seacainí, trumpaí, sacsafóin—ainmnigh é) ag cur gialla ag titim agus cromáin ag crith. Níl mé cinnte cad a raibh muintir na háite ag súil leis, lena n-áirítear mamó Kailen, ach ná bíodh eagla ort; bhí sí suas le haghaidh dea-ama le gloine Bailey’s i lámh amháin agus an lámh eile á croitheadh aici.

Ar aghaidh linn: Le Boom, an triúr DJ le marsantas neamhoifigiúil conspóideach Hot Gael Summer, à lá MaraDuit, atá ag cruthú ruaille buaille ar TikTok agus ag cur iontas ar an slua. Gabhaim mo leithscéal le Jade agus Aoife as mo ghluaiseachtaí damhsa beagnach gránna. Níl mé fós cinnte cad a dúirt mé i gcomhrá ar bith an oíche sin i ndáiríre, ach tar éis labhairt le Jade an lá dár gcionn táim an-ghreannmhar is cosúil. Is beag seans go raibh mé ar mo nós féin.

Ina dhiaidh sin, éiríonn rudaí doiléir, ach is cuimhin liom gach duine a chéasadh le mo cheamara. Is cosúil, i m’intinn, gur grianghrafadóir níos fearr mé ná Claire Loughran agus gur thóg mé 100 grianghraf i rith na hoíche ar mo cheamara digiteach iontaofa ó 2010.

Bhí Kailen sa leaba roimh 23:00, rud a chruthaigh gur dhócha gurbh é an t-aon duine amháin a raibh níos lú fulaingt alcóil aige ná mise. Tá a fhios agam, is fíric scanrúil í seo d’aon duine a bhfuil aithne acu orm. Ar aghaidh go dtí an club CLG (sea, club, ní raibh bróga damhsa ag teastáil), áit ar sheinn ceoltóirí mistéireacha agus ar tharla comhráite rúndiamhra. Rinne mé comhrá le bainisteoir ‘Na Gaeil Óga’ ar feadh 30 nóiméad, ach creid seo nuair a deirim nár oibrigh an síolteagasc, is cailín Naomh Eoin mé tríd is tríd fós.

Bhí mé sa típí faoi 3:00, ag glacadh grianghraf agus mé i mo luí ar an talamh fhliuch. Sin mar a bhí a fhios agam go raibh mé réidh le dul a chodladh. Agus an oíche ag teacht chun deiridh, shleamhnaigh mé isteach i mo mhála codlata tais ag 3:30, agus Alannah ag fulaingt.

Dé Sathairn: Báisteach, Puball Scriosta, agus Téarnamh Gan Stró

Grianghraf le hAnna Nic Gafraidh.

Dhúisigh 8:00 mé le fuaim bhinn na báistí agus bronntanas coscrach — scoilt ollmhór i síleáil ár bpubaill díreach os cionn ár dtrealaimh. Éadaí, bróga, agus pluideanna breise go léir a bhí scriosta. Foirfe. Agus mé fós ar meisce go cinnte, theith mé chuig aintín Kailen, Caroline, pearsantú an chineáltais, a shábháil mé le bricfeasta agus tae. Iarracht mhaith déanta, mar arbh fhiú smaoineamh ar Ibuprofen agus uisce? Seans ar bith.

Na pleananna a bhí agam féachaint ar sheit grinn Gaelgáirí ag 13:00? Uaillmhianach. B’imeacht Oilimpeach é comhrá a bheith agam le duine ar bith, imeacht inar theip orm go mór mór.

Faisean an tSathairn: cóta báistí “rómhór go greannmhar” a raibh cuma amhrasach air cosúil le seaicéad sciála, péireáilte le buataisí bonnarda UGG—ar pháirc lán de chlábar. Géiniteach, nach ea? Ar an bhealach chuig an típí do sheit ÉireXAlba le Hammy Sgìth, bhuail muid lenár gcara Peter, a bhí i riocht níos measa ná mise—rolla filléad sicín 7:00 agus mála spíosraí leis féin, ina shuí ar bhinse picnice, sa bháisteach. Leigheas clasaiceach póite a dúirt sé liom. Is féidir conspóid a dhéanamh faoi.

Ansin, bhí ÉireXAlba le Hammy Sgìth i bpuball a bhí níos cosúla le sána, á chur i láthair ag an GhaelCeleb é féin s’againn, Eoin P. Ó Murchú. Ní hamháin gur duine cáiliúil é i measc lucht na Gaeilge, ach is réalta aisteoireachta é ar BBC Alba. Rinne mé iarracht leanúint liom i nGàidhlig na hAlban ach chinn mé mo cheann a chlaonadh agus miongháire a dhéanamh den chuid is mó. Ní bhíonn scileanna mhodúl Gàidhlig ollscoile i gcónaí tairbheach (mo leithscéal ó chroí leis an mhúinteoir is fearr Brian Ó hEadhra, ach níor thuig mé é riamh).

Bhí BBC Alba ar an láthair, agus fuair mé áit ar a bhfoireann ábhair (gan Gàidhlig a labhairt, mar… tosaíochtaí). Ba bhuaicphointe é bualadh le Christy (aka BabyGuinness) agus Mirren (ceartguleabhar), cuid de na gals is deise (nó ba cheart go ndéarfainn Gaeil) faoin fhéile i ndáiríre.

Bhí dioscó ciúin le Barry Ó Siochrú (gléasta cosúil le The Greatest Showman) ina dhiaidh sin. Shuigh Justin Cass ó Gaelgáirí in aice linn. Dhiúltaigh sé go béasach d’iarratas seit gan choinne a sheinm mar chaill muid an chéad cheann. Tar éis leathchuid an dioscó, cuireadh a bheith mar chuid den chomharghrúpa grinn (ní féidir liom bréag a insint, ní dóigh liom go n-oibreodh mo ghreann Feirsteach go maith in áit ar bith eile sa tír) agus bolg ag torannú, chuaigh Alannah agus mé abhaile chun ullmhú don dara hoíche.

Oíche a Dó: Gearrthóg na nGúnaí Beaga & Círéib Láibe

Ba é gúna beag bídeach, cóta zipeáilte, agus Dr. Martens bonnarda an feisteas don oíche. Ar dtús: Na Railway Boys ag seinm amhráin chlasaiceacha ar nós ‘Gráinne’ agus ‘An Baitsiléir’ sa bháisteach throm gan stad. Thaifead BBC Alba an méid sin ar fad agus rinne duine éigin sleamhnú láibe amhrasach le cur leis (Arbh fhiú é? Táim fós amhrasach).

Ansin, aililiú! Is rapálaí anois é Cúán de Búrca (is é mo dheargnaimhde é Cúán i saol na Gaeilge)—agus rapálaí thar barr is ea. Veist seanré Raidió Fáilte, bríste géine a bhuail na buataisí bioracha ar a chosa, agus gluaiseachtaí a chuir isteach orm agus a chuir iontas orm ag an am chéanna. Ar dtús nuair a chonaic mé a ainm ar an chlár, shíl mé go mbeadh seó grinn á dhéanamh aige, ach creidiúint san áit a bhfuil creidiúint tuillte, tá a shruth oibre sách maith – go háirithe do Chliathach.

Grianghraf: Anna agus a namhaid, Cúán de Búrca.

Chomh maith leis sin, chuir Siul Amháin ó Chiarraí an stáitse trí thine — creid nó ná creid, níor éist mé leis riamh cheana, ach anois táim i m’iompaitheach. Má tá an seinnliosta ag aon duine, cuir in iúl dom, táim réidh le bheith i mo ‘stan’. Le haíonna ar nós UshMush agus Róisín Seoighe, bhraith an talamh mar a bheadh sé ag léim leis na cosa.

Ar ais ag an CLG, chuir Stíofán Ó Luachráin (príomhfhear Huartan agus m’iar-bhainisteoir) an slua ag damhsa le comhleá Afrobeat-Ceilteach. Fiú go raibh mé cineál stuama, is cinnte go raibh mé ag rince mar a bhí mé trí dheoch isteach. Buaicphointí: Éadaoin Ó Snodaigh ag tabhairt réalachas diva le gach gluaiseacht damhsa, mar nach bhfuil grá aige do léiriú rince ar an Dreoilín, clasaic na Gaeltachta, le buillí Afra.

Lasmuigh, bhí ciorcal amhránaíochta sean-nóis ag teacht salach ar bhuillí an dioscó agus John Boy ag déanamh grinn leis an amhránaíocht—samhlaigh caos, ach déan mealltach é.

