Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó
Raidió na Life ag craoladh don chéad uair

Raidió na Life ag craoladh don chéad uair

25 Meán Fómhair 1993

Ag aithint go raibh riachtanais ar leith ag cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht, cuireadh tús le feachtas le stáisiún Gaeilge neamhspleách a bhunú san ardchathair ag deireadh na 1980í. Bunaíodh Raidió na Life mar thoradh ar an bhfeachtas sin. Rinne an stáisiún nua craoladh trialach ó Oireachtas na Samhna i 1991 agus tar éis cúpla craoladh sealadach eile, tháinig an stáisiún ar aer go lánaimseartha ar 25 Meán Fómhair 1993.

Ceann de na polasaithe a bhí ag Raidió na Life ón gcéad lá ná go gcraolfaí amhráin le liricí Béarla, rud nár ceadaíodh ar Raidió na Gaeltachta. Chraol an stáisiún ar mhinicíocht 102.2FM sna luathbhlianta agus i 1999 bhog sé go 106.4FM ar an diail. Feidhmíonn an stáisiún ar bhonn deonach don chuid is mó.


An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta