Ceann de na haistir thraenach is áille dár chuir mé díom go dtí seo ar mo thuras Interrail timpeall na hEorpa ná an stráice idir Ljubljana agus Trieste; chuir clapsholas liathchorcra cuma shéimh, shíochánta ar ghleannta glasa agus sléibhte boireannacha iarthar na Slóivéine.
Ach ansin, i ndorchadas na hoíche ag stáisiún Villa Opicina ar theorainn na hIodáile – agus d’ainneoin go bhfuil an tSlóivéin agus an Iodáil araon i gceantar Schengen – bhí ochtar saighdiúirí Iodálacha ag feitheamh leis an traein, bansaighdiúir a bhí ag vápáil mar a bheadh Dia á rá léi ag cur a súile tríom féin agus tríd an aon phaisinéir eile. Lig sí ar aghaidh muid gan buona sera féin aisti.
Ní hionann agus in aon tír eile ina raibh mé ar m’aistear go dtí seo bhí an t-arm i láthair go feiceálach ar shráideanna na hIodáile, go háirithe i gceantair na stáisiún traenach. Nuair a shiúil mé amach as Milano Centrale bhí tanc romham, níl mé ag magadh.
An bhfuil rialtas na hIodáile chomh buartha sin faoi chúrsaí an Mheánoirthir? a d’fhiafraigh mé díom féin. Nó an é go bhfuil baol breise ar ionsaí sceimhlitheoireachta de bharr eachtra éigin nár chuala mé fúithi?
Ach ansin chonaic mé go raibh ceantar an stáisiún breac ní hamháin le saighdiúirí airm ach le hinimircigh ón Afraic, earraí beaga á ndíol acu nó díreach ag crochadh thart ag feitheamh le rud éigin, agus bhí freagra na ceiste agam.
Gan dabht tá an Iodáil (oileán Lampedusa thar aon áit eile) ar cheann de na príomhbhealaí isteach chun na hEorpa do na scórtha míle teifeach agus inimirceach ón Afraic gach bliain.
In 2023, de réir na staitisticí ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), bhain 157,651 duine ón Afraic cóstaí na hIodáile amach.
Ach thit a líon go mór le dhá bhliain anuas: ó 2024 i leith, níor tháinig ach rud beag le cois 66,000 sa bhliain ón Afraic go dtí an Iodáil, agus gan dabht tá baint mhór aige sin leis na margaí (conspóideacha) a rinne an Iodáil (agus an tAE) leis na tíortha i dtuaisceart na hAfraice, ar an taobh thall den Mheánmhuir. Srian a chur le líon na n-inimirceach ón Afraic an chloch is mó ar phaidrín Giorgia Meloni, príomh-aire náisiúnach agus coimeádach na hIodáile, atá i gceannas ó 2022 i leith.
Céad bliain sular toghadh Meloni, tháinig Benito Mussolini i gcumhacht san Iodáil. Le linn chéad bhlianta a réimis siúd a tógadh stáisiún Milano Centrale, agus tá a rian sin air. Tá an foirgneamh ceaptha an anáil a bhaint d’aon taistealaí a thiocfadh tríd, agus éiríonn leis: tá sé chomh hollmhór sin nach féidir grianghraf a ghlacadh de a thaispeánfadh ina iomláine é.
Ag caint ar ghrianghraif, ní fhaca mé riamh oiread daoine ag glacadh féiníní san aon áit amháin agus a chonaic mé ar an gcearnóg os comhair na hardeaglaise. Níorbh é an Duomo bocht réalta na bpictiúirí sin áfach ach na mílte turasóir ó na ceithre hairde (ach go háirithe ón tSín), málaí siopadóireachta lán Gucci, Armani agus Prada in airde acu.
Páirc spraoi do lucht an rachmais í Milano, bhí an méid sin soiléir. Ní fhaca mé an méid sin Maseratis, Ferraris agus Lamborghinis i mo shaol ach oiread, iad ag rásaíocht go glórmhar trí shráideanna na cathrach, beag beann ar an mblocáil ar mhuirchaolas Hormuz, ar théamh an domhain, ná go deimhin ar choisithe.
Póilíní seachas saighdiúirí a sheiceáil an traein ag teorainn na hIodáile agus na Fraince in Menton, ach arís eile níor chuir siad spéis ionamsa, fear bán meánaosta, agus ar aghaidh liom trí thírdhreach álainn an Provence go Marseille.
‘Attention, il y a des pickpockets!’ a bhéic na callairí i stáisiún Saint-Charles agus níor luaithe gaolta agus cairde curtha ar an eolas agam faoin áit a raibh mé, nó thosaigh téacsanna den chineál ‘coinnigh súil ar do chuid stuif!’ ag teacht isteach.
Is ea, tá droch-cháil ar an dara cathair is mó sa Fhrainc maidir le coiriúlacht, agus maidir leis an deighilt mhór idir an eite chlé (atá i gceannas ar an gcathair ó 2020 i leith) agus an eite dheis (a bhí i gceannas le fiche éigin bliain roimhe sin.) Tá dlúthbhaint idir an tóir mhór atá ar an Rassemblement National (páirtí mhuintir Le Pen) i gceantar Marseille, gan dabht, agus líon na n-inimirceach sa chathair.
‘Tá Marseille i bhfad ró-ilchultúrtha. D’fhág mé an lá dár gcionn’ an bhreith a thug cuairteoir ón Rómáin ar an gcathair ar an suíomh lóistín a d’úsáid mé chun seomra a chur in áirithe.
A mhalairt a rinne mise. Oíche amháin a bhí sé i gceist agam a chaitheamh inti, ach ar an bpointe boise shocraigh mé fanacht dhá oíche eile. Ní hionann agus i Milano mórthaibhseach, mhothaigh mé sa bhaile i meascán mearaí Marseille.