Ar deireadh, chuaigh muid isteach ag 1:30. Ní raibh inár bpuball ach linn láibe den chuid is mó faoin am seo. Tháinig an cóisir ina dhiaidh sin thart ar 3:00/4:00 do na daoine ádhúla.

Dé Domhnaigh: An tÉalú Mór

B’ionann maidin Domhnaigh agus teitheadh stíliúil ón Ghaeltacht — briseadh scáthán cliatháin ar an mhótarbhealach — bhí cuma chréatúir bhogaigh orainn, agus sea, bhí gach rud clúdaithe le láib. Ach féach, bhí Féile na Gealaí 2025 ina rath mór i roinn na “n-eachtraí agus na scéalta”.

An ndéanfaidh muid arís é? Cinnte. An bpacálfaidh muid níos éadroime? Gan seans.

Coinnigh tiúnáilte isteach le haghaidh scéalta móra na bliana seo chugainn, mar má tá tú chun láib a fháil in áiteanna nach raibh a fhios agat gurbh ann dóibh, is fearr duit é a dhéanamh i stíl!

The post Féile na Gealaí 2025: Láib, Círéib, agus Mionghúnaí – An Eachtra Deiridh sa Ghaeltacht appeared first on NÓS.

Níos mó

Rómánsaíocht, ragaireacht, agus rógaireacht: tá Féile na Gealaí anseo!

An deireadh seachtaine seo, ón lá inniu, athrófar sráidbhaile codlatach Gaeltachta i gcroílár Chontae na Mí arís isteach sa chíor thuathail ghlioscarnach lán-Ghaeilge atá i bhFéile na Gealaí.

Anois ina naoú bliain, bíonn an fhéile bheag ach cumhachtach ar siúl i Ráth Chairn, pobal Gaeltachta ina bhfuil an Gaeilge mar theanga laethúil, ina bhfeidhmíonn páirc CLG mar urlár damhsa freisin, agus ina bhfuil an típí ina spás naofa do phodchraoltaí, raidió beo, agus an t-amhránaíocht dhosheachanta 3am.

Suite faoi na réaltaí i bpáirc ina mbíonn cluichí camógaíochta faoi-15 de ghnáth, nó le déanaí, ar a raibh an láthair do Chomórtas Peile na Gaeltachta an tseachtain seo caite. Is litir ghrá í Féile na Gealaí chuig cultúr comhaimseartha na hÉireann, ag mealladh slua uathúil: ceannairí traidisiúnta agus TikTokóirí, Gaeilgeoirí agus ceoltóirí eile, cumadóirí amhrán agus filí labhartha, iad uile bailithe le chéile ar aon láthair champála amháin atá lán láib.

Ó cheol sean-nóis go sintéiseoirí, tá an clár ceoil chomh héagsúil agus a bhí riamh. Roinneann ceoltóirí pop amhail Burnchurch agus Dlú an clár le finscéalta traidisiúnta, Piaras Ó Lorcáin agus Na Friels, mar aon le núíosaigh an cheoil thraidisiúnta, Colm Seoighe agus na hEasógaí agus Na Railway Boys (tuilleadh fúthu níos déanaí) agus núíosaigh indie-leictro, Le Boom, a bhí ag treochtáil an tseachtain seo ar TikTok lena n-amhrán Hot Gael Summer ‘Abair’, meascán de Disco Lines agus amhrán Tinashe, agus iad uile ag seinm trí mheán na Gaeilge. Is cuma an maith leat ríleanna spreagúla nó bailéid leictreonacha aislingeacha, tá rud éigin anseo chun tú a bhogadh — go spioradálta nó go fisiciúil.

Mar an tábhairneoir is ciapaí i mBéal Feirste (ní oibrím ach lá amháin sa tseachtain, diúltaím Baby Guinness a sheirbheáil, níor ól mé pionta Guinness riamh i mo shaol agus níl sé i gceist agam é sin a dhéanamh), mothaím mé féin meallta chuig na seisiúin inár dteach tábhairne, agus ceoltóirí óga agus an Ghaeilge i gceannas. Ar ndóigh, tá an tOireachtas ag teacht go Béal Feirste i mí na Samhna, agus beidh an Fhleadh á hóstáil againn in 2026. Rud a mhaífinn a léiríonn an brat cultúrtha saibhir a chumhdaíonn an chathair faoi láthair.

Ag Féile na Gealaí beidh cuid de na ceoltóirí is ansa liom i láthair, an chéad uair ag go leor acu. Ina measc, an triúr a bhain amach sparánacht Ghradam Ceoil TG4, Erin-Rose Ní Mhaoláin, Jude Scott, agus Oisín Ó Murchú. In éineacht leis an triúr seo beidh Piaras Mac Maoláin ag seinm mar chuid den bhanna in éineacht le hErin-Rose, Piaras Ó Lorcáin, amhránaí mór le rá, eagraí A Sunday Song, agus a thugann ainmneacha móra go Tí Mhadáin do sheisiúin mhíosúla, agus Mickey Fearon agus Brian Ó Gallachóir, mar chuid den bhanna Na Buachaillí Ceol (cibé rud a dhéanann tú, ná fiafraigh díobh faoi fhíseán ceoil s’acu…).

Is il-ionstraimí í Erin-Rose as Béal Feirste, agus is cainteoir líofa Gaeilge í atá ag déanamh staidéir ar an teanga le ceol in Ollscoil Uladh. Ag 19 mbliana d’aois, tá cáil uirthi as a cuid scileanna le huirlisí mar atá an fhidil, an bainseó, agus an bosca ceoil. Is féidir í a fheiceáil ag coradh is ag casadh trí sheisiúin i mBéal Feirste, go minic lena deartháir Piaras (a bheidh linn ag an fhéile). Bhí sí ar stáitse ar fud an oileáin, ag seinm ag Belfast Tradfest, Féile an Phobail, agus Electric Picnic agus Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. Laistigh de sheisiún amháin, lonraíonn a ceannaireacht agus a cuid scileanna le cloisteáil trasna an bheáir agus meallann sí aird an lucht féachana idir óg agus aosta. Tá baint teaghlaigh aici le Tí Mhadáin i mBéal Feirste, áit ar casadh cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn uirthi.

Is ceoltóir óg as Béal Feirste é Jude Scott, atá ag déanamh staidéir ar an Cheol agus Léiriúchán Fuaime in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste faoi láthair. Speisialtóireacht aige san fheadóg mhór agus tá tionchar mór ag seinnteoirí feadóige as Béal Feirste ar nós Harry Bradley agus Desi Wilkinson air, mar aon le seinnteoirí eile ó thuaisceart Mheiriceá ar nós Gary Hastings agus Cathal McConnell. Tá aithne air ar fud an cheoil thraidisiúnta Ghaelaigh i mBéal Feirste, ag seinm go minic lena dheartháir Martin (a bheidh linn ag an bhféile chomh maith), agus le ceoltóirí óga eile as Béal Feirste.

Tá Jude ag seinm ceoil ó bhí sé óg, ag foghlaim na feadóige stáin le Scoil Cheoil Thraidisiúnta Ghleann Gormlaithe. Chan sé mar chuid den ensemble GSOTM ag Gradam Ceoil TG4 in 2021, nuair a bronnadh Gradam Comaoine ar an scoil. As sin, thosaigh Jude ag tuilleadh clú dó féin sna seisiúin i mBéal Feirste, ag seinm go rialta in The Garrick, John Hewitt agus Tí Mhadáin. Anois bíonn seisiúin rialta aige i dTí Mhadáin agus Seaton’s in Sailortown.

Ar ámharaí an tsaoil domsa (b’fhéidir ar an drochuair d’Oisín), thug mé air agallamh a dhéanamh liom faoi féin, a cheol, agus a chaidreamh leis an Ghaeilge. Bhí an t-agallamh ar siúl an Luan seo, taobh amuigh de Thí Mhadáin agus fuaim an tseisiúin ag snámh trí na fuinneoga oscailte, faoi dhíonbhrat an tí tábhairne sábháilte ón bháisteach throm a bhí ag clúdach Bhéal Feirste. Trí fhocal a d’úsáidfinn chun cur síos a dhéanamh ar Oisín Ó Murchú; umhal, greannmhar, agus thar a bheith cumasach (níos mó ná trí fhocal sin ach is é mo alt é.)

Is as Scarbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin d’Oisín, agus thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge agus an cheoil i gceart nuair a thosaigh sé ar an mheánscoil, rud atá ar mire mar tá sé ar dhuine de na ceoltóirí uirlise is cumasaí a chuala mé riamh (ní saineolaí mé ar chor ar bith). Is seinnteoir bainseó agus maindilín den scoth é, tá cónaí air i mBéal Feirste anois, agus ní féidir le daoine go leor a fháil dá chuid ealaíne, é ag seinm i mbeáir ar fud Bhéal Feirste agus na hÉireann (go pearsanta, is dóigh liom gurb é an glae a choinnigh leagan an Monday Club de ‘Tickle Me Pink’ le chéile). 

Bhí nasc láidir i gcónaí idir an teanga agus an ceol ina shaol mar gheall ar na naisc chultúrtha a roinneadh orthu beirt ag na fleadha, na feiseanna, agus na féilte a raibh sé i láthair orthu i rith na ndéag, agus ba ag na féilte seo a thosaigh an teanga ag teacht go nádúrtha chuige. Ba í an teanga a roghnaigh go leor de na ceoltóirí, go háirithe Oisín agus a chairde, agus is léir an nasc idir an teanga agus stair an tseánra ceoil.

Agus é ag freastal ar an fhéile den chéad uair lena bhanna ceoil Na Railway Boys, is féidir linn a bheith ag súil le hOisín a fheiceáil ag teacht i mbun a áite féin an deireadh seachtaine seo—nua ar stáitse Fhéile na Gealaí, ach ní strainséir é don spiorad. Le meas domhain ar an Ghaeilge, fuaim a chumascann traidisiún le rud éigin go hiomlán dá chuid féin, agus mothú soiléir grá don phobal a thimpeallaíonn an fhéile uathúil seo, geallann sé go mbeidh a chéad taibhiú ar stáitse Fhéile na Gealaí ar cheann de na chuimhní is spleodraí den deireadh seachtaine. Cé acu an bhfeicfidh tú é faoi shoilse an stáitse nó ag doras an típí ag 2rn le bainseó ina láimh, tá rud amháin cinnte: ní hí seo an uair dheireanach a bheidh sé i Ráth Chairn.

Tá cuma chluthar chroíúil ar an fhéile: comharthaí péinteáilte de láimh, dearaí stáitse DIY, soilse sí crochta trasna fálta, agus an puball típí clúiteach, mol meán, spás seisiúin, agus tearmann spioradálta araon. Seo an áit a bhfeicfidh tú taifeadtaí beo de phodchraoltaí Gaeilge, gigeanna fuaimiúla, agus, má tá an t-ádh leat (nó má tá mí-ádh ort), na amhránaithe is déanaí.

Is mó ná féile cheoil amháin í Féile na Gealaí—is ócáid í. Tagann cuid mhór de shaol na Gaeilge le pubaill, málaí láimhe, agus cannaí: scríbhneoirí, filí, ceoltóirí, Gaeilgeoirí Instagram, agus mic léinn díreach tar éis scrúduithe an tsamhraidh, anseo ar an chúis chéanna—chun an teanga, an ceol, agus b’fhéidir, b’fhéidir go mbeadh beagán drámaíochta le feiceáil fosta.

Más aon chomhartha iad ráflaí na bliana seo caite faoi rómánsaíocht allamuigh, tobsheisiúin cheol traidisiúnta sna páirceanna, agus na himeachtaí neamhoifigiúla ina dhiaidh sin sa típí, bí ag súil le círéib—ach an cineál lúcháireach pobail.

Tá rud éigin draíochtúil faoi Fhéile na Gealaí gan dabht: tá sé pearsanta gan a bheith eisiach, tá sé mearbhall gan a bheith eagraithe, agus tá bród gan náire orainn as an Ghaeilge gan a bheith inár seanmóirithe.

Mar sin, má bhíonn tú faoi shoilse sí i mbeár CLG Ráth Chairn an deireadh seachtaine seo, ag ól canna te Bulmers agus ag damhsa go mall le hamhrán grá dátheangach le duine a d’fhiafraigh díreach “cá bhfuil do phuball?”—bí socair. Tá tú díreach san áit ar cheart duit a bheith.

The post Rómánsaíocht, ragaireacht, agus rógaireacht: tá Féile na Gealaí anseo! appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta